Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Ghaeltacht – an Dlí agus an Ghaeilge


le Leachlain Ó Catháin

Tá a fhios againn gan amhras go bhfuil sé ag tarlú in áiteanna éagsúla ar fud an domhain go bhfuil a leithéid de rud agus ‘teanga-ghlanadh’ ann, comh maith le ‘cine-ghlanadh.’ Go minic is comhfhiontar an dá rud. I dtéarmaí daonnachta, ba chóir go mbeadh comh-mheas don duine agus don teanga dhúchasach a bhíonn á labhairt ag an duine sin.

De ghnáth, nuair a luaitear an dlí agus an Ghaeltacht, nó an dlí agus an Ghaeilge, in aon abairt amháin, is easpa seirbhísí sa chéad teanga oifigiúil a bhíonn faoi chaibidil. Ní gan chúis, dar ndóigh, an gearán nó na gearáin seo. Ag breathnú siar ar na ráitis pholasaí éagsúla thar na blianta, agus ar na geallúintí sollúnta a tugadh do mhuintir na tíre seo faoin nGaeilge, níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil briseadh muiníne nó sárú iontaobhais déanta go rialta agus go minic ar chainteoirí ó dhúchas na tíre seo, ach go háirithe, agus ar na saoránaigh eile sa tír a roghnaigh an Ghaeilge mar is ceadmhach dóibh faoin dlí.

Tá sé lán intuighthe, agus táimid iomlán i dteideal, an dearcadh sin agus an fuireachas réasúnta sin a bheith againn ón Stát inar rugadh sinn, inar tógadh sinn agus inar cuireadh oideachas orainn chun ár ‘saol polaitíochta is geilleagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás’ ár sinsear mar a deireann Airteagal a hAon den Bhunreacht 1937 atá againn.

Léirítear é seo in Airteagal a hAon de Bhunreacht 1937 mar seo a leanas:

Deimhníonn náisiún na hÉireann leis seo a gceart doshannta, dochloíte, ceannasach chun cibé cineál rialtais is rogha leo féin a bhunú, chun a gcaidreamh le náisiúin eile a chinneadh agus chun a saol polaitíochta is geilleagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear.

Cad go díreach is brí le ceart doshannta, dochloíte, ceannasach muna bhfuil cearta daonna nádúrtha aiceannta i gceist? Conas is féidir le cearta a bheith doshannta, dochloíte agus ceannasach gan a bheith ina gcearta daonna ag an duine?

Gan labhairt faoin mBunreacht in aon chor, nach ceart doshannta, dochloíte, ceannasach é ceart an duine a theanga nó a teanga féin a labhairt de réir dhúchais is gnás a sinsear. Gan amhras tá an ceart daonna doshannta, dochloíte, ceannasach ag gach dúchasach tíre a t(h)eanga dhúchasach a úsáid. Cé nár shínigh an tír an dearbhú uilíoch um chearta daonna, nó an dearbhú uilíoch um chearta daonna teanga 1996, ní bhaineann sé seo den bhunphrionsabal agus den cheart atá i gceist. Is dóigh liom gur chuir Rialtas na hÉireann in iúl ag an am go raibh an Ghaeilge ina príomhtheanga náisiúnta sa tír seo agus, dá bhrí sin, nach raibh aon ghá le haon dearbhú den saghas sin a shíniú. Tá sé fíor-dheacair a aimsiú sa tír seo, díreach cá bhfuil na cearta teanga atá leagtha amach ins an dá dhearbhú sin á gcur i bhfeidhm againne ó thaobh na Gaeilge de, go mór mhór sa Ghaeltacht. Is gann iad go deimhin.

Tá a fhios againn gan amhras go bhfuil sé ag tarlú in áiteanna éagsúla ar fud an domhain go bhfuil a leithéid de rud agus ‘teanga-ghlanadh’ ar siúl, comh maith le ‘cine-ghlanadh.’ Go minic is comhfhiontar an dá rud. I dtéarmaí daonnachta, ba chóir go mbeadh comh-mheas don duine agus don teanga dúchasach a bhíonn á labhairt ag an duine sin. Tá saoirse labhartha teanga gach aon phioc comh tábhachtach agus comh bunúsach i nádúr an duine dhaonna agus atá saoirse cleachtas creidimh nó reiligiúin, saoirse an mhionlaigh, saoirse an chomhionannais agus mar sin de. Ní cóir go mbeadh aon cheann de na cearta daonna seo ag brath ar éileamh mar a tharlaíonn ró-minic, is baolach?

Tá an bun-phrionsabal soiléir agus aitheanta comh fada siar le 1934 i mbreithiúnas a bhí bunaithe ar Airteagal 4 den chéad bhunreacht a bhí againn i 1922:

None of the organs of state legislative executive or judicial may derogate from the preeminent status of the Irish language as the national language of the state without offending against the constitution by reason of Article 4. (Príomh-Bhreitheamh Ó Cinnéide)

Ní bhíonn aon aighneas ann go dtí go mbíonn cumarsáid teanga agus riaradh nó riar saoil an duine daonna i gceist, agus arís, mar a deireann ár mBunreacht féin, polaitíocht, geilleagar agus saíocht á chur san áireamh. Aitheantas cóir do agus meas cuí ar na cearta daonna a eascraíonn as an bprionsabal seo, is bunús leis an bhfuireachas ceartais ag an Dúchasach Gaeltachta i leith freastail agus seirbhísí ina theanga nó ina teanga féin a bheith ar fáil.

Níl aon cheist, áfach, ach gur treise stádas an Dúchasaigh Ghaeltachta i ndeireadh an lae, mar go bhfuil bunús sa daonnacht féin ina chás nó ina cás siúd.

Tá a fhios againn go léir gur thuig bunaitheoirí an Stáit seo tábhacht na Gaeilge. Tá sé le feiscint go soiléir ins na scríbhinní ar fad atá fágtha le hoidhreacht acu, agus fiú amháin ins na ráitisí atá ar thaifead na Dála thar na blianta. Tá stádas gradamach sa Bhunreacht ag an nGaeilge agus bhí chomh maith sa chéad Bhunreacht. Tá an Ghaeilge luaite go sonrach sa Bhunreacht. Tá sí ainmnithe ina príomhtheanga oifigiúil in Airteagal a hOcht, mar is eol dúinn go léi,r agus roimhe sin in Airteagal a Ceathair de Bhunreacht 1922, a deireann,

Sí an Ghaedhilg teanga Náisiúnta Shaorstáit Éireann, ach có-aithneofar an Béarla mar theanga oifigiúil. Ní choiscfidh éinní san Airtiogal so ar an Oireachtas forálacha speisialta do dhéanamh do cheanntair no do líomatáistí ná fuil ach teanga amháin i ngnáth-úsáid ionta.

Tá ceart daonna don Ghaeilge sa tír seo intuigthe san Airteagal sin ó thús an Stáit mar sin: níl ann ach aitheantas don gceart daonna.

Chun an ceart sin ag an Dúchasach Gaeltachta a bheith infheidhmithe, ní foláir go bhfuil dualgas ar aon Rialtas láithreach nó áitiúil freastal agus seirbhís a dhéanamh ar an teanga sin atá ar chomh-chéim leis an bhfreastal agus an tseirbhís atá ar fáil sa teanga eile. Tá sé soiléir faoi seo i saol an Stáit seo nach bhfuil seo amhlaidh. Cinnte deineadh iarrachtaí sna blianta tosaigh, ach le roinnt mhaith blianta anuas, go háirithe ó na seachtódaí ar aghaidh, tá sé soiléir sa Stát seo go bhfuil an freastal agus na seirbhísí ar fáil sa chéad teanga oifigiúil, go háirithe don saoránach Gaeltachta, ag laghdú agus ag isliú — leis na torthaí tubaisteacha atá soiléir le feiscint.

Cé gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla amach in 2003, ní fhéadfá a rá gur acht comhionannais teanga a bhí ann, agus ní hamháin san, ach mar is léir ó na cúrsaí a thit amach le déanaí, ní raibh forálacha an achta sin á gcur i bhfeidhm fiú. Más fíor na líomhaintí atá ag imeacht timpeall i láthair na huaire, tá sé i gceist fiú amháin na buntáistí a bronnadh san acht teanga sin a laghdú níos mó fós. Ní fheicim gur leor go mbeadh ar a gcumas ag 6% de na státseirbhísigh sa tír seo gnó a dhéanamh trí Ghaeilge chun riachtanaisí na nDúchasach Gaeltachta a shásamh, gan trácht ar an gcuid eile den tír.

Tá idirdhealú le déanamh anseo ag an saoránach, maidir le déileáil leis an earnáil phoiblí agus déileáil leis an ngnáthshaol sóisialta agus gnó. Caithfear idirdhealú a dhéanamh freisin idir an rogha atá ag saoránach an Ghaeilge a úsáid, agus an rogha chomhchéimeach atá ag an saoránach eile gan an Ghaeilge a úsáid, sa tír seo. Tá cúrsaí dlí in ainm agus a bheith bunaithe ar an bprionsabal ‘Cothrom na Féinne.’ Ní hionann é sin agus a rá gurb ionann dlí agus ceartas. Ag trácht ar chearta pearsanta, ní bheadh ‘cothrom na féinne’ i gceist dá bhféadfadh saoránach amháin ceangal teanga a chur ar shaoránach eile. Is fúthu féin ansan pé conradh nó comhaontú sóisialta is féidir leo a dhéanamh ar mhaithe le teacht ar réiteach le haghaidh gnóthaí nó cumarsáid a chur i gcrích.

Ag trácht ar an gcóras riaracháin, nó ar an earnáil phoiblí, is malairt scéil atá ann. Tagraím ag an bpointe seo d’Airteagail 40 – 44 ina bhfuil cearta pearsanta luaite agus intuigthe.

Airteagal 40.1

Áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí. Ach ní intuigthe as sin nach bhféachfaidh an Stát go cuí, ina chuid achtachán, don difríocht atá idir daoine ina mbuanna corpartha agus ina mbuanna morálta agus ina bhfeidhm chomhdhaonnach.

Airteagal 40.3.1

Ráthaíonn an Stát gan cur isteach lena dhlithe ar chearta pearsanta aon saoránaigh, agus ráthaíonn fós na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlithe sa mhéid gur féidir é.

Airteagal 40.3.2

Déanfaidh an Stát, go sonrach, lena dhlithe, beatha agus pearsa agus dea-chlú agus maoin-chearta an uile shaoránaigh a chosaint ar ionsaí éagórach comh fada lena chumas, agus iad a shuíomh i gcás éagóra.

Tá cuid mhaith de na cearta intuigthe seo soiléirithe ag na cúirteanna i gcásanna éagsúla thar na blianta. Má tá ceart pearsanta ar uisce glan, ar aer glan agus mar sin de, ní féidir ceart pearsanta ar theanga a labhairt a dhiúltú, go háirithe don Dúchasach Gaeltachta. Ag tosnú i 1965, agus ó shin i leith, tá dosaen nó níos mó de na cearta intuigthe seo aitheanta ag na cúirteanna. Is ábhair iad seo do lá eile.


Feasta, Bealtaine 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais