Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Ní mar a shíltear a bhítear
Gearrscéal
le Máirín Mhic Lochlainn
Droim an fhir a bhí le Caitlín agus Nóra nuair a shiúil siad isteach i dTeach Aíochta Cois Abhann, agus an fáilteoir ag síneadh na heochrach chuige.
‘Suas an staighre agus cas ar chlé, Uimhir 32,’ na chéad fhocla a chuala siad.
‘Go raibh maith agat!’ arsa an fear leis an bhfáilteoir, é ag breith ar na heochracha, agus chas ar dheis i dtreo an chúinne.
‘A! Tá tú ag dul an bealach mícheart!’
‘Suífidh mé anseo thall go dtiocfaidh mo chara,’ arsa an t-aoi.
Feairín beag tanaí a bhí ann a raibh péire spéacláirí air, agus súile beaga bídeacha airdeallacha ina éadan tanaí bánliath. Shuigh sé ar chathaoir. Bhuail Nóra a huillinn ar Chaitlín agus chaoch a súil.
‘Gheobhaidh sé anocht é.’
‘Óó, as ucht Dé ort agus stop den chaint gháirsiúil sin, a Nóra, agus ná náirigh muid os comhair an tsaoil.’
Bhreathnaigh Nóra ina timpeall agus dheamhan duine ná deoraí a bhí thart ach an fáilteoir, agus straois go cluasa air, agus an feairín beag tanaí a bhí ina shuí go smaointeach sa gcúinne, gan aird dá laghad aige ar céard a bhí ag tárlú thart air.
‘An féidir liom cabhrú libh, a mhná?’ arsa an fáilteoir.
‘Cinnte, tá seomra beirte in áirithe againn, uimhir áirithinte TACA12/10/32.’
‘Sínigí anseo le bhur dtoil.’
Rinne na mná amhlaidh.
‘Uimhir 33. Suas an staighre agus cas ar chlé.’
‘Ó, Uimhir 33?’ arsa Nóra.
‘Sea, Uimhir 33. Na habair go bhfuil pisreoga agat?’
‘Ó Níl. Níl muise, trasna ó …’, ach chuimhnigh sí uirthi féin.
Suas leo.
Istigh i Seomra 33, caitheann Nóra a mála ar an leaba in aice na fuinneoige, agus leagann Caitlín a mála féin go deas néata ar an mboirdín cuí.
‘Beidh muid in ann súil a choinneáil air, a Chaitlín. Tá éisteacht mhaith agatsa, bail ó Dhia ort, agus nuair a chloisfidh tú an cartaigh, abair liom é, go n-osclóidh mé an doras. Tá a fhios agat féin go bhfuil mise bodhar.’
‘Lig dom. Bodhar! Ha, is beag an bhodhraíocht a bhíonn ort nuair fheileann sé tú.’
Chuir Nóra puisín uirthi féin! Ciúnas ar feadh nóiméid nó dhó.
‘A Nóra, ná bac le mo dhuine.’
‘Ach d’fhéadfadh píosa spraoi a bheith againn, a Chaitlín. Nuair a shílfeadh muid iad a bheith slogtha isteach i bpléisiúr an ghrá, d’fhéadfadh mé cnap maith a bhualadh ar an doras, agus iad a chur as a mbuille.’
‘Céard atá ag teacht ortsa ar chor ar bith?’
‘Ní maith liom fir ná mná a bhíonn á dhéanamh ar chúla téarmaí. Agus b’fhéidir bean agus páistí fágtha sa mbaile aige.’
Ní dúradh a thuilleadh faoin ábhar. Luigh Nóra ar a leaba, agus chuaigh Caitlín amach ag siúl. Thíos ag an gcéibh a bhí sí, nuair a chonaic sí iad agus iad i mbun comhrá. Cuma an-dáiríre orthu, mar a bheadh siad ag plé cás éigin an-tromchúiseach. Ní ag dul ar chúla téarmaí atá siad an tuairim a bhí ag Caitlín. Cúrsa oibre, b’fhéidir! Ach, fuair an fhiosracht an ceann is fearr uirthi, agus dhruid sí anonn i ngar dóibh agus lig uirthi go raibh sí ag cur an-suntas sna héanachaí a bhí bailithe ar na sreangáin. Níor thug an bheirt faoi deara í.
‘Marach gur scaradh ó chéile muid, ní bheadh rudaí ró-dhona,’ na chéad fhocla a chuala sí amach as béal na mná. Rug sé ar láimh uirthi, agus bhreathnaigh go truamhéileach isteach idir an dá shúil uirthi.
‘Ach, is deacair a rá, a Bhríd, b’fhéidir gur measa a bheadh siad. Bhí sé sách dona gur tharla sé dhomsa, ach gheobhainn bás … ó nár lige Dia … ní féidir liom smaoineamh ar a leithéid!’
‘Brón orm, a Pháid, níor theastaigh uaim na smaointe sin a thabhairt chun cuimhne duit arís. Téimis ar ais chuig an lóistín.’
Baineadh siar as Caitlin! Níos measa! Na rudaí a tharla ... Ach céard faoi a raibh siad ag caint? Cinnte níor thada maith é. Níor bhain sí breithiúnas ar bith as a gcomhrá, ach bhí rud amháin soiléir dar léi, nach á dhéanamh ar chúla téarmaí a bhíodar mar a cheap Nóra. Cé go raibh fonn uirthi rud éigin a rá le Nóra nuair a thiocfadh sí ar ais, ní dúirt sí tada.
