Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Fachtóir X i logainmneacha

le hArt Ó Maolfabhail



Cad as don fhachtóir X seo? Is litir é ‘x’ nach bhfuil mórán samplaí ann de i litriú Béarla logainmneacha na hÉireann? Conas is cóir é a fhuaimniú?
Ní minic inniu a chloistear sa Bhéarla an abairt ‘Counties Leix and Offaly’. Le cuimhne daoine, ámh, bhíodh sé le cloisint minic go leor. Tuigtear anois gurb é ‘Counties Laois and Offaly’ is cóir a rá. Ach maireann an fhuaim aisteach sin ‘lícs’ beo beathach sa chontae i gcónaí in ainm an bhaile Mainistir Laoise / Abbeyleix. Agus ní fada uaidh sin atá Léim an Bhradáin / Leixlip i gContae Chill Dara. Cad as don fhachtóir X seo? Is litir é ‘x’ nach bhfuil mórán samplaí ann de i litriú Béarla logainmneacha na hÉireann? Conas is cóir é a fhuaimniú?

Ainneoin na cosúlachta sa litriú Béarla idir Abbeyleix agus Leixlip dhá bhunús éagsúla ar fad atá leo. Ainm Lochlainnise é Leixlip ina bhfuil an focal lax a chiallaíonn ‘bradán‘ agus an focal hlaup a chiallaíonn ‘léim’. Mar sin is ionann an chiall atá leis an bhfoirm Ghaeilge. Tá an fhoirm Bhéarla tagtha go díreach ón ainm Lochlainnise.

Cás éagsúil ar fad é Loch Garman / Wexford a scríobhtaí tráth sa Bhéarla Weisford agus Weysford. Is ionann an weis / weys agus an mhír wash atá san ainm The Wash i Norfolk Shasana a chiallaíonn talamh láibe a nochtaítear nuair a thránn taoide na farraige, mar a tharlaíonn i gcuan (fjord) leathan Loch Garman.

I gcás ‘Leix’ agus ‘Wexford’ úsáideadh an litir ‘x’ chun fuaim ‘s’ de chineál éigin a chur in iúl. Is amhlaidh a bhaineann an ‘x’ le coinvinsiún scríofa teangacha ina ndearnadh mórán den obair léarscáilíochta cúig chéad bliain ó shin – an Phortaingéilis, an Spáinnis, an Chatalóinis. Tá go leor samplaí ann den ‘x’ sin i logainmneacha aitheanta.

Athrú fuaimnithe

Is cóir a chur san áireamh go dtéann athrú nádúrtha ar fhuaimniú teanga sa chaint in imeacht na gcéadta bliain. Ach is fíor, chomh maith, go mbíonn tionchar mór ag an bhfocal scríofa, agus go háirithe ag an bhfocal clóite, ar an bhfuaimniú. Go sonrach, is fíor é i gcás ainmneacha geografacha agus ainmneacha dílse eile. Roimh theacht na léitheoireachta coitianta is trid an gcluas, is é sin, trí aithris ar chaint duine eile a d’fhaightí an fhuaim. Le léitheoireacht, ámh, tríd an tsúil, is féidir le duine ar bith tabhairt faoi fhuaimniú ainm nach bhfuil cloiste aige. Scrúdaímis roinnt ainmneacha aitheanta.

Tosaímis le An Bhruiséil (Brussel / Bruxelles), príomhchathair na Beilge agus croí-lár an Aontais Eorpaigh. Timpeall míle bliain ó shin is é leithéid Broeksel an litriú a bhí ar an ainm sa bhunDúitsis. De réir a chéile tháinig maolú sa Dúitsis ar an bhfuaim ‘ks’ agus rinne ‘s’ de, rud a fhágann gurb é Brussel an litriú gnách anois. Sa bhFraincis is é Bruxelles an litriú agus is é ‘s’ an fhuaim atá leis an ‘x’ in Bruxelles. Ní fhuaimnítear an ‘s’ i ndeireadh an ainm.

Tá baile Morlaix ar chósta thuaidh Bhriotáin na Fraince. De réir nós na Fraincise caighdeánta, Fraincis Pháras, ní fhuaimnítear ‘x’ i ndeireadh focail agus mar sin ní fhuaimnítear an ‘x’ i Morlaix. Foirm Fhraincise is ea Morlaix den ainm Montroulez ar fhoirm Bhriotáinise é den bhunainm Laidne Montem Relaxum (‘cnoc scaoilte’). Fuaimnítear an ‘z’ sa Bhriotáinis. Tá fianaise Ghaeilge ann ón 17ú haois ar fhuaimniú an ainm sin. Chaith Pádraigín Haicéad (1604-1654), sagart Doiminiceánach ó Chontae Thiobraid Árann, seal ar an mbaile sin agus is é Mórlios a thug sé i scríbhinn air amhail agus gurb ainm Gaeilge é. Fianaise mhaith é Mórlios ar an bhfuaimniú san áit agus is léir gurbh ionann luach do ‘z’, do ‘x’ agus do ‘s’ sna foirmeacha éagsúla tráth.

Bordeaux

Ní fhuaimnítear an ‘x’ ag deireadh ainm chathair mhór Bordeaux na Fraince ach sa Spáinnis is é Burdeos an fhoirm thraidisiúnta scríofa agus an ‘s’ le cloisint go soiléir. Cathair Fhrancach eile a bhfuil ‘x’ ina dheireadh is ea Aix-en-Provence i bhfíordheisceart na tíre gar don Mheánmhuir. Sa chás seo fuaimnítear an ‘x’ i ndeireadh an fhocail mar ‘cs’ na Gaeilge sa chaint chaighdeánach, de bhrí go bhfuil guta ag teacht go díreach i ndiaidh an ‘x’. I gcanúint thraidisiúnta an réigiúin, ámh, san Ocsatáinis, is é Ais de Provença an fhoirm agus an fhuaim ‘z’ mar a bhfuil fuaim ‘cs’ sa teanga chaighdeánach.

Is léir go bhfuil ‘s’ i bhfolach faoi ‘x’ in áiteanna atá i bhfad ó chéile. Sampla maith eile is ea an baile clúiteach i ndeisceart na Spáinne — Jerez de la Frontera (a mbíodh Xerez air roimhe seo) a thug a ainm don bhfíon seiris ar a dtugtar sherry sa Bhéarla. Sampla eile den chineál seo is ea an t-ainm Don Quixote arbh é ‘s’ caol na Gaeilge mar atá i Laois fuaimniú an ‘x’ ann tráth a scríobhadh an t-uirscéal clúiteach ag tús an 17ú haois.

Mar sin, tugtar ar ais sa Bhéarla fuaimniú Weshford agus Abbeyleish mar a bhí ar intinn leis an litriú. Coinnítear an ‘cs’ i Leixlip mar a bhí ar intinn leis an litriú sin.

Feasta, Feabhra 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais