Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údair

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Sásta go maith?
le Seán Ó Loingsigh


Ní hionadh go mbeifí ag baint oiread buntáiste polaitíochta agus a b’fhéidir as an ócáid.

——◊——

Bhí sé suimiúil go raibh an eacnamaí clúiteach Meiriceánach Joseph Stiglitz ar cuairt chugainn le déanaí agus é ag caint le maithe léannta ollscoile i mBaile Átha Cliath. Bhain an tsuim le tráthúlacht na hócáide agus sinn díreach ar ti ár gcosa a thabhairt linn ón Triúracht úd a bhí ag coinneáil géarshúil ar ár gcúrsaí eacnamaíocha na blianta déanacha seo.

Ní tráthúil, ach míthráthúil, a shíl an tAire Airgeadais a bhí an chuairt, de réir mar a bhí le rá aige nuair a cuireadh agallamh teilifíse air. Gan amhras is beag a aontaíonn Stiglitz le cur chuige an Aontais Eorpaigh, agus na Triúrachta go háirithe, agus iad ag dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíoch. Ina shúile siúd tubaist go huile ba ea an polasaí déineachta úd a bhí i bhfeidhm anseo ó tháinig an rialtas seo i gcumhacht, agus go deimhin ag an rialtas a bhí i gceannas rompu. Ach i súile an Aire, ba ghaisce a bhí déanta aige ag fágáil slán leis an Triúracht chéanna. Cad a bhí leithéid Stiglitz ag déanamh ag baint óna ghlóir!

Ach san am céanna, níl aon amhras ná go bhfuil mórathrú ag tarlú sa tuairimíocht i measc saineolaithe sa gheilleagar le tamall anuas. Is cinnte go bhfuil níos mó díobh in amhras faoi éifeacht an pholasaí déineachta chun dul i bhfeidhm ar an gcúlú san eacnamaíocht. Conas is féidir don eacnamaíocht téarnamh in éagmais aon bhorradh? Níl áit is mó a bhfuil an argóint seo ar siúl faoi láthair ná san Aontas Eorpach. Fiú go bhfuil uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Mario Draghi, gafa ann, rud atá aisteach go leor agus sinn ag meabhrú ar chomh docht is a bhí an fear a bhí sa phost roimis, Jean-Claude Trichet, faoin gceist chéanna.

Tá, gan amhras, an t-athrú seo, más sin atá ann nó a bheidh ann, tagtha ródhéanach dúinne anseo in Éirinn. Fiú anois má athraíonn an port, agus má ghlacann an Banc Ceannais Eorpach freagracht éigin as fiacha bainc na mballtíortha éagsúla ar ball, mar a táthar ag tuar, ní cosúil go mbeidh aon éifeacht aige sin anseo, ná go ndéanfar aon chúiteamh linn maidir leis na suimeanna ollmhóra atá caite leis na bainc cheana féin. Ach, ar ndóigh, nach Eorpaigh mhaithe sinn, agus nach leor de chúiteamh é sin dúinn! Nach fearr é sin ná aon airgead sa bhanc?

Is minic tagairt déanta do fhorlámhas na Gearmáine i gcúrsaí an Aontais, ach ba dhóigh leat go raibh sé thar fóir ar fad faoi láthair. Níl aon rialtas acu sa tír sin ó bhí olltoghchán acu agus ní bheidh, is cosúil, ar feadh roinnt míosa eile, ach is cuma é sin, mar oibríonn an córas go breá. Go deimhin ba dhóigh leat gur mó sinne ag brath ar pé ní a bheartaíonn a rialtas siúd ná iad féin. An aontóidh siad leis seo siúd nó eile?

Tá forlámhas seo na Gearmáine ina ábhar buartha lasmuigh agus laistigh den Aontas. I gcúrsaí eacnamaíocha caithfear gach ní a chur in oiriúint don gheilleagar Gearmánach, agus i ndáiríre tá oiread tairbhe bainte ag an tír sin cheana féin as a mballraíocht agus atá ag tír ar bith eile. Ach ní lú leo an sioc samhraidh ná an boilsciú ná an t-éascú cainníochtúil úd, ná aon gheáitsíocht dá leithéid a thagann i gcabhair ar fhadhbanna airgid i dtíortha eile an Aontais.

Go dtí seo bhíothas ag feitheamh go mbeadh an t-olltoghchán thart sula dtarlódh aon bhogadh; anois deirtear go nglacann na Gearmánaigh féin leis go bhfuil an bogadh ag tarlú, ach go gcaithfear feitheamh go mbíonn an rialtas nua bunaithe.

Ní hé nach dtuigtear go coitianta don dearcadh seo ag rialtas agus pobal na Gearmáine agus na cúiseanna stairiúla atá mar bhonn leis, ach i gcomhthéacs an Aontais ní féidir neamhaird iomlán a dhéanamh d’fhadhbanna na mballstát eile. Is fíor go bhfuil an saol athraithe ó cheangail an tír seo leis an gComphobal Eorpach i 1973. Ní hionann an tAontas Eorpach inniu agus an Comhphobal ar chuamar i bpáirt chomh fonnmhar ann an bhliain sin.

Bhí sé de nós againn anseo a bheith gearánach faoin gclaonadh i dtreo stát feidearálach Eorpach. Is dócha go bhfuil an baol sin ann i gcónaí, ach is féidir go bhfuil forlámhas seo na Gearmáine faoi láthair chomh baolach céanna. Tá amhras ann anois an bhfuil pobal na tíre seo chomh mór i bhfábhar an Aontais agus a bhíodh. Conas mar a tharlódh dá mbeadh ceann de na reifrinn againn a bhíodh chomh coitianta sin gach uair a thagadh conradh éigin i gceist. Is féidir a bheith cinnte gur fada an lá sula dtarlóidh a leithéid de reifreann arís!

Chun filleadh ar Bhaile Átha Cliath agus lúcháir an Rialtais ag fágáil slán ag an Triúracht dóibh, ní hionadh go mbeifí ag baint oiread buntáiste polaitíochta agus a b’fhéidir as an ócáid. Níor mhiste dúinn a choinneáil ar aigne, cosúil le Gerry Adams agus an IRA tráth, nach bhfuil siad bailithe leo ar fad. In áit a bheith ag filleadh orainn ceithre huaire in aghaidh na bliana, ní bheidh siad ag teacht chugainn, chun a súile a choinneáil orainn, ach dhá uair sa bhliain, go dtí go mbíonn ár bhfiacha glanta againn faoi cheann fiche bliain nó pé fad a thógann sé sin.

Is cosúil gur scéal thairis a bhí sa mhionchonspóid faoi líne creidmheasa a bheith curtha in áirithe agus sinn ag tabhairt na gcosa linn ó ghrinnscrúdú na Triúrachta. Nílimid chun bacadh leis. Ní heol go bhfuiltear róbhuartha faoi, pé san Eoraip nó sa bhaile, agus arís ní hionadh go mbeadh an Rialtas ag déanamh oiread laochais agus is féidir leo ina thaobh. Ach féach go bhfuil an éiginnteacht ann i gcónaí, an t-amhras faoin eacnamaíocht, ní i nÉirinn amháin ach lasmuigh sa domhan mór.

Níltear cinnte faoi na bainc féin, tar éis an rírá ar fad, go bhfuil siad tagtha slán nó fiú nach bhfuil rud éigin faoi cheilt acu go fóill maidir lena gcuid fiacha. Beidh tástálacha struis á ndéanamh arís ag an mBanc Ceannais Eorpach an bhliain seo chugainn chun dea-stádas bhainc uile an Aontais a mheas. Féach conas mar a tharla le comhar creidmheasa sa Droichead Nua le cúpla seachtain anuas. Pé ní faoi bhainc, níor síleadh go raibh an drochghalar imithe chomh fada leosan.

Ach ag tagairt níos luaithe don saol a bheith athraithe maidir leis an Aontas Eorpach, féach go bhfuil go leor nach bhfuil athraithe ar aon chor. D’ainneoin na géarchéime eacnamaíche, agus an geilleagar in go leor tíortha a bheith curtha droim ar ais, fós níl aon chur isteach ar an gcóras féin. Tá na margaí airgeadais fós in uachtar, baincéiri agus corparáidí airgeadais agus comhlachtaí rátála creidmheasa fós faoi ghradam, dá mhéid a gciontacht sa tubaist a tharla.

Gan amhras tá breis bheag maoirseachta i gceist, ach gan dul thar fóir leis ar eagla go gcuirfí as don dream sin a luadh. Lena gceart a thabhairt do na Gearmánaigh, a rabhamar chomh gearánach fúthu, is iad is lú a ghéill do thiorántacht seo lucht an mhargaidh.

Anseo sa bhaile, táimid anois sa dara leath de théarma oifige an rialtais seo, agua níor mhiste sracfhéachaint a thabhairt ar conas mar atá sa saol polaitíochta, ach go háirithe conas a sheasann na páirtithe éagsúla i nDáil Éireann. Roimhe sin, ar ndóigh, caithfear aghaidh a thabhairt ar thoghcháin áitiúla agus ar thoghcháin an Aontais, bíodh nach i gcónaí a thugann siadsan aon treoir maidir le conas mar bheidh le holltoghchán.

Tá páirtithe an rialtais sásta go maith, iad ag déanamh gairdis le chéile go bhfuil an tír tugtha slán acu ó dhianriail na Triúrachta. Bainfear oiread tairbhe pholaitiúil agus is féidir as san, ach is mó go mór an tairbhe a bhainfidh Fine Gael as. Síleann go leor sa Lucht Oibre gurb iad is mó atá thíos leis an bpolasaí déineachta atá i bhfeidhm ó bunaíodh an comhrialtas. Tá breis is dhá bhliain fágtha, agus dhá bhuiséad, chun dul i ngleic leis an tuairim sin.

An bhfuil a bpeacaí maite d’Fhianna Fáil? Ní fios, ach tá siad in iomaíocht le Fine Gael arís chun ceannas a bhaint amach sna pobalbhreitheanna. Ach is aidhm dhaingean ag an gcomhrialtas nach ndéanfar dearmad ar 2008.

Tá sé mar aidhm dhaingean ag gach páirtí eile nach ndéanfar dearmad ar pháirt Shinn Féin sa chogaíocht i dTuaisceart Éireann idir 1969 agus sos cogaidh na bparaimíleatach i 1994, agus déantar tagairt dó go rialta sa Dáil. Is aidhm leis ag na meáin chumarsáide ó dheas cuid de na heachtraí ba bhrúidiúla a chasadh le ceannaire Shinn Féin go pearsanta. Arís agus arís, deir sé féin nach raibh sé ina bhall den IRA. Is fánach an té a chreideann é. Bhí clár eile teilifíse ar RTÉ le déanaí ag díriú ar Adams agus cuid de na heachtraí ba mheasa.

Le déanaí, chomh maith, foilsíodh leabhar le Anne Cadwallader, a bhí tráth ina hiriseoir le RTÉ, a léiríonn an claonpháirteachas a tharla idir forsaí Stáit an Tuaiscirt ‘ag an leibhéal is airde’ agus iadsan a bhí gafa i ndúnmharú daoine neamhurchóideacha. Is beag fiosrú a deineadh fúthu ná níor deineadh aon ghearán fúthu anseo ó dheas. Ba bheag poiblíocht a fuair an leabhar ar an taobh seo den teorainn. Níltear in amhras faoin bhfírinne ina bhfuil le rá ag an údar.

Níl amhras ach oiread ach gur ceadaithe páirtíocht Gerry Adams i gcogaíocht an Tuaiscirt a lua agus a cheistiú, ach tá taifeadadh neamhchlaonta na staire agus an chothromaíocht tábhachtach freisin, pé dream atá i gceist. Ba dheacair a rá nach bhfuil na prionsabail sin i mbaol faoi láthair.

Feasta, Nollaig 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais