Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Dánta


le Seán Ó Leocháin





JACUZZI

Mar dhá ubh á mbruith
a chuireamar an mhaidin dínn.
Pé ceapadh a bhí inár gceann,
pé smaoineamh a bhí againn
faoi na rúin nár tháinig i gcruth
nó a chuaigh amú orainn,
ligeamar an t-iomlán le sruth
mar bhí stoirmeacha ag séideadh ar chóstaí an choirp
agus thaitin an aimsir linn.

An gníomh a chuireamar romhainn,
an beart nár cuireadh i gcrích,
nuair nárbh fhéidir dul níos faide leis
d’fhágamar an t-iomlán i leataobh,
é go léir le fágáil gan déanamh.
Ach cé a bhí ag fanacht leis
nó cé a bheadh ina dhiaidh orainn
mar bhí cófraí á gcuardach i gcúinní den chorp
agus thaitin an cuardach linn?

Ar ár sáimhín só sa choire guairneáin
ligeamar linn féin, ligeamar ár scíth,
i nguais ár n-anama i bpoll an duibheagáin.
Ach thángamar chugainn féin, thángamar tríd
gan a fhios againn céard atá romhainn,
gan romhainn ach ar fhágamar inár ndiaidh
agus ár gcosa nite mura ngluaisfimid linn
trasna an urláir amach as an áit
sula slogfaidh an chuilithe sinn.


TRAONACH

An oíche curtha díom ag glaoch
lena insint go bhfuil mé ann,
trí oíche i ndiaidh a chéile
gan oiread is grág a chloisteáil,
an bhfuil mé ann in aon chor
nó an bhfuil mo leithéid eile san áit?

Pé rud a chuir san aer mé
nó pé rud a thug mé liom
is a sheol chomh fada ó bhaile mé
ní ligfidh dom bheith i mo thost,
gan súil ag féachaint orm
ná cluas ag éisteacht liom

a thabharfadh freagra orm
nó a bheadh ar aon aigne liom.
Ach pé rud atá i mo lár
nó pé rud a dúradh liom
a thug chomh fada ar mo bhealach mé,
b’fhearr liom dul níos faide leis

ach ní ligfidh mo nádúr dom:
mo shaol le cur díom as radharc,
gan a mhalairt de phort agam
ná call lena mhalairt de phort
ar an bhfód a fágadh fúm.
Ach tar éis dom an oíche a chaitheamh

ag iarraidh an oíche a chur díom,
tá mé in amhras nach amhlaidh atá;
ach céard eile is féidir a chur leis
nó céard eile is gá a rá,
oíche eile le cur díom,
oíche eile is cuid mhór den lá?



Feasta, Bealtaine 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais