Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údair

Naisc


Anois an t-am chun deireadh mhaolú na Gaeilge san AE a lorg



Pádraig B. Ó Laighin


Tá maolú i bhfeidhm i leith na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. De réir an mhaolaithe sin, níl dualgas ar na hinstitiúidí Eorpacha na gníomhartha dlíthiúla ar fad a chur ar fáil i nGaeilge mar a dhéantar sna 23 theanga oifigiúla eile ar fad. Is gá leagan Gaeilge a bheith ann i gcás na Rialachán a thagann ón ngnáthnós imeachta reachtach, sé sin ón gComhairle agus ón bParlaimint ag feidhmiú as lámh a chéile. Ba é Rialtas na hÉireann a d’iarr sa chéad áit, sa bhliain 2004, ‘ar chúiseanna praiticiúla agus ar bhonn idirthréimhseach’ go mbeadh an maolú ann. Ba é Rialtas na hÉireann (an Rialtas deireanach) a d’iarr sa bhliain 2010 go ndéanfaí an maolú a fhadú ar feadh thréimhse cúig bliana eile, de bhrí go raibh, ina thuairim, ‘deacrachtaí ann fós maidir le leorlíon aistritheoirí, saineolaithe dlí/teanga, ateangairí agus cúntóirí Gaeilge a earcú’. Beidh feidhm ag an maolú reatha go dtí an 31 Nollaig 2016, ach braitheann cad a tharlóidh ina dhiaidh sin go príomha ar na cinntí a dhéanfaidh Rialtas na hÉireann anois. Tá rogha lom le déanamh aige, deireadh an mhaolaithe a lorg agus líon ard postanna a chruthú d’Éireannaigh le Gaeilge ar chostas an AE, nó fadú eile maolaithe a iarraidh agus neamhaird a thabhairt ar na himpleachtaí diúltacha a bhainfeadh leis sin don tír, do chéimithe oilte, agus do chúrsaí oiliúna atá á maoiniú ag an Stát.

Roimh dheireadh na bliana 2015, tar éis athbhreithniú foirmiúil, déanfaidh Comhairle an AE cinneadh maidir leis an maolú. Breis is bliain ó shin, thug an Chomhairle le fios don Rialtas gur mhian léi a fháil amach roimh dheireadh na bliana 2013 an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas deireadh an mhaolaithe a iarraidh ag an athbhreithniú foirmiúil. Tá an t-eolas seo ag teastáil ag an bpointe seo chun go mbeadh institiúidí an AE in ann na nósanna imeachta earcaíochta riachtanacha a chur ar siúl sa tslí is go mbeadh comórtais de chuid na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO) á seoladh faoi 2015. Tar éis pleanála, tógann próiseas na gcomórtas seo breis is bliain ó thús go deireadh, agus má tá an maolú le tógáil, is gá do na hinstitiúidí a bheith ullamh go hiomlán roimh Lá Caille 2017 ar a dhéanaí.

Cé gur gnó é seo a bhaineann go príomha le Roinn an Taoisigh, is eol dom go bhfuil an cheist á hiniúchadh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus go mbeidh tuairimí áirithe á gcur ag oifigigh na Roinne sin faoi bhráid an Rialtais. Ní léir dom go bhfuil seasamh phobal na Gaeilge á chur san áireamh san iniúchadh sin, ná fiú tuairimí na n-eagras Gaeilge, agus ní gá go mbeadh pé moladh a thabharfadh oifigigh na Roinne don Rialtas ag teacht le moltaí in aon tuarascálacha inmheánacha a réiteofaí ar an gceist.

Dá bhrí sin, sílim gur cóir an t-ábhar seo a chur os comhair an phobail, agus é sin a dhéanamh go tráthúil sa tslí is nach mbeidh dallamullóg á chur ar éinne. Mura gcuireann an Rialtas in iúl do na hinstitiúidí Eorpacha anois go bhfuil sé chun deireadh an mhaolaithe a lorg, déanfar an maolú a athnuachan arís sa bhliain 2015, toisc go mbeidh deacrachtaí praiticiúla earcaíochta ann. Má chuireann siad in iúl go bhfuil sé i bhfách le fadú eile a iarraidh, beidh an toradh céanna air. Sa dá chás dhéanfaí dochar suntasach d’iarrachtaí an Stáit riachtanais earcaíochta institiúidí an AE a shásamh go fadtéarmach. Níl aon seasamh glactha ag institiúidí an AE, foirmiúil nó neamhfhoirmiúil, fabhrach nó neamhfhabhrach, maidir le fadú an mhaolaithe nó deireadh a chur leis. Tá siad ag feitheamh le fógra faoi intinn an Rialtais.

D’infheistigh an Rialtas breis is €8 milliún chun cúrsaí a chur ar fáil a bhí dírithe ar riachtanais institiúidí an AE do chúntóirí, aistritheoirí, ateangairí, agus dlítheangeolaithe. Faoi dheireadh 2012, bhí 243 duine ann ar éirigh leo na cúrsaí seo a chríochnú go sásúil. Leanadh le cuid mhór de na cúrsaí seo sa bhliain 2013, agus maoiníodh cúrsaí nua atá ar siúl faoi láthair. I mo thuairim, d’éirigh agus tá ag éirí leis an infheistíocht seo linn earcaíochta de ghairmithe cáilithe a chur ar fáil atá dóthanach do thógáil an mhaolaithe ag deireadh 2016. Tá an méid seo á mhaíomh agam, cé go bhfuil eolas cruinn agam ar thorthaí an chomórtais d’aistritheoirí a reáchtáladh le déanaí.

Tá éirithe thar barr le tionscadal GA IATE, maoinithe ag Rialtas na hÉireann tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus faoi stiúir Fiontar (OCBÁC) i gcomhar le hinstitiúidí an AE. As an 12 theanga a tugadh isteach mar theangacha oifigiúla de chuid an AE sna blianta 2004 agus 2007, faoin mbliain 2012 bhí an Ghaeilge (le breis is 50,000 téarma) sa dara háit i ndiaidh na Polainnise maidir le líon na dtéarmaí sa bhunachar IATE. Níl sé réasúnta a thuilleadh a áiteamh nach bhfuil soláthar dóthanach téarmaíochta i nGaeilge ann chun freastal ar riachtanais iarmhaolaithe.

Tá mórchodanna den acquis communautaire ann nár aistríodh go Gaeilge. Ní constaic é seo. I mo thuairim, tuairim a n-aontaíonn Seirbhís Dlí na Comhairle léi, níl aon riachtanas dlíthiúil ann go ndéanfaí na codanna neamhaistrithe den acquis a aistriú go Gaeilge mar réamhchoinníoll do dheireadh a chur leis an maolú, ná mar réamhchoinníoll do bhunú seirbhís iomlán don Ghaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha ar an mbonn céanna leis na teangacha oifigiúla eile. D’fhéadfadh Rialtas na hÉireann, dá dtogródh sé, a thairiscint go n-aistreodh sé réimse caol de dhoiciméid thábhachtacha neamhaistrithe an acquis. Tá léirithe ag staidéar a rinne Fiontar, áfach, go bhfuil an mhórchuid den téarmaíocht a cruthaíodh i dtíortha a tháinig in aontachas leis an AE sna blianta 2004 agus 2007, i gcomhair ullmhúchán an acquis, bainte amach as bunachar IATE ó shin ar bhonn a neamhiontaofachta.

Is féidir, le pleanáil agus le bearta réamhghníomhacha, aon deacrachtaí praiticiúla atá fós ann a shárú laistigh de pharaiméadair reatha mhaoinithe. Cuimsíonn na trialacha iontrála do phostanna lánaimseartha an AE scileanna briathartha agus uimhriúla, réasúnaíocht theibí, agus eolas ar an dara agus ar an tríú teanga. Is gá féachaint chuige go gcuirfí oiliúint fhoirmiúil ar fáil a fhreagraíonn do na trialacha seo, go háirithe iad sin atá bunaithe ar na heolaíochtaí sóisialta agus ar mhodhanna cainníochtúla seachas ar chumas teanga. Ní gá go mbeadh ar chumas na múinteoirí aistriúcháin, dá fheabhas iad, an oiliúint shainiúil sin a chur ar fáil. Sa chomórtas deireanach d’aistritheoirí Gaeilge a reáchtáladh, theip ar mhóramh na n-iarrthóirí (83.5%) sna trialacha iontrála, agus dá dheasca sin dícháilíodh as an gcomórtas iad.

Ina measc siúd ar theip orthu bhí iarrthóirí a raibh céimeanna MA san aistriúchán Gaeilge bainte amach acu ar chúrsaí a bhí maoinithe ag an Rialtas. Bhí na rátaí teipe sna trialacha iontrála seo i bhfad níos airde i measc iarrthóirí sa chomórtas Gaeilge seachas mar a bhí sna comórtais don Eastóinis agus don Laitvis a tionóladh ag an am céanna. Is cóir a aibhsiú nach scrúdaíonn na trialacha iontrála seo cumas aistrithe. Is gá freisin aird ar leith a dhíriú ar scileanna tríú teanga na ndaoine ar spéis leo a bheith ina n-iarrthóirí a mheasúnú go réalaíoch, agus deiseanna a chur ar fáil, más gá, chun go bhféadfaí na scileanna seo a fhorbairt go dtí caighdeán dóthanach – teastaíonn sáreolas ar an tríú teanga.

Is cóir dom a rá, freisin, nach bhfuil sé riachtanach aon chúrsa iarchéime san aistriúchán a bheith déanta ag iarrthóir cumasach: ach i gcás na Gaeilge, nuair a dhiúltaíonn na hOllscoileanna céimeanna in ábhair éagsúla a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, baineann tábhacht leis na cúrsaí san aistriúchán do chuid mhór daoine. I gcás na hateangaireachta, bíonn cúrsa iarchéime san ateangaireacht chomhdhála, a gcuirtear a leithéid ar fáil in Acadamh na hOllscolaíochta, ina riachtanas incháilithe chun dul san iomaíocht do phost lánaimseartha.

Tá 157 n-aistritheoir creidiúnaithe don earnáil phoiblí ar phainéal Fhoras na Gaeilge, agus beidh scrúdú eile i gcomhair creidiúnaithe ar siúl i mí na Nollag 2013. Tá córas creidiúnaithe d’eagarthóirí bunaithe freisin ag an bhForas. Cé go gcreidim go mbeidh linn earcaíochta dóthanach ann faoin mbliain 2015, tá nósanna imeachta i bhfeidhm sna hinstitiúidí Eorpacha chun easnamh féideartha aistritheoirí d’aon cheann de na teangacha oifigiúla a láimhseáil. I gcás na Máltaise, mar shampla, cuireann an Coimisiún mórchuid dá shaothar aistriúcháin faoi bhráid conraitheoirí, de bhrí nár éirigh leo líon dóthanach aistritheoirí a earcú trí chomórtais EPSO. Dá mbeadh easnamh i gcás na Gaeilge de dheasca laigí sa tríú teanga nó ar chúiseanna eile, bheadh rochtain ag na hinstitiúidí ar phainéal conraitheoirí aistriúcháin neamhspleácha Gaeilge ar cuireadh 8 n-iarrthóir nua leis ar bhonn comórtais sa bhliain 2011. Tugann an córas conartha seo, nach n-iarrann an tríú teanga mar choinníoll incháilithe, deis do chonraitheoirí a scileanna sa tríú teanga a fhorbairt i gcomhair an chéad chomórtais eile. De bhreis air sin, is céim shuntasach é i dtaca le cur chun cinn comórtas a chuirfí ar siúl amach anseo go bhfuil oifigeach allamuigh Gaeilge curtha ag feidhmiú anois i mBaile Átha Cliath ar son an Choimisiúin.

Is cóir a mheabhrú, i dtosach báire, in am seo an ghátair eacnamaíoch, go bhfuilimid ag trácht anseo ar chruthú timpeall 183 phost ardleibhéil d’Éireannaigh roimh dheireadh 2016, iad maoinithe go hiomlán ag an Aontas Eorpach, agus sa dara háit, go gcomhlíonfadh tógáil an mhaolaithe toil Rialtas na hÉireann, arna sonrú i Rialachán (CE) 920/2005 ón gComhairle, ‘go dtabharfaí an stádas céanna don Ghaeilge is a thugtar do theangacha náisiúnta oifigiúla na mBallstát eile’. Is cóir a mheabhrú freisin go mbíonn maoluithe sealadach, agus go bhféadfadh aon iarracht an ceann Gaeilge a fhadú thar dheich mbliana an leibhéal lamháltais do shealadacht a thugtar le tuiscint sa dlí-eolaíocht a shárú.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh aon iarracht a dhéanfadh an Stát fad a chur leis an maolú a thabhairt le fios nach raibh ar chumas an Stáit a thiomantais pholaitiúla a chomhlíonadh, nuair is é fírinne an scéil go bhfuil dul chun cinn suntasach agus leordhóthanach déanta. De bhreis air sin, is fiú a lua nuair a d’iarr Málta go gcuirfí deireadh le maolú den chineál céanna ar an gcéad deis a fuair siad, gan aon fhadú a mholadh, gur ar bhoinn pholaitiúla, eacnamaíocha, agus leasa náisiúnta a rinne sé é, seachas ar bhonn linn earcaíochta dóthanach a bheith ar fáil.

Cé gur ábhar é seo a bhaineann leis an Rialtas ina iomláine, is ar Roinn an Taoisigh go príomha a thiteann ualach an chinnidh, agus is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha a bheidh i mbun a fheidhmithe. Is é Stádas na Gaeilge san AE an t-aon ghné de phlean forfheidhmithe Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a bhfuil freagracht shonrach ar Roinn an Taoisigh ina leith. Sonraíonn Plean Forfheidhmithe na Roinne an ghníomhaíocht seo a leanas:

‘Leanfar leis an obair leis na hinstitiúidí ábhartha san AE chun tacú go gníomhach le stádas na Gaeilge san AE, lena n-áirítear an cheist a chur chun cinn maidir le deireadh a chur leis an maolú, i gcomhairle leis an Rannán Gnóthaí AE i Roinn an Taoisigh.’

Glacaim leis go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a bhfuil freagracht fhoriomlán uirthi as cur i bhfeidhm na Straitéise, tuairimí ábhartha faoi bhráid an Rialtais, bunaithe ar a sainleasanna agus ar a réimsí freagrachta féin.

Creidim go bhfuil sé riachtanach go bhfógródh an Rialtas d’institiúidí an AE agus don phobal i gcoitinne anois go bhfuil sé ar intinn aige a iarraidh go gcuirfí deireadh leis an maolú an 31 Nollaig 2016. Dá mbeadh géarghá leis, d’fhéadfadh sé a mholadh go gcuirfí bliain amháin bhreise leis an maolú, ach ar an gcoinníoll go leagfaí síos go sonrach mar fhoráil nua sa rialachán go dtógfaí an maolú ag deireadh na bliana sin. Bheadh torthaí tromchúiseacha diúltacha ann don tionscnamh ar fad mura ndéanfaí amhlaidh. Chomh luath agus a scaipfeadh scéal go raibh sé i gceist ag an Rialtas fadú eile a lorg, thiocfadh laghdú tobann ar líon na ndaoine aghlacfadh na cúrsaí, agus bheadh tógáil an mhaolaithe níos doshroichte dá bharr: chruthódh sé fáinne fí den chineál céanna is atá tarlaithe i gcás na hateangaireachta de dheasca dhiúltú na Parlaiminte Eorpaí ateangairí Gaeilge a fhostú ar bhonn lánaimseartha go dtí go mbeadh cuóta iomlán ar fáil.

Tá an seasamh atá léirithe agam san alt seo curtha faoi bhráid an Taoisigh agus faoi bhráid Choiste Gaeilge an Rialtais agam. Creidim go dtabharfaidh an Taoiseach aird ar mo litir. Tá súil agam go bhfeidhmeoidh sé dá réir. Tá an leas náisiúnta agus an dul chun cinn suntasach atá bainte amach ag an Stát san ullmhúchán d’úsáid iomlán institiúideach na Gaeilge le cosaint agus le cothabháil.

Feasta, Nollaig 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais