Dánta
le Claire Lyons agus le hArt Ó Maolfabhail
Feallaire
le Claire Lyons
Cá raibh tú
nuair a chrith an leaba fúm le teann eagla is allais,
nuair a d’imigh m’intinn ar sciatháin
mar nach bhféadfadh fanacht a thuilleadh
i ndomhan imithe craiceáilte?
Gliúcach ag stanadh trí fhuinneog bheag
i ndoras mo chillín
le solas tóirse
ag fiafraí ar chuir mé lámh i mo bhás féin
leis an gcrios a d’fhág siad liom
i ngan fhios, nó i bhfios.
Mé ag caitheamh aníos mo bholg ina aiseag,
ach bhí tú ró-fhada uaim
leis an domlas a bhreith aníos
a d’fhág tú ionam,
Tú ar do thóin i mbeár gallda
ag caitheamh siar pionta portair.
Caith do bhruscar áit eile,
tá an t-áitreabh seo dúnta –
glanta suas – athlonnaithe.
Amhrán gharlach Bhaile Átha Cliath
le hArt Ó Maolfabhail
I 1913
thairg bean tláithíneach
bróga agus bríste dom
agus bia cóir –
bean i Sasana
ag lorg m’anama,
adharca fada uirthi
agus eireaball sróil.
I 1914
thug fear deacair dom
gunna agus beaignit dom
agus ard-onóir –
fear i Sasana
ar son m’anacail,
bhí boladh balsaim air
agus coróin óir.
Feasta, Feabhra 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo