Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta

An Díseartach a lig isteach an Bhean

Biddy Jenkinson

Agus an Sceilg ina dhíseart
chosnaítí é ar mhuruacha,
ar ghealta (baineanna)
an aeir agus na mara.
An Spiorad Naomh féin,
bhítí in amhras gurbh harpie é.

Nuair a dheineadh an ghealach
péire páirte lena scáil san aigéan
dhúntaí dalláin.
Muire féin,
bheadh uirthi dul isteach cosnocht
mar chruthú nach raibh crúba fúithi.

Scáileanna an amhrais
i gcillíní na manach
chomh tiubh le líonta damhán alla
ar deineadh feilt díobh
thar chianta.

Áit nach siúlann Bríd
ní bhisíonn earrach.
Ní foláir mar sin,
go raibh díseartach éigin
ar an Sceilg
nár dhruid an doras roimpi,
nó manach éigin a chuimhnigh uirthi
agus a mhéara sa chré.
Ba leor san le go bhfásfadh luibh,
go gcanfadh éan,
go mairfeadh an séithealán ba sheirbhe,
ba cheartchreideamhaí,
bliain eile
ar a bhinib féin
agus neantóga.

Cad is anam ann?

Le Micheál ó hAllmhuráin

Cá bhfuil anam an duine le fáil,
An bhfuil sé le fáil sa cheann?
An bhfuil baint aige lenár smaointe,
Lena mbíonn ag snámh le beann
I meabhairshruth ár machnaimh gach lá?

Cad é anam an duine? Scáth?
Nó snáth a cheanglaíonn ár bhfonn
Aisling a chumadh is a scaoileadh,
Nó aithne a chur ar a bhfuil ann,
Ar a bhfuil os cionn an duibheagáin?

An fíor go bhfeidhmíonn sé mar fháth,
Go mbíonn sé ag tathaint go teann,
Ionas go n-aimseodh ár n-intinn
Míniú ar ár n-eascairt ar an domhan,
Is ar an mbréantas a bhaineann leis an mbás?

An fórsa é a chruthaíonn gréasán
Le fianaise a scagadh as am,
D’fhonn fírinní a aontú go diamhair
Agus fios feasa a lasadh go lom
Ina chóras a bheadh fíor folláin?

Nó an éileamh é, ginte inár lár,
Ar bhealach a ghearradh as an domhan,
Ionas nach slogfaí é sa dríodar
A bhíonn ag púscadh sa domhan,
Nó as doimhin-toibreacha an duibheagáin?

Ó, cad is anam ann? Lasán
A lastar i mbolg an domhain,
Chun go bhféadfaí rianta
Teacht is imeacht gach ní ann
A fheiscint in amharclann na ngrást?

An ionann é is smut de bheatha dé a ghabháil,
Smut a éalaíonn le sruth na habhann,
Is a fhulaingíonn díothú diamhair
Go dtiontaíonn sé ar ais le fonn,
D’fhonn aontú arís le fréamh a fháis?

Nó an tromluí gréine a spás,
Taibhreamh cothaithe ag gás gann,
I dtreo go dtarlaíonn fraoch fíochmhar,
Ag borradh is ag briseadh dhianfhás na dtonn,
Go síntear gach ní go faon sa láib?

An dtig leis fuinneamh a chruthachtáil,
Agus domhan damanta deamhan
A dhéanamh dá chríocha intíre,
Is de chríocha lasmuigh dá reann,
Agus fiú a bheatha a dhíothú go brách?

Cogar, cad deirtear fé sa tsráid,
Nó sa spás-stáisiún de chuid an domhain?
Cuir ríomhphost chugam ar shreang mo smaointe,
Má aimsíonn tú tuairisc a shásódh go teann
An folús a fhágann mé fáiscthe gan fáth!



Feasta, Deireadh Fómhair 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo