Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Uachtarán agus banríon, airí agus eacnamaíocht
le Seán Ó Loingsigh


An rud a théann i bhfad deirtear go dtéann sé i bhfuaire.
Tá coimisiún le bunú agus iliomad agus éagsúlacht ceisteanna le fiosrú agus le plé.


****************

Céad buíochas le Dia go bhfuil ár nUachtarán slán sábháilte sa bhaile againn tar éis a thurais eipiciúil ar a chara cléibh, Eilís 2, ina pálás i Windsor taobh le Londain. Bhí, mar a tharlaíonn, an dara hinsint ar an scéal: an dream sin — ár leithéidí féin, lucht an doichill, an fhaltanais agus na seanchuimhní, ag rá go dalba go raibh an cibeal ar fad thar fóir. Sin seanscéal leis, gur toradh é an easpa guaime ar ár gcúlra coilínithe agus go bhfuilimid ar ócáidí mar seo pas róghlórach. Cén fáth nach mbímid tur, teann, mar a bhíonn an Sasanach!

B’fhéidir sa deireadh nach bhfuil i gceist ach cur chuige na meán cumarsáide, lucht teilifíse go háirithe, agus gur mó fústair agus gáifeachta a chleachtann RTÉ seachas an BBC. Mar sin féin, cé gheobhadh locht ar dhea-iompar na bpríomhpháirtithe, an Bhanríon Eilís agus ár nUachtarán féin!

Tá go leor leis a déarfaidh gurb é ba mhó suntais a bhain leis an ócáid seo ná gur fhreastail Martin McGuinness ar na himeachtaí oifigiúla. Beidh sé suimiúil anois an bhfuil sé mar a bheadh sé athshlánaithe, nó an éireoidh a chéilí comhraic polaitiúla as a bheith á cheistiú faoina chúlra paramíleata.

Tháinig an chuairt seo i gcabhair leis ar an Aire Alan Shatter anseo sa bhaile. Chuir sé na meáin chumarsáide ar malairt treo ar feadh scaithimh pé ní. Is aisteach go deo sa saol polaitíochta conas gurb é an rud is lú a bhaineann barrthuisle as rialtais. Tá fadhbanna an Aire agus a Roinn chomh hilchasta, chomh hilghnéitheach anois gur deacair méar a leagadh ar cad ba chúis leis an rírá ar fad an chéad lá.

Thosaigh sé le sceithirí agus neamhaird agus maslú a deineadh orthu ag Coimisinéir na nGardaí agus ag an Aire féin. Ansin tháinig comhfhreagras i gceist idir an Coimisinéir agus an Roinn, nár cuireadh faoi bhráid an Aire, agus arís comhfhreagras a bhain leis an Ard-Aighne ar fágadh an tAire dall air arís. Ba dheacair aon chiall a bhaint as nó míniú sásúil a fháil air. Ba mheasa an scéal nuair a tháinig cealú pointí pionóis i gceist, agus mar bharr air sin cúléisteacht agus taifeadadh ar chomhráití idir dhlíodóirí agus a gcliantaí i mbeairicí na nGardaí.

Ach thar aon ní eile ba é buaicphointe an scéil gur éirigh Coimisinéir na nGardaí as a phost tar éis do rúnaí roinne cuairt a thabhairt air ar órdú an Taoisigh. Pioc eolais níl againn faoi céard a dúradh ag an teacht le chéile beag seo, ach is ar éigean go bhfuil duine beo a chreideann gur éirí as post a bhí i gceist i ndáiríre i gcás an Choimisinéara, ach briseadh as post.

An rud a théann i bhfad deirtear go dtéann sé i bhfuaire. Tá coimisiún fiosrúcháin le bunú agus iliomad agus éagsúlacht ceisteanna le fiosrú agus le plé. Bliain ar a laghad a deirtear a thógfaidh sé. D’fhéadfadh, ar ndóigh, an Taoiseach roinnt léargais a thabhairt agus a rá céard ba chúis le cuairt obann an rúnaí roinne ar an gCoimisinéir. Ní dócha gur deineadh taifeadadh air. Nó d’fhéadfadh coiste Dála go leor de na ceisteanna a bheidh anois mar chúram ar an gcoimisiún a fhiosrú i mbeagán ama. Má tá blas na hionramhála air, tá an tAire ar a sháimhín só agus a naimhde sáinnithe, go fóill, pé ní.

——◊——

Is deacair ar fad aon chiall a bhaint as conas mar sheasann staid eacnamaíoch na tíre seo, i ndáiríre, faoi láthair. Braitheann sé go mór ar cé acu údarás nó saineolaí a bhfuil tú ag caint leis. Faoi láthair tá an ESRI (Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta) dóchasach go maith faoi fhorás sa gheilleagar agus go bhfuil cúinní casta againn, ach ní hamhlaidh don Roinn Airgeadais féin. Is mar an gcéanna a bhíonn le saineolaithe aonair, duine ag rá seo agus duine eile a mhalairt.

Is fíor go bhfuil ár rialtas maíteach go maith le tamall anois go bhfuilimid tagtha slán as an ngéarchéim a bhuail an tír seo i measc go leor tíortha eile thart ar sé bliana ó shin. Is beag a thógfadh orthu é má bhí siad ag déanamh gaisce as a bpáirt féin sa teacht aniar seo: níl ansin ach an gnáthnós a chleachtann pé dream polaitíochta atá i gceannas in am ar bith.

Ar an taobh eile den scéal tá ár gcairde san Aontas Eorpach ag éirí amhrasach go bhfuil cúrsaí eacnamaíoch san Eoraip, nó fiú sa domhan i gcoitinne, ag feabhsú mar a bhí súil leis. Táthar ag brath le déanaí go bhféadfadh an lagtrá eacnamaíoch leanúint ar aghaidh sa bhfadtréimhse. Tá an téarmaíocht atá ag gabháil timpeall thar a bheith suimiúil. Níl an téarma, ‘díbhoilsciú’, ró-olc ar fad, ach tá scanradh ag baint le téarma eile acu, ‘marbh-bhoilsciú.’ Sin ‘stagflation’ sa Bhéarla – céad buíochas arís le ‘focal.ie. Sin é an drochbhuachaill ceart atá ag bagairt ar an eacnamaíocht go forleathan faoi láthair. Is cosúil gur gné de sin atá ag crá mhuintir na Seapáine le blianta anuas.

Is eol dúinn le fada gurb é an boilsciú lom an namhaid mór a bhí ag an Aontas, agus glacadh leis gan cheist nach raibh aon bhealach eile chun dul i ngleic leis sin, agus leis an gcúlú eacnamaíoch i gcoitinne, ach gearradh siar agus ciorruithe i ngach treo agus i ngach gné den gheilleagar: an polasaí déineachta mar a tugadh air. Bhí an Banc Ceannais Eorpach an-mhór ina fhábhar, go háirithe nuair a bhí Jean-Claude Trichet i gceannas an bhainc, ach ba shoiscéal daingean ag lucht ceannais sa Ghearmáin é. Bhí an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an IMF, tráth den tuairim céanna, ach d’athraigh siadsan a n’aigne tamall éigin siar.

Ach san Eoraip anois táthar ag cogar go gcaithfear dul i muinín an éascú chainníochtúil, an ‘quantitative easing’ a ndúradh faoi gurb é an diabhal a chum é, d’fhonn borradh nó forás a chur san eacnamaíocht. Táthar ag caint, fiú, ar ús diúltach, nó in áit go mbeadh ús á thuilleamh as airgead i dtaisce go mbeadh ort airgead a íoc. Ní hionann ag Mario Draghi agus ag Trichet, tá, is léir, an port ag athrú, ach i gcás na tíre seo is cosúil nach meánn an mhalairt poirt brobh. Tá an ‘Troika’ tagtha agus imithe agus a gcúram déanta acu, agus pé malairt dearcadh a tharlaíonn fanfaidh ár gcás mar a bhí. Ní bheidh aon mhalairt coinníollacha i gceist dúinne.

Go deimhin in aontráth leis an malairt treo i gcás an Aontais agus an éascú ar an bpolasaí déineachta, tá a lán a chluintear ón mBanc Ceannais Eorpach débhríoch, nó liom leat. Tháinig tuairisc le déanaí go raibh athmhachnamh i gceist maidir leis na téarmaí a bhain le haisíoc na nótaí gealltanais a cuireadh ar fáil i gcás an Bhainc Angla-Éireannaigh agus go síleann an BCE anois go mb’fhéidir go mbeadh siad ag éileamh go n-aisíocfaí iad laistigh de thréimhse i bhfad níos giorra. Chosnódh aon athrú na billiúin Euro i gcás na tíre seo.

Táthar ag súil gan amhras nach nglacfaidh an rialtas le haon mhalairt de shocrú. Go deimhin tá tuairim ag teacht chun cinn go rabhamar róbhog cheana i gcás na dtéarmaí a bhain le tarrtháil na mbanc. Deirtear anois gur cuireadh téarmaí ní ba fhábharaí i bhfeidhm i gcás na Gréige nuair a chuir siadsan a gcosa i dtaca.

Beirt as triúr a fuarthas ciontach sa chás cúirte in aghaidh fheidhmeannaigh an Bhainc Angla-Éireannaigh, ar cuireadh ina leith gur thug siad iasachtaí mídhleathacha do dhaoine chun scaireanna a cheannach sa bhanc. Ach is beag amhras ná go dtiocfaidh an tAcht Promhaidh i gceist agus nach raghaidh siad go príosún.

Bhí suim ar leith ag baint leis an gcás ó thaobh na fianaise a thug an Rialtóir Airgeadais. Léirigh an fhianaise arís a laghad maoirseachta a bhí á déanamh ar bhainc sa tréimhse sin, ní hamháin i gcás an Rialtóra ach i gcás an Bhainc Cheannais agus na Roinne Airgeadais.

Ag féachaint siar ar an tréimhse sin, cén fáth go mbeadh, is dócha? Nach raibh an eacnamaíocht faoi lánréim agus, mar a deirtí ag an am, ‘an tír báite le hairgead.’ Ní raibh ach cúpla cráiteachán ag tuar na tubaiste le teacht. Cathain a bheidh an fiosrúchán úd againn a bhfuiltear ag caint faoi leis na blianta, nó an féidir go bhfuil an rialtas ag tomhas cén t-am is fóirsteanaí lena leithéid a reachtáil, níos cóngaraí d’olltoghchán, b’fhéidir?

Níorbh é ba lú suime faoi fhianaise an Rialtóra Airgeadais ná a laghad cuimhne a bhí aige ar cad a tharla agus cad a dúradh ag cruinnithe a raibh oiread tábhachta leo. An mbeidh aon léas cuimhne fágtha faoin am a reachtáiltear an Fiosrúchán Mór?

Feasta, Bealtaine 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais