Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údair

Naisc


- - An státseirbhís agus an teanga - -

Nach mó bliain anois ó bhí aon dea-scéala againn agus an Nollaig ag druidim linn. Táimid fós ag strácáil leis an gcúlú eacnamaíoch, agus in ainneoin mhaíomh an rialtais go bhfuil ár gcúrsaí feabhsaithe agus sinn ag teacht slán ó chrúcaí na Triúrachta, ní léir don gháthdhuine go bhfuil aon fheabhas mór ar a shaol féin, agus a fhianaise san ann ar shála cruabhuiséid eile. Mair a chapaill agus gheobhair féar.

I gcás na Gaelainne bhíomair anseo bliain ó shin go díreach ag tagairt dó ráitis an Choimisinéara Teanga agus é ag léiriú a imní faoi staid na teanga sa tseirbhís phoiblí. Bliain dar gcionn tá sé ar an bport céanna ach, más aon ní, go bhfuil a ghuth ag dul i ngéire. Tá sé le brath le déanaí go bhfuil sé in amhras go bhfuil sé ag dul i bhfeidhm ar na húdaráis nó go bhfuiltear ag tabhairt aon tor air. Anois, léiríonn sé dúinn nach leor ar aon bhealach cur chuige an rialtais chun dul i ngleic le míchumas na státseirbhíse gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge.

Gan amhras is ábhar imní dúinn dearcadh seo an Choimisinéara. Is ar éigean go bhféadfaí a rá faoi gur fear scaoill nó scéine é. Níor chuir an cineál ionramhála nó go deimhin an fealladh a tharla i 1974, ag rialtas agus ag státseirbhísigh, lena dhóchas maidir le dea-intinn an dá dhream. Is léir nach bhfuil sé ar a shuaimhneas go bhfuiltear dáiríre faoina bhfuil beartaithe chun dul i ngleic le heaspa Gaeilge na státseirbhíseach. Go deimhin tuarann sé gur ‘teip thubaisteach’ a bheidh sa chóras nua.

Níor mhiste, b’fhéidir, a choinneáil in aigne maidir leis an dallamullóg a bhí i gceist i 1974 nárbh iad na polaiteoirí ba mheasa. Luaigh siadsan a n-imní faoina raibh beartaithe. Níorbh amhlaidh do na státseirbhísigh. Bíodh gurbh eol dóibh an dochar a bhí i gceist don teanga, ba bheag ba chás leo é. Tá an cheist seo tábhachtach agus an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge curtha faoi chúram na státseirbhíse. An féidir brath orthu, nó ar a ndea-intinn? Dódh cheana sinn.

Bhí uachtarán Chonradh na Gaeilge leis ag léiriú a mhí-shástachta lena raibh beartaithe ag an rialtas. B’aisteach mura mbeadh. Nach mbeimid i ngiorracht bliana do chomóradh céid an Éiri Amach i 1916. Cad a spreag é sin, nó cén fáth nár chloíomar le Home Rule? Ba é dearcadh an Chonartha nár leor athrú rialtais amháin, nó ár mbratach féin a bheith ar crochadh os cionn Chaisleán Átha Cliath.

Is ceist thábhachtach thráthúil í seo agus sinn ag druidim leis an gcomóradh céid. Níl claontacht d’aon chineál i gceist nó bagairt nó fábhar d’aon aicme nó aon dream. Is ceist í a bhaineann lenár saíocht agus ár gcultúr, agus an luach a bhaineann le teanga ársa i saol aon náisiúin. Ba mhór an ní é sin a chur ina luí arís ar ár bpolaiteoirí.

Feasta, Nollaig 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo