Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Albain, Albert & eile
le Seán Ó Loingsigh



Féach gur ag na geallghlacadóirí a bhí an ceart arís. Nuair a bhí go leor eile, agus na tráchtairí polaitíochta ina measc, ag rá linn nach raibh aon tomhas ar cé acu den dá thaobh a bhéarfadh bua sa reifreann mór ar neamhspleáchas na hAlban, bhí siad siúd teann go maith de gur leis an dream diúltach a bheadh an lá. Nach fada teist na géarchúise orthu.

Nach aisteach leis gur beag aird a tugadh ar an reifreann seo nuair a d’fhógair rialtas na Breataine cúpla bliain ó shin go mbeadh a leithéid ann. Ba ghal soip é nó fiú buaic na díchéille go scarfadh pobal stuama mar na hAlbanaigh le tearmann agus le pribhléid na Ríochta Aontaithe agus go seasfaidís ar a gconlán féin mar náisiún neamhspleách. Gar go maith a chuaigh siad do mar sin féin.

Ba léir leis agus b’aisteach an taom scaoill a bhuaill an bhunaíocht pholaitiúil sa Bhreatain sna seachtainí deireanacha sin agus an reifreann ag druidim i gcóngar, agus pobalbhreitheanna ag fógairt go raibh an reifreann seo idir dhá cheann na meá, agus é ag éirí soiléir go raibh an mórbhaol ann go scarfadh Albain leis an Ríocht Aontaithe.

Olc go leor a bhí sé impireacht a chailliúint ach bheadh sé dofhulaingthe ar fad dá dtarlódh a leithéid seo de thubaist. Bhí sé greannmhar go maith agus maithe móra na polaitíochta, an Príomhaire Cameron, ceannaire an Lucht Oibre, Ed Milliband, agus ceannaire na Lib-Dems, Nick Clegg ina measc, ag tógaint an bhóthair go Dún Éadain chun impí ar na hAlbanaigh fanacht dílis don Ríocht Aontaithe.

Sa deireadh d’éirigh leo, ach bhí an toradh i bhfad níos mó in amhras ná mar a bhíothas ag tuar nuair a d’ardaigh Alex Salmond an cheist an chéad lá. Chun a cheart a thabhairt do Cameron léirigh sé arís a chumas ag plé le ceisteanna leochaileacha polaitíochta. Má ghéill sé go leor is fíor gur thug sé an tAontas slán, rud nach mbeadh ar chumas aon duine i measc lucht a cháinte ina pháirtí féin a dhéanamh. Samhlaigh conas mar a bheadh agus duine mar Margaret Thathcher ina príomhaire ina áit.

Chaill Alex Salmond an cluiche polaitiúil seo, ach is amhlaidh go bhfuil éacht déanta aige ó tháinig sé chun cinn i saol polaitiúil na hAlban. Roimh an reifreann seo theastaigh uaidh go mbeadh an tríú ceist ar an bpáipéar ballóide a thabharfadh rogha eile do na vótálaithe. Níor géilleadh é sin dó, ach nuair a b’éigean do Cameron – nuair a chonaic sé treo na gaoithe – a gheallúint go dtabharfaí cumhachtaí breise don bparlaimint i nDún Éideann, níor mhór ná gurbh ionann é agus ceist Salmond a bheith ar an bpáipéar ballóide.

Pé scéal é, tá an saol polaitiúil in Albain athraithe ó bhonn agus, is é is dóichí, sa chuid eile den Ríocht Aontaithe chomh maith. B’iontach an slua a tháinig amach chun vótála agus an spleodar a bhain leis an ócáid ar fad. Pé ní a tharlaíonn, is léir nach é deireadh an scéil é. Beidh lá eile, murab ag Salmond, ag Paorach éigin eile.

Ní raibh gíocs as ár rialtas féin faoin reifreann seo. Conas a bheadh, a déarfar, agus nárbh aon phioc dá gcúram é. An mbeadh sé ag dul thar fóir a mheas gur fearr leo mar a tharla, ar an mbonn, b’fhéidir, gur fearr a oirfeadh neamhspleáchas na hAlban do Shinn Féin. Seans go mb’fhearr le hAontachtaithe nach mbeadh aon reifreann ann, ach go mba é an diúltú rogha an dá dhíogha. Tá leamhsháinn (stalemate) polaitíochta ó thuaidh faoi láthair atá ina ábhar imní dár rialtas féin agus do rialtas na Breataine.

Ag tagairt don leamhsháinn sin sa Tuaisceart, conas nach ndéanfaimis tagairt do bhás Ian Paisley agus go deimhin do bhás an iarthaoisigh Albert Reynolds le déanaí. Ní raibh aon mhíniú ag aon duine, fiú iadsan a raibh sáraithne acu ar Paisley, sa ról débhríoch a bhí aige sa tréimhse fhada a thug sé ag plé le cúrsaí an Tuaiscirt, formhór de ag cothú coimhlinte agus easaontais, agus i ndeireadh thiar mar Chéad-Aire sa Tionól ag comhoibriú le Martin McGuinness mar LeasChéad-Aire. Ní raibh riamh sampla níos fearr de volte-face sa pholaitíocht. Cad a spreag é? Anois ó d’imigh sé tá comhoibriú sa Tionól idir an DUP agus Sinn Féin imithe chun donais, i dtreo nach féidir a bheith cinnte go mbeidh an Tionól féin buan.

Arís i gcás Albert Reynolds ba bheag a bhí aon duine ag súil gurb é siúd an Taoiseach is mó a dhéanfadh gaisce agus a chinnteodh buansíocháin i dTuaisceart Éireann tar éis blianta fada coimhlinte agus trodaíochta. Má ba ghairid a thréimhse mar thaoiseach, níor bheag é an dea-thoradh a bhí air. Mar a dúrthas, tá an tsíocháin ar chuir Paisley agus Reynolds bonn fúithi i mbaol faoi láthair. Ba thubaist é dá gclisfeadh ar oidhrí polaitiúla na beirte an tsíocháin sin a thabhairt slán.

Ag tagairt don tsíocháin anseo in Éirinn ní hann amháin, nó fiú ní hann is mó, atá sí i mbaol. Tá cogaíocht leanúnach ar siúl sa Mheánoirthear leis na blianta, ach go háirithe ó chlis ar an Aontas Sóibhéadach agus gur mhéadaigh dá réir ar chumhacht agus ar thionchar na Stát Aontaithe mar chumhacht mhór dhomhanda. Má ba mheasa é san Afganastáin agus san Iaráic, scaip an chogaíocht diaidh ar ndiaidh go tuaisceart na hAfraice. Tháinig tíortha mar an Éigipt agus Libia i gceist agus malairt riailréime nó ‘regime change’ i gceist. Gan amhras ba é ba chás leis na Meiriceánaigh ná tóir a chur ar dheachtóirí neamhscrupallacha, ach bhí sé le tabhairt faoi deara i gcónaí nár bhaol dóibh sin a bhí báúil le sainleas na Stát Aontaithe.

Níl aon teora leis an scrios agus an t-ár a bhain leis an gcogaíocht seo. Ba mhinic, nó ba ghnáth, gur mheasa staid na dtíortha seo tar éis na cogaíochta ná roimis. Cás ar leith is ea Iosrael, ar ndóigh, agus dlúthcheangal na Meiriceánach leis an tír sin. Is cuma chomh fada a rachaidh na hIosraelaigh, pé acu á gcosaint féin nó ag glacadh seilbhe ar chríocha nach leo ó cheart ná ó thaobh dlí idirnáisiúnta, tá tacaíocht rialtas na Stát Aontaithe d’Iosrael buanseasmhach. Éiríonn an cheist mar sin, an féidir aon síocháin a chruthú idir an tIarthar agus an domhan Ioslamach/ Arabach fad atá sé sin amhlaidh.

——◊——

Mar a dúradh anseo mí ó shin, tá an tAontas Eorpach anois go daingean in aon champa leis na Stáit Aontaithe agus le NATO, naimhde an Aontais Shóibhéadaigh nuair a bhí an Cogadh Fuar faoi lánseol. Anois tá cogaíocht ar ais san Eoraip, san Úcráin, mar a bhfuil achrann idir an rialtas agus áitreabhaigh in oirthear na tíre sin ar de shliocht Rúiseach iad. Cén taobh ag a bhfuil riar an chirt san achrann seo? Bhíodh tuiscint nó teoiric ann tráth i measc na mórchumhachtaí ar a dtugtaí cothromaíocht na cumhachta, nó ‘balance of power’. Thuigfí uaidh sin, maidir lena bhfuil ag tarlú san Úcráin faoi láthair, go mba mhó cás don Rúis staid na tíre sin ná do na Stáit Aontaithe. An bhféadfaí a rá, fiú, sa chomhthéacs sin gur bagairt nó saighdeadh atá ar siúl ag na Stáit agus ag NATO faoi láthair.

Is é an t-ábhar is mó buartha ná go bhfuil an tAontas Eorpach anois go huile i bpáirt leis na Meiriceánaigh agus le NATO i ngach uile choimhlint ina bhfuil siadsan páirteach. Is athrú treo é seo, gan phlé gan díospóireacht. Ní raibh go nuige seo aon cheangal oifigiúil ag an AE le NATO, bíodh go raibh de chead ag ballstáit dhifriúla a bheith páirteach ann. An bhfuil sé sin amhlaidh a thuilleadh?

Arís cá seasann an tír seo faoi láthair i gcás ár bpolasaí traidisiúnta neodrachta, polasaí a thuill aird agus meas dúinn go hidirnáisiúnta tráth den saol. Níl de threoir nó de thuiscint againn maidir leis an gceist sin ach go bhfuil bean aosta sa Ghaillimh, Margaretta D’Arcy, ar bhall d’Aosdána í, atá thart ar cheithre fichid bliain d’aois, agus a chuirtear i bpríosún go rialta toisc go dtógann sí raic in Aerfort na Sionainne nuair a bhíonn eitleáin de chuid aerfhórsa na Stát Aontaithe á n-athbhreoslú ann.

Nach beag aird a tugtar uirthi, pé acu ar na meáin chumarsáide nó i measc pholaiteoirí a bhféadfaí a bheith ag súil le haisfhreagairt éigin uatha. Nach bhféadfaí a bheith ag súil i gcás mar seo go gcloisfí níos mó sa Dáil, nó fiú sa Seanad go háirithe, ó theachtaí agus ó sheanadóirí neamhspleácha, iadsan, go háirithe, a raibh teist an radacachais orthu.

Níorbh ionadh dá mbeadh muintir na tíre seo ag éiri diomúch maidir lenár mballraíocht san Aontas Eorpach. Má ba ábhar míshástachta conas mar a bhí ar ghnáth-cháiníocóirí gach uile euro a bhain le tarrtháil na mbanc a aisíoc ar mhaithe le lucht infheistíochta, nó lucht cearrbhachais, a thabhairt slán, is amhlaidh a chuireann tréigean na neodrachta agus an neamhspleáchais anois leis an diomú.

Feasta, Deireadh Fómhair 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais