Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

An baol polaitíochta is mó
le Seán Ó Loingsigh


I ndáiríre b’fhearr go mbeadh an ceapachán mar chúram ar an bpáirtí parlaiminte.

——◊——
Ní dócha go raibh rialtas riamh ann nár tharla lagtrá le linn a thréimhse in oifig, agus cé déarfadh nach bhfuil sé sin i gceist i gcás an rialtais faoi láthair. Murab am scaoill go fóill é, mar sin féin ní hamhlaidh gur féidir maidí a ligean le sruth agus gan ach bliain go leith le dul roimh olltoghchán. Nach mó casadh a fhéadfadh teacht ar an saol sa tréimhse sin!

Níl aon ní chomh baolach i gcúrsaí polaitíochta, i gcás rialtais go háirithe, ná éirí rótheann as do chumas nó a shamhlú go bhfuil rith an ráis leat. Bí cinnte go bhfuil treascairt i ndán duit. Bhí éirí as oifig an Aire Shatter níos conspóidí ná mar ba ghá agus gan críoch fós leis, ach anois tá conspóidí eile a bhaineann sa chéad áit le páirtí an Lucht Oibre, ach toisc gur páirtí rialtais iad ní féidir nach mbeadh tionchar acu ar conas mar a fheidhmíonn an rialtas sin.

Luadh anseo mí ó shin gur leor seachtain chun ceannaire nua a cheapadh ar an bpáirtí, ach tá cúig seachtaine thar fóir ar fad. Ní ceannaire don pháirtí amháin atá i gceist. Is Tánaiste le haireacht thábhachtach faoina chúram, agus freagrachtaí ar leith aige sa chomhrialtas, atá i gceannas faoi láthair. Ó thaobh ról agus dualgaisí rialtais de is ar éigean go bhfuil Éamon Gilmore in ann feidhmiú go héifeachtúil faoi láthair, nó go bhfuil údarás cuí aige san idirthréimhse fhada go dtí go gceaptar ceannaire nua. I ndáiríre b’fhearr go mbeadh an ceapachán mar chúram ar an bpáirtí parlaiminte.

B’fhéidir gur measa fós an phraiseach a deineadh den chruinniú sa Seanad chun baill a thoghadh ar an gcoiste atá chun an cliseadh baincéireachta a tharla siar in 2008 a fhiosrú. Séard a bhí le tarlú, is cosúil, ná go roghnófaí beirt sheanadóirí, duine díobh ó Fhianna Fáil agus an dara duine ón Lucht Oibre. Ach nuair nach raibh Susan O’Keeffe, a bhí le hainmniú ag an Lucht Oibre agus beirt sheanadóirí eile ón bpáirtí i láthair, ceapadh ionadaí Fhianna Fáil, Marc McSharry, agus seanadóir neamhspleách, Seán Barrett.

Ní mór a rá go raibh an leithscéal a bhí ag an Seanadóir O’Keeffe lag go leor. Ba dheacair a rá go mba chabhair é do chás doshéanta na mban go mbeadh níos mó díobh mar Theachtaí Dála agus mar Sheanadóirí go raibh a hiníon ag tosnú ar an Ardteastas agus go raibh uirthi ‘tacaíocht’ a thabhairt di. Anois is é toradh na tuaiplise sin go bhfuil beirt sheanadóirí breise ceapaithe ag an rialtas ar an gcoiste fiosrúcháin ‘chun a chinntiú go mbeidh móramh ag an rialtas ar an gcoiste’. Is deacair a mhaíomh anois le haon dáiríreacht go bhfuil an coiste fiosrúcháin seo saor go huile ó aon chlaontacht pholaitiúil. Tá an coiste faoi smál, sula gcuireann sé chun oibre ar aon chor.

Tá an stangadh seo tagtha i ndroch-am, ní hamháin do pháirtí an Lucht Oibre ach don rialtas i gcoitinne, ach b’fhéidir níos mó fós i gcás an Taoisigh féin. Ba léir go raibh dea-chaidreamh idir é agus Eamon Gilmore, agus ní beag de bhuntáiste é sin i súile aon Taoisigh. Pé ní faoi Alex White, ní bheidh sé ag déanamh aon stocaireacht i bhfábhar Joan Burton! Ba dheacair a shamhlú nach aici siúd atá an lámh in uachtar sa chomórtas seo don cheannaireacht. Is maith is eol d’ise cad atá roimpi.

Is é atá ag baint codladh na hoíche de go leor Teachtaí Dála i bpáirtí an Lucht Oibre, agus iad ag druidim le holltoghchán, nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh scrios a tharlú dóibh mar a ráinig don Pháirtí Daonlathach a raibh 14 Teachtaí Dála acu tráth, nó an Comhaontas Glas, a d’imigh as radharc san olltoghchán deireanach. Níl aon amhras ach go mbeidh an íde a d’imigh ar an dá pháirtí sin go glé i gcuimhne gach uile Theachta Dála de chuid an Lucht Oibre, agus go háirithe i gcuimhne pé ceannaire nua a thiocfaidh i gceannas orthu.

Níl aon éaló mar sin ón díleá a tharla i vóta an Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Ní féidir nach mbeidh lucht tacaíochta agus cúlbhinseoirí ag brath gurb é a bpáirtí féin atá ag iompar tromlach freagrachta agus milleáin de thoradh an pholasaí déineachta atá i bhfeidhm ag an gcomhrialtas le trí bliana anuas. B’ionadh mura bhfuil deireadh tagtha leis an dea-chaidreamh agus an comhdhearcadh a bhí idir Taoiseach agus Tánaiste go dtí seo. Is féidir a bheith cinnte go bhfuil bliain go leith corraithe romhainn idir seo agus olltoghchán, sé sin má mhaireann an comhrialtas an fad sin.

Má tá míthreoir le brath i gcás pháirtithe an chomhrialtais faoi láthair, cad faoin bhfreasúra? Ba dhóigh leat gur mó an naimhdeas a bhí idir Fianna Fáil agus Sinn Féin ná idir aon cheann díobh agus an dá pháirtí i gcomhrialtas. Ní mór is fiú a bheith ag fiafraí cén fáth go mbeadh sé seo amhlaidh, ach ba dheacair iad a shamhlú ag comhoibriú go seascair le chéile. Beidh an chéad olltoghchán eile fíorthábhachtach ó thaobh an dá pháirtí de, pé acu an bhfuil téarnamh i ndáiríre ann i gcás Fhianna Fáil faoi cheannaireacht Uí Mháirtín, nó i gcás Shinn Féin chun bogadh ar aghaidh ón 15% den vóta mar atá acu faoi láthair. Beidh ag méadú ar a ndóchas araon, má leanann le míthapaí an rialtais.

Mar a luadh go minic is meascán ildaite iad na neamhspleáigh, cuid díobh ina dteifigh ó Fhine Gael, an Lucht Oibre agus Fhianna Fáil, roinnt i mionpháirtithe de dhuine nó beirt, roinnt eile ina n-aonaráin ó cheart is ó chlaonadh, cuid díobh ar fheabhas agus cuid díobh ag déanamh mar ba chaoithiúil dóibh.

Le ceart a thabhairt dóibh, tá iarrachtaí ar bun ag roinnt de na neamhspleáigh teacht le chéile agus comhghuaillíocht straitéiseachach a dhéanamh le súil go mbeadh ar a gcumas ról a ghlacadh i mbunú rialtais. Nach cuid riachtanach dé chúram an Teachta Dála é sin, seachas a bheith gafa go huile leis an gcliantachas a bhfuil cuid díobh chomh tugtha do.

Ba scéal mór le déanaí é go raibh an billiúnaí agus infheisteoir Meiriceánach Wilbur Ross tar éis an scairsheilbh a cheannaigh sé i mBanc na hÉireann trí bliana ó shin a dhíol arís agus go raibh sé ag éirí as mar bhall de bhord an bhainc. Is cuimhin linn gur mhó fós de scéala é, dea-scéala gan amhras, nuair a cheannaigh sé na scaireanna in 2011.

Ba é an dearcadh ag an am gur casadh chun feabhais a bhí ann inár ndrochstaid airgeadais, comhartha go raibh an banc seo ar a laghad tagtha slán ón nguais ina raibh ár gcóras baincéireachta le trí bliana roimhe sin.

Anois go bhfuil sé ag fáil réidh leo arís, níl aon duine róchinte an drochscéala atá ann nó a mhalairt. Deir polaiteoirí an rialtais, an tAire Airgeadais ina measc, gur dea-scéala go huile atá ann, gur chomhartha é go rabhamar ag filleadh chun ‘normáltachta’. Déarfaidís a leithéid, gan amhras. Tá an beagán inár measc nach bhfuil chomh cinnte céanna. Cén fáth, a deir siad go bhfuil sé ag scaradh leo arís. Nach ndúirt sé go raibh sé ag infheistiú in Éirinn sa bhfadtréimhse agus go raibh muinín aige go raibh an tír seo tagtha slán ón ngábh ina raibh an eacnamaíocht, agus mar sin de. An fios dó rud éigin nach eol don chuid eile againn?

Séard atá suimiúil faoi Wilbur Ross ná gur cearrbhach é a bhfuil carn airgid déanta aige ag infheistiú i gcomhlachtaí agus corparáidí atá faoi bhrú, agus gur sladmhargadh a gcuid scaireanna nuair a cheannaíonn leithéid Wilbur Ross iad. Deirtear gur méadú faoi thrí a bhí ar luach a chuid infheistíochta i mBanc na hÉireann, agus go bhfuil na céadta milliún déanta aige. Is é mar a cuireadh an scéal ag an am ná gur vóta muiníne a bhí ann agus go raibh an Banc tugtha slán aige ó chrúcaí an Rialtais, mar a tharla i gcás Bhainc Aontas Éireann.

Ní hionadh rómhór, is dócha, gur mar sin a cuirfí an scéala seo i láthair, mar chuid den ‘filleadh ar an normáltacht’ ar deineadh tagairt do níos luaithe. Tá sé ligthe i ndearmad gurb é an chineál sin cearrbhachais ba chúis leis an tubaist bhaincéireachta a tharla sé bliana ó shin. Tá na rialacha, a deirtear linn, beagán níos daingine ná mar a bhí siad sé bliana ó shin, ach ní bheidh siad ródhaingean ar fad, ar eagla go gcuirfidís as do dhaoine mar Wilbur Ross.

B’fhéidir go scaipfeadh an coiste fiosrúcháin is déanaí, a bhfuil oiread sin raic faoi, solas éigin ar an gceist seo, ach ní dócha gur chuige sin a cuireadh ar bun é.

Feasta, Iúil 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais