Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Colm Bán – La Blanche Colombe
Liam Ó Muirthile. Cois Life. Bog. €14.00. 265 lch.


Smacht
Colm Mac Confhaola. Leabhar Breac. Bog. 312 lch. €9.00



á léirmheas ag Mairéad Ní Chinnéide

An Colm Bán le Liam ó Muirthile

Ar chlúdach cúil an leabhair, deirtear go bhfuil dhá scéal san úrscéal seo: scéal Nóra Buckley cailín aimsire as Iarthar Chorcaí a chuaigh ag rince ar stáitse na Folies Bergère i bPáras, agus scéal údair, lonnaithe i bPáras na linne seo ar thóir eolais faoi Nóra.

Músclaíodh suim an Chorcaígh, William Driscoll i scéal Nóra Buckley sna seachtóidí nuair bhí obair charthannachta ar siúl aige ag tabhairt cuairte ar sheandaoine aonaránacha in árasáin i bPáras. Thaispeáin seanbhean, a chaith seal ina rinceoir sna Folies Bergère cárta poist dó, a fuair sí ó rinceoir eile sa ghrúpa, agus na hainmneacha Nóra Buckley – Ellen Gaunt scríofa air. Bhí gaol fola ag Ó Drisceoil féin le bean darbh ainm Nóra Buckley a chuaigh, de réir a mhuintire, isteach sna mná rialta.

Tugann an ceithre chaibidil ina dhiaidh sin an léitheoir siar go Corcaigh i mblianta tosaigh an chéid seo caite agus cuirtear Nóra óg Buckley in aithne: cailín aigeanta a bhfuil dúil mhór aici sa rince. Píosa scríbhneoireachta den scoth is ea an cur síos ar shaol na tuaithe ag tús an chogaidh mhóir, ar an ghaol a bhí ag muintir Nóra le Protastúnaigh an Tí Mhóir agus ar an tionchar a bhí ag a seanmháthair, Ellen Gaunt, ar de bhunadh Protastúnach í, orthu.

Dála an chuid eile den chlann fostaíodh Nóra mar chailín aimsire sa Teach Mór. In aois a seacht mbliana déag thug sí aghaidh ar Londain, áit ar éirigh léi freastal ar ranganna rince. Is ann a bhí sí le linn Éirí Amach na Cásca agus baineadh leas aisti chun eolas a thabhairt do na húdaráis faoi dhaoine áirithe in Iarthar Chorcaí. An cogadh thart chuaigh sí go Páras mar a raibh Comhdháil na Síochána ar siúl.

Téama tábhachtach sa scéal is ea an cogadh mór agus an rian a d’fhag sé ar an Eoraip, agus d’éirigh thar cionn le Ó Muirthile atmaisféar Phárais sna blianta iarchogaidh a chruthú. Tá Nóra Buckley nó Ellen Gaunt mar a thugann sí uirthi féin sáite sa saol sin. Tá mionchur síos ar an oiliúint agus an dianchleachtadh arbh éigean di a dhéanamh chun go mbeadh ról aici sa bhuíon rinceoirí les girls anglaises. Tugann an t-údar le fios gurbh í an mianach Protastúnach a fuair sí óna seanmháthair ba chúis le Nóra slí bheatha mar rinceoir a leanúint chomh diongbháilte sin. Braithim áfach, lasmuigh dá dúil sa rince nach gcuireann an léitheoir aithne cheart ar Nóra mar bhean. Cad iad na mothúcháin a bhí aici mar shampla tar éis do mhac an tí mhóir í a éigniú? Níor dearnadh aon iarracht iad a spíonadh.

Mar atá ráite fite fuaite le scéal Nóra tá scéal an údair, William Driscoll, a bhfuil seomra ar cíos aige Rue St Jacques i lár Phárais. Is léir é i ngrá le Páras féin : Páras na ndaoine gorma agus a gcuid ceoil, Páras na n-ealaíontóirí agus na ndaoine corra, Páras na drúise, agus é chomh tógtha sin leis an chathair sin go gceapfadh an léitheoir dearmad a bheith déanta aige de Nóra Buckley agus ar tharla di.

Téama leanúnach san úrscéal is ea an rince, ní hamháin rince Nóra sna Folies Bergère, ach rince mhuintir lár na hAfraice chomh maith agus léiritear go neamhbhalbh an dlúthbhaint idir an rince agus an chollaíocht. Píosa scríbhneoireachta thar a bheith cumasach is ea an cur síos ar rince a rinne an tAfracach mná, Jasmin, a bhí ina cuspa ag an ealaíontóir Duane a bhí ar lóistín sa teach i Rue St Jacques na blianta roimhe sin. Is léir áfach gur i samhlaíocht Uí Dhrisceoil atá an t-ealaíontóir agus an rinceoir agus ní mór fiafraí an i réimse na fantasaíochta freisin an caidreamh collaí a bhí aige le bean ón Cholóim.

Ar deireadh thiar nuair a cheapann an léitheoir nach bhfuilimid chun a thuilleadh eolais a fháil faoi Nóra Buckley faigheann Ó Drisceoil leid i dtaispeántas faoi mhná an Résistance a chuireann ar a chumas an chaibidil deiridh i scéal Nóra a scríobh. Is leor a rá anseo gur moitíf eile tríd an leabhar is ea an colm bán agus go bhfuil baint aige le bean rialta ar tugadh an tSiúr Columbanus uirthi.

Agus sin ráite sílim gur mó a bhaineann an t-úrscéal seo le próiseas na cruthaíochta ná le scéal mná ná le scéal scríbhneora. Bíodh go bhfuil mioneolas againn faoi chúlra Nóra ní thugtar léargas ar a haigne. Is beag atá ar eolas againn ach an oiread faoi William Driscoll, ach go bhfuil sé faoi dhraíocht ag Páras agus go bhfuil ag teip air teacht ar eolas faoi Nóra.

Ach mura mbeadh ann ach an cur síos a dhéanann Ó Muirthile ar Pháras b’fhiú an leabhar a léamh. Éacht ann féin é mar a d’éirigh leis atmaisféar idirnáisiúnta na cathrach sin san am i láthair agus san am atá thart a athchruthú, agus blúirí eolais faoina stair agus a muintir a fhí isteach go healaíonta ann. Agus má fhágtar an léitheoir agus ceisteanna fós aige nó aici faoi bheatha Nóra Buckley is mar sin freisin a fágadh an té a bhí ag iarraidh a scéal a scríobh. Is fada ó léigh mé úrscéal a thug oiread ábhar macnaimh agus sásaimh dom is a thug an ceann seo.

Smacht le Colm Mac Confhaola

‘Scéal corraitheach scanrúil a dhéanann léiriú údarásach ar réimse leathan d’fhadhbanna sóisialta agus síceolaíochta an tsaoil. Sampla cumasach é seo den réadúlachas sóisialta a mhúsclaíonn trua, déistean agus fearg sa léitheoir agus a thugann lón macnaimh dó san am céanna.’ Sliocht é sin as léirmheas a rinne moltóirí an Oireachtais ar an úrscéal seo. Bhí mé ag tnúth go mór len é a léamh mar bhain mé an-sásamh as an gcéad úrscéal leis an údar seo, an t-úrscéal staire, Ceol an Phíobaire. Ní mór dom a rá gur beag a thaitin an leabhar is déanaí uaidh liom agus gurbh éigean dom brú a chur orm chun é a chríochnú.

Is fíor do na moltóirí go bhfuil léiriú údarásach ann ar réimse leathan d’fhadhbanna sóisialta agus síceolaíochta. Suite i bpobalscoil i gContae an Chláir atá sé agus an chuma air gur ag scríobh óna thaithí féin ag múineadh scoile atá an t-údar. Tá na fadhbanna go léir sa scoil seo: bulaíocht, ciapadh gnéasúil, drugaí, foréigean, bagairt ar mhúinteoirí, pleidhcíocht sa rang, caint ghraosta mhaslaitheach. Is é an sagart an t-aon phearsa sa scéal nach dtéann i muinín chaint gháirsiúil an tSacs-Bhéarla nuair a theastaíonn uaidh é féin a chur in iúl.

Fiú má ghlactar leis go bhfuil an t-údar ag iarraidh a thaispeáint a bhoichte agus atá foclóir na ndaltaí, bheifeá ag súil le difríocht idir chaint na múinteoirí agus na bligeairdí is measa sa scoil. Agus ní bligeairdí go dtí iad. Níl tréith ar bith daonna ag baint leo, agus gan ar aigne acu ach callán agus clampar a dhéanamh istigh sa scoil agus loitiméireacht mhailíseach lasmuigh. Is doigh liom áfach go dtéann an t-údar thar fóir sna cuntais ar a gcuid eachtraí. Seachas na maslaí gnéasúla óna mbéal, chuir siad i gcuimhne dom na bulaithe sna greannáin a bhíodh á léamh agam agus mé ar an bhunscoil.

B’fhíor don mholtóir a dúirt go músclaíonn an scéal trua, déistean agus fearg sa léitheoir. Trua ach go háirithe do na múinteoirí a bhí ag iarraidh smacht a chur ar na bithiúnaigh seo, agus ceangal na gcúig chaol orthu de thairbhe bagairtí dlí ó thuismitheoirí, ach theip ar an údar comhbhá a mhúscailt sa léitheoir seo le haonduine de na múinteoirí. Ba dheacair gan bá a bheith agat le Rós, an cailín óg a bhí ag iarraidh saol normálta a chaitheamh tar éis di beirt dheirfiúracha a chailliúint i ndóiteán tí agus athair alcólach agus máthair sraoilleach aici, ach de réir mar a chuaigh an scéal ar aghaidh ba dheacair creidiúint inti. Bhí sí ró-mhaith. Bhí Cormac, an buachaill a bhfuil sí ceanúil air, ach a fhios ag an saol go bhfuil claonta homaighnéasacha aige, níos inchreidthe, ach tá an cur síos ar an chumann idir é féin agus Rós ró-shaothraithe dar liom. Stoc-charachtar eile is ea an sagart, atá ag troid in aghaidh alcólachais, dúil aige i bpictiúir phornagrafaíochta ar an idirlíon, daltaí scoile ag cur péidifilia ina leith agus a chreideamh á chailliúint aige.

Tá dua caite ag an údar chun na carachtair seo agus a gcuid fadhbanna a chur in ár láthair, agus pictiúr scanrúil a thabhairt de phobalscoileanna na linne seo, ach chun suim an léitheora a choinneáil ní mór comhbhá a chothú leis na carachtair, agus theip air sin a dhéanamh dar liom. Cuirtear caint chliste ó am go ham i mbéal chuid de na carachtair, ach ar an iomlán is deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Tá dua caite ag Mac Confhaola freisin le fadhbanna na gcarachtar a réiteach. Rug na gardaí ar na bithiúnaigh in flagrante delicto. Bhí na múinteoirí sásta iad a bheith díbeartha as an scoil. Chuir dochtúir comhairle a leasa ar an sagart agus é ar tí é féin a bhá sa tSionainn, agus gheall Rós agus Cormac dá chéile go mbeadh siad ina gcairde go deo. Ach an mar sin a bhíonn an saol réadúil? An mbíonn réiteach i gcónaí ar fhadhbanna?

Léiriú suimiúil an t-úrscéal seo ar aos óg na linne seo, agus ar an dúshlán atá roimh na múinteoirí a mbíonn de dhualgas orthu smacht a chur orthu. Agus cé go bhfuair mé lochtanna ar an insint, ar deireadh thiar is é an fáth gur bheag sásamh a thug sé dom nár thaitin liom an pictiúr dubh dorcha atá tugtha ag an údar díobh mar dhaoine.



Feasta, Bealtaine 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais