Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Dialann Dúlra
Meán Fómhair i Lios a’ Phúca
le Séamus Ó Máille
Má tionóladh Parlaimint na mBan san ochtú céad déag, agus Parlaimint na bhFigheadóirí sa naoú céad déag, le fíordhéanaí tugadh Parlaimint na bhFáinleog i gceann a chéile sa dúiche seo againne. Mo mhac Éanna a chuir ar an eolas mé gur tharla ollchruinniú fáinleog os cionn sráidbhaile Lios a’ Phúca thart ar a naoi a’ chlog um thráthnóna cúpla oíche as a chéile.
Chonac an radharc a bhí gceist aige le mo shúile féin. Go deimhin ní raibh focal áibhéil aige – na céadta fáinleoga ag guairdeall os ár gcionn in airde, iad ag imeacht de sciuird eitilte ó thuaidh, ag claonadh siar ar ball agus ansin ag filleadh ar ais ar an ionad óna dtosnaíodar.
Leanadar orthu ag gearradh fáinne ar fud na spéire, an dá eireaballán ar sileadh ina ndiaidh agus an slua ollmhór ag méadú an t-am ar fad nó go raibh cúpla míle acu i láthair. Gnó neamhchruinn é comhaireamh na n-éan, ar ndóigh, ní féidir ach buille faoi thuairim a thabhairt, ach mise i mbannaí duit go raibh suas le dhá nó trí mhíle acu ann.
Tar éis do na fáinleoga an samhradh a chaitheamh i ngrúpaí beaga sna scíobóil, i bhfothraigh, faoi áirsí droichead nó i bpluaiseanna chun ál a thógáil, is mithid dóibh iad féin a dhlúthú mar phobal sula dtugann siad faoin aistear go dtí an domhan theas.
Más dóigh leat go réitíonn na hainmhithe agus na héin go soilbhir síochánta lena chéile, tá breall ort ámh. Bhíos ar mo bhealach chun an gharáiste maidin Luain, é ar intinn agam an deimheas agus airnéis gharraíodóireachta eile a bhailiú, nuair a chuala glór míbhinn callánach na feannóige páirc nó dhó uaim. Lean an míbhinneas ar feadh tamaill, na feannóga ag fógairt catha ar ealta préachán a bhí i gcomórtas leo ar son pé greim bia a bhí aimsithe acu.
Murab ionann is na préacháin agus na cága, fanann na feannóga leo féin – iad amhrasach agus seachantach go háirithe roimh an duine. ‘An Choróg’ a thug Peadar Mac Thuathaláin ar an bhfeannóg, agus dar leis ní raibh ‘éan san aer chomh salach léithe’ mar gur nós léi uibheacha, éanacha óga agus ‘sicíní’ a ghoid ón a neadacha, agus ‘nuair nach mbíonn ubh ná sicín le fáil itheann sí feoil bhó chaillte, nó asail.’
An choir is measa a mbíonn sí ciontach inti ná go bpiocann sí an tsúil as an uan tar éis a bheirthe. Dar le Peadar, ‘séard a deireadh sean-duine nuair a d’airíodh sé an fheannóg ag “uaillfirt”, “Iasc is uisce i do bhéal, agus ná raibh tada dár gcuid sinne i do bhéal.”’(1)
Má bhí Peadar agus a chomharsana míbhuíoch de na feannóga, táimse féin gach pioc chomh míbhuíoch de na préacháin na laethanta seo, mar go bhfuil scrios agus slad déanta acu ar mo chuid úll, idir ghéar agus mhilis. Túirlingíonn siad mar a mbíonn na húlla is aibí. Tosnáionn siad ag polladh na n-úll is mó lena ngob dingchruthach go dtí nach mbíonn iontu ach creatlaigh phollta fholmha.
Ní mór dom féin pléadáil ciontach i bhfaillí a dhéanamh ar mo stór úll a chosaint, go háirithe nuair nach raibh le déanamh agam ach téip sheanchaiséid a chur ar crocadh ó chraobh go craobh chun na héin bhradacha seo a chur dá dtreoir.
Glacann idir fheirmeoirí agus eolaithe éan leis gur speiceas cliste géarchúiseach iad na préacháin. An t-aon sólás atá fágtha agam féin ná go n-admhaím os comhair an tsaoil gur mó a gcuid ganntairsean ná mo chuid féin, nach bhfuil uaim ach maróg úll i ndiaidh róstadh an Domhnaigh. Má shladann siad ár gcuid ó am go ham, bímis dearfach de go ndíolann siad an chomaoin linn trí lotnaidí díobhálacha a alpadh le linn séasúr na curadóireachta.
Bhronn an dúlra sólás aoibhinn orm, áfach: thug mé aimiréal dearg faoi deara agus é ag diúl as úll brúite i measc an fhéir. Ligeas an bara rotha uaim chun é a bhreathnú go géar, a dhá sciathán ghleoite á manar aige agus an tiúb tanaí de phróboscas atá aige sínte uaidh chun sú milis an úill a shúrach isteach ina choirpín gléineach tláith.
Dála an scéil, ‘uaisle’ a thugtar ar na féiléacháin dhathúla seo, an t-aimiréal dearg, an phéacóg, an ruán beag, an tImpire corcra agus an fritileán geal: na féileacháin is mó a fheicimid sa tír seo.(2)
Tá meánoíche buailte liom agus mé i mo shuí os comhair scáileán mo ríomhaire. Feicimse gealach na gcoinleach os cionn na gcrann, ag sileadh a cuid solais draíochta anuas ar an domhan. Sea, dá bhféadfainnse bualadh amach faoin aer anois díreach, imeacht de shiúl na gcos trí ghort coinleach, seasamh taobh leis na stácaí eornan chun go mblaisfinn aoibhneas suáilceach an fhómhair ... iardhearcadh ar m’óige sna caogaidí!
Gluais
• Lios a’ Phúca: Beaufort
• Feannóg, fionnóg, caróg liath / coróg: grey, scald, hooded crow; Corvus cornix
• Lotnaidí: pests
• Aimiréal dearg: Vanessa atalanta; the red admiral butterfly
• An ruán beag: Aglais urticae; the small tortoise-shell butterfly
• An t-impire corcra: the purple emperor
• An fritileán geal: Argynnis paphia; the silver-washed fritillary butterfly
• Gealach na gcoinleach: the harvest moon
• Snag breac: Pica pica; Magpie
• Rúcach: Corvus frugilegus; préachán dubh.
Tag:
(1)Mac Giollarnáth, Seán (Eag.), Peadar Chois Fhairrge, 1944, 2ú eag., lch. 65
(2)Eolaí Póca: Feithidí, Nicholas Williams a rinne an leagan Gaeilge, An Gúm, 1996, lch 18–19
Feasta, Deireadh Fómhair 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|