Dánta
le Seán Ó Leocháin
TÍR NA nÓG
Ní ghlaoim isteach níos mó orthu -
ní mó a chuirim an ruaig orthu
ná a sméidim orthu ón doras
ná a bhagraím orthu ón bhfuinneog.
Ní chuireann siad isteach níos mó orm
ná na cluichí callánacha a bhí acu,
mo chlann féin ná clann na gcomharsan
ná an chuid a tháinig níos faide
ag tabhairt dhúshlán a chéile.
Ní choinníonn siad ó chodladh na hoíche mé,
ag sioscadh le chéile faoin lampa
ná ag sáraíocht ar a chéile ar an tsráid.
Mholamar an óige agus thugamar a gceart dóibh -
níor chuireamar riamh ó dhoras iad
ach rinneamar rud níos measa:
ligeamar uainn ar fad iad,
gan comhairle ní b'fhearr againn dóibh
ná an chomhairle a bhí acu dá chéile,
comhairle a fhilleann ina casaoid
agus a chloisim acu trí mo chodladh,
mo chlann féin is clann mo chlainne,
iad chugam ar uair an mheán oíche:
seo í tír na sean, nó tír na n-óg
a d'éirigh sean roimh aois.
RENOIR
Ach feictear dom ina dhiaidh sin
gur chuir mé mo lá amú,
nach raibh ann ach cur i gcéill,
gan sa ghnó ar fad ach maisiú
ar an saol beag leamh laethúil.
Agus an rud a bhí beag,
bhí sé beag i gcónaí,
iad ag rá gur mór an trua
gan ábhar níos substaintiúla a bheith agam,
ceann de na téamaí móra –
ábhar ab oiriúnaí i bhfad
le scóip a thabhairt dom féin
is pé mianach atá ionam a thástáil.
Ach an áilleacht nach raibh ann
gur lig mé di bheith ann,
níl déanamh dá huireasa acu,
feiceáil nach feiceáil ach aontú
leis an radharc laethúil comónta,
an lámh ag coinneáil leis an tsúil
is ag iarraidh dul níos faide
ach nach féidir liom ligean di
gan na ceangail atá orm a shárú -
gan de fhreagra ach breith ar an scuab
is dlús a chur leis an obair
ach an lá amú ar fad orm
mura bhfeicim ach a bhfeiceann an tsúil.
— Seán Ó Leocháin
Feasta, Nollaig 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo