Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
scéal léanmhar agus sólás beag do phobal na teanga
le Seán Ó Loingsigh
Mar sin féin chloígh an dá pháirtí a d’eascair as an gCogadh Cathartha, Cumann na nGaedhal, nó Fine Gael ar ball, agus Fianna Fáil lena ndílseacht don teanga.
———◊———
Bhíomar ag cur síos mí ó shin ar an ról tábhachtach a bhí ag Eoin Mac Néill sa chéad rialtas a bhí i gceannas an Stáit seo tar éis shíniú an chonradh síochána leis an mBreatain, agus ar an tuiscint gur chuid dhílis dar chiallaigh náisiún Éireannach go mbeadh an teanga Ghaelainne ina dlúthchuid de shaol agus d’eispéireas an náisiúin: agus comóradh céid an Éirí Amach ag druidim linn, níor mhiste machnamh a dhéanamh ar an tuiscint sin agus conas mar spreag an dearcadh iadsan a ghlac páirt ann.
Is eol an bhaint a bhí ag Mac Néill le bunú Chonradh na Gaeilge agus ina dhiaidh sin le bunú Óglaigh na hÉireann, conas mar bhí sé ina cheann foirne orthusan agus thar aon ní eile gur dhein sé mórdhícheall an tÉirí Amach a stop ar fad. Ina aineoinn sin daoradh chun priosún saoil é, agus chaith sé thart ar bhliain sa phríosún sular ligeadh saor é in éineacht leis na príosúnaigh eile. Tá sé suimiúil, pé monabhar a bhí ina aghaidh i measc na bpríosúnach faoin iarracht a rinne sé an tÉirí Amach a chosc, gur chuir De Valera stop leis agus gur chuir sé ina luí ar na hÓglaigh eile go dtabharfaí lánstádas agus aitheantas do Mhac Néill mar cheann foirne.
Is chuige atáthar i ndáiríre ná an pháirt thábhachtach a bhí aige i mbunú an Stáit, i gcéadrialtas Chumann na nGael agus a thuiscint maidir le tábhacht na Gaelainne i saol an Stáit. Ar ndóigh b’fhada uaidh a bheith ina aonar sa tuiscint sin. D’fhéadfaí a rá gurbh í an tuiscint choiteann i measc bhaill an rialtais. Ní gá ach daoine mar Risteárd Ó Maolchatha, Earnán De Blaghd, Fionán Ó Loingsigh agus Mícheál Ó Coileáin féin a lua, ach go deimhin bhí baill uile an rialtais den tuiscint chéanna maidir le stádas agus tábhacht na teanga. Ba í an Ghaeilge an teanga náisiúnta de réir an Bhunreachta a reachtáil rialtas Chumann na nGaedheal i 1922.
Ba thragóid an cogadh cathartha a chothaigh naimhdeas i measc daoine ar chairde iad roimhe sin. D’fhág sé a rian freisin ar Mhac Néill nuair a maraíodh a mhac a bhí ag troid ar thaobh na bpoblachtánach. Mar a léiríodh ar chlár teilifíse le déanaí a raibh baint ag a gharmhac Mícheál Mac Dubhghaill leis, is cosúil gur tar éis a ghafa ag fórsaí an tSaorstáit a lámhachadh Brian Mac Néill.
Ní raibh a fhios san ag a athair, agus chuir sé an milleán ar De Valera, mar a léirigh sé i litir fhíorshearbh a chuir sé chuige tar éis bhás a mhic. Is mó dochar a rinne an cogadh cathartha do spiorad agus do mheanma na tíre, agus níor lú san an dochar a rinne sé i gcás na Gaeilge. Mar sin féin chloígh an dá pháirtí a d’eascair as an gCogadh Cathartha, Cumann na nGaedhal, nó Fine Gael, ar ball agus Fianna Fáil lena ndílseacht don teanga.
An bhfuil an dílseacht sin in aon bhealach i gceist faoi láthair? Ag deireadh an ailt seo mí ó shin, dúradh go raibh go leor i bpáirtí Fhine Gael a bhí i gcónaí dílis don Ghaeilge. Má tá san fíor i gcónaí, ní talamh slán go huile go leanann an dílseacht chéanna le himeacht ama ná i gcúinsí guagacha an tsaoil pholaitiúil. Is foláireamh lom dúinn éirí as oifig an Choimisinéara Teanga. B’oscailt súl a laghad tacaíochta a léiríodh sa chás sin d’éilimh a bhí réasúnta agus riachtanach chun dul i bhfeidhm ar an drochbhail fhollasach ina bhfuil an teanga sa státseirbhís. Cad a déarfadh Mac Néill?
Is seanphort sa cholún seo an neamart, muran drochaigne é, i measc bhaill na seirbhíse sin don Ghaeilge. Seanphort freisin é conas is féidir leas na teanga a dhéanamh, nó conas is féidir í chur ar bhealach a slánaithe agus ag an am céanna neamhaird a dhéanamh den drochbhail sin ar tagraíodh do. Conas a bheadh ráiteas polasaí mar atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeige inchreidte, nó gur féidir a bheith muiníneach go gcuirfear i ngníomh é, nuair atá a fhorfheidhmiú fágtha cuid mhór i lámhaibh na seirbhíse a bhfuil a neamhaird agus a neamart chomh follasach sin i gcás na teanga.
Ní hionann polaiteoirí agus státseirbhísigh, ar ndóigh: bíodh go mbíonn na polaiteoirí, go háirithe iadsan a bhíonn i mbun rialtais, go mór i gcomaoin na seirbhíse, ní gá ar aon chor go mbeadh a ndearcadh chomh hainspianta agus atá léirithe i gcás na státseirbhíseach ó 1974 ar aghaidh. D’fhéadfaí a bheith i ndóchas gur fearr é a dtuiscint ar thábhacht bunúsach na teanga agus an luach thar cuimse a bhaineann léi mar chuid dár n-oidhreacht chultúrtha. Gan amhras is amhlaidh freisin i gcás an phobail, rud nach dtéann i ngan fhios do na polaiteoirí.
Ní i measc státseirbhísigh amháin a léirítear doicheall don Ghaeilge ná do na luacha a ghabhann léi. Níl sé i bhfad ó shin ó bhí alt ar an Sunday Independent ag duine dá gcolúnaithe, nach cuimhin liom cé acu díobh anois é, ina ndúirt sé gur ‘fantaisí’ (‘fantasist’ an téarma a d’úsáid sé) a bhí sa Phiarsach. Lánchead ag an gcolúnaí seo é sin a rá, ach amháin go bhféadfadh sé a leithéid chéanna a lua faoi gach uile cheannaire acu. Ní déarfadh sé é faoi Shéamas Ó Conghaile, bíodh gur de bharr dhianiarrachtaí na Comhairle Míleata a cuireadh stop leis siúd a éirí amach féin a eagrú lena Arm Cathartha, bliain sular tharla an ceann mór. ‘Fantasist’ a bhí i ngach uile dhuine acu.
Tá fhios againn go ndeachaigh go leor den lucht fantaisíochta seo le Fine Gael roinnt bheag blianta tar éis an Éirí Amach. Pé ní eile, bhí siad fós go mór ar son na Gaeilge. Agus ar eagla go ndéanfaimis dearmad air, bhí go leor nár thaobhaigh an tÉirí Amach ar aon chor, nó b’fhéidir go raibh siad glan ina aghaidh mar a bhí Mac Néill, ach ag an am céanna bhí siad deimhin den tábhacht a bhain leis an nGaeilge agus an mhórchomaoin a leag sí orainn maidir lena tártháil agus a slánú.
Is é an cheist bhunúsach ná ar tharla claochlú le himeacht ama ar an tuiscint maidir le tábhacht na teanga, a bhí go mór i dtreis agus a spreagadh le bunú Chonradh na Gaeilge i ndeireadh na naoú haoise déag. Ní ionadh mór go dtarlódh cúlú ar an dúthracht agus ar an ardmheanma a spreag bunaitheoirí an stáit. Gan amhras ba thubaist an cogadh cathartha, ach san am céanna níor laghdaigh mórán ar an dúthracht maidir leis an teanga ar feadh tréimhse mhaith ina dhiaidh, pé acu i gcás na bpolaiteoirí é nó i gcás an phobail. Tagann trá ar gach díograis agus is maith is eol dúinn anois nach maith a tuigeadh an stró a bhainfeadh le tarrtháil a dhéanamh ar theanga a bhí i mbéal báis.
Is cinnte nach raibh lucht na Gaeilge féin, an Ghluaiseacht mar a thugtaí orainn, saor ó locht nuair nár dhein an teanga níos mó dul chun cinn, ach faoi lár na seachtóidí bhí sé follasach go raibh trá na díograise i gceist i ndáiríre. Bhí sé le brath nach raibh an chomhthuiscint chéanna ann i measc na bpolaiteoirí, ná b’fhéidir i measc an phobail, agus bhí léirsithe agus agóidí ag éirí coitianta. Ar bhrath na státseirbhísigh go raibh an saol athraithe agus deis ann le teacht i dtír ar na polaiteoirí. Táimid arís ar ais ar ár seanphort, tréigean na Gaeilge i 1974 nuair a cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge sa tseirbhís: tréas na gcléireach Mháirtín Uí Dhíreáin.
Táimid tagtha an ciorcal iomlán go dtí éirí as an Choimisinéara Teanga mar thoradh ar chur i gcéill na bpolaiteoirí, agus síléig an rialtais dul i bhfeidhm ar an staid thubaisteach ina bhfuil an teanga anois sa tseirbhís phoiblí. Cuireann an tsíléig sin dea-intinn an rialtais in amhras maidir lena ndáiríreacht i leith na Gaeilge. Tá sé sin i gceist, pé acu i gcás an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla é, nó an Straitéis 20 Bliain féin ar chuir Aire Stáit don Ghaeilge in iúl ina taobh le déanaí gur coistí laistigh de ranna stáit éagsúla atá i mbun monatóireachta uirthi!
An t-aon sólás atá le baint as an scéal léanmhar seo ná go bhfuil Uachtarán misniúil againn a labharfaidh go hoscailte nuair is cuí é. Caithfidh gur sólás éigin a chuid cainte do Sheán Ó Cuirreáin agus é ag fágáil slán aige in Áras an Uachtaráin.
Ar an ócáid sin is léir go raibh an tUachtarán ag smaoineamh go mór ar phobal na Gaeltachta agus ar a gcearta. Tá siad anois fágtha i muinín choincheapa mar phleanáil teanga. Ní luíonn sé le réasún go dtabharfadh gnáthdhaoine in aon phobal croí do a leithéid de choincheap nó gur le haon dúthracht a bheadh páirt acu in a leithéid d’fhiontar. Ní théann sé i ngan fhios dóibh gur minic gan cumas Gaeilge iad feidhmeannaigh an Stáit a mbíonn siad ag plé leo, nó na hionadaithe a cheapann an Stát chun teagmháil leo agus labhairt leo. Nach féidir leis an gcur i gcéill dul thar fóir!
Cad atá le déanamh anois, mar sin, agus amhras ag méadú maidir le hintinn an rialtais. Gan dabht níl sé fós soiléir go bhfuil polaiteoirí i gcoitinne chomh fuarchúiseach i gcás na teanga agus atá státseirbhísigh; ní cás rómhór leis an státseirbhíseach sluaite ag máirseáil ar shráideanna na hardchathrach ag agóid in aghaidh claonbheartais rialtais.
——◊——
Ag trácht dúinn ar dhaoine ag máirseáil ar na sráideanna, seo an tráth den bhliain dúinn ag ceiliúradh ár bhféile náisiúnta. Caithfidh go bhfuil go leor pobal agus náisiún i bhformad linn go bhfuil a leithéid de lá ceiliúrtha againn agus Lá ’le Pádraig. Ag breathnú dúinn ar na paráideanna agus an liútar éatar ar na sráideanna, rithfeadh leat go bhfuil an fhéile ag athrú, rud nach ionadh ar fad, faoi thionchar na teilifíse, b’fhéidir. Is cuid den saol an t-athrú, ach gan amhras tá an ócáid anois níos cosúla leis an Mardi Gras a shíolraigh ón traidisiún Caitliceach san Eoraip, agus a bhaineann go mór le tíortha Mheiriceá Theas agus roinnt áiteanna mar New Orleans sna Stáit Aontaithe.
Gan amhras tá bonn an chreidimh agus na Críostaíochta i gceist, ach is é a fhanann inár n-aigne an focal tarcaisniúil sin kitsch a luaigh ár gcara Gearmánach leis an bparáid i mBaile Átha Cliath cúpla bliain ó shin. Seans gurbh é an formad úd atá i gceist ina chás siúd! B’fhéidir leis gur chóir dúinn a bheith buíoch go bhfuil Seachtain na Gaeilge ceangailte leis an bhféile, nó ba bheag a bheadh Gaelach nó traidisiúnta faoi. Agus nach beag aird a thugtar anois ar an bhfear groí úd Naomh Padraig féin, nach bhfuil a leithéid d’éarlamh ag náisiún ar bith eile? Sin an saol!
Feasta, Aibreán 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|