Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Le tamall anois is léir go bhfuil an saol polaitíochta agus polaiteoirí an rialtais go háirithe ag díriú a n-airde ar olltoghchán a bheidh againn laistigh de bhliain go leith. Is léir leis gurb é an port a bheidh acu ná an feabhas atá le brath ar an eacnamaíocht, agus ar ndóigh gur toradh é ar ghaois agus ar chur chuige iadsan atá i mbun rialtais. Ní go díreach chun aon bhreith a thabhairt ar an gceist sin atáimid, agus bheimisne, maille le go leor eile, go mór ag súil go mbeadh, mar a deir na polaiteoirí, an cúinne casta againn. Níor mhiste dúinne, mar sin féin, aird a dhíriú ar staid na Gaeilge mar atá an staid sin tar éis tréimhse déineachta agus ciorruithe eacnamaíocha nár tharla a leithéid ó bunaíodh an Stát. Nílimid ag ceistiú an riachtanais a bhí le ciorruithe, ach is cinnte gur ábhar buartha dúinn go mbeadh dochar doleigheasta déanta i gcás na teanga dá mbarr.
Tá sé riachtanach dúinn léirmheas a dhéanamh ar na ciorruithe seo, nó an féidir maolú a dhéanamh ar an drochthoradh a fhéadfadh éirí astu. Is furasta gearrtha a bhaineas le buiséid a mheas: ní gá ach féachaint ar an laghdú a tharla ar bhuiséad na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó thosaigh an cúlú eacnamaíoch. Gan amhras d’fhéadfaí cuid de na ciorruithe seo a athchúiteamh nuair a raghaidh an saol i bhfeabhas, pé amhras atá ann go dtarlóidh sé sin. Scéal eile is ea ciorruithe a bhfuil Foras na Gaeilge freagrach astu: is féidir a bheith in amhras, mar shampla, an bhfuil aon athshlánú i ndán do na heagraíochtaí deonacha sin ar deineadh sceanairt orthu le déanaí.
Uaireanta is féidir ciorrú nó gearradh a dhéanamh go hindíreach: ní gá ach rialacha a athrú. Is fíorannamh, mar shampla, a bunaítear scoil lánGhaeilge anois: tá na rialacha agus coinníollacha ródhocht chuige sin, d’aonturas gan amhras. Ba mhór an tuar dóchais iad na scoileanna san i gcur chun cinn na teanga agus is mór an buille anois na coinníollacha nua d’aon dul chun cinn. Is mó is ábhar imní é seo i bhfianaise na drochstaide ina bhfuil an teanga sa chóras oideachais i gcoitinne.
Ní mór a rá gurb é an t-ábhar imní is mó ná gur deacair a bheith lánmhuiníneach maidir le haigne an rialtais i gcás na teanga. Is féidir gur iarmhairt é sin de bharr éirí as oifig an iarCoimisinéara Teanga agus na léargais a thug sé ar chur i gcéill agus dallamullóg lucht rialtais. Is mór an chúis náire d’aon rialtas dúchasach go mbeadh a leithéid le cur ina leith i gcás gné chomh tábhachtach dár n-oidhreacht leis an teanga dhúchais. Ní go héasca is ceart é a mhaitheamh dóibh.
Is riachtanas é go mbeadh na heagraíochtaí atá fágtha, agus atá fós ag obair ar son na teanga, aontaithe agus diongbháilte agus iad ag plé le lucht rialaithe. Nach mór go bhfuil tacaíocht agus bá an phobail leo san obair sin!
|