Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Snag Beag Neafaiseach


le Colm Ó Ceallacháin


a ghnóthaigh an chéad duais i gComórtas Liam Mhic Uistin,
a d’eagraigh Áras na Scríbhneoirí,
Cearnóg Pharnell, in 2013.

Tá cónaí ar Cholm Ó Ceallacháin i gCorcaigh. Foilsíodh saothair leis ar Beo.ie, Comhar agus Southword, agus bhuaigh sé an chéad duais i gcomórtas na scríbhneoirí úra ag Oireachtas na Gaeilge 2012. Bhronn an Chomhairle Ealaíon dámhachtain litríochta air in 2013.


——◊——
Luath san oíche, gan ach corr-réalta á taispeáint féin go fóill, chonaic sé ar dtús í. Buidéal ina lámh aici, a súile móra, dhá oisre, ag oscailt is ag dúnadh go mall.

‘Cé hí féin?’ a d’fhiafraigh sé de Rónán.

‘Cara í le Kristina. Tá sí ag fanacht linn ar feadh an tsamhraidh. Téir sall, is cuir tú féin in aithne di.’

‘Cuirfidh, ach tabhair deoch eile dom ar dtús.’

‘B’fhearr dúinn a bheith ag imeacht,’ arsa Rónán leis, hata leipreacháin á chur ar a cheann aige. ‘Ach beidh sí fós anseo tar éis an chluiche. Gabh i leith, a leibide, is cuir ort é seo.’

Chaith sé féasóg rua chuige, is shocraigh ceann eile dá smig féin.

‘Go hálainn ar fad. Téanam anois, nó beidh an tábhairne lán.’

——◊——
Bhí an ceart aige ar ndóigh, ach ba chuma. Chaith siad deoch siar nuair a fuair Éire cúl, ceann eile nuair a ghéill siad cúl. Is ceann eile. Is ceann eile arís. Am dúnta, thit lucht an bheáir amach as an áit in aon chibeal súgach amháin, is d’fhill ar theach Rónáin. D’fhill sé leo, lán dóchais is leanna, ag súil go mbeadh sí fós ann. I ndubh na hoíche agus gréasán réaltach os a cionn, tháinig sé uirthi. Ina suí ar luascán sa ghairdín a bhí sí, is chuaigh sé trasna.

‘Cad is ainm duit?’ ar sé, óltach ach cúthail.
‘Ana.’
‘Ana. Tá súile deasa agat, Ana.’
Stad sí dá luascadh, súile glasa an tuaiscirt á ghlinniú.
‘Tuige an fhéasóg bhréagach?’
‘N’fheadar. Mar gur Éireannach mé, is dócha.’
Rinne sí gáire.
‘Tá tú beagán ólta, measaim.’
‘Nílim in aon chor. An mbeidh deoch eile agat?’
‘Ní bheidh. Táim féin beagáinín ólta freisin.’
‘Beidh tú go breá. Cad a bheidh agat? Rum? Vodca?’
Chroith sí a guaillí.
‘Aon rud in aon chor.’
‘Ná himigh uaim anois.’
‘Cá rachainn?’
‘Do leithéidí? Ag sú meala ó bhláthanna uilig an ghairdín, a pheidhleacáin.’
‘Mo leithéidí,’ ar sí go tarcaisneach, ag caitheamh uaithi a buidéal. ‘Ná déan dearmad ar an deoch, pé scéal é.’

——◊——
Ní dhearna sé dearmad. Thug sé di í, is bhain slog maith as a cheann féin. Bhí ceol le cloisteáil tríd an fhuinneog is sheas sé ag a droim, ag clúdach a cluasa lena lámha.
‘Go deas,’ ar sí. ‘Mar cheol fo thoinn.’
Thosnaigh sé ag caint léi, ach níor chuala sí ach seamsán íseal. Faoin tráth seo bhí sí meidhreach go maith, ag cur thar maoil le cion don uile dhuine. ‘Cad a bhí á rá agat?’ a d’fhiafraigh sí de, nuair a bhain sé a lámha dá cluasa.

‘Ag trácht ort a bhíos, ar cé chomh breá is atáir.’
‘Abair arís é, ó táim ag éisteacht anois.’

——◊——
‘LOW. LIE. THE FIELDS. OF ATH-EN-RY...’
Bhí fear óg ina sheasamh ar bhord sa chistin, ag scairteadh amach de ghuth garbh, briste. Thíos faoi, i measc smidiríní gloine, bhí beirt eile ag iomrascáil lena chéile, iad idir shúgradh is dáiríre. Shiúil sé an doras isteach de shodar réidh, ach baineadh na cosa de ar an urlár sleamhain, agus síos leis anuas orthu beirt. D’fháiltigh siad roimhe, compánach nua, is ghlac sé go fonnmhar leis an tairiscint.

‘Go diail ar fad!’ ar sé, ag breith greim ascaille ar a chéile comhraic. ‘Anois a Rónáin, nach é seo an breithlá is fearr riamh agat?’

‘Is é go deimhin,’ arsa Rónán, ag tumadh isteach sa chlibirt é féin.

I lár an mhacnais, ba dheacair guth Kristina a chloisteáil.

‘Go réidh, a fheara. Beidh na Gardaí chugainn má leanann sibh ar aghaidh.’

‘Ná bíodh buairt ort, a chroí,’ arsa Rónán, ag éirí ina sheasamh is á pógadh go díocasach. ‘Níl an oíche ach ina tús.’

Phreab sé ar an mbord ansin agus lean an slua é, a ndeochanna ardaithe os a gceann acu. Ina nduine is ina nduine thóg siad suas an ghlam, an bord ag creathadh faoin ualach guthanna.

‘You-ell neh-ver beat the Ir-ish!’

‘Nach féidir leat labhairt le Rónán?’ a scairt Kristina ina chluas. ‘Beidh ár dteach millte agaibh.’

Níor thug sé de fhreagra uirthi ach sraoill fhada urlacain a chaitheamh amach, rud a bhain liú aisteach as an slua.

‘Mo cheol thú,’ arsa Rónán, ag léim anuas is ag breith barróige air. ‘Deoch eile don laoch!’

Thóg sé slog as an gcanna a thairg Rónán dó, bhain de an fhéasóg is thosnaigh ag glanadh an mhúisc dá aghaidh léi. Chaith Kristina a lámha san aer, is ghread léi amach as an seomra.

‘Ní thuigeann sí,’ arsa Rónán leis. ‘Ní thuigeann sí an chraic. Kristina,’ ar sé, á leanúint amach. ‘Tóg go bog é. Is Éireannaigh muid. Tá cion ag gach éinne orainn.’

——◊——
Ní raibh Ana sa ghairdín nuair a d’fhill sé, is chuaigh sé á cuardach ar fud an tí. Faoi dheireadh tháinig sé uirthi i gcúlseomra thuas staighre, í sínte faoi chuilt ar an leaba.
‘Ana, an bhfuil deoch uait?’
‘Níl,’ ar sí go piachánach.
‘Tar síos liom. Tá an chóisir faoi lán seoil.’
‘Ní theastaíonn uaim. D’ól mé an iomarca.’
D’fhan sé ina thost, ag faire na cuilte ag ardú is ag titim, is ansin shleamhnaigh sé isteach taobh léi.
‘An bhfuil tú fuar, Ana?’
‘Nílim.’

Ag cur lámh suas isteach faoina léine, mhothaigh sé buillí mearaithe a cuisle ag preabadh ina cíoch. Rinne sí gnúsacht, is chas sí uaidh. D’éist sé léi, a hanáil ag éalú ina siotaí gearra aisti, is shleamhnaigh sé a lámh faoina léine arís.’
‘Ana? Ana?’

D’éirigh sé, is sháigh a cheann amach an doras. Ní raibh éinne timpeall, é fós ina raic thíos. Dhún sé an doras arís go ciúin, is mhúch sé an solas.

——◊——
D’oscail sé a shúile, is d’airigh céad chosa na gréine ag síneadh tríd an fhuinneog. Bhí an solas ag lonrú frídíní deannaigh, iad fós ina rince ó chuaifeach na hoíche aréir. Taobh leis, bhí Ana ag srannadh. Cá fhad a bhí sé ina chodladh? Níor chuimhneach leis a dhul ag luí in aon chor. Tar éis gléasadh go sciobtha, rinne sé a bhealach anuas an staighre. Sa chistin, an t-uisce ag stealladh as an sconna aige, d’ól sé lán dhá chupán is chaith a thuilleadh ar a aghaidh. Bhí an gairdín le feiceáil tríd an fhuinneog, cannaí is buidéil spréite ar fud na háite.

Ní raibh deoraí ina shuí, is bhailigh sé leis amach an doras. Ag casadh i dtreo ghrian na maidine dó, níorbh fhada nó gur tháinig sé go bruach na habhann. Lean sé a cúrsa soir, í ag siosarnach go meidhreach faoi bhrat cheo. ‘Mar cheol fo thoinn’ ar sé, blúirí de chomhrá na hoíche ag teacht chuige is ag leá arís faoi mhasmas póite.

Thrasnaigh sé droichead, is suas leis in éadan an chnoic a bhí ar an taobh thall. Bhí sé ag déanamh ar theach Donna. Tar éis tamaill, agus dríodair na hoíche ag sceitheadh as ina bhfrasa allais, ghlac sé sos. Taobh leis thug sé scrín bheag faoi deara, dealbha beannaithe agus cártaí aifrinn, iad cóirithe go cúramach i bhfuinneog tí. Bhuail sé chun bóthair arís, ag deifriú thar aghaidheanna na marbh is iad ag amharc go soineanta amach air. Ar shroicheadh tí Donna dó bhrúigh sé an cloigín, is sheas sé siar go maith.

‘Haigh,’ ar sé nuair a d’oscail sí an doras, chomh haerach is ar fhéad sé.

‘An raibh tú ag ól?’ ar sí, ag breathnú go hamhrasach air.

‘Mise? Dheamhan braon tógtha agam, a stór.’

‘Bhuel, féachann tú go hainnis.’

‘Is deas tusa a fheiceáil freisin.’

Leag sí lámh ar ursain an dorais, fós á iniúchadh is í ag scairteadh siar thar a cúl.

‘Cian, tá d’athair anseo.’

Tar éis tost chorrabhuaiseach, labhair sé léi arís.

‘Conas atá cúrsaí?’

‘Go breá. An bhfuil tusa ceart go leor?’

‘Táim ar fheabhas. Conas atá... atá...’

‘Paddy.’

‘Sea, Paddy. Conas atá sé?’

‘Tá sé ag obair. Breathnaigh, níl cuma ró fholláin ort, cibé rud a bhí ar bun agat. Ná tóg Cian murar féidir leat cúram ceart a thabhairt dó. Bhí a fhios agat go raibh mé le dul amach anocht, ach...’

‘Imigí libh! Beidh Cian go breá, is seolfar abhaile chugat é amárach. Cúpla deoch a bhí agam aréir, sin an méid, is mé ag amharc ar an gcluiche. Conas atá an fear mór?’

Buachaill dathúil ba ea Cian, é deich mbliana d’aois, folt tiubh donn air.

‘Go maith, Daid.’

D’fheistigh Donna an paca ar a dhroim, is chrom sí chuige.

‘Bhfuil gach rud agat?’

‘Tá.’

‘Scuab fiacaile?’

‘Tá.’

‘Athrú fo-éadaí?’

‘Maim, tá gach rud agam.’

‘Ceart go leor. Bí go maith do d’athair, is feicfidh mé amárach thú.’

Thug sí póg dó, is d’éirigh ina seasamh.

‘Cuir glaoch orm,’ ar sí leo beirt, ‘má tá fadhb ar bith.’

D’fhan sí ag an doras ansin, nó gur imigh siad beirt as amharc uirthi.

——◊——

‘An bhfaca tú an cluiche aréir?’ a d’fhiafraigh sé de Chian, is iad ag siúl anuas an cnoc.

Le gach buille dá chosa ar an bhfána ghéar, bhí na focail á dteilgean amach as a chliabh.

‘Cén cluiche?’

‘An cluiche peile.’

‘Ní fhaca.’

‘Chailleamar.’

‘An ea?’ arsa Cian, is thit tost eatarthu nó gur shroich siad bun an chnoic. Thrasnaigh siad an droichead, is isteach leo go páirc ar an taobh thall. Stad sé os comhair an ionaid spraoi, is d’fhéach isteach air.

‘Ar mhaith leat dul ag súgradh ar feadh tamaill?’

‘Táim beagáinín rófhásta dó sin,’ arsa Cian, ag tógaint a DS amach. ‘Ach luigh siar ar an bhféar ansin, nó go dté mise is an cluiche seo in adharca a chéile.’

‘’Bhfuil tú cinnte?’

‘Luigh, a deirim. Tá sé ag teastáil go géar uait tar éis a bheith ar an drabhlás.’

‘Ar an drabhlás, an ea? Cén fáth a ndeir tú sin?’

‘Ná bac liomsa, ach lig do scíth.’

Ceann faoi, rinne sé rud air.

‘B’fhéidir go ndúnfaidh mé mo shúile ar feadh deich nóiméad, mar sin. Rachaimid i gcomhair béile ina dhiaidh, Síneach nó Pizza...’

‘Aon rud in aon chor,’ arsa Cian faoina anáil, é gafa go hiomlán lena chluiche faoin tráth seo.

——◊——

‘Chuir mé mo lámh síos isteach ina bríste.’

Guth strainséartha a dhúisigh é, is nuair a d’oscail sé leathshúil chonaic go raibh beirt bhuachaillí ag seasamh os comhair Chian, iad cúpla bliain níos sine ná é.

‘Sea,’ a bhí duine acu ag maíomh, ‘síos ar a gabhal is níor bhog sí. An dtabharfaidh tú iasacht an DS dom?’

D’ardaigh a athair é féin ar a uillinneacha, is d’fhéach orthu triúr.

‘Cé hé mo dhuine?,’ arsa an chéad bhuachaill le Cian.

‘Bhíos ag ól leis aréir, is tá sé ina luí anseo ó shin.’

‘Chodail sibh sa pháirc?’

‘Nár chodail tú féin riamh amuigh faoin aer tar éis oíche ragairne?’

Ní dúirt sé aon cheo, is labhair a chompánach leis.

‘B’fhearr dúinn imeacht.’

‘Maith go leor. Coinnigh do chluiche bradach,’ ar sé le Cian, is bhailigh siad leo.

‘Coinneoidh, go raibh maith agat,’ arsa Cian go ciúin, is d’amharc sé ar a athair.

‘Cérbh iad siúd?’ ar sé le Cian.

‘Cúpla gaiscíoch a cheap mo chluiche a bhréagadh uaim.’

‘Caithfidh tú bheith cúramach lena leithéidí.’

‘Beidh mé go breá. An mbraitheann tú níos fearr anois?’

‘Beagáinín. An rachaimid ag ithe?’

‘Más maith leat.’

‘ McDonalds?’

‘Ó, cinnte. Beidh Happy Meal againn.’

‘Fágfaidh mé fútsa é mar sin.’

Ag méanfach, d’éirigh sé go mall ina sheasamh agus bhog siad ar aghaidh.

‘Abair leo gurb é mo bhreithlá é,’ arsa Cian leis, is iad ag siúl amach geata na páirce. ‘Tabharfaidh siad hata dom, nó balúin don bhord.’

——◊——
Maidin Domhnaigh, fíorbheagán áit a bhí ar oscailt go fóill. Ar deireadh tháinig siad ar chaifé a bhí ag dáileadh bricfeasta, is isteach leo. Bhí an áit nach mór lán, ach fuair siad cúpla stól ag cuntar na fuinneoige is d’ordaigh siad an bricfeasta ba mhó a bhí le fáil. Ní raibh an bia ach tagtha nuair a chonaic sé í, ag trasnú an bhóthair agus Kristina ina fochair. Nuair a tháinig siad chomh fada leis an fhuinneog shonraigh sé na deora ar a leiceann, is chroch sé a cheann. ‘Imigh thart’ a d’impigh sé uirthi, ach níor imigh. Chuala sé an doras ag oscailt, ansin a nguthanna is iad ag dul i dtreo an chuntair tosaigh. Bhraith sé iad ina suí taobh thiar de in áit éigin, ach fós níor chorraigh sé. Cad a tharla aréir? An rud ceart ná dul anonn chucu, agus sin a dhéanfadh sé, a thúisce is a stadfadh sí den ghol. D’airigh sé í fiú i measc na gcomhráite eile, a caoineadh ciúin. D’éist sé léi nó gur mhothaigh sé a uillinn á tharraingt.

‘Nach bhfuil ocras ort?’ arsa Cian leis.

‘Níl. Tóg tusa mo chuidse.’

‘Tá mo dhóthain agam, ach ba mhaith liom cupán tae.’

Chuir sé a lámh ina phóca, is tharraing deich Euro amach.

‘Nach rachfása suas dom?’ a d’iarr Cian air.

‘Iarr cupán tae ar an gcailín,’ ar sé go grod, ‘is faigh siúcra is bainne ar thaobh an chuntair.’

‘’Bhfuil aon rud uait féin sula...’

‘Níl.’

Lig a mhac osna, is thóg sé an t-airgead. Nuair a bhí Cian imithe d’éist sé arís, é ag stánadh amach an fhuinneog, is chuala sé é. Snag bog neafaiseach, ag teacht chuige thar mhonabhar na gcustaiméirí. Dhruid sé a shúile, ag iarraidh gach rud a chosc ach cuimhne na hoíche aréir. D’fhan sé mar sin ar feadh nóiméid nó dhó, is ansin leath a shúile air. Níor bhog sé arís nó gur leag Cian an tsóinseáil os a chomhair.

‘Daid,’ ar sé, ‘tá bean ag gol ansin thuas.’

‘An bhfuil?’

‘Tá. Féach, thall ansin.’

‘Ar mhaith leat dul chuig an phictiúrlann?’

‘Ní bheidh siad ar oscailt go fóill.’

‘An imeoimid, mar sin féin?’

‘Níl mo chupán ach faighte agam,’ arsa Cian, ag ól bolgam as is ag casadh siar arís. ‘Féach uirthi,’ ar sé i gcogar. ‘Tá sí fós ag gol. Cad chuige, meastú?’

‘Imeoimid,’ ar sé, ag sciobadh an chupáin uaidh is á thiomáint roimhe an doras amach.

——◊——
Lá breá a bhí ag breacadh, is an tsoineann le sonrú i ndreacha na ndaoine. Iad siúd a bhí cleachtaithe ar an bhfocal crua de ghnáth, tháinig an lá aniar aduaidh orthu. De réir mar a bhí an ghrian ag éirí, bhí gáirí ag scaipeadh ar bhéalaibh. Tearmann a bhí sa mhaidin seo ó chúraimí na seachtaine. Lá gníomhartha mór a bheadh ann, lá le fathach a mharú, nó le spéirbhean a fhuascailt ó chodladh céad bliain le póg amháin. Faoi scáth na dea-mhéine diamhaire seo a shiúil lucht an bhaile, ní ar leaca crua na sráide ach ar chosán seoigh. Agus ar an gcosán seo shiúil siad siar, athair is mac, ag triall ar gach a bhí i ndán dóibh ag fuinneadh na gréine.

Feasta, Bealtaine 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais