Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Fiosrúchán eile - -

Cá hionadh go bhfuil fiosrúchán oifigiúil eile fógraithe ag an rialtas; an ceann is déanaí seo chun iniúchadh a dhéanamh ar an drochíde agus mí-úsáid a tharla in institiúidí le haghaidh máithreacha nach raibh pósta agus a gcuid páistí. Le roinnt blianta anois is saintréith de shaol poiblí na tíre é go mbeadh fiosrúchán de chineál amháin nó eile ar siúl ag scrúdú gné éigin de mhí-iompar ag údarás poiblí, pé acu an ó thaobh rialtais nó eaglaise é.

Nach maith ann, a déarfar. Nach fearr go mór an oscailteacht, an trédhearcacht sin a mbítear ag leagan oiread sin béime air i saol ár linne; é sin nó ár nduáilcí a choinneáil faoi chlúid, nó iad a scuabadh as ár radharc faoin chairpéad, mar a cuirtear é sa Bhéarla? Nó ag tagairt arís dár nduáilcí an amhlaidh gur sa tír seo amháin go bhfuil an oiread sin le ceilt againn, agus go bhfuil easnamh nó máchail éigin orainn mar chine seachas cine ar bith eile a choisceann orainn seasamh in aghaidh iompair mhíchuí nó forlámhas thar fóir i gcás údaráis, pé tuata iad nó eaglasta.

Gan amhras, níor mhiste an trédhearcacht agus an oscailteacht ach nár bhfearr dúinn aon choimpléasc nó mothú i dtreo na ciontachta a sheachaint, nó go deimhin gur bhaol breise dúinn é dul rófhada leis an inbhreathnú. Dá mhéid machnaimh a deintear ar an gceist seo ar fad, cé a déarfadh ná go bhfuil dóthain mór fadhbanna le réiteach againn. Féach an chiseach atá déanta againn cheana féin don fhiosrú mór eile sin atá romhainn chun Fianna Fáil a chiontú inár gcoscairt mhór eacnamaíoch!

Ach an leibidínteacht ar leataobh, ní mór a rá gur trua é agus gur ábhar ciontachta i ndáiríre é staid na máithreacha sin a mbaineann an fiosrúchán is déanaí leo. Ba dheacair a rá nár caitheadh go dona leo, agus más aon fhuascailt nó faoiseamh an fiosrú is déanaí dóibh, agus in ainneoin ár ndoicheall i gcás iliomad na bhfiosraithe i gcoitinne, níor mhiste ar aon chor dul ar aghaidh leis an ceann eile seo anois.

Más fíor do lucht cumarsáide gur ré dhorcha an tráth sin a raibh an leatrom ar mhná goilliúnacha i gceist, níor mhiste leis a bheith aireach maidir le dáileadh na ciontachta. Is léir gur cás arís é gurb iad na ‘gnáth amhrastaigh’ atá i gceist, lucht rialtais agus lucht eaglasta mar a dúradh, ach go háirithe mar a bhíonn go rímhinic anois, mná rialta. Is orthu a thit an cúram, fad a bhí go leor eile againn, lucht cumarsáide ina measc, ag siúl ar an taobh eile den bhóthar, mar a bhí leis an sagart úd i scéal cáiliúil an tSoiscéil. Cé déarfadh nach raibh go leor de na mná rialta ina dtruáin beagnach ar aon dul leis na mná a bhí faoina gcúram!

Feasta, Iúil 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo