Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
An Chuallacht Léannta,
Ceiliúradh ar Íosánaigh agus Léann na Gaeilge le Alan Titley, Michelle O’Riordan, Diarmuid Breathnach
& Máire Ní Mhurchú.
Eag: F Mac Brádaigh sj;
Foilseacháin Ábhair Spioradálta; ISBN: 978-1-906982-38-6
á mheas ag Art Ó Maolfabhail
Leabhar luachmhar é seo ar chúiseanna éagsúla. As ceiliúradh céad bliain Timire an Chroí Ró-naofa, a bhunaígh baill de Chumann Íosa sa bhliain 1911, a tháinig sé agus tá eagarthóir an Timire, Frainc Mac Brádaigh SJ, le moladh as é a chur le chéile. Dhá phríomhúdar, Alan Titley agus Michelle O’Riordan, a ínsíonn scéal an triúir léannta, Pádraig Ó Duinnín, Lámhbheartach Mac Cionnaith agus Eoin Mac Fhir Léinn. Is maith mar a chomhlánaíonn an dá aiste sin a chéile agus tá ‘bonus’ breise sa chuntas a thugann Michelle ar stair Chumann Íosa in Éirinn.
Ansin mar iomlánú ar an leabhar tá beathaisnéisí ceathrar déag eile Íosánach, iad sin bainte as sraith Beathaisnéis Dhiarmuid Bhreatnach agus Mháire Ní Mhurchú, le cead na n-údar. Freisin uile tá aiste bheathaisnéise sa leabhar (lgh 91-97) ar Dhonncha Ó Murchú SJ (1833-1896), an té a thug an Duinníneach isteach san ord. Sliocht é seo as leabhrán nach n-ainmnítear a scríobh Proinsias Ó Fionnagáin SJ. Deir an t-eagarthóir gur ‘fágadh Gaeilge an Athair Ó Fionnagáin mar a bhí aige in ómós don bhfear féin.’ Feictear domsa nach comhartha ómóis é sin i leabhar den tsaghas seo.
Tá Cumann Íosa in Éirinn go leanúnach ón 16ú haois, agus is in Éirinn a rinneadh an chéad mhairtíreach Íosánach san Eoraip nuair a chroch na Sasanaigh Edmund Daniel i gCorcaigh sa bhliain 1572. Ní hiad na hÍosánaigh, ar ndóigh, an t-aon ord eaglasta a shaothraigh an Ghaeilge. Féach mar shampla, na Proinsiasaigh a Gaelaíodh sa 13ú haois. Is laistigh den saol beo lánGhaeilge go príomha a shaothraigh na Proinsiasaigh Éireannacha as sin go dtí an 17ú haois.
As bheith lonnaithe os íseal sna cathracha agus sna bailte móra ón tús is i saol an Bhéarla is mó a shaothraigh Cumann Íosa in Éirinn. Mar sin, ní le teanga iomlán fheidhmeach Ghaeilge a bhíodh na hÍosánaigh ag plé. Ach más mar fhoghlaimeoirí a tháinig an chuid is mó de na hÍosánaigh atá luaite sa leabhar seo chun na Gaeilge, féach gurbh fhiú le cuid acu mar aon le baill eile den ord a n-iris Ghaeilge féin a bhunú, an Timire, a bhfuil breis agus céad bliain slánaithe aige. Is trua nach bhfuil liosta na mbunaitheoirí tugtha.
An Triúr
Ba gheall le cainteoir dúchais Gaeilge an tAthair Pádraig Ó Duinnín (1860-1934), an Ciarraíoch a thug dúinn an foclóir mór Gaeilge-Béarla. Ba shine de dheich mbliain é ná Mac Cionnaith (1870-1956) agus Mac Fhir Léinn (1870-1950). Cuireadh oiliúint acadúil mheánscoile ar an mbeirt sin, teanga le foghlaim ab ea an Ghaeilge acu, agus mar scoláirí fásta is leis an chuid ba shine den NuaGhaeilge a phléigh siad, beagnach mar a bheadh teanga mharbh ann. Ní raibh an oiliúint mheánscoile sin ar an Duinníneach. Luann Alan Titley (lch 17) go raibh an Duinníneach go hiomlán in aghaidh na Gaeilge nuair ba mhúinteoir meánscoile é i gColáiste na nÍosánach sa Tulaigh Bheag i gContae Uíbh Fhailí. Ar deireadh, nuair a chuir sé suim sa teanga is leis an chuid den Ghaeilge ba chóngaraí dó féin san am, agus sa traidisiún, a chloígh sé. Bhí an cinneadh sin áisiúil dó ó thaobh ama agus staidéir de, agus chuir ar a chumas a lán lán oibre a bhí chun leas phobail na Gaeilge a dhéanamh laistigh de thréimhse ghearr.
Sa bhliain 1898 bhí an Duinníneach agus Mac Fhir Léinn ar fhoireann teagaisc Choláiste Choill Chluana Gabhann, meánscoil chónaithe Íosánach i gContae Chill Dara. Fuair an Duinníneach amach go raibh Mac Fhir Léinn, a rugadh agus a tógadh i mBéal Feirste, ag réiteach fhilíocht Sheathrúin Chéitinn (c.1569-1644) le foilsiú. Measann Alan Titley (lch 31) gur ‘phrioc seo intinn an Duinnínigh.’ Más fíor sin is dócha gurb é an cúigeachas atá i gceist ag Alan – Muimhneach prioctha toisc Ultach bheith ag cur eagair ar fhilíocht Mhuimhnigh.
‘Go dtí 1900’ dar le Michelle O’Riordan (lch 49) ‘ní léir gur chuir an tAth. Ó Duinnín suim ar bith sna himeachtaí éagsúla, idir léachtaí, imeachtaí an Chonartha, foilsiú ná ní ar bith eile a bhain le gluaiseacht na teangan ná le léann na Gaeilge mar a bhí ag an am.’ Is ar éigean atá sin fíor ar fad nuair a chuirtear san áireamh gur fhoilsigh sé i Mí Eanáir 1899 dán Gaeilge i dtaobh an eachtra staire ar a dtugtar Cúlú Uí Shúileabháin Bhéarra (rud a luann Michelle), is é sin, imeacht Dhónaill Chaim Uí Shúileabháin agus a mhuintir ó dheisceart Chontae Chorcaí go dtí Contae Liatroma i Mí Eanáir 1603. I Mí Aibreáin 1899 thairg an Duinníneach A collection of hitherto unpublished Munster poetry do Chumann na Scríbheann nGaedhilge le foilsiú.
I mí Lúnasa 1900 d’fhág an Duinníneach Cumann Íosa agus chuaigh le flosc ag saothrú i ngort na Gaeilge. I Mí Dheireadh Fómhair 1900 foilsíodh Dánta, amhráin is caointe Shéathrúin Céitinn le Mac Fhir Léinn. Faoi dheireadh na bliana sin bhí Dánta Aodhagáin Uí Rathaille curtha ar fáil ag an Duinníneach. Faoi cheann trí bliana eile, de réir Alan Titley (lch 19), bhí ‘cúig leabhar déag de shaghasanna éagsúla curtha ar phár aige (.i. ag an Duinníneach)’, ina measc scothfhilíocht na Mumhan, tráth nuair nach raibh ach fíorbheagán d’fhilíocht na Gaeilge i gcló. Agus lean sé air ag saothrú as sin amach. Is dócha nach raibh de theacht isteach airgid aige ach an méid a thuill sé lena pheann.
Sa bhliain 1900 ba é Mac Fhir Léinn Cathaoirleach Choiste Fhoilseachán Chonradh na Gaeilge. Lean seisean leis i gCumann Íosa agus oirníodh ina shagart in 1904 é. Freisin lean sé dá staidéir ar an nGaeilge agus is é an t-eagrán saibhir trí imleabhar de dhánta Dháibhí Uí Bhruadair (1625-98) a foilsíodh sna blianta 1910, 1913, agus 1917 an chomaoin is mó a chuir sé ar an nGaeilge. Le stair go príomha a chaith sé a shaol scolártha agus go háirithe le stair Chumann Íosa.
I mBaile Átha Cliath a rugadh agus a tógadh Lámhbheartach Mac Cionnaith. D’fhreastail sé ar mheánscoil Íosánach Belvedere sa chathair agus chuaigh leis an ord in aois a sé déag dó. Bhí suim i bhfoclóireacht aige agus thosaigh sé a chruinniú leaganacha cainte Gaeilge, go háirithe ó Chúige Mumhan. Mar a deir Michelle O’Riordan (lch 59) ‘Dhírigh an tAthair Mac Cionnaith aird scoláiriúil go háirithe ar an teanga chlasaiceach, agus d’fhoilsigh sé eagráin d’fhilíocht na scol, nó filíocht na mbard ar feadh a shaoil.’ Is iad sin an chomaoin a chuir sé ar phobal na Gaeilge agus tá an liosta (1911-1951) tugtha ag Michelle (lch 59). Foilsíodh a Fhoclóir Béarla-Gaeilge sa bhliain 1935. Rinne sé eagarthóireacht ar irisí éagsúla, an Timire ina measc. Bhí spéis aige i gcúrsaí sóisialta agus scríobh sé cuid mhaith paimfléidí i mBéarla ar an ábhar, mar shampla The Social Teachings of James Connolly (Conghaileach 1916 atá i gceist) sa bhliain 1920 tráth ba é príomhoide Choláiste Belvedere é.
Ó Duinnín agus Cumann Íosa
Tá ceist ag Alan Titley (lch 18) faoin Duinníneach. ‘Cad ina thaobh gur fhág sé na hÍosánaigh? Chuaigh sé isteach san ord sa bhliain 1880, ghlac sé a chuid móideanna deiridh in 1894, agus d’fhág sé sa bhliain 1900.’ Tá freagra tugtha ag Alan: ‘Mo thuairim féin, go raibh sé slogtha ag an nGaeilge, agus ag scoláireacht na Gaeilge, agus gur theastaigh uaidh a shaol ar fad a thiomaint di as sin suas. Rud a dhein.’ Tá dealramh leis an tuairim sin. Freisin is cóir a chur san áireamh gur sagart a bhí ann ó 1894 agus mar sin go raibh neamhspleáchas áirithe bainte amach aige. Is é mo thuairimse, ámh, go raibh cúis eile leis chomh maith.
I mí Aibreáin 1900 thug an Bhanríon Victoria cuairt oifigiúil ar Éirinn. Bhí an pobal deighilte ina taobh: cuid ar son fáilte a chur roimpi, cuid ar son an doichill, agus is dócha go raibh cuid ar luascadh idir an dá mheon. Bhailigh baill áirithe den chléir Chaitliceach isteach chun bualadh leis an mBanríon ag na hócáidí oifigiúla. De réir na dtuairiscí nuachtán ba shuntasach a mhéid de Chumann Íosa a thagadh á feiscint. B’fhéidir go bhfacthas don Duinníneach go raibh Cumann Íosa in Éirinn ró-thugtha d’Impireacht na Breataine. Tá tugtha agam faoin teoiric sin a áiteamh (‘Pádraig Ó Duinnín agus Cumann Íosa’, Feasta, Bealtaine 2010, lgh 35-39).
‘Bonus’
Luaigh mé thuas gur ‘bonus’ breise sa leabhar seo an chaibidil ghearr le Michelle O’Riordan (lgh 39-45) ar chúlra Chumann Íosa in Éirinn. Lóchrann solais is ea an chaibidil seo agus ba chóir tuilleadh ábhar a chur leis chun go mbeadh pictiúr níos cuimsithí staire ag an léitheoir.
In Earrach na bliana 1542, agus Cumann Íosa go díreach ceadaithe ag an bPápa, tháinig an tAthair Broët agus an tAthair Salmerón chun bualadh os íseal le taoisigh Ghaelacha Chúige Uladh a raibh Anraí VIII Shasana ag iarraidh a ndílseacht don eaglais Chaitliceach a bhriseadh. Mí amháin a d’fhan siad in Éirinn agus thug tuarascáil nach raibh moltach. Níos déanaí sa 16ú haois rinneadh iarracht misean Íosánach a bhunú in Éirinn agus chuir an tAthair David Wolfe, Luimníoch, (1528-1578) bonn éifeachtach faoi obair an chumainn sa tír.
Is i mbailte i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan is mó a shaothraigh Cumann Íosa agus is ansin a earcaíodh an chuid ba mhó dá ábhar sagart. Ar ball nuair a cuireadh Coláiste na nGael ar bun i Salamanca sa Spáinn agus é faoi údarás na nÍosánach, dúradh nár léiríodh aon chomhbhá ann le Gaeilgeoirí Chúige Uladh agus bhí sin ina ábhar mór aighnis. Bhí sé cinn de choláistí sa Spáinn agus sa Phortaingéil le haghaidh mac léinn as Éirinn agus iad faoi údarás Íosánach.
Cé gur fógraíodh baill Chumann Íosa amach as Éirinn faoi phionós an bháis sa bhliain 1623 is cosúil gur lean siad leo ag obair sa tír. Tá trácht suimiúil ag Michelle O’Riordan ar roinnt d’Íosánaigh an 17ú haois, mar shampla, Aindrias Mac Sheáin Sall (1624-1682) a d’iompaigh ina Phrotastúnach. Deir Michelle (lch 43) gur ‘Duine ab ea é a dhein iarracht ábhar spioradálta ar ard-chaighdeán a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí lena linn.’ Maidir le Gaeilgeoirí de tá gnéithe den scéal ann nach bhfuil luaite ag Michelle agus ar fiú go mór iad a lua, go háirithe i gcomhthéacs an t-imeallú atá á dhéanamh ar an nGaeilge sa lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1728 scríobh Tadhg Ó Neachtain i mBaile Átha Cliath dán doilíosach faoi imeacht a mhic Peadar in aois naoi mbliana déag le sagartóireacht i gCumann Íosa go dtí Salamanca sa Spáinn. Sa dán deir Tadhg i dtaobh Pheadair:
Daonnacht d’fhoghlaim is filíocht fós
ó dhalta Dé d’Ord Íosa;
Maolra Ó Broin (Milo Byrne SJ) a theagaisc a mhac sna healaíona daonna agus san fhilíocht. Is ionann ‘filíocht’ anseo agus na clasaicí. N’fheadar cén teanga, Gaeilge nó Béarla nó Laidin, inar múineadh Peadar. Ní miste a lua go bhfuil ‘mo Phítear beag’ tugtha ar Pheadar i líne amháin sa dán. Is léir nach raibh Peadar gan Béarla. (Tá an dán, ‘A Student’s Voyage’, curtha in eagar ag Tomás Ó Cléirigh san iris Éigse, imleabhar I, 1939, lgh 103-115.)
I gContae Ros Comáin a rugadh Seán Ó Neachtain (c.1640-1729), athair Thaidhg. I lár chathair Bhaile Átha Cliath a rugadh Tadhg Ó Neachtain (c.1671-c.1749) agus Peadar mac Thaidhg. Cailleadh Seán Ó Neachtain an bhliain tar éis dá gharmhac imeacht chun na Spáinne. Is féidir mórán a léamh as an rann seo leanas a chum Seán Ó Neachtain ar leaba a bháis i mBaile Átha Cliath:
Do ghuígh mé Muire Mháthair
go ró-chráifeach mar gach nduine;
de cionn nár labhair mé Béarla
níor chuir spéis i mo ghuibhe (‘mo ghuí’).
Díscaoileadh
Sa bhliain 1773 dhíscaoil an Pápa Clement XIV Cumann Íosa go hiomlán agus scaipeadh maoin shaolta an chumainn. Cuireadh sagairt an chumainn faoi údarás easpaig an cheantair. Is trua nach dtugtar eolas dá laghad anseo faoin gcúis a bhí ag an bPápa le sin a dhéanamh. De bhreis ar sin bhí an t-ord curtha faoi chois cheana féin ina lán de stáit Chaitliceacha na Mór-roinne agus ina gcoilíneachtaí thar lear.
Luann Michelle an tAthair Thomas Betagh (1737-1811) a chaith ‘dua agus dúthracht le múineadh agus le fóirthint na mbocht i lár chathrach Átha Cliath idir 1773 agus 1811.’ Dá bhrí sin, dála go leor eile, chaith sé a shaol mar shagart ina bhall d’ord a bhféadfaí a rá ina thaobh narbh ann dó. Ba dhíol suime tuilleadh eolais faoi bhaill an chumainn in Éirinn sa tréimhse seo.
Le linn tréimhse an toirmisc fuair Íosánaigh ón Mhór-roinn dídean i Sasana faoi réimeas rí phrotastúnaigh. Mhair an toirmeasc ar feadh daichead bliain go dtí gur cheadaigh an Pápa Pius VII an Cumann ar ais arís sa bhliain 1814. Faoin am sin bhí Cumann Íosa in ann feidhmiú go hoscailte sa Ríocht Aontaithe. Is mar sin a tharla eite Bhéarla i gCumann Íosa a bheith lánpháirteach i bhforbairt Impireacht na Breataine.
In Éirinn sa bhliain 1814 cheannaigh Cumann Íosa teach mór agus tailte chun scoil Choill Chluana Gabhann a bhunú. Mar a deir Michelle (lch 44): ‘Díríodh sa chéad áit ar oideachas a shóláthar do lucht an rachmais i measc Caitliceach na hÉireann.’ Aithris a bhí i scoil Choill Chluana Gabhann ar Scoil Stonyhurst a d’oscail Íosánaigh i Sasana sa bhliain 1794 le linn don ord a bheith díscaoilte.
Lochtú
De bhrí go bhfuil an focal ‘léannta’ luaite sa teideal is oth liom a rá go bhfuil go leor botún cló agus mírialtachtaí teanga sa leabhar. Ní bhaineann an ráiteas sin leis an ábhar a tógadh as Beathaisnéis (Breathnach agus Ní Mhurchú) ar cosúil gur cóipeáladh go cruinn é. Sa dá mhóraiste ámh, atá fíor-spéisiúil iontu féin, tá lorg an deabhaidh agus / nó an neamhdhúil sa chruinneas – leithéidí ‘arbh é is túisce a rinne an chéad léirmheas léannta air’ (lch 35) agus ‘agus é in aois a 34 bliana dó’ (lgh 48-49). Is tuathalach mar a litrítear logainmneacha áirithe – uaireanta leaganacha éagsúla ar leathanaigh éagsúla ag an aonúdar. Mar shampla is é ‘Mungairit’ an litriú ceart ar an áit i gContae Luimnigh mar a mbíodh coláiste ag na hÍosánaigh, agus ní théann athrú air seachas séimhiú ar an gconsan tosaigh. Aisteach go deo é Achadh an Rí (lch 40) a thabhairt ar dheoise Achadh Conaire, agus Ráth Bhó a thabhairt ar dheoise Ráth Bhoth (ibid.). Tríd an leabhar tá mírialtacht ann in úsáid an fhleiscín agus na daise. Is dócha go dtarlaíonn míshlacht den tsórt seo toisc éascaíocht na cumarsáide leictreonaí agus an cathú a bheith ar eagarthóir gnóthach an iomarca iontaoibhe a chur i gcáiréis a chuid scríbhneoirí.
Maisiú mór ar an leabhar iad na grianghrafanna go léir agus pictiúir na bhfoilseachán le céad bliain anuas. Tá an leabhar luachmhar seo i dteideal atheagrán forbartha agus na máchailí glanta as.
Feasta, Bealtaine 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|