Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Uisce, Dísfhostaíocht & Clogad an Laochais
le Seán Ó Loingsigh


Is é is cosúla nach chun feabhas a chur ar ár gcóras uisce atá an t-airgead á chaitheamh, ach chun teacht níos éasca ar pé airgead a bheidh ar fáil mar thoradh ar na táillí uisce.

****************

Thuas seal agus thíos seal, mar a deirtear. Is nath é a oireann go beacht do shaol guaiseach na polaitíochta agus é léirithe arís dúinn leis an rírá faoi Uisce Éireann. Le cúpla mí anuas bhíomar ag tagairt do ghairdeas lucht rialtais ag maíomh a ngaisce agus iad ag athghabáil ár bhflaithiúnas eacnamaíoch. Anois, gan choinne, is port eile ar fad atá againn.

Is rídheacair cás réasúnta a dhéanamh don tsuim ollmhór atá á chaitheamh i dtráth seo na práinne eacnamaíoch ar ‘chomhairleoirí’ éagsúla ag an gcomhlacht nua seo, agus san am céanna caiteachas poiblí á ghearradh i ngach uile threo. Is é is cosúla nach chun feabhas a chur ar ár gcóras uisce atá an t-airgead á chaitheamh, ach chun teacht níos éasca ar pé airgead a bheidh ar fáil mar thoradh ar na táillí uisce.

Níl aon cheist, chomh fada le m’eolas, ach go raibh na húdaráis áitiúla ag déanamh a gcúram go héifeachtach, nó an mbeidh córas uisce pioc níos fearr againn de thoradh an athraithe? Go deimhin, is é is dóichí gurb amhlaidh a chuirfear go mór leis an tsuim úd de chaoga nó ochtú milliún atá luaite. Ach is ceist thábhachtach an cúngú leanúnach atá á dhéanamh ar réimsí oibre a bhí i gcúram na n-údarás áitiúil riamh anall. Céard a bheidh le déanamh acu?

Ní haon ní as an ngnáth tuaiplisí sa saol polaitiúil, na ‘events’ úd a scanraigh Harold Macmillan, iarphríomhaire na Breataine tráth, agus a tharlaíonn nuair is lú coinne leo. Fágadh Phil Hogan, an fear bocht, ina aonar i mbéal na doininne, cé nár dhócha gurb é ba chúis lenar tharla. Ní chuireann conspóidí den chineál seo le compord an rialtais agus sinn ag druidim le toghcháin áitiúla agus toghchán an Aontais Eorpaigh.

Bhí an míchompord follasach agus an Tánaiste ag freagairt ceisteanna sa Dáil le déanaí faoin gcostas a bhain le bunú Uisce Éireann. Tá sé thar am d’urlabhraithe ar son an rialtais éirí as an nós, nuair a bheireann dian orthu agus ceist éigin achrannach faoina mbráid, a bpeacaí iomadúla a chasadh le Fianna Fáil agus iadsan in oifig. Tá cuimhne mhaith againn ar na peacaí céanna agus b’fhearr go mór d’aon urlabhraí iarracht dháiríre a dhéanamh ar an gceist a fhreagairt.

Tá cineál cainte a bhfuil polaiteoirí an-tugtha dó, agus ní dóigh liom go bhfuil focal ceart cruinn againn sa Ghaelainn dó. Is meascán den bhladhmann agus den áibhéil agus den chur ó dhoras atá i gceist, ach ní hiad sin go díreach atá ann, agus is féidir gurb é an focal Béarla ‘spoofing’ is fearr a mhíníonn é. Fanfaimid le ‘spúfaeireacht’ go gcloisimid a mhalairt. Níl aon teorainn lena mbíonn de ar bun ag polaiteoirí, pé acu i rialtas dóibh nó sa bhfreasúra, ach gan amhras is iad lucht rialtais is mó a bhíonn ag brath air agus a bhaineann úsáid as.
——◊——

Ní raibh rialtas riamh ann nár chuaigh i muinín na spúfaeireachta seo, agus ní taise é dóibh sin atá ann faoi láthair. Bhí go leor de ar siúl le tamall anuas, pé an ag déanamh gaisce é, nó ag déanamh leithscéil. Mar a dúradh, thuas seal agus thíos seal.

Tá gné eile de gur fiú tagairt dó. Tharla dom dhá oíche a chaitheamh in óstán in aice Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh na Nollag. Óstán seanbhunaithe atá ann, agus mura bhfuil an gradam céanna ag gabháil leis a bhí tráth den saol, fós tá dea-theist air. Go deimhin ba dheacair locht a fháil air. Ach bhain sé geit asam nárbh eol dom oiread agus duine amháin ar an bhfoireann oibre ag aon leibhéal a bhféadfaí a rá gur dúchasach de chuid na tíre seo í nó é. Is é an scála a chuir ionadh orm, mar is fada sinn i dtaithí ar oibrithe ón iasacht. Creidim gur fearrde an tír iad a bheith inár measc, agus ba náireach an rud go mbeadh leithcheal d’aon chineál i gceist maidir leis na daoine maithe seo. Bhí gach uile dhuine acu ar fheabhas.

Ach is eol do chách an gliogar agus an rírá a bhíonn ann faoin imirce, go háirithe i measc polaiteoirí agus tráchtairí. D’fhéadfaí a bheith crua-chroíoch agus a fhiafraí cén dochar a dheineann sé má tá oiread daoine ag teacht isteach agus atá ag imeacht. Is maith is eol dúinn go bhfuil níos mó ná sin i gceist, agus is eol dúinn agus do na polaiteoirí agus na tráchtairí go gcreidtear go coitianta go bhfuil na hoibrithe ón iasacht ag obair ar rátaí pá níos ísle ná a bheadh inghlactha i gcás oibrithe as ár dtírín féin. Tá fhios ag cách freisin nach tionscal na turasóireachta amháin atá i gceist.
——◊——

Cloistear de shíor faoin bhfadhb dífhostaíochta atá againn, agus conas nach féidir dul i bhfeidhm ar ár gcúlú eacnamaíoch gan dul i ngleic leis an líon mór daoine atá dífhostaithe agus i gcruachás. Ach ní féidir brí chothrom a bhaint as staitisticí a léiríonn jabchruthú nó titim nó fás sa ráta dífhostaíochta, mura gcuirtear san áireamh ní hamháin an eisimirce, ach an inimirce chomh maith. Tá an díospóireacht easnamhach agus leataobhach. Shílfeá go mba ábhar oiriúnach a bheadh ann do na ceardchumainn, ach ní bhíonn gíog astu ach oiread leis na polaiteoirí.

Pé leochaileacht a bhaineann leis an gceist seo, ní cóir go mbeifí á seachaint ach go mbeadh sí á plé le stuaim agus réasún. Ní ceist chiníochais atá ann, ach is cinnte go bhfuil impleachtaí sóisialta i gceist. Nach bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh ár bpolaiteoirí, go háirithe, ag plé na n-impleachtaí seo?

Le cúpla mí anois is é an port coitianta ná go bhfuil an eacnamaíocht ag téarnamh agus gur gearr go mbeimid ar ais ar ár seanléim. Tar éis sinn a choinneáil ar ár mbarraicíní le fada, tá Moody’s tar éis a rá go bhfuil ár gcúrsaí ina gceart arís agus gur féidir le lucht infheistíochta a bheith lánsásta a gcuid airgid a chur inár dtreo agus ár gcuid bannaí a cheannach. Maith mar atá, ach ná ligimis i ndearmad gur áisíneacht rátála chreidmheasa iad Moody’s, agus gur cuid dílis iad de na margaí airgeadais. Is ceann de na trí cinn mhóra iad a dúirt linn in 2008 go raibh ár ngeilleagar teann láidir, mar a bhí, dar leo, in go leor tíortha eile ar tharla an droch-chor céanna dóibh.

Is dea-scéala leis go bhfuil praghas na dtithe ag méadú arís tar éis an scrios a bhain dóibh. Ba é an flosc a tharla sa tionscal tógála saintréith an Tíogair Cheiltigh sa tír seo, agus an chúis ba mhó leis an anchás inar fágadh oiread sin daoine. Ag tagairt arís dá raibh i gceist againn níos luaithe faoin imirce, níl aon amhras ach gur le dianriachtanas a d’fhág na sluaite a bhí bainteach le hobair tógála an tír. Ní le teaspach ná chun an domhan a thaisteal a d’imigh siad. Is iad na daoine sin, agus iadsan nach raibh ar a gcumas morgáistí ollmhóra a aisíoc, is mó a thuill trua.

Más dea-scéala agus dea-chomhartha é go bhfuil an tionscal tógála ag teacht chuige féin sa deireadh, is cinnte nach bhfuil aon duine ag súil le bolgán tithíochta mar a bhí againn cheana. Is léir nach mbeadh cúrsaí chomh holc ar aon chor, murach an bealach a d’imigh an bolgán sin ó smacht.

Nuair a bheidh stair na géarchéime eacnamaíche á scríobh beidh ceist ann faoi conas nach raibh aon fhuascailt nó aon chúiteamh le déanamh i gcás an ghnáthdhuine, murab ionann agus lucht infheistíochta, lucht rachmais a bhí i dtaithí a gcuid airgid a chur i bhfiontar agus go raibh gach uile phingin le haisíoc leo, dá dteipeadh ar a gcuid cearrbhachais. Agus ár bpolaiteoirí ag déanamh gaisce as an téarnamh sa gheilleagar, tá siad ag cur in iúl dúinn san am céanna gurb é an polasaí déineachta ba chúis leis. Murach an polasaí sin agus a fheabhas a chloíomar leis bheimis fós sa bhfaopach!

An bhfuil sé seo fíor nó fíor ina iomláine? Féach go bhfuil ár máistrí thall san Eoraip an-mhíshásta linn nach bhfuilimid níos dúthrachtaí ag cur ár mbuíochas in iúl as an gcúnamh fial a chuir siad ar fáil dúinn. Ba léir go raibh uachtarán an Choimisiúin, Barroso i bhfeirg linn agus chuir sé é sin in iúl go poiblí. Is féidir a bheith cinnte nach mbeadh sé chomh borb dá mba ceann de na mórthíortha, an Ghearmáin, mar shampla, a bhí i gceist.

Ní hé díomá nó míshásamh uachtarán an Choimisiúin is ábhar buartha, ach is beag sásamh dúinn ráitis a thagann le tamall anuas ó iarbhaill na Triaireachta a leag síos coinníollacha na n-iasachtaí, go raibh siad ródhian, agus go deimhin go raibh an beartas déine féin ar iomrall. Tuigtear anois go ndearna an t-iar-aire airgeadais Ó Luineacháin, roimh a bhás míthráthúil, agus an tAire Ó Núnáin le déanaí, dianiarrachtaí nach mbeadh cúiteamh le déanamh ar a laghad i gcás sealbhairí bannaí nach raibh státurraithe. An chluas bhodhar a fuair siad araon ón mBanc Ceannais Eorpach. Is cosúil anois nach mbeidh an chosaint chéanna ag na sealbhairí seo feasta. Ach tá thiar orainne anseo in Éirinn.
——◊——

Cabhair Dé chugainn go bhfuil taobh grinn fiú le scéal na hEorpa na laethanta dubhacha seo. Braithimid uainn Berlusconi agus a ghníomhartha gaile i gcás na mban. Maith is eol dúinn nach mbeidh a leithéid siúd arís ann, ach féach chugainn Uachtarán Hollande na Fraince ar a ghluaisrothar agus a chlogad ar a cheann, laoch den eite chlé, é ar a shlí le coim na hoíche trí shráideanna Pháras chun bualadh lena ghrá geal. Tá a pháirtnéir le trí bliana san oispidéal le taom de na gormacha. An cladhaire!

Feasta, Feabhra 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais