Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Ina Réamhrá dá Thuarascail don bhliain 2012 cuireann an Coimisinéir Teanga in iúl dúinn nach ‘sárbhliain’ a bhí againn in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ‘ar scáth aon chéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtógáil ar gcúl.’ Mar léiriú air seo, deir sé níos déanaí sa réamhrá go bhfuil trí cheathrú de na scéimeanna teanga a daingníodh ó thús ama imithe i léig um an dtaca seo. Tá fhios againn, ar ndóigh, go bhfuil na scéimeanna sin i gcroílár Acht na dTeangacha Oifigiúla agus gurb iad a leagann síos dualgais agus coinníollacha a bhaineann le húsáid agus cur chun cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.
Is sa chomhthéacs seo a luann an Coimisinéir an chodarsnacht atá idir an diúltachas seo agus dearcadh dearfach an phobail, mar atá sé sin léirithe i ndaonáirimh éagsúla, agus é sin deimhnithe arís i bhfigiúirí daonáirimh 2012. ‘Tá’, a deir sé, ‘bearna shuntasach idir mianta an phobail i leith na teanga agus iarracht an státchórais féin i leith na teanga.’
Tá fhios againn gur port leanúnach, bliain i ndiaidh bliana, é seo ag an gCoimisinéir agus tá a dhíomá follasach. Cad is féidir a rá faoi, nó níos tábhachtaí fós, cad is féidir a dhéanamh faoi? Nuair a luaitear an stárchóras, is iontuigthe gurb í an státseirbhís féin a bhíonn go mór i gceist. Is fíor go raibh go leor poiblíochta ann le déanaí i gcás teagmhálacha idir bhaill den Gharda Síochána agus lucht labhartha Gaeilge, ach ar a laghad ghabh Coimisinéir na nGardai leithscéal faoinar tharla.
Ina choinne sin luann an Coimisinéir Teanga a imní nuair a cuireadh dualgas a bhí daingnithe i scéim teanga ar ceal ar iarratas na Roinne Dlí, Cirt agus Comhionnanais, tar éis do bhall den phobal gearán a dhéanamh nach raibh an dualgas sin á chomhlíonadh. I súile an Choimisinéara ba dhrochfhasach é gur chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dualgas ar ceal, nuair a d’iarr an Roinn eile orthu é sin a dhéanamh. Buille d’increidteacht na scéimeanna teanga a bhí ann, dar leis an gCoimisinéir.
Is minic tagairtí déanta anseo do staid léanmhar na Gaeilge sa státseirbhís. Is léir nach bhfuil mórán airde ar an gcéad teanga oifigiúil ansin, pé gradam atá aici sa bhunreacht. Mar a luadh go rímhinic is scannal é sin, ach tá sé amhlaidh ó tréigeadh an teanga daichead bliain ó shin go díreach. An tseancheist arís: an féidir an teanga a thabhairt slán agus í faoi bheagmheas sa státseirbhís?
Tá tuar beag dóchais freisin i dtuarascáil an Choimisinéara. Luann sé go raibh cruinniú aige den chéad uair riamh leis an gComhchoiste Oireachtais um Imscrúdaithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha. D’fháiltigh sé roimh obair an Chomhchoiste, ag rá gur mór an cúnamh é d’obair a oifige féin.
B’fhéidir nár mhiste i gcoitinne dul níos mó i muinín na bpolaiteoirí maidir le leas na teanga. D’fhéadfaí a bheith dóchasach go mbeadh a ndearcadh i leith na Gaeilge níos báúla agus níos dearfaí ná mar atá i gcás na státseirbhíseach.
|