Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta
le Biddy Jenkinson

Cook-in

‘Seo dhuit,’ arsa an stiúrthóir cócaireachta
agus scian fhada ghéar á cur im láimh aige.
‘Sin agat na sicíní.
Mar seo a dhéantar féileacáin díobh:
Beir ar shicín, cuir ucht in airde é,
a thóin id leith.
Sáigh an scian trín bpoll thíos go luífidh an faobhar
ar chlé an chnámhdroma, lena fhaid.
Ansin, brúigh ar an scian mar seo.’

Lig an corpán osna.

‘Ar an tslí chéanna déan an cnámh a dhícheangal, ar chlé,
agus caith isteach i bpota an anraith é.
Ansin leath amach d’fhéileacán. ‘

Thug sé boiseog, mar mholadh, don sicín leacaithe.

‘Tabhair cupla slais dos na lorgáin.
Craith salann, piobar is íle orthu
agus caith do shicín faoin ngrioll.
Sin é é!
Réitigh tusa an dá shicín déag atá fágtha
is fillfead ort ar ball.’

Tyburn, Túr Londan,
Caisleán Átha Cliath,
mé feasta riamh
im chéasaire im intinn...

Mise a chuireann sicín san oighean
ón bpaicéad amach, de ghnáth, is mo shúile dúnta!
D’obas.

Chonaiceas mé féin
i haingear mór is míle cearc le ceangal is le criogadh
sula bhfaighinn arán an lae;
sceimhle fliuch na n-éan dom bhá
a nglórtha im chluasa,
clúmh is cleití ag slóchtadh mo phíobáin,
a mboladh buanaithe im ghruaig, im chraiceann.

‘Nach tú atá éisealach,’ a bhagraíos orm féin,
bheith ag obadh roimh chorpáin,
roimh phróitéin na beatha.’

Rugas ar an scian.
Níor scaoileas leis go raibh trí shicín déag
faoin ngrioll.

Thosaíos mo mholadh féin as bheith
rannpháirteach go toildeonach,
go searmanasúil,

i bpeaca mór na beatha.

Cé a shiúlann ar dhromcla an domhain seo
gan é a bhascadh?
Cé a ólann tae gan na baictéir ina bhéal a scóladh?
Cé nach gcuireann deireadh le domhain frídíní ar a bhás?
Mún dreoilíní a dhéanann crú fuail den bhfarraige.

Bíodh an fhuil ar mo lámha anocht,
áit gur féidir liom í fheiscint.

Sléibhte

Nuair a bhogas
ón ngleann
go Magh Muirtheimhne
bhraitheas ábhairín leacaithe
de cheal
cuirasse esthétique
na gcnoc.

Úll an Fheasa

Go dtí inniu b’é an t-ábhar romham
a shealbhaigh m’anam agus mé ag péinteáil,
solas na mara, corrán géill cuspa,
stiogmata na beatha sa bhláth.

M’intinn i gceangal.
Mo mhéara i mbun aistriúcháin,
de réir a gcumais.


Ach inniu,
ba leamh liom, tar éis tamaill,
an t-úll ar bhos
Éabha.
Bhí úll éigin ar leith
ag iarraidh teacht i gclí.
Agus ba chuma

Éabha a thuilleadh,
ná a lámh ná an cac-ghé d’úll a bhí ann.
Ba chuma rud ar bith ach úll a chruthú
as an nua.

Peacú i bpéint,
mar is nós liom
peacú le focail.



Feasta, Aibreán 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo