Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Seo an ceathrú mí againn as a chéile ag plé cás an Choimisinéara Teanga, a mhíshásamh leis an státchóras, agus i ndeireadh thiar a ráiteas ag cruinniú den Choiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha go raibh sé ag éirí as oifig. Is leor linn mar mhíniú gur dóigh linn go mbaineann tromchúis ar leith leis an scéal, agus nach bhfuil amhras orainn ná gur cor cinniúnach atá i gceist sa chaidreamh idir phobal na Gaeilge agus an Stát.
Ní féidir ach a chuid focal féin a úsáid agus é ag cur críoch lena aitheasc: ‘Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Choimisinéir Teanga oiread ísle brí agus lagmhisnigh. D’ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí; ní bheidh sé furasta í thabhairt ar ais go háit níos lárnaí.’
Ba dheacair cuimhneamh ar ócáid inar deineadh cáineadh poiblí ag leibhéal chomh hard ar lucht rialaithe maidir lena gcur chuige i gcás na Gaeilge. Ba léir leis gur ghoill an cur i gcéill i gcás rialtais éagsúla, leis ‘na scórtha bliain’ mar a dúirt sé, ar an gCoimisinéir ach mar bharr air sin nach raibh dóchas aige go raibh a mhalairt ar siúl anois. Conas a d’fhéadfadh sé fanacht in oifig, má chreid sé nach raibh an rialtas i ndáiríre faoi pholasaí ar sheas gach uile pháirtí leis ó bunaíodh an stát?
Má glactar leis go bhfuil tromchúis ar leith don Ghaeilge ag baint le héirí as oifig an Choimisinéara agus impleachtaí fadtréimhseacha ann i gcás na teanga, conas is féidir a chur ina luí ar bhaill an rialtais go bhfuil mórdhochar déanta, agus go bhfuil sé riachtanach dul i mbun tarrthála maidir le hinchreidteacht ráitis tacaíochta a thagann go rialta ó na baill sin? Ní cúnamh ach a mhalairt ráiteas tarcaisneach an aire stáit Gaeltachta go raibh sé buíoch don Choimisinéir as an tseirbhís a bhí tugtha aige agus go líonfaí an post a luaithe a b’fhéidir. Is fiú a nótáil go bhfuil an próiseas athcheaptha curtha sa tsiúl cheana féin.
Is ócáid í seo nár mhiste go ndéanfaí teagmháil le hairí rialtais agus go deimhin leis an Taoiseach féin, agus níor mhiste leis go mbeadh díospóireacht sa Dáil agus leis an gcoiste Oireachtais a bhfuil an Ghaeilge mar chúram air. Nach minic luaite ár muinín i ndea-thoil airí agus an Taoisigh maidir leis an nGaeilge. Agus cuirimis in iúl dóibh, má bhíomar somheallta agus róshaonta san am atá thart, nach mbeimid amhlaidh feasta.
I ndeireadh scéil níl anseo ach tuairim amháin. Gan amhras b’fhearr go mbeadh réimse níos leithne tuairimíochta ar fáil le plé agus le meas. Mar a deirtear, ní neart go cur le chéile.
|