Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Nach aisteach go minic gur mar thoradh ar an ngníomh is measa linn a thagann an leas is lú coinne. Féach mar a spreag éirí as oifig an Choimisinéara Teanga an slua a ghlac páirt sa mhórshiúl i mBaile Átha Cliath le déanaí chun a míshásamh a chur in iúl do lucht rialtais. Ó shin bhí léirsiú bríomhar i gConamara agus tá mórshiúl beartaithe i mBéal Feirste go luath. Cé a déarfadh nach bhfuil athmhúscailt agus ardú meanman tarlaithe. Is cinnte go bhfuil buíochas tuillte ag an lucht eagraithe as an obair mhór atá déanta acu. Go méadaí ar a ndícheall.
Is cinnte leis nach mbeidh an lucht rialtais úd ar a suaimhneas agus na mílte ag máirseáil ar na sráideanna, ach ní ar mhaithe le suaimhneas na bpolaiteoirí a bhí siadsan a bhí ag máirseáil. Is mór a chuirfidh sé leis an míshuaimhneas sin go bhfuil an tUachtarán Ó hUiginn tar éis a thacaíocht a léiriú don iarChoimisinéir, agus go deimhin gur léirigh sé a chomhbhá agus a imní phearsanta maidir leis na fáthanna a thug air éirí as. Ní bréag ná go bhfuil tromchúis agus tábhacht ar leith ag baint le beartas seo an Uachtaráin.
Cad chuige atá an rialtas faoi láthair maidir leis an nGaeilge? Go sonrach, luaimid an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ag cruinniú den Fhochoiste um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le déanaí, ceistíodh an tAire Stáit Gaeltachta faoi dhréachtcháipéis nó cóip neamhoifigiúil de leasuithe atá beartaithe ar an Acht, leasuithe a deirtear a lagóidh go mór brí agus éifeacht an Achta. Is cuimhin linn go raibh an t-iarChoimisinéir Ó Cuirreáin buartha faoin gceist seo sular éirigh sé as oifig, agus go deimhin gur chuid den chúis é lena éirí as.
Má dúirt an tAire Stáit nach raibh sé ar intinn aige an cháipéis a phlé, nuair nach raibh sé curtha faoi bhráid an rialtais, is léir anois go bhfuil sé i gceist cumhachtaí breise a thabhairt don Aire chun oibleagáidí Gaeilge eagraíochtaí stáit a chealú, síneadh ama a thabhairt i gcás scéimeanna teanga na n-eagraíochtaí céanna, agus laghdú a dhéanamh ar aistriúchán ar cháipéisí, gan trácht ar cheisteanna a éiríonn maidir le heaspa Gaeilge na státseirbhíseach. Ní gá na hathruithe a phlé anois. Tá cuid díobh níos tábhachtaí ná a chéile agus, ar ndóigh, beidh sábháilt airgid luaite mar leorchúis lena lán dá bhfuil beartaithe. Ach maidir le himní phobal na Gaeilge, cuimhnítear gur léirigh an t-iarChoimisinéir a imní féin faoi leasuithe ar an Acht sular imigh sé as oifig, agus go raibh sé eaglach gur chuid de chur chuige diúltach an rialtais é i gcás na teanga.
Ní fios cad é dearcadh Fhoras na Gaeilge maidir leis an ngnó seo. Dá thromchúisí é, déarfar nach bhfuil ról acu maidir lena bhfuil i gceist. Caithfear an cúram a fhágáil faoi na heagrais dheonacha, pé cinn díobh atá fágtha, nó an bhfuil an t-am acu chun dul i ngleic leis agus a bhfuil de dhualgais eile leagtha orthu ag an bhForas?
|