Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Rith …
Scéal le Róisín Sheehy
An t-údar: Tá ailt agus dánta le Róisín i ndialann le grúpa scríbhneoirí Word Weavers ón Trá Mhór. Foilsíodh alt taistil léi ‘An Corp Reoite’ faoin a turas go Peiriú in Feasta agus dán dá cuid ‘Bá Eibhlín agus Dhomhnaill (An Blascaod Mór 1909)’ in Southword. Tá an-dúil aici i rince comhaimseartha agus ghlac sí páirt i Laban Dance Concerto le déanaí i Halla na Mílaoise i gCorcaigh. Scríobh agus léirigh sí an dráma ‘Gan Baile’ in amharclann An Lab sa Daingean mar chuid den togra ‘Dráma 24 Uair’ le linn Fhéile na Bealtaine 2014. Bhí an t-ádh léi bheith mar phrintíseach i Scéim na nOidí agus tá sí ag déanamh cúrsa rince comhaimseartha faoi láthair i Maigh Nuad atá maoinithe ag Comhairle Contae Phort Láirge.
Seo leat Rex, beir ar an diabhal!’
Ritheas chomh tapaidh le giorria síos go bun na caolsráide san eastát tithíochta, An Calainí i mBéal na Hinibeire. Thánga ar an ngeata, ach bhí an laiste faoi ghlas agus an brocaire beag ag rith ar dalladh i mo dhiaidh. Bhíos dúnta isteach ag fallaí caola arda agus an gadhar i ngiorracht cúpla coiscéim uaim. Rrrroof rrrroooof rrrroof. Bhí sceamhaíl an ghadhair mar a bheadh gunna. Le húinéir an ghadhair ag béicigh ón leithreas i mbothán ar chúl an tí – ‘Bearfar anocht ort’ – agus sceamhaíl an ghadhair is fuirist a shamhlú go gcuirfeadh an fothram scoilt i bhfuinneoga na dtithe.
Gach lá tar éis oibre théinn ag rith sa Chalainí atá timpeall leath mhíle ó Bhóthair Lios na Lá, an áit go bhfuil cónaí ar mo bhean agus mé féin le deich mbliana. Níor tháinig an leictreachas go dtí an ceantar go dtí tríocha bliain ó shin agus tá na leithrisí fós i mbotháin ar chúl na dtithe. Is ceantar poiblí é, ach i dtuairim mhuintir na háite is áit phríobháideach é. Tá an áit seo ar chuma na dtionóntán nuair a bhíodh clanna bochta ag maireachtaint iontu i mBaile Átha Cliath.
Bheireas ar shlat iarainn an laiste agus le neart mo láimhe d’éirigh liom mé féin a tharrac in airde. Ach nár chuir an gadhairín a fhiacail i mo cholpa. Bhí sreang iarainn ag sileadh anuas ó uachtar an gheata. Chuaigh an sceimhle i bhfeidhm orm agus tháinig creathán i mo chosa. Cén fáth nár éistíos le mo bhean chéile!
‘Ná stopfá ag rith sa Chalainí. Níl faic ann ach coiriúlacht agus bearfar ort lá éigin.’
‘Aoileann, táim ag rith ann le deich mbliana agus níor rugadh riamh orm.’
Ní raibh sé ar intinn aici go mbeimis lonnaithe sa chathair chomh fada leis seo. Fiú anois agus sinn ag súil lenár gcéad leanbh, tá sí dóchasach go gcuirfimid deireadh le morgáiste an tí agus go mbaileomid linn ó liathacht an cheantair.
‘Nach féidir linn cur fúinn i dtigh do mhuintire i nGleann Chalamóg. Is leatsa an tigh agus tá sé folamh gan éinne ag baint úsáid aisti.’
‘Ná labhair liom faoin áit sin.’
‘Cillian, tá sé marbh le trí bliana. Níl aon dainséar ann anois.’
‘Ná luaigh ainm an fhir sin go deo arís.’
Is ó ghlúin mo mháthar a fuaireas mianach na haclaíochta. Ba mhinic di bheith ag rásaíocht mórthimpeall chnoic, choillte agus locha Ghleann Chalamóg. Stop sí nuair a phós sí. Chaith sí laethanta m’óige ag cur suas lena fear céile suarach, a chaitheadh a dhorn ina haghaidh tar éis an braon cruaidh a ól. D’impigh sí orm an oíche úd: ‘Rith ón áit seo, a mhic, rith leat.’
Ritheas go tigh na gcomharsan agus tháinig triúr síos go dtí an tigh againne chun í a shaoradh ó bhrúidiúlacht a fir chéile. Ainneoin na mblianta atá imithe, níl lá ann nach ngoilleann na cuimhní seo orm.
Fágadh tigh mo mhuintire le huacht dom roinnt blianta ó shin, ach níor stadas ach ag rith uaidh. I gclapsholas an tráthnóna ar chaolshráideanna an Chalainí reodh an fhuacht cráiteacht m’intinne. Bhraithinn go raibh neart agus cumas troda Chú Chulainn ionam nuair a bhuaileadh aer diamhair na háite seo mé. Chuimhnínn ar m’athair agus an eagla a bhíodh air roimis ‘púcaí’ sa bhforaois in aice an tí. Amannta nuair a bhíodh sé ag siúl abhaile agus deoch air, chloistí é ag caoineadh agus é sceimhlithe ag dorchadas na hóiche. Bhíodh an solas i gcónaí ar siúl ionas go mbainfeadh sé amach an tigh.
Bhí seilí ag sileadh ón mbrocaire beag agus a haghaidh caol ag druidim níos gaire dhom.
Anáil fhada …
Níl ort ach do lámh dheas a shíneadh in airde go barra an gheata.
Thosnaigh an fhuil ag sileadh go mear ó mo cholpa ach níor bhraitheas aon phian go fóill. Bhí dorchadas na spéire ag cur deireadh le rianta solais luí na gréine.
Tóg anáil deas réidh.
Ní mór an spás a bhí idir poinntí géara an tsreanga mhiotail. Ní raibh aon dul as anois ach an lámh a shíneadh agus greim a fháil ar an tsreang. Dá raghadh an faobhar glan isteach sa láimh orm ní raibh faic le déanamh agam ach an phian a sheasamh. Agus dá mbeadh leictreachas ag rith tríd, thitfinn glan anuas ar mo chúl agus fiacla nimhe an ghadhairín ag tabhairt fúm.
‘T’á sé agat, a Rex, léim in airde air!’
Bhí an t-úinéir tar éis teacht amach ón leithreas agus bhí sé ag déanamh a shlí síos chugam. Is iomaí uair a chonac an fear ard tanaí trí fhuinneog a thí agus mé ag gabháil thar bráid. Ní raibh an chúirtéis aige féin ná ag a bhean cuirtíní a chrochadh ar fhuinneoga chúl an tí. Chínn a leanaí ag stánadh ar chláracha uafáis agus an brocaire beag ina dteannta. Chloisinn é féin ag béicigh agus ag cailliúint a chinn mar gheall ar rudaí gan dealramh: ‘Cá’il mo dhinnéar, a bhitch. Cad a bhí ar siúl agat inniu? Faic an ea … caite anseo istigh … agus mise amuigh ag obair!’
Thugas fé ndeara go raibh a bhean ag iompar linbh agus gal ina béal. Ní raibh aon locht agam ar a bhean chéile – trua a bhí agam di. Ní haon ghrá collaí nádúrtha a bheadh aici lena fear ach teangmháil choirp faoi thioncar drugaí agus alcóil. Chomh luath agus a bhraitheadar an scáth ag an fhuinneog bhíos imithe as radharc sara dtuigeadar i gceart gur duine a bhí ann.
Níl bheadh an chúirtéis ag úinéir an bhrocaire bhig gal a bheith aige ar chúl an tí, ach chaitheadh sé gach aon saghas ruda os comhair a mhná agus na leanaí. Ba chuma cad a bhí i gceist, dóp, smack, cócaon nó pé saghas druga a bheadh ag dul timpeall. Gan dabht is é an druga is saoire ar an margadh a ghlacadh sé siúd, cúpla ceimiceán caite le chéile. Ní bheadh mórán fiúntais sa truip féin, thabharfadh sé a intinn glan díreach go dtí Ifreann na smaointeoireachta, ag treisiú na breoiteachta aigne.
Brocaire ramhar a bhí ann. Murach san bheadh deireadh liom i bhfad ó shin. In am an ghátair ní bhíonn aon rogha ach creidiúint, pé rian dóchais atá fágtha agat.
Sín do lámh suas go dtí an tsreang. A haon, dó, seo leat?
Chuala mo mháthair ag labhairt go ceanúil liom agus an gol á tachtadh. Bhíodh dóchas inti fiú go raibh scáil m’athar á caochadh agus anáil na dí ag plúchadh an tí: ‘Beimid ceart go leor, a stór. Ná bíodh aon eagla ort.’
Scríob an faobhar imeall m’ordóige ach d’éirigh liom mé féin a tharrac in airde go barr an gheata. Chuimhníos ar mo bhean a bhí i mbun dinnéir nuair a d’fhágas an tigh. Anois agus í ag iompar linbh bíonn na málaí siopadóireachta lán de shailéid, cannaí sairdíní agus tuna, rís dhonn nó pasta: ‘Tá an dinnéar nach mór ullamh. Mearbhia folláin!’
Ritheas amach an doras uaithi mar dhea nár chuala í. Scread sí ón gcistin: ‘Ná tógfá sos ón rith ar feadh oíche amháin.’
Bhí fuil ag sileadh ó m’ordóig. Trí mhéadar ar airde b’ea an geata. Ní raibh agam anois ach seasamh suas ar an bhfalla taobh leis – agus léim fhada a dhéanamh thar an tsreang mhiotail.
Déanfaidh tú an beart. Tá sí agat. Níl ort anois ach léimt sara dtiocfaidh úinéir an bhrocaire chomh fada leat.
Tháinig liú uaidh: ‘Haigh, tá, tá’s agamsa cé tú féin agus táim ag rá leat fanacht san áit ina bhfuil tú.’
Ba chinnte go maródh sé mé, nó aon duine a bheadh ag rith thar a theorainn. Dá bhféachfainn anois ar fhuil mo cholpa seans go gcaillfinn an neart deiridh a bhí ionam.
Léim. Dein é!
Muna n-éireodh liom mo chos a ardú thar an tsreang iarainn, scrabhfaí ó thalamh mé agus dá mbeadh eochair an gheata ag an bhfear seo bheadh deireadh liom.
Léim! Léim! Níl faic eile gur féidir a dhéanamh.
Cheapas go bpléascfadh mo chroí ionam. Chuala mo Mham arís agus arís eile: ‘Bhís ag raideadh istigh ionam agus thánais amach trí sheachtain ró-luath. Chonac do ghéaga sara chuala tú ag gol.’
Bhíos i mo bhuachaill ceanndána agus is cinnte go raibh sí clipithe agam. Nuair a bhí sé féin imithe go Londain ag obair bhí an-saol ag an mbeirt againn. Théimis amach ag siúl san fhoraois agus d’insíodh sí scéalta dom faoi na réaltaí agus faoin ngealach. Thuigeas d’Aoileann, bheadh saol níos fearr againn faoin tuath. Is cinnte go gcuirfeadh athrú chun suaimhnis í, dá mbeadh cursaí chomh simplí san. Bhíos bodhar ag éisteacht lena cnámhseáil agus í ag tabhairt fúm nach rabhas ag glacadh freagrachtaí an tí orm féin.
Thiteas ar mo ghlúin, ach le bosa mo lámh d’éirigh liom drochthitim a sheachaint. Bhaineas díom an t-léine a chuaigh ceangailte sa sreang agus ritheas abhaile chomh tapaidh agus a d’fhéadfainn. Lean sé féin ag béicigh: ‘Tar ar ais, a bhastaird. Bainfeadsa amach tú agus ansan beidh aiféala ort.’
Nuair a thánga ar Aoileann stadas gan chorraí asam. D’fhéach sí ar an anbhá ar m’aghaidh.
‘A Chillian, cad a tharla dhuit?’
‘Ní duine cráifeach mé, ach ba mhiorúilt é gur éirigh liom na cosa a bhreith liom.’
‘Tugadh fút sa Chalainí?’
Bheir sí ar cheirt agus cheangail é timpeall mo cholpa. Strac sí blúirín den éadach agus d’fháisc é timpeall m’ordóige. Bhí craiceann bog a láimhe ag luí orm agus scaoil sí anáil dhoimhin nuair a cheangail sí an tsnaidhm. Chuir sí a lámh ar a bolg agus bhraith sí ár leanbh ag bogadh sa bhroinn. Rug sí ar mo láimh agus shleamhnaigh sí faoina léine í.
Bhí a craiceann te agus bhraitheas raimhreacht a boilg sular shleamhnaigh an lámh isteach i dtreo an pheilbhis. Bhí ár ngarsún ag raideadh ar dalladh. Ní raibh ach lampa amháin lasta sa chistin agus ábhar an dinnéir, cannaí tuna, craiceann cairéad agus oinniún, málaí plaisteacha na leitíse agus na bpónairí le feiscint ar an mbord.
‘Beidh sé cosúil leat féin. Ní stopfaidh sé ach ag rith. Tá an choisíocht tosnaithe cheana féin agus níl sé fiú amháin saolaithe!’
Bhí a ceann scaoilte siar aici ar an tolg agus a súile dúnta. Tháinig tocht orm ag braistint athruithe a coirp agus an meáchan a bhí á iompar aici le seacht mí anuas.
‘Haigh, a mhic, tóg go bog é. Níl aon deabhadh ort.’
Chuireas mo láimh ar a héadan: ‘Baileoimid linn go Gleann Chalamóg amárach.’
D’fháisc sí mo láimh: ‘Ní gá ach na málaí a phacáil.’
Feasta, Iúil 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|