Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An tSlí Éalaithe
le Majella Ní Dhomhnaill


a ghnóthaigh an dara duais i gComórtas Liam Mhic Uistin, a d’eagraigh Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Pharnell, in 2013. Gearrscéalaí as Co. Chill Mhantáin is ea Majella Ní Dhomhnaill. Bhuaigh a céad chnuasach gearrscéalta, Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile, an chéad áit (roinnte idir bheirt) i gComórtas Scríbhneoirí Úra Oireachtas na Gaeilge anuraidh. Bhain sí an chéad áit sa chomórtas gearrscéalaíochta The Lonely Voice a d'eagraigh Áras Na Scríbhneoirí sa bhliain 2012. Le deireanas, bhí an deis aici páirt a ghlacadh i Scéim na nOidí faoi stiúir an scríbhneora Mícheál Ó Ruairc. Is achtúire í Majella, í ag gabháil d’fhoirmlí matamaitice nuair nach mbíonn sí ag plé le gearrscéalta. Is aoibhinn léi an pianó a sheinnt chomh maith. Tá sí ag obair leis an gcomhlacht árachais Allianz le bliain anuas agus í ag baint an-taitnimh as go dtí seo.
———◊———

Bhuel, a pháistí – tá sibh saor don deireadh seachtaine. Imigí libh!’
Ní féidir na tráthnóntaí Aoine a shárú, nuair a ligtear an scoil agus gach a bhaineann léi i ndearmad. An faoiseamh céanna ar Phól is atá ar an 207 buachaill agus cailín ar fud na tíre atá ag éisteacht leis.
‘X’ a chliceálann sé ar an gclár teagaisc. Scáileán folamh os a chomhair. Síocháin, faoi dheireadh.
Brúnn Pól a chathaoir ar ais agus déanann caol díreach ar an drisiúr laistiar de chun gloine eile fuisce a dhoirteadh dó féin. Fear ard, scrogallach atá ann, le beola teanna a chuireann cuma na míshástachta air i gcónaí. Fiú ar na hócáidí fánacha a dhéanann sé iarracht ar ghreann, bíonn daoine máguaird neirbhíseach ina chuideachta.
Mar bharr ar an donas, tá muineál fada aige a tharraing an leasainm an Sioráf air san ollscoil. Ainm mallaithe a ghoil go mór ar Phól, ach faraor, é in úsáid beagnach go huilíoch ag an am. Bhí Rachel ar an mbeagán a thug a ainm baiste air.
‘Tá tú féin chomh hard, a Phóil, agus mise chomh beag,’ a deireadh sí de ghuth bog liriciúil, a lámha plucacha fillte thart ar a choim, ‘go gcaithfidh tusa a bheith mar thúr faire dom!’
Slogann Pól an fuisce siar agus doirteann ceann eile dó féin. Gabhann sé chuig an tolg agus an ghloine ina ghlac. Le scairt leath-thachta frustrachais, suncálann sé isteach sa leathar caite agus spréann a chosa fada amach roimhe.
Caithfidh gur fear lagintinneach é. Damba mór tógtha aige chun púcaí na mblianta fadó a choinneáil amach, ach iad á thrasnú go rábach dá ainneoin.
Bhíodh na leaideanna eile ag spochadh as i gcónaí i mbeár na hollscoile.
‘Hé, a Shioráif, an bhfuil an obair bhaile déanta ag do chailín duit go fóill?’
‘Nach bhfuil náire ort as I.Q. na lánúine a ísliú?’
Bhíodh Rachel níos fearr ná eisean ag na leabhair ón gcéad lá riamh. A fhianaise sin, bhain a tráchtas ar Ghéarchéim Airgeadais na hEorpa 2008-2012 bonn óir na Roinne Staire amach le linn na bliana deireanaí. In ainneoin ghriogadh na leaideanna, áfach, ní chuireadh éachtaí Rachel isteach ná amach ar uaibhreas fireann Phóil. É chomh háthasach díchreidmheach céanna go raibh an stuaire seo le folt fionn agus súile glasa niamhracha ag iarraidh bheith ina theannta, go ndearna sé dearmad ar an bpointe boise ar mhailís agus ar éad na bhfear óg eile.
D’iarr sé uirthi é a phósadh ar Chnoc Chill Iníon Léinín, an áit ab ansa léi riamh anall. San áit sin, dhéanfá dearmad ar an toitcheo plúchtach thíos fút, agus ar shraoilleáil bhrocach Chathair Bhaile Átha Cliath amach chomh fada le sléibhte Chill Mhantáin. Ina suí ar bhinse dóibh, an ghaoth ag cur cuilithíní trí ghruaig Rachel agus na deora ina súile chomh drithleach leis an bhfarraige thíos fúthu, thóg sé a lámh chreathach ina láimh féin agus chuir a ghuth an cheist a bhí ar bharr a theanga le fada an lá.
Ní raibh siad go maith as ag tús ré a bpósta, ná baol air. Tar éis an tsaoil, bhí Rachel ag fanacht san ollscoil chun tabhairt faoi dhochtúireacht sa Stair, agus bhí Pól ag tosnú isteach ar chúrsa lánaimseartha bliana sa tSínis. Bhí Rialtas na hEorpa ag gearradh siar go mór ar líon na múinteoirí a bhí ar fostú acu, agus seomraí fíorúla ranga á mbunú ar fud an bhaill. Dá mbeadh an seans ba lú aige post múinteoireachta a fháil, chaithfeadh sé líofacht bhunúsach sa tSínis a bhaint amach i dtús báire.
D’éirigh Rachel torrach níos luaithe ná mar a bhí beartaithe acu, ach cúis cheiliúrtha seachas tubaiste a bhí i gceist. Cé nár mhór do Rachel a céim dochtúra a chur ar an méar fhada, eachtra álainn nua a bhí i mbreith a gcéad linbh. Lena chois sin, bhí gar-líofacht sa tSínis agus post sealadach múinteoireachta bainte amach ag Pól um an dtaca seo, agus iad in ann treabhadh leo.
Laethanta órga a bhí iontu. Mearghrá na lánúine nua-phósta idir an bheirt, nár mhaolaigh riamh mar a mhaolaíonn do chách. Agus an corda ba chumhachtaí sa siansa seinnte nuair a seachadadh a mac óg nuabheirthe isteach ina lámha tnúthánacha.
Damnú air. Níor mhair an deoch sin i bhfad!
Leagann Pól an ghloine fholamh síos ar an mbord taobh leis de chleatráil mharbhánta. Piocann sé suas arís go neamhchinnte agus muirníonn ina lámha í. An siúlfaidh sé trasna chun ceann eile a fháil, nó an — bhfanfaidh sé ina shuí? Tá a theanga amuigh aige ceart go leor, ach gréasán a ghéag ina ualach ró-throm air. Fanfaidh sé mar atá – a shúile leathdhúnta agus plab-plab-plab na fola ina uisinní á bhréagadh chun suain.
Scríobtar cathaoir go scréachach thar an urlár i gceann de na seomraí leapa.
Aieee! Nach bhfoghlaimeoidh an cladhaire sin de bhuachaill riamh? Éiríonn Pól ina sheasamh le luas lasrach, ach tá a cheann ag rothlú mar ghaothrán anois agus a chosa ag géilleadh faoi. Ar ais ar an tolg a thiteann sé, mionbhraonta allais ag briseadh amach ar a chlár éadain agus a charbhat go ró-chúng ar a mhuineál fada.
Tá an leaid ag baint na sál as aníos an halla anois, murlán an dorais ag casadh agus burla mór fuinnimh ag brúchtaíl isteach chuige. Sé bliana déag agus 1.9 méadar de dhásacht is de dhalbacht os a chomhair amach. Tá t-léine gheal bhándearg air a ghortaíonn súile Phóil.
‘A Dhaid!’
‘Céard atá uait, a Enda? Nach bhfeiceann tú go bhfuil do chathaoir ró-gheal … ró-bhándearg …ró- …’
Scamallaíonn ceobhrán na héiginnteachta aghaidh a mhic. Buachaill dúr! Nach dtuigeann páistí na linne seo faic na ngrást?
Ropann súile uaine Enda go mear ó thaobh go taobh, iad ag fanacht ar feadh leathshoicind ar an mbuidéal leathfholamh fuisce ar an drisiúr agus ar an ngloine thaosctha atá ina luí ar a taobh ar ghlúine a athar. Corrbhraon ag sileadh amach ar a bhríste agus ag cruthú paiste dorcha air.
‘Daid … do ghloine!’
Ardaíonn Pól a cheann agus ligeann gnúsacht as ar fheiceáil an ghloine dó. Huth! Piocann sé suas agus teilgeann isteach sa bhosca bruscair faoina dheasc í de bhuille clingeach coscrach.
‘Bhfuil tú sásta anois?’
Osclaíonn Enda a bhéal, ach húm ná hám ní thagann as. Tar éis meandair, cuireann sé a chuid súl chun na bhflaitheas agus iompaíonn i dtreo an dorais.
‘Hé – tusa! Cá bhfuil tú ag dul?’
‘Amach. Táim bréan de seo. Tiocfaidh mé ar ais nuair a bheidh tú sóbráilte.’
‘Tar ar ais anseo láithreach, a bhuachaill. Táim ag iarraidh labhairt leat!’
Tá doirne Phóil druidte go teann, agus an t-olc ag cuisliú mar loscadh sléibhe sa samhradh. Ach cúis náire d’athair a leithéid d’aisfhreagra óna mhac! Cloiseann Enda an faobhar ina ghlór agus stopann mar atá, a lámh fós ar mhurlán an dorais.
Díríonn Pól a dhroim chomh maith agus is féidir leis. Ní ró-fhurasta atá sé cuma an údaráis a chur air féin, agus é ina shuí. Tá nóisean aige go bhfuil a cheann ag claonadh chun tosaigh agus ar ais, chun tosaigh agus ar ais. Baineann sé searradh as a ghuaillí agus bobálann na súile uair nó dhó.
‘Céard é sin id ghlac, a bhuachaill? Tabhair dom é!’
‘É seo?’
Tá píosa páipéir á fhilleadh go tapaidh ag Enda agus é ag iarraidh é a chur as amharc i bpóca a bhríste, ach tá Pól ró-ghéar dó.
‘Sea. An rud damanta a bhfuil tú ag iarraidh é a cheilt orm.’
‘Nílim ag iarraidh tada a cheilt ort, a Dhaid!’
Ligeann Enda osna as arís agus osclaíonn an bhileog go drogallach.
‘Foirm atá i gceist, sin an méid. Beidh cúrsa samhraidh ar siúl i gcathair Bhéising –’
‘Béising?’ a spriúchann Pól.
‘Sea. Saghas printíseachta atá i gceist, i gceanncheathrú domhanda WebFlash. Cuireann tú snas ar do chuid Sínise agus foghlaimíonn faoin ríomhchlárú néalríomhaireachta ag an am céanna!’
‘Agus – inis dom – cén mhaitheas a dhéanfaidh an phrintíseacht seo domsa?’
Leathann dath bándearg aníos go bun chluasa Enda, amhail is gur ruaim bhreise ón t-léine é. Labhraíonn sé go han-mhall is go tomhaiste, lámh amháin ag greamú go righin de mhurlán an dorais arís.
‘Is cuma, a Dhaid. Labhróidh mé leat faoi níos déanaí, nuair … nuair a bheidh tú ag aireachtáil níos fearr.’
‘Ag aireachtáil níos fearr, a deir tú? Creid uaimse, a bhuachaill, nár airigh mé níos fearr le fada an lá.’
Le tréaniarracht, brúnn sé é féin aníos ón tolg agus trasnaíonn go pianmhar go dtí an drisiúr chun gloine úr a líonadh. Níos sine agus níos sine a bhraitheann sé ó lá go chéile.
‘Agus cuirfidh mé do rogha geall leat go bhfuil airgead ag teastáil ó na boic seo i mBéising. Ní ar thada a chuirfidh siad suas le do leithéidse ar feadh samhraidh.’
‘Sin é an rud, a Dhaid.’
Tá guth Enda ag dul in airde le tuin dóchais, mar reathaí maratóin a chuireann dlús lena chosa ar fheiceáil na críochlíne dó.
‘Bhuaigh mé scoláireacht dhá mhí ó shin – nach cuimhin leat? Beidh táillí an chúrsa saor in aisce dom. Níl ag teastáil ach costas na dticéad aerthaistil …’
‘Ha!’
‘– agus airgead le haghaidh bia.’
‘Agus cé mhéad, dar leat, a chosnóidh an méid sin ar fad? Ticéid chuig an taobh eile den domhan, agus bia do dhéagóir ocrach ar feadh trí mhí?’
‘Bheinn ag ithe fiú dá mbeinn anseo don samhradh,’ a mhíníonn Enda le foighne bhreise an mhúinteora a bhfuil daichead páiste sé bliana d’aois faoina choimirce aige.
‘Agus eitlíonn RyanAirways díreach go Béising taobh istigh de 6 uair a’ chloig anois. Ní chosnóidh sé an t-uafás, táim cinnte de.’
