Dánta
le Biddy Jenkinson
Cook-in
‘Seo dhuit,’ arsa an stiúrthóir cócaireachta
agus scian fhada ghéar á chur im lámh aige.
‘Sin agat na sicíní.
Mar seo a dhéantar féileacáin díobh:
Beir ar shicín, cuir ucht in airde é,
a thóin id leith.
Sáigh an scian trín bpoll thíos go luífidh an faobhar
ar clé an chnámhdroma, lena fhaid.
Ansin, brúigh ar an scian mar seo.’
Lig an corpán osna.
‘Ar an tslí chéanna déan an cnámh a dhícheangal, ar clé,
agus caith isteach i bpota an anraith é.
Ansin leath amach d’fhéileacán. ‘
Thug sé boiseog, mar mholadh, don tsicín leacaithe.
‘Tabhair cupla slais dos na lorgáin.
Craith salann, piobar is íle orthu
agus caith do shicín faoin ngrioll.
Sin é é!
Réitigh tusa an dá shicín déag atá fágtha
is fillfead ort ar ball.’
Tyburn, Túr Londan,
Caisleán Átha Cliath,
mé feasta riamh
im chéasaire im intinn...
Mise a chuireann sicín san oighean
ón bpaicéad amach, de ghnáth, is mo shúile dúnta!
D’obas.
Chonaiceas mé féin
i haingear mór is míle cearc le ceangal is le criogadh
sula bhfaighinn arán an lae;
sceimhle fliuch na n-éan dom bhá
a nglórtha im chluasa,
clúmha is cleití ag slócadh mo phíobáin,
a mboladh buanaithe im ghruaig, im chraiceann.
‘Nach tú tá éisealach,’ a bhagraíos orm féin,
bheith ag obadh roimh chorpáin,
roimh phróitéin na beatha.’
Rugas ar an scian.
Níor scaoileas leis go raibh trí shicín déag
faoin ngrioll.
Thosaíos mo mholadh féin as bheith
rannpháirteach go toildeonach,
go searmanasúil,
i bpeaca mór na beatha.
Cé shiúlann ar dhromcla an domhain seo
gan é a bhascadh?
Cé ólann tae gan na baictéir ina bhéal a scóladh?
Cé nach gcuireann deireadh le domhan frídíní ar a bhás?
Mún dreoilíní a dhéanann crú fuail den bhfarraige.
Bíodh an fhuil ar mo lámha anocht,
áit gur féidir liom í fheiscint.
Sléibhte
Nuair a bhogas
ón ngleann
go Mágh Muirtheimhne
bhraitheas ábhairín leacaithe
de cheal
cuirasse aesthetique
na gcnoc.
Úll an Fheasa
Go dtí inniu b’é an t-ábhar romham
a shealbhaigh m’anam agus mé ag péinteáil,
solas na mara, corrán géill cuspa,
stiogmata na beatha sa bhláth.
M’intinn i gceangal,
Mo mhéara i mbun aistriúcháin
de réir a gcumais.
Ach inniu,
ba leamh liom, tar éis tamaill,
an t-úll ar bhos
Éabha.
Bhí úll éigin ar leith
ag iarraidh teacht i gclí.
Agus ba chuma
Éabha a thuilleadh,
ná a lámh ná an caca-ghé d’úll a bhí ann.
Ba chuma rud ar bith ach úll a chruthú
as an nua.
Peacú i bpéint,
mar is nós liom
peacú le focail.
Uabhar
Caithim mo shaol ag umhlú dá bhfuil ann.
Nó sin is filíocht ann, dar liom.
Agus shíleas nach raibh aon ní beo
nó neamhbheo
nach n-umhlóinn dó
le hómós dá bheith.
Ach, ag tionól idirnáisiúnta filíochta,
nuair a tugadh cuireadh dos na filí
ag deireadh an tseisiúin
umhlú don lucht éisteachta
go bhfaighidís bualadh bos,
foilsíodh dom nár chóir
d’ionadaí na Bé sléachtadh.
Lá sneachta
D’éirigh na ba
agus d’fhág tréad glas
ar an mbán.
Ó Dhialann Amhlaoibh Uí Shúilleabháin
‘Tá trí ghné teasa ann
a deirid na gaibhne : mar atá,
teas dubh,
teas dearg,
agus teas bán.
Is é is teas dubh ann teas gan solas,
mar a bhíonn i n-iarann tamall ag fuaradh,’
Is n’fheadar an raibh sé
ag tagairt faoi rún
dó féin
agus dá leannán?
(Iml. 2, lch 110)
Feasta, Bealtaine 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo