Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Duais-scéal Oireachtais le Bríd Dáibhís —◊— Gaon amhras bhí sí stuacach na laethanta sin. Níl a fhios agam cad a bhí cloiste aici faoin bhfiabhras, mar ní raibh fiú nuachtán laethúil ar fáil an tráth úd agus ba iad na daoine féin a scaip pé nuacht a scaipeadh. Cheannaíodh Daid páipéar seachtainiúil agus bhíodh argóintí aige le fir a bhíodh ag fálróid linn san oíche faoi Tim Healy agus John Redmond. Ach níor chuala aon fhocal faoin diftéire ina chuid cainte. Mar sin féin, toisc gurbh ionann íseal agus uasal ag an bhfiabhras, ní bheadh dúthaigh Laoise saor uaidh ach chomh beag le dúthaigh ar bith eile. Pé ar bith é, ní raibh Mam istigh léi féin. Thug sí léasadh teanga don chailín aimsire faoi scalladh na soitheach bainne. ‘Tá bréantas ag baint leis na soithigh sin,’ ar sí go giorraisc. ‘Tá a fhios go maith agam nach mbíonn an t-uisce ar fiuchadh agat. Agus dúirt mé leat fiche uair do chuid gruaige a cheangailt siar.’ Bhí trua agam do Neil mar cheap mé go raibh sí an-chúramach i gcónaí faoi ní na soitheach. ‘Nach tú an leisceoir faillíoch!’ ar sise liomsa ar fhilleadh ó chró na gcearc di lá. Thug sí flíp sa chluais dom agus thaispeáin ubh eile dom a fuair sí. Bhí mé ar tí a rá léi nach raibh an ubh sin beirthe agus mise sa chró, ach bhí eagla orm focal a rá agus an stiúir sin uirthi. Bhí Eibhlín cliste go leor lena seachaint. Toisc nach raibh sí ach sé bliana d’aois, is lú an fhreagracht a bhí uirthi, agus bhí ciall cheannaithe aici mar Eibhlín, mar bhí sí fiáin agus is iomaí greasáil a fuair sí. Chonac í an lá seo ag amharc go fáilí timpeall chró na ngamhna. D’aithin Mam í ón bhfuinneog. ‘Gabh i leith anseo, a Eibhlín, agus faigh scib mhóna in éineacht le Máirín. Cén sórt cailíní sibh nach bhfeicfeadh sibh nach bhfuil fágtha ach na caoráin. Greadaigí libh, a óinseacha gan aird!’ Le linn an ama seo go léir ní raibh tada cearr le Seosaí beag. Bhíodh sé linn chuile áit. Ba bhreá leis gluaiseacht an tsrutháin, go háirithe nuair a bhíodh na lachain ann; nó nuair a chaitheadh Eibhlín clocha isteach ann. Chuireadh na steallóga gliondar air agus chloisfeá racht gáire as. Théimis síos chun an tobair cois na habhann chun an breac a fheiceáil — ar éigean go bhfaca sé an breac riamh, mar níor éirigh linn é a choimeád ciúin go leor — agus téimis go dtí an páircín dá mbeadh Daid ag obair ann. ——◊——
Maidin Domhnaigh amháin, áfach, tar éis dúinn filleadh ón Aifreann, bhí Neilí ag ullmhú chun dul ar an dara hAifreann nuair a thosnaigh Mam á comhairliú.
‘Féach chuige, a Neilí, nach mbíonn tú i gcaidreamh le duine ar bith ó Ghleann Leathan. Tá an diftéire sa cheantar sin.’
Chuir Neilí pus uirthi féin, mar bhí a haintín agus go leor col ceathracha aici ansiúd.
‘Cé a dúirt go raibh an diftéire sa Ghleann?’ ar sí.
‘Tá clann Sheáin Uí Dhuinn leagtha leis. Ní scéal scéil é ar aon chor. Chonac bean Sheáin ag teacht ón altóir ar maidin agus bheadh trua agat don chréatúr.’
Níor labhair Neil focal ach bhrostaigh an doras amach.
Bhí fhios agam go raibh Daid míshásta leis an dearcadh ró-imníoch seo ag Mam. Bhain sé an carbhat de agus thug domsa lena chrochadh sa seomra.
‘Cad é an scéal Fiannaíochta sin agat faoin diftéire, a Mháire, ar sé go stuama, ‘nó cé leis a raibh tú ag caint ag an séipéal?
‘Ní finscéal ar bith é. Bean Sheáin Rua a d’inis dom é agus ní haon bhean ráflach ise.’
‘Ach bhí tú ag iarraidh Neilí a dheighilt óna muintir. Cad is féidir léi a dhéanamh má bhíonn siad san aon bhinse léi?’
‘Cad is féidir linne a dhéanamh má thugann sí an fiabhras ar ais anseo léi? Sin í an cheist, a Dhonncha Uí Chonaire. An bhfuil freagra agatsa?’
Agus chuaigh sí go fuadrach i mbun an tae. Chuir mise fíoruisce sna mugaí móra, agus i mo cheann féin, ó bhíomar triúr ag an Altóir. Bhí sé de nós againn gan bia a bhlaiseadh díreach tar éis comaoineach.
‘Brostaigh oraibhse beirt agus bainigí díbh na gúnaí maithe sin,’ arsa Mam linn, ‘agus déansa, a Mháirín, buidéal a réiteach do Sheosaí. Beidh sé ina dhúiseacht nóiméad ar bith anois.’
Shuíomar síos chun boird. Bhí arán geal againn i gcónaí maidin Domhnaigh agus subh chomh maith. Bhíodh ispíní ag na daoine fásta. Ní raibh mórán comhrá le linn an bhéile mar bhí smúid ar Mham. Thug Daid blúire d’ispín domsa agus d’Eibhlín. D’iarr Eibhlín bolgam tae air agus fuair sí é. Ní raibh aon suim agamsa ann. Bainne is mó a d’óladh páistí an uair sin.
——◊——
San iarnóin bhí garanna beaga le déanamh againn. Chruinníomar na huibheacha agus chuireamar uisce glan sa dabhach don lao tinn. Bhí dinnéar agus bainne le tabhairt chuig Miní Guch. Bhí Miní bacach agus chónaigh sí i dtigín dorcha le cait agus piscíní. Ní théadh Eibhlín isteach ann riamh mar gheall ar an mboladh. Bhíodh ormsa suí síos léi. Theangmhaíodh Bailgéire le mo rúitíní agus gach aon chrónán uaidh.
‘Bhfuil ocras ort, a Bhailgéire?’ a deireadh Miní.
‘Athá, mhuise,’ a deireadh an cat! Bhíodh cúpla milseán aici dom agus mé ag imeacht.
Iar bhfilleadh dúinn, bhí Daid ina chodladh sa chathaoir trí chos. Nuair a dhúisigh sé chuaigh sé amach ag breathnú ar an stoc agus Leairí ag tafann ina dhiaidh. Tháinig Bean Uí Mhaoileoin ar cuairt chuig Mam. Bhí an Timire aici di agus bhí cúpla sean-nuachtán ag Mam dise. Tháinig sí ó íochtar an pháróiste agus bhíodh an saol mór le cardáil aici. Bhí Seosaí ina shámhchodladh sa chliabhán agus chrom Bean Uí Mhaoileoin á bhreathnú le haoibhneas.
‘Mhaise, nach é an t-aingeal críochnaithe atá agat ansin, a Mháire. Cad is aois dó anois?’
‘Beidh an dá bhliain slán aige teacht na Féile Mhuire Mhór,’ arsa Mam, ‘go dtuga Dia saol is sláinte dó; is breá an gasúr é,’ agus ghearr sí fíor na Croise uirthi féin.
Díbríodh an bheirt againne as an gcistin agus tugadh cead dúinn dul ag súgradh leis na Rianaigh trasna na habhann.
Má bhí Mam buartha ag comhrá na mban ag an séipéal, bhí sí thar bharr a céile faoin am go raibh tae ólta ag Bean Uí Mhaoileoin agus cúrsaí sa pharóiste cíortha aici. Ní raibh Daid ann le dreach na céille a chur ar an seanchas. Tar éis dó breathnú ar na beithígh chuaigh sé go dtí an cheárta chun an páipéar a léamh do na comharsana go dtí am bleáin. Bhí drochscéalta ag Neilí chomh maith nuair a tháinig sí ar ais um thráthnóna, agus nuair a chualamar go mbeadh an scoil scortha go luath do shaoire an tsamhraidh bhí fhios againn go raibh an fiabhras tagtha chun cinn dáiríre.
Tar éis an tsuipéir dúirt Daid an paidrín agus chuamar a luí.
——◊——
I gcaitheamh na hoíche dhúisigh mé mar mhothaigh mé teannas agus míchompord i mo scornach. Fuair Eibhlín deoch uisce dom ach ghortaigh sé mo scornach á shlogadh. Ní raibh feabhas orm ar maidin ach d’éirigh mé. D’airigh Mam nár ith mé tada don bhricfeasta agus d’fhiafraigh sí díom cén fáth. Labhair Eibhlín ar mo shon ach chuir Mam inár leith go rabhamar ag lapadaíl sa sruthán agus nár thriomaíomar ár gcosa i gceart. Shéan Eibhlín é. Ní raibh aon chroí agamsa focal a rá. Chuir Mam orm mo scornach a ghargláil le salann agus uisce, ach ní dhearna sí scéal mór de mo thinneas ag an bpointe sin. Ag an am céanna thosaigh sí ag gabháilt do Dhaid faoi strainséirí a bheith ag teacht chun na feirme.
‘Caithfidh mé na seanphrátaí a dhíol,’ arsa Daid. ‘Bhfuil tú ag iarraidh orm dul timpeall á mangaireacht?’
Ag an nóiméad sin chualathas búiríl an tairbh, mar bhí sé sa chlos le bó faoi dháir.
‘Agus na daoine úd as gach cearn atá ag teacht chuig an tarbh.’ Thosaigh Mam arís: ‘Nár chuala tú faoin gclann úd thuas i nGleann Leathan? Tá triúr acu buailte leis.’
‘Chuala, chuala cinnte, ach is fada Gleann Leathan ón áit seo.’
‘Agus cailleadh tachrán dhá bhliain d’aois i mBróglach, beagnach ar aon aois le Seosaí beag seo againne. Agus bhí fear anseo ar maidin ó Chamoighre atá láimh le Bróglach.’
‘Á, bleaist, a bhean, beir ar do chiall,’ arsa Daid go feargach. ‘Cad is féidir liomsa a dhéanamh le bó faoi dháir?’
‘Ní gá dhuit a ligint isteach; tá sé ró-chontúirteach agus an fiabhras forleathan mar atá.’
‘Agus cad a déarfá leis an tarbh, a bhean chóir – trí ‘Shé do Bheatha’ a rá? Bhí Neilí ag cur caoi ar ghruaig Eibhlín. Scairt sí amach ag gáire. Phléasc Mam le fraoch a himdheirgthe.
‘Mo sheacht náire tú a leithéid d’easurraime os comhair na bpáistí,’ ar sí de scréach. ‘Agus b’fhearr duitse a bheith i mbun do ghnótha, a Neilí Ní Ráinne. Gabh amach as mo radharc, a scigire mhímhúinte, mar tá an teach seo rómhaith duit.’
Chuaigh Neilí amach.
Ag tiontó arís ar Dhaid: ‘Ní haon chúis gháire bás mo linbh agus do linbhse, a Dhonncha Uí Chonaire.’
D’éirigh Daid ón mbord gan a chuid a chríochnú, bhuail air a hata agus thug aghaidh ar an gclós.
——◊——
Idir an dá linn is ag dul in olcas a bhí mise. Bhí Mam róthógtha chun mo chás a thabhairt faoi deara. D’fhan mé cois na tine nuair a rith Eibhlín amach sa chlós. Bheadh sí i bhfolach áit éigin mar bhagródh Daid isteach í dá bhfeicfeadh sé í. I gceann achair d’éalaigh Neilí isteach agus gabháil chipíní ina haprún aici. Bhí Mam bailithe chun an tseomra.
D’fhéach Neilí go géar ormsa. ‘Ní maith liom an chuma atá ortsa, a chailín,’ ar sise. ‘Tá súil agam nach é an galar atá ort. Téigh ar ais chun na leapa agus béarfaidh mé deoch chugat i gceann tamaillín.’
Ní raibh goile agam do bhia ar bith. Fuair Eibhlín toisín de mhilseáin ón bhfear sa chlós. Cheap an créatur go dtógfaí mo chroí le ceann acu, ach b’éigean dom a dhiúltú. Bhí mo scornach scallta agus anois bhí tinneas cinn millteanach orm. Ar chaoi éigin deineadh síocháin idir Mam aguis Neilí, mar chuala ag caint iad sula dtáinig Mam chugam le meadhg agus Seosaí ag sodar ina diaidh. Bhí dreach bhuartha uirthi agus bhí sí thar a bheith cneasta liom. Rinne sí féin agus Neilí friotháil thar na bearta orm. Gach uair dá mbíodh an doras ar oscailt thagadh Seosaí isteach chugam. Tógáil croí dom ba ea é a fheiceáil.
Bhuaileadh sé colbha na leapa agus deireadh sé, ‘Má!’ mar ní fhéadfadh sé ‘Máirín’ a rá fós.
D’ardaigh an fiabhras orm agus bhí mé cloíte go leor. Faoin am seo ní raibh aon bhall slán i mo chorp. Cuireadh fios ar an dochtúir. Rinne seisean mo chuisle a fhéachaint agus bhreathnaigh sé ar mo scornach. Dúirt sé go raibh screamh uirthi; scríobh sé ina leabhar agus dhearbhaigh sé go raibh an diftéire orm! Thug sé rabhadh dóibh chomh maith a chontúirtí is a bheadh sé dá dtiocfadh an fiabhras ar an leanbh.
Go deimhin fíoraíodh scanrúlacht Mhaime agus ní raibh an dara focal as Daid ná magadh faoi Chití Uí Mhaoileoin agus a cuid scéalta uafáis. Níor ligeadh Seosaí ná Eibhlín isteach chugam níos mó ach chloisinn iad ag spraoi amuigh ag dabhach an chaidéil, nó nuair a thiteadh Seosaí chloisinn é ag caoineadh. Ní raibh tada agam leis an gcian a thógáil díom. Bhí Eibhlín bhocht creachta ar fad gan mo chomhluadar agus bhí uirthi codladh i seomra Neilí.
Tháinig an lá nár chuala mé gíog ná míog as Seosaí amuigh ná istigh, agus ní bhfuair mé freagra sásúil nuair a chuir mé ceist: thíos ag an sruthán le hEibhlín, nó amuigh sa pháircín le Daid agus mar sin de.
Tháinig an dochtúir chugamsa arís gan choinne agam leis. Bhí roinnt mhaith cainte sa chistin sular shiúil sé isteach orm. Labhair sé os íseal le Mam tar éis dó mo scornach a scrúdú. D’imigh siad. Bhí mé ag súil le faoiseamh uaidh ach ní bhfuair! Bhí mé cráite gan amhras.
Bhí an-chuid cainte sa chistin agus chuala mé caoineadh tréithlag ó Sheosaí agus bhí Mam á shuaimhniú. Ansin chuala mé cosa capaill agus carr an dochtúra ag imeacht.
Tar éis an tsuipéir d’éalaigh Eibhlín isteach chugam agus réal aici a fuair sí ón dochtúir. ‘Tá Seosaí an-tinn,’ a deir sí. ‘Meas tú go bhfaighe sé bás?’ agus scinn sí ar nós na gaoithe amach an doras arís ar eagla go bhfeicfí í. I lár mo phéine chuir sí fonn gáire orm, ach ansan chuaigh a cuid cainte i bhfeidhm orm: Seosaí an-tinn; Seosaí d’fháil bháis! Bhris an gol orm láithreach. Bhí mé ag smeacharnaigh nuair a tháinig Neilí le deoch chugam.
‘Cé thug an t-eolas sin duit,’ ar sí. ‘An amhlaidh go raibh an t-óinsín sin istigh anseo. Fan go leagfaidh mise lámh uirthi, an ghibideog bhéalscaoilte!’
Ar ais léi chun na cistine. Déarfainn go raibh Eibhlín éalaithe ach chuala Neilí ag tabhairt íde béil di sa chlós. Tháinig Mam isteach ag iarraidh sólás a thabhairt dom.
‘Seo, seo,’ a deir sí, ‘beidh sé ceart go leor i gceann cúpla lá, a thaisce.’
Dhírigh sí aniar sa leaba mé agus thriomaigh mo chláréadan. Chuala Daid go raibh mé imníoch agus tháinig sé chugam. Rinne sé iarracht croí a thabhairt dom agus tháinig aoibh orm trí mo dheora.
‘Ná bí buartha, a mhuirnín; ní fada go mbeidh sé ar a bhoinn arís agus beidh tú féin agus Eibhlín á thabhairt amach chun an tsrutháin. Nach mbeidh, a stóirín’, agus thug sé póg dom.
Baineadh geit as le teas mo chláréadain mar bhí mé ag bárcadh allais ag an am. Dhruid sé siar mo ghlib agus thriomaigh sé mé le coirnéal mo bhráillín. Ansan chaoch sé súil orm agus d’fhill ar an gcistin. Chuala tuilleadh cainte.
——◊——
Níor chuaigh néall orm an oíche sin, an teas is an t-allas do mo chosc, mé ag iomlasc gan staonadh agus, a Dhia, an scornach millteanach! Bhí Neilí isteach is amach chugam le deochanna meidhg agus le tuáillí glana do mo thriomú. Mhalartaigh sí mo ghúna oíche freisin. D’fhiafraigh mé di cén fáth go raibh siad uilig ina suí chomh déanach san. Chuir mé tuairisc an linbh.
‘Tá Seosaí go sona sásta,’ ar sí. ‘Feicfidh tú é amárach má bhíonn tú láidir go leor.’
Leis sin thit an codladh orm, ach ba é an codladh corrach é agus bhí mé ag rámhailligh. Bhí sé mar a bheadh tromluí orm. Bhí Mam taobh liom ag cur éadaí fuara taise ar m’éadan. Sa deireadh thit mé i dtoirchim suain. Bhí sé ina lá nuair a dhúisigh mé agus bhí Daid le mo thaobh. Tháinig aoibh air nuair a d’oscail mé mo shúile.
‘A leanbh mo chroí,’ ar sé ag tabhairt barróige dom, ‘cén chaoi a bhfuil tú inniu? Buíochas mór le Dia go bhfuil an taom sin curtha díot agat. Bhí eagla orainn go raibh tú ag imeacht uainn, a thaisce.’
Bhrostaigh Mam isteach nuair a chuala sí an chaint.
‘Ó, glóir do Dhia go bhfuil mo stóirín slán.’ D’ardaigh sí mé agus chuir sí piliúr breise faoi mo ghuaillí. ‘M’anam go bhfuil feabhas beag uirthi, glóir do Dhia ar a shon.’
‘Sílim go bhfuil sí thart an coradh,’ arsa Daid.
——◊——
Nuair a bhí mé nite agus éadaí úra orm, tugadh bainne bogthe agus glóthach dom. Bhí meas ar leith agam ar an nglóthach – ba é taitneamh na nuachta dom é. Bhí áthas orm go raibh mé in ann é shlogadh gan mo scornach a ghortú.
‘Bhí tú ag rámhailligh, a chroí,’ arsa Neil, ‘ag rá go raibh Seosaí tite san abhainn; ach feicfidh tú anois é. Tá sé ina chodladh, an peata.’
Leis sin tháinig Mam isteach agus pluid aici. Rinne sí mé a chuachadh inti agus d’iompair síos chun na cistine mé. B’iontach dom a bheith as an leaba, ach nuair a chonac Seosaí feistithe in éadaí bána agus an cuntanós ainglí air tháinig mothúchán osnádúrtha orm, cé nach raibh an focal sin agam ag an am.
‘Ná bain leis, a Mháirín,’ arsa Mam, agus í do mo leagadh síos ar chathaoir taobh leis an gcliabhán, ‘tá sé ina chodladh.’
Níor ghá di a rá, mar ní bhogfainn méar leis an aisling úd a bhriseadh: an cliabhán cóirithe le brat bán, an bláthfhleasc de bhláthanna ar ghile an tsneachta na haon oíche ag a bhun agus an meangadh meidhreach ar bhéal an linbh, ní fhéadfainn ach suí ag diúl an aoibhnis. Dar liom go raibh an ceart ag Mam nuair a dúirt sí linn go minic go bhfeiceann páistí a nAingil Choimhdeachta ina suan dóibh. Tháinig Eibhlín in aice liom.
‘Bean Uí Fhaoláin a thug na bláthanna dó,’ ar sí. ‘Ise a chuir an gúna bán air freisin agus níor dhúisigh sé i rith an ama. Cuireadh ag cruinniú cipíní mé nuair a tháinig Bean Uí Fhaoláin isteach, ach chonaic mé an t-iomlán trid an bhfuinneog.’
Lean Eibhlín ag cogarnaíl. Dúirt sí rudaí go leor a d’fhan ina gcíorthuathail i m’aigne agus nach ndearna mé a meá in aon chor. Bhí mé fós faoi dhraíochtnuair a tugadh ar ais chun na leapa mé, cé go mba leasc liom bogadh. Ach dúradh liom go bhfaighinn slaghdán dá bhfainfainn i mo shuí. Fad a bhí díomá ormsa, bhí sceitimíní ar Eibhlín, mar tugadh seans di dul go dtí an portach le Pead Ó hÉanaí fá choinne lasta móna. Ní raibh sé de neart ionam a bheith éadmhar, agus ar shlí bhí áthas orm an laincis a bheith bainte d’Eibhlín bhocht. Chodail mé go sámh agus na ba ag teacht isteach nuair a dhúisigh mé.
——◊——
Tháinig biseach orm i dtráth agus bhínn i mo shuí gach lá. Ach bhí Seosaí ar iarraidh. Bhí sé faoi chúram Aint Nain go mbeadh biseach ceart ormsa. Bhí sise ina cónaí ar shleasa an tsléibhe mar a raibh an t-aer níos folláine; ach bheadh sé ar ais chugainn go luath. B’fhada liom a theacht.
Bhínn ag siúl timpeall chlós na feirme Bhí an searrach fásta chomh mór faoin am seo agus bhí cleití bána ar na sicíní. Lá amháin bhí mé ag gabháil an aicearra chun na habhann tar éis dinnéir. Bhí chuile ní ciúin, mar bhí na fir bailithe ar ais go dtí an mhóinéar agus bhí Eibhlín in éineacht leo. Bhí Neilí ag ní na ngréithe ina ndiaidh. Bhí mé ag spaisteoireacht liom thar chró na mbó agus i dtreo bhuaile na ngamhan. Díreach tar éis dom an coirnéal a chasadh chonaic mé Mam. Bhí sí ina suí ar sheanbhairille agus í ag caoineadh go fras. Nocht an fhírinne í féin chugam láithreach bonn. Rith mé chuici agus thóg sí ina baclainn mé.
‘Seosaí, an ea, tá sé marbh?’ a dúirt mé.
Chlaon sí a ceann agus lean uirthi ag smeacharnaigh an méid a bhí inti. Bhí na deora ag sileadh uaimse faoin am seo, ach mar sin féin rinne mé iarracht sólás a thabhairt do Mham.
‘Má iarraimid ar Dhia nach dtabharfaidh sé báb eile dúinn?’
‘B’fhéidir go dtabharfaidh,’ ar sí, de ghlor íseal. ‘B’fhéidir go dtabharfaidh, a ghrá.’
Feasta, Feabhra 2014 |