‘Go n-éirí an t-ádh leat, más ea – mar beidh tú ag íoc as tú féin.’
‘Céard?’
Trasnaíonn Enda a lámha thar a chliabh agus cúngaíonn a shúile go searbh.
‘Íoc as mé féin? Ach tá a fhios agat nach bhfuil an t-airgead sin agam. Ní thugann tú airgead póca dom, agus íocann mo jab Sathairn as costais mo chuid scolaíochta!’
Croitheann Pól a ghuaillí. É tinn tuirseach den chomhrá seo. Thar aon ní eile, ba maith leis a cheann preabach a luí síos ar philiúr bog agus codladh sámh a fháil.
‘Bhuel, ní íocfaidh mé mo thuarastal suarach Eorpach as fíon sa tSín, seó i Moscó, stéig sa Ghréig – nó pé rud eile a bheidh uait. Sin sin, a bhuachaill, agus away leat. Dún an doras ón taobh eile, más é do thoil é.’
Ólann sé bolgam eile den stuif agus líonn a bheola go compordach. Cé a shamhlódh go mbeadh an fhilíocht sin cumtha ar ala na huaire aige? Iontach chomh héasca is a chuislíonn na focail asat nuair a bhíonn fuisce ag sní trí do chuislí.
Cúpla méadar uaidh, seasann Enda lena ghiall druidte agus a chos ag bualadh an urláir le tic-tic-tic rithimiúil. Nuair a labhraíonn sé, tá blas aisteach ar a ghuth – amhail is gur shnigh trí scagaire sular shrois a bhéal.
‘Níl sé cothrom,’ a deir sé os íseal.
‘Céard é sin a deir tú, a bhuachaill?’ a iarrann Pól go borb, a dhroim leis agus é ag baint taca as an drisiúr.
‘Chuala tú mé!’ a bhéiceann Enda air, tinte ar lasadh ina shúile anois.
‘Níl sé cothrom. Bíonn neart airgid don alcól agat i gcónaí, ach ní chuirfidh tú cent amú ormsa!’
‘Nach bhfuil an ceart agam gloine fuisce a bheith agam ag deireadh na seachtaine? Cé thusa a bheith ag leagan amach na rialacha do d’athair féin?’
Glacann Enda céim ina choinne, a mhatáin óga ag bolgadh faoi mhuinchillí an t-léine. Slogann Pól siar an scaoll atá ag éirí ina scornach agus ardaíonn a lámha chun na buidéil ar an drisiúr a chaomhnú.
‘Fainic thú féin, a bhuachaill! Tá deireadh leis an gcomhrá seo.’
‘An bhfuil, anois?’
Glacann Enda céim amháin eile chun tosaigh, agus feiceann Pól go bhfuil a shúile fliuch.
‘Má tá an comhrá thart, bíodh a fhios agat go bhfuil an caidreamh seo thart chomh maith. Táim bréan den árasán seo, agus táim bréan díotsa. Cuireann tú an locht ormsa de shíor, agus nílim ag cur suas leis níos mó. Ní raibh mé ach trí bliana déag d’aois nuair a tharla sé. Páiste a bhí ionam. Páiste!’
Radann sé an focal deireanach amach le tréine a chuireann ceathrúna Phóil ar crith. Síneann an fear a lámha amach agus tuislíonn síos ar an tolg is gaire, an nóiméad céanna a dhúntar doras an tseomra de phlab. Ardaíonn sé a cheann ón gcúisín agus éisteann le callán na gcoiscéimeanna ag dul i léig. Iad torannach agus macallach chomh fada síos le Stór a 10, ach á meascadh le míbhinneas na cathrach ina dhiaidh sin.
Laistigh de bhallaí an árasáin féin, tá sé uaigneach thar mar a bhraith sé le blianta anuas. Casann sé a cheann go marbhánta agus feiceann na céadbhraonta bagracha den tríú tuile geimhridh i mbliana ag tarraingt stríoc ar an bhfuinneog smúrach.
Cá rachaidh sé?
Ní bheidh turadh ann go ceann cúpla lá, is dócha. Síneann Pól a lámh amach go dúilmhear i dtreo an bhuidéil, ach glámann a mhéara ar an aer fuar folamh. Hmmph! Rollann sé thart ar an tolg, ligeann osna as agus éalaíonn isteach sa chodladh.

Feasta, Aibreán 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais