Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Díothú na nIrisí - -

Drochamhras maidir le hintinn an rialtais i leith na Gaeilge is téama dúinn anseo leis na míonna anois. Bhí sé d’ádh linn go dtí seo go rabhamar ag plé na ceiste go hoibiachtúil nó ar bhonn teoiriciúil fiú, sa mhéid nár bhain an t-ábhar go dlúth linn féin. Anois ní hamhlaidh atá níos mó. Tá curtha in iúl dúinn ag Foras na Gaeilge nach mbeidh aon mhaoiniú ar fáil uathu i gcás Feasta ó dheireadh mhí an Mheithimh ar aghaidh.

Mar a luadh i nóta an eagarthóra in eagrán na míosa seo caite, díreach tar éis an t-eolas a theacht ón bhForas, níl sé indéanta iris mar Feasta a reachtáil ar bhonn gnó i nGaeilge nó i mBéarla. Ní i gcás Feasta amháin atá críoch le cur le maoiniú: tá a leithéid chéanna i gceist i gcás ár n-iris ghaolmhar, An tUltach, a fhoilsíonn Comhaltas Uladh gach mí.

Ní miste a rá leis gur irisí fadsaolacha iad an dá iris seo. Tá An tUltach ann ó 1924 agus Feasta ó 1948. Ach tá a fhios ag an saol go bhfuil scrios déanta ar mheáin chlóite na Gaeilge ó thosaigh an cúlú eacnamaíoch sa tír seo suas le sé bliana ó shin.

Is maith is eol do phobal na Gaeilge go bhfuil ciorruithe agus gearrtha i bhfeidhm i ngach réimse den saol, ach ní mór dúinn ár míshásamh a chur in iúl nuair nach bhfuil cómhréireacht nó cothromaíocht san áireamh, agus go bhfuil an dochar a éiríonn as cuimse, i bhfianaise pé sábháilt airgid atá i gceist.

Ní ciorrú nó gearradh siar atá i gceist anseo, ach bás nó beatha. Níltear ag maíomh aon tuillteanas ar leith ach oiread, bíodh nach leasc linn ár mbród a chur in iúl de bharr a bhfuil déanta ag an dá iris le blianta fada i saol litríochta na Gaeilge.

Déarfaimis gur áiseanna nó riachtanais iad a leithéidí i gcás aon teanga, ach i gcás teanga mar an Ghaeilge atá faoi ionsaí, agus in éigean a tarrthála, is móide dá réir a dtábhacht.

Is trua linn a laghad plé a deineadh sular glacadh cinneadh maoiniú a stop ar fad. Mar a dúradh is breith báis atá i gceist leis an gcinneadh seo. Tá an gníomh déanta agus ní thagann aiseag ná aiséirí i gceist. Bítear ag súil go ndéanfadh eagraíocht stáit nó eagraíocht oifigiúil cosúil le Foras na Gaeilge plé réasúnta ar dhianbheart dá leithéid seo sula nglactar é. Go deimhin is minic a mhaítear sin.

Céard is féidir a dhéanamh ach dul i muinín agóidí sráide mar atá ag éirí coitianta le tamall, nó dul in iontaoibh na bpolaiteoirí atá ag teacht ag cnagadh ar na doirse againn le tamall anuas?

Feasta, Bealtaine 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo