Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Amuigh Faoin Aer:
Trócaire na Collaíochta sa Raon Poiblí
le Seán Mac Risteaird

i nGearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile
(As Láimh a Chéile; An Mercyfucker; Gabhal na gCloch)


Le cúnamh pheirspictíochtaí theoiricí na haiteachta (nó Queer Theory) a dhéanaim scagadh ar shaothair liteartha Mhichíl Uí Chonghaile, toisc go sásaíonn is go soiléiríonn siad na slite ina dtagtann an chollaíocht neamhnormatach, collaíocht(aí) a shnámhann i gcoinne easa an status quo, chun solais. Is é bonn agus taca theoiric na haiteachta ná cur i gcoinne sainmhínithe dochta i dtaobh féiniúlachtaí collaíocha. Faoi mar atá ráite ag Jagose in Queer Theory: An Introduction (1996):–
What is clear, even from this brief and partial account of its contemporary deployment, is that queer is very much a category in the process of formation. It is not simply that queer has yet to solidify and take on a more consistent profile, but rather that its definitional indeterminacy, its elasticity, is one of its constituent characteristics. (lch 1)
Mar sin féin, scagadh ar chatagóirí seanbhunaithe aitheanta d’fhéiniúlachtaí na collaíochta, agus cur ina gcoinne, atá mar bhunchloch agus mar phríomhfheidhm theoiricí na haiteachta. Is follasach dom, agus mé ag treabhadh liom trí shaothair agus trí chritic bunaithe ar an gConghaileach, nach bhfuil cíoradh sásúil atá bunaithe ar théamaí na collaíochta ar fáil. Blaiseadh is ea an t-alt seo den gcaoi gur féidir téamaí liteartha an Chonghailigh a áiteamh laistigh de choinbhinsiúin theoiricí na próchollaíochta (pro-sex theory).

Dá réir seo, déanfar iniúchadh ar rogha gearrscéalta de chuid Uí Chonghaile i dtéarmaí smaointeoireachta Elisa Glick (2000) in ‘Feminism, Queer Theory, and the Politics of Transgression’, aiste a chaitheann súil ghéar ar an bpróchollaíocht. Anuas air sin, léireoidh mé an chaoi a fheidhmíonn pobail áirid mar mheáin don teagmháil chollaíoch in ‘Sex in Public’ (1998) de chuid Warner and Berlant. Le cúnamh na dtuiscintí seo, déanfar scrúdú ar rogha scéalta de chuid Uí Chonghaile i gcomhthéacs an téama idir lámha; gníomhaíochtaí collaíocha amuigh faoin aer.

Maidir le súil na haiteachta, mar ghné den ‘phróchollaíocht’ a thagann polaitíocht agus dioscúrsaí éagsúla chun cinn i gcás gníomhaíochtaí faoi leith collaíocha agus an chaoi gur féidir gníomhaíochtaí éagsúla sa gcatagóir seo a thuiscint mar mhisin pholaitiúla. Cuireann Glick (2000) ceist thábhachtach os ár gcomhair – ‘What sex counts?’ (ibid: 21). An féidir leis an gcollaíocht amuigh faoin aer a bheith fréamhaithe i dtuiscintí pearsanta, nó ar bhealach eile mar ghníomhaíochtaí príobháideacha (sa mhéid is go mbíonn an gníomh collaíoch i gcónaí idir méid áirid daoine agus mar sin go bhfuil príobháideachas i gceist leis). An féidir le litríochtaí na haiteachta an bualadh craicinn a úsáid mar uirlis lena bhféadfaí saoirse a bhaint amach?

Míníonn Glick go dtugann an gníomh collaíoch dúinn ‘A vision of politics that asserts the interlocking of public and private spheres, the politics of identity conceptualizes individual and / or collective identity not only as a basis for political organization, but also as a site of political activism itself.’ (ibid: 20). Sáraíonn teoiricí na próchollaíochta, mar thoradh air sin, coinbhinsiúin bhunaithe maidir leis an ngníomh collaíoch agus an chaoi a bhfuil polaitíochtaí na collaíochta le suíomh i bpolaitíochtaí na féiniúlachta (i.e. tá cúrsaí pearsanta ar fáil go polaitiúil). Feicimid téamaí an raoin phoiblí agus an raoin phríobháidigh curtha as riocht i ngearrscéalta Uí Chonghailigh ach go háirid in ‘As Láimh a Chéile’ (1997), ‘An Mercyfucker’ (2003), agus in ‘Gabhal na gCloch’ (2003)

Is gearrscéal snoite snasta é ‘As Láimh a Chéile’ a chuireann reacaire Gaeltachta in iúl agus é ar chuairt ar chlub aerach i lár na cathrach. Ag cuartú craicinn atá an reacaire, is léir, agus é ag cur a luachanna fisiciúla, a neamhspleáchas agus a fhéinmhuinín i bhfócas an léitheora. Deir sé:
Shílfeá gur ardrí a bhí ionam agus go mba liomsa iomlán na ríochta ríúla, spreagúla, gnaíúla seo a bhí ag preabadh i mo thimpeall – gur domsa amháin a bhí gach mac athar acu ag damhsa anocht, go raibh mo rogha banríon le bronnadh orm ar an gcéad iarraidh – mar a bheadh snoite amach as brionglóid álainn oíche dom ag lámh chabhrach stuama chneasta. (38).
Tá a bhall fearga dhá threorú timpeall an chlub agus caidreamh na hoíche sin de dhíth go géar uaidh. Théis tamaill feicimid an gníomh collaíoch amuigh faoin aer i gcarrchlós séipéil, théis dhúnadh an chlub aeraigh. Claochlaíonn máistreacht scríbhneoireachta an Chonghailigh suíomh cráifeach charrchlós an tséipéil ina shuíomh luchtaithe leis an ngnéasacht. Aibhsítear suíomh an tsáraithe, is é sin carrchlós an tséipéil, an mhaidin dár gcionn nuair a ofráileann an fear céanna Aifreann théis dó a chorp a ofráil don reacaire an oíche roimhe sin. Dar liomsa, is iarracht é seo ar shuíomh faoi leith a luchtú mar shuíomh collaíoch, fiú spásanna reiligiúnda.

Tá iarracht eile le domhan aiteachta, domhan ina gcliseann nósanna normalachta an phobail i leith na collaíochta, a chur le chéile i scéal eile de chuid an Chongailigh dar teideal ‘An Mercyfucker’ (2003). Tá reacaire an scéil, fear de chuid Chonamara atá go luath sna fichidí, i Londain agus é fós ag dul i dtaithí ar shaol na cathrach. Léiríonn an téacs teanga áirid rúnda na collaíochta, teanga atá lán de chóid agus de chanúintí na gnéasachta aite. Caitheann an téacs solas ar shuíomhanna poiblí chun iad a chlaochlú ina raon luchtaithe collaíoch.

Pléitear ailtireacht an domhain seo in ‘Sex in Public’ de chuid Berlant agus Warner (1998). Dar leo beirt, úsáidtear suíomhanna áirid poiblí d’aon ghnó ionas go mbeidh muintir dhomhan na haiteachta in ann teacht ar a chéile. Is trí mheán an raoin phoiblí – domhan eile na haiteachta – a tharlaíonn gníomhaíochtaí caidreamhacha, pearsanta.

Mar thoradh air sin, is trí mheán an raoin phoiblí a fheidhmíonn an chollaíocht rúnda. I gcomhthéacs an ghearrscéil faoi chaibidil, casann an reacaire ar bhuachaill ocht mbliana déag d’aois. Míníonn an Londanach don reacaire go bhfuil grúpa d’fhir óga a mbíonn caidreamh collaíoch acu le fir aosta mar ghníomhaíochtaí trócaireacha. Dar leis an ngasúr, ní raibh saoirse ag na fir aosta seo a mianta collaíocha a shásamh de dheasca coinníollacha áirid sóisialta a bhí ag dul ina gcoinne. Ní raibh an dara rogha acu ach an fonn seo a bhí orthu a chur faoi chois. Mar atá ráite ag an ngasúr: –
Samhlaigh cén sórt saoil a bhí aige. É sáinnithe sa mbaile ar fheirm ag tabhairt aire dá thuismitheoirí nó go raibh sé breis agus leathchéad bliain d’aois. San aois sin sul má leagadh lámh chinnte chineálta air, sul má baineadh fáscadh cairdiúil as. (Ó Conghaile, 2003: 60).
Iarann an gasúr ansin ar an reacaire sásamh collaíoch a thabhairt d’fhear trasna an bhóthair. Ina dhiaidh sin tugann an reacaire faoiseamh collaíoch don fhear. Tuigtear dúinn ansin conas a úsáidtear an suíomh poiblí le caidreamh príobháideach a chruthú agus tuigeann an reacaire an gníomh trócaireach a rinne sé don seanfhear:
Cén chaoi ar fhéad an mercyfucker a chuid gníomhartha trócaireacha a dhéanamh, a d’fhiafraigh mé díom féin. Luí lena leithéid seo. B’ansin a thuig mé dáiríre cé chomh trócaireach flaithiúil is a bhí a ghníomh – gan leithéid iongan de dhathúlacht i gcraiceann brocach an fhir seo – domsa, cibé é. Ba bheag an mhaith dom ach oiread mo shúile féin a dhúnadh agus leanacht ar aghaidh leis ... (ibid: 63)

Ach tá an chosúlacht ar an scéal, os a choinne sin, nach i gcónaí a bhíonn toradh dearfach, trócaireach ar chruthú an tsuímh chollaíoch seo. Is féidir seo a bhlaiseadh agus a aireachtáil go príomha i ngearrscéal an Chonghailigh ‘Gabhal na gCloch.’ Sa téacs seo léirítear éigniú an reacaire agus é ar a bhealach abhaile ón bpub. Mar thús faighimid oscailt ghonta phléascach an ghearrscéil: ‘An dtarraingeodh tú mo bhod dom?’ a deirtear isteach i gcluasa an reacaire. (Ó Conghaile 1997: 101) Leanann an reacaire air ag ól a phionta beorach go neirbhíseach imníoch, gan fhios aige conas an iarraidh seo a fhreagairt.

Traenálaí peile an reacaire ab ea an fear, agus is léir go dtéann a shuim sa reacaire i méid de réir mar a leanann an scéal ar aghaidh. Istigh sna leithris tagann teannas collaíoch idir an bheirt chun cinn agus an traenálaí peile ag iarraidh ‘… breith ar mhagairlí orm..’ (ibid: 106). Agus é ar a bhealach abhaile a bheireann an traenálaí peile i gceart ar an reacaire. Léirítear thíos an chaoi a ndéantar domhan aiteachta as an tsiúlóid dhorcha abhaile. Géilleann an reacaire don traenálaí peile ar deireadh, ag soiléiriú an chaoi gur féidir mí-úsáid a bhaint as raonta áirid den chaidreamh collaíoch éignithe:
Bhí a dhá lámh scartha amach aige le mé a ghrabáil: boladh trom óil uaidh. Theann sé isteach liom. É i ngreim ionam láithreach. Mé beagnach gan anáil. Mé ar tí titim siar ar chúl mo chinn … Chuir mé mo dhá shúil trína shúile mar a chuirfí meanaí géara seaca… mé ag sú boladh an óil níos láidre de réir mar a bhrúigh sé isteach liom. D’ardaigh mo ghlúin… go ciotach. (ibid: 109)
Tá an meid seo i gcoiteann ag an trí théacs a roghnaíodh anseo. Tá leibhéil dhifriúla den trócaire chollaíoch le feiceáil i ngach uile cheann de na gearrscéalta uaillmhianacha seo de chuid an Chonghailigh. Is éard a chuir mé romham san alt seo iniúchadh a dhéanamh ar théama na collaíochta trócairí agus é a nascadh le smaointeoireacht áirid i dteoiric na haiteachta agus an raoin a bhaineas le spásanna poiblí is pearsanta. Is amuigh faoin aer a chuirtear tús leis an ngníomh collaíoch, nó is amuigh faoin aer a eagraítear domhan crúsála aite i gcuid mhaith de shaothair Uí Chonghaile. Sa trí ghearrscéal seo feictear conas a chruthaítear na suíomhanna phoiblí seo chun mianta collaíocha na gcaracthar, agus a gcuinsí pearsanta teagmhála leis na mianta atá faoi chaibidil, a scrúdú.

Leabharliosta

• Berlant, Lauren and Warner, Michael. ‘Sex in Public’, Critical Enquiry, Vol. 24, No. 2, The University of Chicago Press, 1998.
• Glick, Elisa. ‘Feminism, Queer Theory, and the Politics of Transgression’, Feminist Review, No. 64, Palgrave Macmillan Journals, 2000.
• Jagose, Annamarie. Queer Theory: An Introduction, New York: New York University Press, 1996.
• Ó Conghaile, Micheál. ‘Gabhal na gCloch’, An Fear a Phléasc, Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1997.
• Ó Conghaile, Micheál. ‘As Láimh a Chéile’, An Fear a Phléasc, Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1997.
• Ó Conghaile, Micheál. ‘An Mercyfucker’, An Fear nach nDéanann Gáire, Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2003.

Nóta Beathaisnéise:

Is mac léinn PhD é Seán Mac Risteaird in Ollscoil Mhá Nuad. Tá sé ag obair faoi láthair mar chúntóir Gaeilge i gColáiste Hibernia, Baile Átha Cliath. Tá spéis ar leith aige i litríocht Chonamara agus i dteoiricí liteartha.

Feasta, Deireadh Fómhair 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais