Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údair
Naisc
|
An Bóthar cois na hAbhann
Scéal le Pádraig G. Ó Laighin
Níor ghá don Duinníneach an grianghraf de Teresa a thug Bidí Mulligan dó
a iniúchadh chun Tootsie the Cow Girl a aithint.
An Bóthar cois na hAbhann
Seo chugam arís é: garbhcheol an mhileoidin agus guth láidir an amhránaí sráide. Meallann an ceol mé. Ar dtús níl ach nótaí maise á seoladh chugam i leith trasna na sráide cathrach. Deacair a dhéanamh amach cá háit as a bhfuil ag teacht, ach tá a fhios agam go maith gur chuala mé an fonn sin áit éigin cheana mar a bheadh cuimhne fann ann as an anallód, snáth roiste éigin smaointe.
De réir a chéile is féidir liom na nótaí creathánacha a shuíomh níos fearr, nótaí ag agairt orm ó na blianta i gcéin. Ach tá sé níos deacra fós ainm a chur ar an bhfonn sin, a shileann ar an aer agus a dhruideann chugam trí lánaí casta cathrach. Ba chóir go n-aithneoinn é mar amhrán.
Go tobann, tá sé ar fáil agam, an uile nóta gutha de snaidhmthe ag piachán an mhileoidin: tá fócas faighte agam ar an bhfear siúil cois cúinne na sráide, ‘…the road by the river/ that flows through Raheen.’ Tá doicheall air blas an nóiméid choscraigh a scaoileadh uaidh. Ní fhéadaim gan éisteacht leis….
Cuimhním ar neomat tochtmhar, i measc chuimhní na mblianta, mar a raibh an fonn áirithe sin lonnaithe. Nach deacair dom an neomat agus an port a tharraingt le chéile…
Ní mórán airde a bhí tugtha agam ar an bhfear úd fadó. Aon uair a chuaigh mé isteach i dTábhairne Uí Dhroighneáin, chonac é ag léamh na sean-nuachtán ann agus é ag ithe na gceapairí a tugadh dó le teann carthannachta. Tharla nár bhraitheas tréith ar bith neamhchoitianta ann. Tar éis an tsaoil, ní raibh ann ach seanfhear ag scuabadh trína smaointí fánacha. Níor léir dom ach gur ghlac na custaiméirí eile leis gur thaistealaí é a d’fheictí ann ó am go ham.
Tuigeann sibh go mbíonn blas faoi leith ag baint leis an bpionta, nuair a bhíonn atmaisféar áirithe ag gabháil leis an mbeár, agus ba thráthnóna atmaisféarach an tráthnóna faoi leith a ghabh mé isteach i mbeár Uí Dhroighneáin. Súlach óir ab ea an solas a bhí ag titim isteach sna cúil dhorcha, na gathanna triaclacha ag gearradh fíochán solais ar an urlár deannaigh úd, ag srónaíl thart sna hascaillí iargúlta agus i gcatacómaí na gcailleach inar léir fíoracha leath-aithinte a bheith ina suí. Tostanna fonnmhara i réim os cionn na gnáthghlagaireachta, agus spadántacht ar an deisbhéalaí. Gan tada ag cur isteach ar iomlán na marbhántachta ná ar an suaimhneas san áit.
Tharraing an Dálach súil ghéar bhaisileascach Uí Dhroighneáin i dtreo na gloine foilmhe ina láimh, agus tosaíodh ar an bpionta a líonadh gan oiread is focal as éinne.
‘Leanfaidh sé…, leanfaidh an aimsir, a deirim,’ arsa an Dálach, amhail is gur ag gabháil leithscéil a bhí sé as briseadh isteach ar an suaimhneas.
‘Mar sin fhéin, d’oirfeadh an braoinín báistí don talamh,’ lean sé air, ag iarraidh a bheith cothrom géarchúiseach, bíodh is nach raibh tnúth aige le freagra ar bith.
‘Siúráilte’, agus d’imigh an comhluadar le tost athuair, a thúisce is a bhí an babhta cainte sin curtha de. Buillí an chloig ar an bhfalla laistiar de na buidéil fuiscí, tomhas á dhéanamh ar fhrithchuisle na hArcáide suaimhní…
Bhí mé tosnaithe ar iniúchadh a dhéanamh ar na leabhair orduithe a bhí tógtha isteach agam, ag iarraidh teacht ar chinneadh faoi na cuairteanna a b’fhearr a dhéanamh roimh dheireadh an lae, agus ar na siopaí a d’fhéadfainn a chur ar athló go dtí an lá dar gcionn. Ní fhéadfainn na siopaí éadaigh i Sráid an Mhuilinn a ligint i bhfaillí; bhíodar go maith chun na cornáin cadáis a ordú, agus bhí sé d’iachall orm glaoch ar Shiopa Uí Raghallaigh sa tSráid Uachtarach ar eagla go gcuirfeadh siad gearán isteach, bíodh is gur beag ar fad a cheannaídís san lá ar bith.
Bhí ar mo chumas cúléisteacht ar Mhac Oireachtaigh sa chúlráid, tráth ar chuir sé a ladhar isteach sa suaimhneas: ‘B’fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar phraghasanna na n-uascán an tseachtain seo, anois go bhfuil díluacháil ar an bpunt glas, measann sibh?’
Agus chuala freagra gonta Uí Bhroin air: ‘Tá gá leis an bhfeabhas ceart go leor.’
B’shin an uair a tháinig línte ciúine an amhráin ón seanfhear sa chúinne, é ag canadh dó féin, agus chaithfeá a rá go bhfanfá ag éisteacht leis: bhí guth chun bailéid an-mhaith aige.
Níor casadh cloigeann ina threo, ach mar sin fhéin, ba léir an aon-tuiscint a bheith ag gach éinne dó, iad uilig faoi chiúnas a smaointí féin: cuimhní inmheánacha na bhfear cruinnithe aige, iad snaidhmthe aige in aon aisling amháin.
Níor tugadh aird dá laghad air go dtí seo, fad a bhí sé ag gabháil do na páipéir nuachta. B’fhada na ceapairí ite aige, agus an páipéar orthu curtha i leataobh go néata, nod go raibh sé de nós aige a bheith dea-riartha béasach ann féin, pé áit as a dtáinig sé.
Mar a dúrt, ní raibh ceann ar bith casta ina threo as caidéis nó mífhoighne fad a rinne sé crónán leis féin. Ag canadh os íseal a bhí sé, amhail is go raibh athshondas speisialta i ngach aon nóta a tháinig chuige, pléisiúr áirithe ag teacht chun cinn san oiread logainm ar dhein sé portaireacht orthu, é ag gabháil go héasca ó ‘all alone, all alone, on the wave washed strand’ de Shliabh na mBan go dtí na seanvéarsaí: ‘that road by the river/ that flows through Raheen.’
Ar chúis nó ar chúis eile, níor tharla dom a bheith sa taobh sin tíre ag baint sásaimh as pionta i dTábhairne Uí Dhroighneáin go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Ní bhfuair aon radharc ar an seanfhear mar ba chuimhin liom é. An aimsir a bheith imithe chun donais… gan atmaisféar ar bith san áit a mheallfadh nótaí órdha ceoil go cúil an tsuaimhnis.
Tá’s ag Dia nach mar an gcéanna a bhíonn rudaí riamh, cuma chomh mór is a theastaíonn uainn an neomat faoi leith a reo. Bíonn comhábhar éigin in easnamh an dara huair, agus ar an ócáid seo ní raibh gath gréine ar bith ag gearradh gréas ar an urlár deannaigh, ná ag rince sna catacómaí iargúlta úd ina raibh na pinsinéirí ag diúgadh neomataí tuirseacha an lae.
Chuir mé tuairisc an tseanfhondúra ar an Droighneach féin. Ba léir dom fíor shlítheánta Uí Dhálaigh ag teacht chun an bheáir ar thóir athlán a ghloine. Chonacthas dom gur ag éirí níos triailí a bhí sé ina ladhar isteach in aon chomhrá is go mb’amhlaidh go raibh Mac Oireachtaigh freisin gan focal.
‘Abair liom,’ a d’fhiafraigh mé den Droighneach, ‘an bhfuil scéal ar bith ag gabháil leis an seanfhondúir sin a bhí ag canadh amhrán nuair a bhíos anseo cheana.’
Rinne sé a shúil a dhíriú orm agus fál mór a mhalaí a chreathadh amhail is go mb’aisteach an cheist, ach ó go mba chustaiméir rialta mé, ar bhealach, is é a rinne sé a scíth a ligint ar an gcuntar agus a raibh ar eolas aige a insint dom.
‘Táid ann a déarfadh gurb amhlaidh a chaith sé barraíocht dá shaol ar an bhfarraige, agus dála an scéil, luífeadh sin lena bheith feistithe go slachtmhar. Tá daoine eile ann a déarfadh gurb é an drochrath a bhuail é i gcúrsaí gnó nó clainne, agus gurbh shin a thug air a dhul ar na bóithribh. Duine gnaíúil é, de réir na dtuairiscí, a shanntaigh an comhluadar ó am go chéile, bíodh is go mb’fhearr leis fanacht socair.’
D’fhanas ciúin fad is a d’imigh Ó Droighneáin le pionta a líonadh. An gcloisfinn go deo arís na nótaí sin lán de sholas na gréine.
Aisteach go leor,’ arsa Ó Droighneáin, ag filleadh chugam, ‘níor leag mé súil air a bheag ná a mhór ón uair cheana a bhí tú anseo linn.’
D’fhan cuimhne an tseanfhondúra agus an neomat suaite gréine agam go dtí an mhóimint láithreach seo, amhránaí sráide os mo chomhair amach ag múscailt na mblianta arís ionam, fonn á dhoirteadh thar shráideanna na cathrach aige, snáthanna na smaointe á scaoileadh aige.
Agus mé ag caitheamh isteach sa chaipín ar an gcosán an t-airgead sin a íocann as scéal amhráin agus as fiúntas an cheoil araon, fiafraím de ar tháinig sé trasna riamh ar sheanfhondúir áirithe, amhránaí eile a raibh véarsaí mar iad aige. Sos beag a ghlacann sé lena rá liom: ‘Mhuise, chuireamar é, m’athair, geimhreadh nó dhó ó shin. Fuarthas le taobh na habhann é, ‘on the road by the river’.
Feasta, Nollaig 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|