Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta

le Lisa Nic Dhoinnléibhe

Tocht na Spéirlinge

le Lisa Nic Dhoinnléibhe

Sioscadh sceanúil ag fógairt boladh gaoithe,
Fuarú an aeir is forlíonadh an fheothain,
Cogar na frithghaoithe ag ceasacht go goilliúnach
Le dúchan an chith-néil.

Tús bog-fhearthainne na spréach-bhraonta.
An tseadbháisteach ag borbú chun doininne
Le spútrach fearthainne is golán truamhéileach
Ag borbú chun a chéile.

Fraochnimh na spéirlinge,
Buinne feirge an anfa,
Racht mothúchán á sceitheadh.

Fearthainn gan stad,
Ag clagarnach, ag batharnach.
Fearthainn gan staonadh,
Ag stealltarnach, ag gleidearnach.
Báisteach bhiorach, focail bhioracha,
Ag cur de dhíon is de dheora.

Le cnap gaoithe tobann tagann marbhchiúnas,
Fearthainn dheireanach na ndeor
Ag sileadh ar leicne.


Tonnta na gCuimhní

le Lisa Nic Dhoinnléibhe

Balbhaíonn séis shuaimhneach an ghiotáir
gleoisíneacht ghlórach an tslua,
Cách ag díriú ar stáitse
le tús ghuthaíocht shiansach an fhonnadóra,
An chuisleannacht ag nochtadh cuimhní faoi cheilt,
fuascailte sa nua.

Éiríonn simplíocht sheascair an cheoil níos casta,
na sraitheanna ag dul i ndoimhneacht,
Fonn na fidle am mhealladh mar shuantraí,
chuig taibhreamh na súl oscailte.
Laghdaíonn meáchan na gloine im’ lámh,
an scata thart timpeall ag imeacht as radharc
Ar nós gur bhánaigh an slua
agus go bhfuilimid fágtha sa tolglann inár n-aonar.

An seomra ag meirbhiú,
Do chorp ag luascadh le fonn,
Glioscarnach an allais ar do chlár éadain,
Méara leannán an cheoil ag cigilt na sreang go cneasta.
Do cheolbhinne am dheochadh faoi ualach na gcuimhní,
Agus tú ag siosarnach i nglór milis meallacach,
Am tharraingt go barr na toinne leat.
Brúcht farraige ag éirí is ag trá
Ó leath-thonnach go lántonnach,
Na tonnta ag slacairt mo cholna,
Easpa anála, sodar croí.
Faoi dheireadh, bainim amach forchéim na toinne
de bharr dhréimríocht do sheanma,
Ach go tobann …
An bogstróc deireanach.

Músclaím.
Cloisim fuaim bhosa á mbualadh.
Braithim caipín ár dtoinne mórga
ag briseadh thar thrá chlochach uaigneach.
Lisa Nic Dhoinnléibhe

Feasta, Iúil 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo