Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Ní Binn Béal ina Thost
le Seán Ó Loingsigh


Bhí an Taoiseach agus lucht Fhine Gael den chuid is mó ina dtost, …

——◊——

` Má tá ár ndrochstaid eacnamaíoch pléite agus seanphléite, níl deireadh ráite ná baol air. Anois go bhfuil ár nUachtarán tar éis a ladar a chur ann, tá casadh eile bainte as an scéal. Tá, ar ndóigh, cead cainte ag gach uile bhrealsún againn, ach is dána an mhaise do siúd a bheith ag roinnt a chuid eolais linn faoi cheist atá chomh tábhachtach agus chomh mór ina ábhar imní don bpobal! Níl sé sin bunreachtúil, nó ar a laghad tá an baol ann nach bhfuil. D’fhéadfaí a rá, b’fhéidir, go bhfuil gnéithe níos tábhachtaí dár mbunreacht a bhfuilimid fuarálach fúthu.

Ar aon chuma, má rugadh amuigh ar pholaiteoirí an rialtais, ba dheacair dóibh a mhaíomh go dtáinig ráiteas neamhbhalbh an Uachtaráin aniar aduaidh ar fad orthu. Pé ní eile faoi Mhícheál D. Ó hUiginn, ní raibh sé de cháil riamh air gur chreid sé gur binn béal ina thost, go háirithe nuair ba dhóigh leis, gan dabht, go raibh substaint lena chuid tuairimí agus go mb’fhiú iad a roinnt le muintir na hÉireann.

Ní bheidh sé ró-éasca ag airí rialtais an tUachtarán Ó hUiginn a chur ina thost, pé acu an airí iad de chuid an Lucht Oibre, an páirtí a raibh sé tráth ina bhall de, nó páirtí Fhine Gael. Deir an Tánaiste nach bhfuil aon ní aige in aghaidh a raibh le rá ag an Uachtarán, nach raibh aon ní a bhí in aghaidh an Bhunreachta sa mhéid a dúirt sé. Déarfadh sé é sin, ar ndóigh, ar mhaithe leis an suaimhneas, b’fhéidir, nuair nach duine an-ghéilliúil an té a bhí i gceist.

Bhí an Taoiseach agus lucht Fhine Gael den chuid is mó ina dtost, agus sa mhéid sin ba léir go mb’fhearr leo dá gcoinníodh sé srian lena theanga. Dá mba iarthacaí d’Fhianna Fáil a bhí i gceist, ní baol go mbeifí chomh fadfhulangach.

Ach, tá a raibh le rá ag an Uachtarán go bhfuil an polasaí déineachta, nó austerity seo, mar leigheas ar an gcúlú eacnamaíoch ag déanamh níos mó dochair ná maitheasa, mar phort anois ag go leor a bhí go huile ina fhábhar roimhe seo. Bhí ionadaí an IMF ar an ‘Troika’, a leag síos coinníollacha ár dtarrthála, á chur sin in iúl dúinn go neamhnáireach le déanaí. Bhí uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Juan Manuel Barroso, a bhí imithe as radharc ó thosaigh an ghéarchéim, ar aon fhocal leis. Sin daoine le húdarás, ach cá raibh siad go dtí seo, nó cad a thug orthu a n-aigne a athrú?

Tá, ar ndóigh, ár rialtas míchompordach. Conas nach mbeadh, ach go háirithe i gcás pháirti an Lucht Oibre. An amhlaidh gurb é ‘Labour’s Way’ a bhí ceart ón gcéad lá seachas ‘Frankfurt’s Way’, agus go raibh sé ceart acu cloí leis. Is eol dúinn cad a tharla. Nuair a tháinig rialtas Fhine Gael agus an Lucht Oibre i gcumhacht, glacadh go huile le polasaí an rialtais a bhí i gcumhacht rompu.

Gan amhras, tá an ceart ag an Uachtarán agus ag na daoine eile a luadh. Tá an déine ag luí go trom ar an bpobal, agus go háirithe orthusan atá ar an gcaolchuid cheana féin, agus conas is féidir don eacnamíocht feabhsú nuair atá oiread sin daoine as obair, agus é sin go háirithe i gceist i measc na ndaoine óga. Tá an fhadhb soiléir: má táthar ag brath ar an déine amháin, gan borradh san eacnamaíocht, conas a fheabhsóidh ár gcúrsaí?

Is baolach nach ionann sin, i gcás na tíre seo, agus gur féidir éirí as na ciorruithe ar fad, nó maolú mórán ar an déine. Is follasach, bealach amháin nó eile, go gcaithfear an bhearna sa bhuiséad idir teacht isteach agus caiteachas a laghdú thar tréimhse. Cad as a thiocfaidh an forás mar sin, an borradh san eacnamaíocht atá chomh riachtanach sin? Nach bhfuil sé soiléir nach dtarlóidh sé ach ag leibhéal an Aontais Eorpaigh? Is cinnte nach féidir leis an tír seo airgead a phriontáil, mar a tharlaíonn sna Stáit Aontaithe nó sa Bhreatain.

Más ar leibhéal an Aontais a chaithfear dul i ngleic le fadhb an easpa foráis, is maith is eol dúinn anois chomh casta, doréitithe, d’fhadhb atá ansin. Tuigimid anois forlámhas na Gearmáine maidir leis an gceist, agus chomh docht atá a ndearcadh siúd maidir lena bhfiacha a mhaitheamh do na tíortha sin nár choinnigh súil chuí ar a gcúrsaí airgeadais agus baincéireachta. Fiú go bhfuil sé ag éirí níos soiléire le himeacht aimsire gurb é leas na Gearmáine féin go mbogfaí ar an gceist seo, is cinnte nach dtarlóidh sé sin roimh olltoghchán sa tír sin sa bhfómhar seo chugainn. Is ceist é cad a tharlóidh ansin.

Gan choinne anois, ní fhéachann sé go bhfuil todhchaí an Aontais chomh daingean agus a síleadh. Féach go bhfuil an chosúlacht ag méadú go bhféadfadh an Bhreatain éirí as an Aontas ar fad tar éis an chéad olltoghcháin eile sa tír sin, nó fiú roimhe sin. Ní raibh Sasanaigh riamh rócheanúil ar an Aontas, ach nuair a fuair páirtí beag suarach UKIP, atá glan in aghaidh an Aontais, vóta ollmhór sna toghcháin áitiúla le déanaí, agus tar éis do Iar-Sheansailéir an Státchiste, Nigel Lawson, alt a scríobh ar Times Londain ag rá nárbh é leas na Breataine a thuilleadh a bheith mar bhallstát den Aontas, ba chéim mhór i dtreo an dorais a bhí ann.

Státaire coimeádach é Lawson a bhfuil cáil na measarthachta agus na stuaime air, agus ba léir láithreach go mba fhadhb don phríomhaire Cameron a raibh le rá aige, bíodh go ndeirtear faoin bpríomhaire go bhfuil sé go pearsanta i bhfábhar bhallraíocht na Breataine san AE. Fadhb a bheadh ann don rialtas anseo freisin, ar ndóigh, dá n-imeodh an Bhreatain. Ní róshásúil dúinne é, mar atá, nuair nach bhfuil an Bhreatain i limistéar an euro, ach ba mheasa dúinn é ó thaobh trádála, agus níos mó fós ó thaobh ár gcaidreamh leis an Tuaisceart, dá scarfadh an Bhreatain go huile leis an Aontas. Cé a b’fhearr dúinn sa chás sin, a bheith istigh nó amuigh?

An bhfuil an tAontas féin i mbaol anois? Má fhágann an Bhreatain, an bhféadfadh go leanfadh ballstáit eile iad? De réir scéil, tá tacaíocht daonraí i mballstáit eile titithe go mór ó thosaigh an ghéarchéim. Cinnte, b’ábhar díomá a laghad tacaíochta a bhí ar fáil nuair a tharla an ghéarchéim chéanna. Oscailt súl a bhí i gceist don a lán. Ar ndóigh seasann seanbhrionglóid lucht bunaithe an Aontais, na daoine maithe sin a chonaic an t-ár, an t-éirleach agus an léirscrios a bhain leis an dá mhórchogadh a troideadh sa chéad leath den aois seo caite, agus a bheartaigh nach dtarlódh a leithéidí arís.

Ach an maireann an bhrionglóid i ndáiríre? Cé s cheadaigh, mar a luadh cheana, go mbeadh tíortha an Aontais páirteach le NATO i gcogaíocht atá ar siúl san Afraic agus sa Mheánoirthear. Is cur chuige agus forlámhas na Stát Aontaithe is mó atá i gceist sa chogaíocht seo, agus is beag a chabhraíonn sé le buanú na síochána sna réigiúin mhíshocra sin. Is féidir a bheith go mór in amhras go réitíonn an cur chuige seo leis na haidhmeanna a spreag bunaitheoirí an Aontais.

I gcás na tíre seo, tá fhios againn anois conas mar atá ár bpolasaí traidisiúnta neodrachta curtha i mbaol le tamall anuas. Luamar cheana anseo an bhuíon saighdiúirí ón tír seo atá amuigh i Mailí, mar a bhfuil cogadh cathartha ar siúl ina bhfuil NATO páirteach, idir Fhrancaigh, Mheiriceánaigh agus Sasanaigh, agus anois ar mbuíon bheag féin chomh maith leo. Fós níl fhios againn céard atá siad ag déanamh ann, ná go deimhin cén mhaith a dhéanfaidh siad ann. Níl gíocs as an rialtas.

Is ábhar buartha le tamall anuas conas mar a fheidhmíonn an rialtas gan ceisteanna tábhachtacha poiblí a phlé mar ba chóir sa Dáil agus sa Seanad. Fiú nuair a bhíonn billí á reachtú is minic a bhrúitear tríd iad, gan deis a thabhairt ar phlé réasúnta a dhéanamh orthu. Tharla sampla maith den chur chuige sin ní fada ó shin, nuair a cuireadh an bille Gaeltachta faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. Ba bheag ar fad an plé a ceadaíodh, agus diúltaíodh glacadh le leasú d’aon chineál. Ní haon mhórionadh go bhfuil Acht Gaeltachta againn atá lochtach, agus gur róbhaolach nach leas na Gaeltachta a bheidh mar thoradh air.

Ní eisceacht a bhí i gceist leis an mbille sin ach an oiread, agus is fíor go bhfuil Teachtaí Dála agus Seanadóirí, agus fiú cúlbhinseoirí ar thaobh an rialtais, ag éirí imníoch faoin gcineál díluachála atá á dhéanamh ar an gcóras daonlathach. B’fhéidir gur toradh atá ann ar an móramh mór atá ag an rialtas sa Dáil. B’fhéidir leis nár mhiste dúinn ár machnamh a dhéanamh sula bhfaightear réidh go ró-éasca leis an Seanad, bíodh gur cinnte nach Seanad mar atá sé faoi láthair a bheadh ann. An amhlaidh leis gur chóir dúinn a bheith buíoch go bhfuil Uachtarán againn a labhrann amach go hoscailte, in áit a bheith ag iarraidh srian a chur lena theanga?

——◊——

Agus sinn chomh gafa leis an Eoraip faoi láthair, an bhfuil sé riachtanach anois fiosrúchán poiblí a reachtáil a déarfadh linn conas ar aon chor a d’éirigh linn teacht san áit dheireanach sa Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse. Níl ár gcúrsaí go maith, ach nach tubaiste é seo dúinne ar mhinic dúinn sa chéad áit sa chomórtas oirirc seo. Mór é ár dtiteam!

Féach go bhfuil an Ghearmáin féin buartha, bíodh go dtáinig siad ceithre háit chun cinn orainn. Tá siadsan ag cur an mhilleáin ar Angela Merkel agus an polasaí déineachta úd agus nach bhfuil tíortha eile san Aontas sásta vótáil don Ghearmáin dá bharr. Shílfeá go mbeadh trua acu dúinne. Nó an bhfuil ceist le freagairt ag Éanna Ó Cionnaith, ar dheimhin linn go raibh gnaoi na hEorpa air?


Feasta, Meitheamh 2013


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais