Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Oideachas De réir Dhúchais is Gnás ár Sinsear (2)
le Leachlain Ó Catháin
Aithnítear in Airteagal 42 go bhfuil ceart doshannta ag tuismitheoirí agus dualgas orthu oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn. Níl in Airteagal a 42 (2) ach go ráthaíonn an stát gan cur isteach ar na cearta faoi 42(1). Bíonn orainn duI chomh fada le hAirteagail 42 (4) agus 42 (5) chun dualgaisí gníomhacha an stáit a aimsiú. Ceanglaíonn 42(4) ar an stát, gan aon cheist, bunoideachas a chur ar fáil, saor in aisce, don phobal. Níl aon cheist faoi theanga anseo, ach caithfidh go bhfuil sé intuigthe anseo go mbeadh bunoideachas ar fáil i dteanga atá ar eolas ag na daltaí scoile.
Ar an mbonn sin is féidir glacadh leis go bhfuil ceart ag leanaí sa bhfíor-Ghaeltacht, gurb í an Ghaeilge a dteanga, bunscolaíocht a bheith curtha ar fáil dóibh ag an stát, faoin mbunreacht. lm thuairimse ansan, caithfidh an stát féachaint chuige go bhfuil na múinteoirí i ngach aon rang, i ngach aon scoil, sa bhfíorGhaeltacht, a bheith oilte go cuí ar mhúineadh agus ar theagasc trí Ghaeilge a chur ar fáil.
Is dóigh liom go bhfuil sárú bunreachta ann, má tá diolúine ann nó aon eisceacht air seo. Tá dualgas ar an Aire Oideachais an t-idirdhealú seo a dhéanamh idir na scoileanna éagsúla. Má tá aon trasnú déanta ar an bprionsabal seo in aon chuid de na socruithe atá déanta ag an Roinn Oideachais le haghaidh múinteoirí a bheith ar phainéal nó mar sin de, tá sárú déanta ar chearta bunreachtúla tuismitheoirí agus leanaí sa bhfíor-Ghaeltacht.
As seo amach, éiríonn aon sainmhíniú ar chearta ar oideachas trí Ghaeilge, in aon chuid den tír, Gaeltacht nó Galltacht, níos casta agus faraoir níos éadóchasaí chomh maith. Caithfear, mar a deirimis fadó ar scoil, an dearcadh leathan solúbtha a bheith againn agus dul ag trálaeireacht nó ag smúrthacht, féachaint an féidir cearta sa bhreis seachas an méid atá luaite in Airteagal a 42 a nochtadh.
Mar sin, is iad na hAirteagail is tábhachtaí sa bhunreacht ná Airteagal 40 atá an-fhada agus go bhfuil bunchearta luaite ann; Airteagal 41 a bhaineann leis an teaghlach; agus Airteagal 1 agus Airteagal 8, gan amhras. Tá de nós againn rómhinic, mar a dúras cheana, neamhaird a dhéanamh ar Airteagal 1, ach is cuid bhunúsach é de dhlí na tíre, agus tá na bunphrionsabail leagtha amach go gonta ann agus é ina bhunchloch den bhunreacht.
Deimhníonn an chéad abairt seo den bhunreacht go bhfuil an ceart ag náisiún na hÉireann an saol cultúrtha sa tír seo a fhorbairt de réir dhúchais is gnás ár sinsear. Anuas air sin deimhnítear go bhfuil an ceart seo doshannta, is é sin, nach féidir é a aistriú nó a ghéilleadh; dochloíte, is é sin nach bhféadfar é a chur ar neamhní nó faoi fhorghéilleadh. Is ceart ceannasach é, is é sin le rá nach féidir é a shárú mar cheart. Luas Airteagal 41 faoin teaghlach. In Airteagal a 41.1.1, aithnítear údarás do chearta doshannta dochloíte ‘is ársa agus is airde ná aon reacht daonna’ i bhfoclaíocht an fho-ailt sin. In Airteagal a 41.1.2, ráthaíonn an stát comhshuíomh agus údarás an teaglaigh a chaomhnú. Ansan, b’fhéidir an ceann ba thábhachtaí ar fad, Airteagal 40, ina n-áirítear gurb ionann ina bpearsana daonna na Saoránaigh uile i láthair an dlí. Is fianaise iad seo ar fad ar an mbunfhealsúnacht ar a bhfuil an bunreacht bunaithe, agus caithfidh sainmhíniú agus forléiriú ar dhlí na tíre seo teacht faoina thioncharsan.
Is ceart ag an bpointe seo idirdhealú a dhéanamh. Tá cearta bronnta go sonrach síos tríd an mbunreacht ar fad, sna hachtanna éagsúla a ritheadh agus sna hionstraimí reachtúla a bhaineann le hábhar. Anuas air sin, tá cearta bronnta faoi aon choinbhinsiún nó aon chonradh Idirnáisiúnta atá sínithe ag Éirinn.
Tá roinnt mhaith bunchearta folaithe sa bhunreacht go sainiúil – an chuid is mó acu le fáil sna hAirteagail 40 go 44. In a measc siúd tá cothroime nó comhionannas os comhair an dlí, cearta ar dhea-cháil, féinchosaint agus mar sin de. Síos tríd an mbunreacht tá teacht b’fhéidir ar bhreis is fiche cearta atá luaite go sonrach. Cá seasann ceist an oideachais, mar sin, maidir le ceart an tsaoránaigh a roghnaíonn an Ghaeilge.
Seachas an tagairt in Airteagal 42 (4) don oideachas féin, ní luaitear é níos mó agus níl aon tagairt do theanga teagaisc.
Táimid, dá bhrí sin, ag iarraidh cearta a aimsiú amach atá neamháirithe, ach atá intuigthe agus inrianaithe, bunaithe ar shainmhíniú ar théacs an Bhunreachta féin, ar an gcéad dul síos, agus ar an tástáil nó an tslat tomhais atá leagtha síos ag na cúirteanna sna cásanna éagsúla a tháinig os a gcomhair, ó bhunú an stáit i leith.
Gan amhras, ní bheadh aon ghá faoin spéir leis an lúthchleasaíocht nó lúithnireacht intinne seo, dá mbeadh Acht ann a leagfadh ceangal nó dualgas gníomhach ar an stát. I ndeireadh báire, ní gá ach Acht Teanga an-ghairid a reachtódh gur cheart go mbeadh ‘Comhionannas Measa’, nó ‘Parity of Esteem’ mar a thugtar air anois, ar an dá theanga oifigiúil sa tír, agus go mbeadh dualgas ar an stát freastal a dhéanamh i ngach aon ghné dár saol, mar atá leagtha amach in Airteagal 1, friotháil agus freastal a dhéanamh i gceachtar den dá theanga, ar rogha an tSaoránaigh.
Go dtí seo, níl soiléirithe ach buncheart do leanaí sa bhfíor-Ghaeltacht. Gan duI níos faide ná bunscolaíocht go fóill, agus Airteagal 1 a nascadh le hAirteagal 8, agus Airteagal 40 a chur san áireamh, tá cás i mo thuairimse go bhfuil dualgas ar an stát scolaíocht trí Ghaeilge a bheith ar fáil ar bhonn réasúnta, ar fud na tíre ar fad, ar éileamh agus ar iarratas ó thuismitheoirí. Tá an buncheart seo aitheanta go hindíreach sna rialacha do na bunscoileanna, ach tá forálacha sna rialacha seo i bhfad ró-lag agus fágtar an iomad cumhachta leis an Aire. Mar shampla, tá rialachán amháin a deireann gur féidir leis an Aire cead a thabairt scoil ina ndéantar an teagasc trí Ghaeilge a bhunú, má tá tuismitheoirí sa cheantar go bhfuil leanaí a dtógaint le Gaeilge acu. Ardaíonn an pointe seo an bunlaige atá ag gabháil tríd an gcóras ar fad, is é sin is féidir le haon Aire Oideachais aon riail riaracháin nó riail ar bith a thabhairt isteach, nó a scriosadh amach, ar a thoil nó ar a toil féin, seachas i gcás riachtanaisí faoi cháilíochtaí atá leagtha síos, mar shampla, sna hAchtanna a bhaineann le Gairmoideachas.
Is é atá faoi scrudú anseo ná feidhmeannas an stáit agus dualgaisí i leith an oideachais trí Ghaeilge agus cearta pobail, nó chun é a chur níos cruinne, cearta an tsaoránaigh. Deirim go bhfuil ceart ar oideachas trí Ghaeilge inrianaithe agus intuigthe faoin mbunreacht ag teaghlaigh agus ag saoránaigh na hÉireann, ar éileamh agus ar iarratas ar bhonn réasúnta.
Níl seo teoranta do bhunoideachas, agus gan amhras tá cás na Gaeltachta i bhfad níos treise. Táim ag díriú go sonrach ar na cásanna faoi uisce glan, cearta pearsanta, truailliú aeir agus mar sin de. Tá cearta neamháirithe agus neamhdheimhnithe den saghas seo aitheanta ag na cúirteanna le breis is tríocha bliain. Is é is bunús leo ná an forléiriú atá déanta ar an mbunreacht, go háirithe Airteagal 40, níos mó ná aon Airteagal eile.
Airteagal 40.1
Áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí. Ach ní intuigthe as sin nach bhféachfaidh an stát go cuí, ina chuid achtachán, don difríocht atá idir daoine ina mbuanna corpartha agus ina mbuanna morálta agus ina bhfeidhm chomhdhaonnach.
Airteagal 40.3.1
Ráthaíonn an Stát gan cur isteach lena dhlíthe ar chearta pearsanta aon saoránaigh, agus ráthaíonn fós na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.
Airteagal 40.3.2
Déanfaidh an Stát, go sonrach, lena dhlíthe, beatha agus pearsa agus dea-chlú agus maoinchearta an uile shaoránaigh a chosaint ar ionsaí éagórach chomh fada lena chumas, agus iad a shuíomh i gcás éagóra.
Ag tosnú le Ryan .v. An tArd-Aighne i 1965, (fluairíd san uisce), ó shin i leith tá dosaen nó níos mó de na cearta intuigthe seo aitheanta ag na cúirteanna. Samplaí díobh seo is ea: ceart pósta, Ryan (eile) .v. An tArd Aighne i 1991; ceart an uile shaoránaigh slí bheatha a bhaint amach, Murphy .v. Stuart 1973; ceart cumarsáide, Kearney .v. An tAire Dlí is Cirt 1987, agus mar sin de. Tá deich gcinn nó dhá cheann déag de chásanna a bhaineann le hábhar.
Is treise is dóigh liom cás na Gaeilge ná cuid de na cásanna a buadh sna cúirteanna, agus cearta aimsithe amach dá mbarr. Níl uisce glan, ceart pósta, ceart cumarsáide luaite go sainiúil sa bhunreacht. Mar atá ráite agam cúpla uair ó thosnaigh mé, tá an Ghaeilge luaite sa bhunreacht atá againn agus bhí sí luaite sa chéad bhunreacht chomh maith. Ní hamháin san, ach tá sí luaite mar theanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga oifigiúil. Caithfidh, dá bhrí sin, aitheantas agus meas cóir, ceart agus oiriúnach a bheith ann don Ghaeilge i ndlí agus i riarachán na tíre. Conas is féidir seo a bheith ann gan oideachas trí Ghaeilge a bheith ar fáil?
Chomh fada siar le 1929, aithníodh sa Chúirt go raibh áit faoi leith ag an nGaeilge de bharr gur dearbhaíodh í ina teanga náisiúnta sa chéad bhunreacht. I 1934 sa chás clúiteach Ó Foghlú .v. McClean, dúirt an Príomh-Ghiúistís Ó Cinnéide sa Chúirt Uachtarach an méid seo a leanas:-
The Declaration by the Constitution that the national language of the Saorstát is the Irish language does not mean that the Irish language is or was at that historical moment universally spoken by the people of the Saorstát, which would be untrue in fact, but it did mean that it is the historic distinctive speech of the Irish people, that it is to rank as such in the nation, and by implication that the State is bound to do everything within its sphere of action …
agus tá seo suimiúil –
as for instance, in State provided education, to establish and maintain it in its status of the national language and to recognise it for all official purposes as the national language.
There is no doubt in my mind but that the term national in the Article is wider than, but includes official, in which respect only the English language is accorded constitutional equality.
Agus san abairt is tábhachtaí ar fad deireann sé:-
None of the organs of the State legislative or judicial may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the national language of the State without offending against the constitutional provision of Article 4.
Tá sé suimiúil gur thosnaigh an Breitheamh ar dhualgaisí a chur i leith an stáit, i dtaobh na teanga, a bhí i bhfad níos leithne ná stádas gradamach amháin. Níl aon ráiteas prionsabail ón gCúirt Uachtarach faoi stádas na teanga faoi Airteagal 8 den Bhunreacht nua atá ar aon duI leis an ráiteas úd i 1934.
I 1963 tháinig Airteagal 8 faoi chaibidil ag an gCúirt Uachtarach i gcás Coyne & Wallace. Dúirt an Breitheamh Kingsmill Moore go raibh rogha ag an stát glacadh le teanga amháin seachas teanga eile faoi Airteagal a 8.3. Is dóigh liomsa gur mí-léamh ar an mbunreacht agus mí-thuiscint a bhí ansan, ach tá sé le tabhairt faoi ndeara gur ghlac an earnáil stáit leis go fonnmhar, agus tá an breithiúnas sin in úsáid ó shin i leith mar leithscéal chun Béarla amháin a úsáid i gnóthaí oifigiúla an stáit.
Caithfear teacht chomh fada le cás san Ard-Chúirt i 1983 An Stát .v. McGamhnia os comhair Ruairí Uí Anluain chun sainmhíniú i bhfábhar na Gaeilge a fháil. Sa breithiúnas sa chás sin a tugadh i nGaeilge, dúirt an Breitheamh Ó hAnluain gur treise agus gur tábhachtaí fós seasamh na Gaeilge i mBunreacht 1937 ná mar a bhí roimhe sin, ós rud é go raibh an Ghaeilge luaite mar phríomhtheanga oifigiúil ann. B’é an toradh a bhí ar an gcás i bhfocail an Bhreithimh ná ‘aon uair gur mian le páirtí ar bith a thaobh féin den scéal do bhrú ar an gcúirt nó ar an bhínse pé acu trí aighneacht, trí fianaise do thabhairt, trí finnéithe a cheistiú nó do chroscheistiú, táim den bharúil go bhfuil sé de cheart aige, fén Bhunreacht an t-iomlán do dhéanamh trí mheán na Gaeilge más toil leis.’ Níor luaigh sé Airteagal 40, ach níl amhras ach b’in a bhí i gceist: ‘Cothrom na Féinne.’
Bhí an tAirteagal céanna i gceist arís le dhá chás eile: Helen Ó Murchú .v. Cláraitheoir na gCuideachtaí agus an tAire Tionscail agus Tráchtála i 1988, nuair a fuair an Gearánaí, Helen Ó Murchú, Ordú Mandamus, is é sin le rá do chuir an chúirt iachall ar Chláraitheoir na gCuideachtaí agus ar an Aire Tionscail agus Tráchtála leaganacha Gaeilge a chur ar fáil d’fhoirmeacha oifigiúla, agus luaigh sé gur cheart Cothrom na Féinne a bheith ag an gcuid sin den phobal gur mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na príomhtheanga.
Tá na breithiúnais seo bunaithe ar an tuairim faoi Airteagal 40 gur cheart don stát seirbhís a chur ar fáil go cothrom sa dá theanga oifigiúil, don saoránach. Má tá oideachas ar fáil mar chuid de sheirbhísí an stáit, cad na thaobh nach bhfuil comhionannas measa agus seirbhísí ag an dá theanga oifigiúil? Is cóir go mbeadh. Is ‘ceart’ é go mbeadh.
Cá bhfágann seo go léir ceist an oideachais? Táimid tar éis breathnú ar an mbunoideachas faoi Airteagal 42 (4). Sa bhreis ar a bhfuil ráite, Is féidir na hargóintí céanna a úsáid, is dóigh liom, don mheánscolaíocht go dtí go mbíonn cúig bliana déag d’aois slánaithe ag an dalta scoile. Baineann seo leis an riachtanas freastail atá ann faoin Acht Freastal Scoile 1926. I láthair na huaire tá an chumhacht ag an Aire Oideachais na scoileanna a rialú agus a riaradh, agus pé clár is cuí a leagadh síos. Níl aon amhras orm ach gur féidir le haon Aire Oideachais clár na scol a rialú ar ‘leas an phobail iomláin’ chun go leor scoileanna agus áiseanna a chur ar fáil ar fud an stáit, chun comhionannas faoi Airteagal 40 a bheith ann don saoránach, sa dá theanga náisiúnta luaite in Airteagal 8.
Mar a mhíníos ar dtús, is córas rialachán atá ann agus ní dlíthe nó reachtaíocht. Ach tá buntáiste ag gabháil leis seo chomh maith, sa mhéid gur féidir leis an Aire freastal ar éileamh le solúbthacht. Ba cheart gan amhras an t-éileamh a bhunú ar na bunphrionsbail agus ar na bunchearta, áirithe agus neamháirithe, atá luaite agam sna hAirteagail éagsúla. Is féidir tagairt a dhéanamh anseo freisin d’airgeadas do chúrsaí oideachais a bheith ceangailte le meán teagaisc nó múineadh na Gaeilge fiú amháin.
Baineann na hiomthoscaí céanna le hOideachas triú leibhéal, ach amháin go bhfuil dualgas sa bhreis ar Ollscoil na Gaillimhe faoi Acht Choláiste Phríomh-scoile na Gaillimhe 1929. Tá mo chuid tagairtí á dhéanamh agam an t-am ar fad faoi na prionsabail agus faoi chearta go teoiriciúil. Bheadh, agus tá, deacracthaí áirithe leis na cearta a chur i bhfeidhm tríd an gcóras cúirte. Caithfear díriú ar an rud a bheadh á lorg ag iarrthóir nó ag gearánaí. Is é a bheadh i gceist ná Ordú Mandamus nó Ordú Urghaire a cheanglódh ar an stát teagasc trí Ghaeilge a chur ar fáil i scoileanna áirithe. Bheadh an aighneacht nó na hargóintí ar son na scoileanna sin, Gaeltacht agus Galltacht, ag brath ar na cúiseanna agus iomthoscaí éagsúla atá déanta amach.
Tá fadhb le sárú sa mhéid nach féidir ordú cúirte a fháil a cheanglódh ar an Oireachtas athrú a dhéanamh ar aon dlí, más sin atá i gceist, nó aon pholasaí a chur i bhfeidhm. Is féidir Urghaire Coscach a fháil le srian a chur ar aon ghníomhaíocht a sháródh cearta bunreachtúla an tsaoránaigh sa chás go mbeadh aindleathacht i gceist. Sa chás sin is féidir ordú a lorg a bheadh dírithe ar an Aire Oideachais. Faraoir, tógann rogha mar seo misneach, am agus airgead gan aon ráthaíocht go n-éireodh leis.
——◊——
Ós rud go bhfuilimid ag trácht ar an nGaeltacht, ní hé an tAire Oideachais amháin atá san áireamh. Dírím ar an Acht Aire agus Rúnaithe (Leasú) 1956 Alt 2 agus Alt 3, a chruthaigh Aireacht na Gaeltachta. Seo iad:-
An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956
2. (1) Chun críocha an Achta seo is i an Ghaeltacht na limistéirí a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoin alt seo gur limistéirí Gaeltachta iad.
(2). Féadfaidh an Rialtas ó am go ham le hordú a chinneadh gur limistéirí Gaeltachta limistéirí sonraithe, is limistéirí ar Ghaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus limistéirí ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad d’áireamh sa Ghaeltacht d’fhonn an Ghaeilge a chaomhaint agus a leathnú mar ghnáth-urlabhra.
(3). Féadfaidh an Rialtas, le hordú aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.
3 (1) Ar an lá ceaptha beidh Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar mar theideal agus dá ngairmfear Roinn na Gaeltachta.
(2) Is é is feidhm do Roinn na Gaeltachta leas cultúrtha, sóisialach agus geilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn; cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra; agus, a mhéid is gá nó is cuí, duI i gcomhairle agus comhairle a ghlacadh le Ranna eile Stáit i dtaobh seirbhísí a riaras na Ranna sin agus a bhaineas le leas cultúrtha, sóisialach nó geilleagrach na Gaeltachta nó a bhaineas leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge d’athbheochaint.
Sa chás go dteastódh ó theaghlach Gaeltachta an dlí a chur ar an rialtas faoi chúrsaí oideachais, shamhlóinn go mbeadh formhuiniú éilimh sna tearmaí seo a leanas i gceist:-
1. Dearbhú go bhfuil dualgas reachtúil ar an Aire Oideachais, seirbhís comhionann oideachais a chur ar fáil do phobal Gaeltachta agus gur theip, gur dhiúltaigh agus gur shéan sé seirbhís comhionann a chur ar fáil sa Ghaeltacht, ná na dualgaisí reachtúla atá air i dtaobh an chuspóra náisiúnta a chomhlíonadh.
2. Ordú i bhfoirm urghaire ag ceangal ar an Aire Oideachais maidir le seirbhísí oideachais agus an cuspóir náisiúnta a chomlíonadh.
3. Maidir le hAire na Gaeltachta, dearbhú gur theip, gur dhiúltaigh agus gur shéan sé na dualgaisí reachtúla maidir le comhairle a chur ar ranna eile stáit i dtaobh seirbhísí a bhaineann leis an gcuspóir náisiúnta a bhaint amach, agus a chomlíonadh.
4. Urghaire ag ceangal ar Aire na Gaeltachta an dualgas reachtúil agus bunreachtúil atá air a chomhlíonadh.
5. Urghaire ag ceangal ar Aire na Gaeltachta comhairle, sa mhéid is gá nó is cuí, a chur ar an Aire Oideachais i dtaobh seirbhís oideachais i nGaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht.
6. Urghaire ag ceangal ar Aire na Gaeltachta pé comhairle is gá nó is cuí a chur ar an Aire Oideachais d’fhonn an cuspóir náisiúnta i gcúrsaí oideachais a bhaint amach.
Ansan ar eagla go bhfuil aon rud fágtha ar lár:
7. Tuilleadh agus faoisimh eile.
Feasta, Iúil 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|