‘Is cosúil tú le duine ar baineadh scanradh aisti, a Chaitlín. Céard a tharla?’
‘Tada. Lig dom, maith a’ bhean!’
Bhí freagra Nóra chomh teann dearfach sin, nár dhúirt Caitlín tada ar feadh i bhfad, ach í ag éisteacht le Tic Tac a cloig. An clog céanna a chuir faoi deara di labhairt ar deireadh:
‘Tá sé in am bogadh agus castáil leis an gcuid eile den ghrúpa.’
Síos an staighre leo, gan focal eile a rá. Bhí a gcairde ó Ghrúpa Sléibhteoireachta na Tamhnaí ag breathnú ar an mbiachlár. Bhreathnaigh Caitlín thart, féachaint an raibh dé nó deatach ar an mbeirt a bhí in uimhir 32, ach ní raibh. Níor bhain Nóra méar dá srón gur inis don ghrúpa faoin bhfeairín beag a bhí trasna an phasáiste uathu, agus thug a barúil faoi céard a cheap sí a bheadh ar siúl aige. Chuile dhuine fiosrach! Tuairimí á dtabhairt go láidir! Imní ar Chaitlín!
‘Ligigí as, as ucht Dé oraibh!’ arsa Caitlín, ‘sula dtéadh an comhrá níos faide. B’fhéidir go bhfuil a ndóthain ar aire na beirte sin. Mar a deir an seanfhocal, “is mairg a déarfadh tada.”’
Chuir teannas a cuid cainte iontas ar chuile dhuine. Caitlín – an duine ba chiúine den ghrúpa ag labhairt chomh borb sin. Stopadh an tuairimíocht ar an bpointe, agus tosaíodh ag caint faoi ábhair eile. Ní dúirt Caitlín mórán an oíche sin, ach thug chuile dhuine faoi deara go raibh a hintinn áit éicint eile.
Ar a mbealach suas go dtí an seomra dóibh chuir Nóra a cluas le doras na beirte. Bhain Caitlín pinse aisti, agus rinne comhartha léi dul isteach ina seomra féin.
‘Níl gíog ná míog astu.’
‘Hmm.’
‘Céard atá ag cur isteach ort, a Chaitlín? Níl cuma ná caoi ort ó tháinig tú ar ais ón tsiúlóid.’
‘Chonaic mé an bheirt thíos ar an gcéibh.’
‘Agus?’ Las na súile i Nóra le teann fiosrachta.
‘Bhíodar ag caint.’
‘Agus?’
‘Bhí sé an-aisteach, a Nóra, agus mothaímse an-aisteach ó shin.’
‘Abair amach é.’
Le mífhonn, d’inis sí di faoin méid a chuala sí.
Rinne Nóra Jessica Fletcher, an bleachtaire, di féin uair amháin eile: ‘B’fhéidir go raibh siad ar misiún thall san Iaráic, agus gur buama a scar ó chéile iad – meastú?’
‘Ní cheapaim é, tá rud éicint níos doimhne ná sin ag cur as dóibh. Tá sé os ár gcomhair, ach ní fheiceann muid é. Rud truamhéileach, sílim.’
‘Cé leis atá sí féin cosúil, blonde an ea?’
‘Thú féin is go chuid blondes. Bean bheag le súile beaga bídeacha airdeallacha, taobh thiar de phéire spéacláirí. Í tanaí, agus bánliath san éadan, le gruaig dhonn. Seachas na súile, dheamhan mórán suntais a thabharfadh duine di.’
‘Tá tú tar éis cur síos airsean. Nach bhfaca mé é fhéin, céard fúithise?’
‘Sin é go díreach, tá an bheirt acu an-chosúil lena chéile. Ach tá rud éigin eile ag baint leí-se. Bhí éadach daor á chaitheamh aici, ach ní shin é uile é.’
Méadaíonn na súile i gcloigeann Nóra. Cosúil le chéile… scartha óna chéile …smaointe a dtabhairt chun cuimhne … aisteach! An-aisteach go deo: ‘Níl mé ag fáil bun ná barr air, a Chaitlín.’
‘Níl ná mise ach an oiread. Tá sé in am codlata, in ainm Dé. Maidin mhór chrua romhainn amárach. Corrán Tuathail!’ arsa Nóra agus lig osna. ‘An miste leat má chasaim air an raidio, a Chaitlin, níor chuala mé aon nuacht ó mhaidin.’
‘Ní miste.’
‘Anois, an corr is deireanaí i scéal Pháid Uí Dhireáin, ónár dtuairisceoir, Breandán Ó Loingsigh.
‘Tá mé tar éis bheith ag caint le Páid agus tá áthas an domhain air a bheith i dteangbháil lena leathchúpla Bríd, bean a bhfuil aithne mhór uirthi sa tír seo, mar an t-aisteoir ...
Níor éist Nóra lena thuilleadh ach chas sí as an raidio, agus chuir a cloigeann faoin bpluid.
Labhair Caitlín go deas ciúin séimh: ‘Ní mar a síltear a bítear,’ agus chas sise as an solas.
——◊——
Feasta, Deireadh Fómhair 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|