Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ar Son an Pharóiste Bhig

Gearrscéal le Liam Prút


An t-údar: rugadh i gceantar Loch Deirg-Dheirc i dTiobraid Árann 1940. Bhí tamall mar mhúinteoir, tamall mar aistritheoir sa Dáil. D’fhoilsigh leabhair faoin Direánach (1982), Humanitas (2005), Seán Ó Sé (2010), Seán E. Ó Cearbhaill (le teacht 2015). Úrscéalta, gearrscéalta, altanna, 9 gcnuasach filíochta scríofa aige. Sna Flaithis go hArd (2011) a mhórshaothar. Le filíocht Sheáin Uí Churraoin, Bhríd Dáibhís agus Dhéagláin Chollinge a bhaineann a leabhar nua, Filí le Dealramh (Coiscéim, 2014).

‘Have you an indiscipline?’ a fiafraíodh díom is mé, ar shála Róise Ruóg, ar tí dul isteach geata neimhe atá suite ar pháirc an aonaigh.

‘Indiscipline?’ a deirim. ‘Tá a leithéid agam – chomh cinnte is atá bianna ar mhaide bacaigh.’

‘Sa chás sin’, a dúradh liom, ‘tá feidhm duit anseo nó go réiteofar pasáiste duit!’

Chonaic mé go raibh cluiche ar siúl agus ní raibh cosc ná táille ort ag dul isteach.

Is cinnte nach ar neamh a bhíos féin agus Róise Ruóg. Is cinnte go rabhamar imithe sall ó chluiche an tsaoil íochtaraigh. Bhíomar ag iarraidh ár n-ionad féin a aimsiú sa tírdhreach eile seo agus mórán Éireann inár dteannta ag cuardach na háite-sall nó an chuid den áit-sall ba dhual dúinn, an áit inar bailíodh, nó inar bhailigh, an mhuintir a chuaigh romhainn, amhail is dá mba athimirce againn é agus sinn tagtha ar chineál d’Ellis Island eile d’fhonn na braiteoireachta sin ba ghá dúinn sula gcinnfí gur mhithid dúinn an tOileán Úrghlas síoraí a bhaint amach.

Go bhfios dúinn, ní in ifreann a thuirlingíomar, bíodh gur bhuail a amhras sin mé fo-uair. An t-aon rud amháin ba chinnte ná aon rud eile linn go léir ná go raibh an réimse luaíochta curtha dínn againn go deo, nach raibh aon bhuntáiste le saothrú níos mó againn de bharr bheith ag sáraíocht go suarach ar a chéile, de bharr cluanaireachta, uisce-fé-thalamh ná de bharr diablaíochta d’aon sórt. Bhí sin thart feasta. Bhíomar mar a tchí Dia sinn.

I bpurgadóireacht a tharla, dá réir sin, seachas sna flaithis – mura i liombó a bhíomar? – go raibh cluiche mór iomána idir-pharóisteach á imirt – agus is cluiche mór gan amhras gach cluiche iomána dá bhfaca tú riamh! – amhail agus ba mhó fós an cluiche ná facamar ach a chualamar – ar phlásóg a bhí teoranta ina fairsinge.

Bhí an capall bán ann agus an bhean uasal álainn ar a mhuin a chaith an liathróid isteach i measc na n-imreoirí, de réir leabhair mhóir Uí Chaithnia. Bhí bord fada féachadóirí ar imeall an chluiche – mar a d’fheictí thíos sa saol roimh ré an Chrannchuir Náisiúnta – bord rífhada a bhí róghar don limistéar imeartha ach a d’oir go rímhaith don dream a chuir ann é! Sa tslí sin bhí deis ar fáil do dhaoine ar an taobhlíne a ladar a chur san imirt – agus an deis sin á thapú go háirithe ag mná céile na n-imreoirí a raibh gaisneas buailte agus griogtha á bhaint ag cuid acu as scáthanna fearthainne a bhí iompaithe ina scáthanna gréine anois agus an t-ainm galánta ‘foscadán’ á thabhairt orthu! Bhí lucht páirte na n-imreoirí ó thaobh paróiste agus áite dhe agus a ladhar i lathach na himeartha de réir a misnigh, a dtapaíochta nó de réir mar a ceadaíodh dóibh. Bhí an réiteoir ann ach ba dhoiligh dhó nó di nó ba dhoilí fós leis nó léi an cluiche a stiúrú.

Ba léir dhom féin a bhí ar an taobh istigh den bhord fada féachadóirí, agus ar an taobh ab fhaide ab fhéidir ón imirt, dá réir sin, go raibh Róise thar dhuine ar bith eile ab fhios dom ag déanamh an diabhail ar na céilí comhraic, nó, mar a dúirt an Francach a casadh liom ann, qu’elle faisait de petites misères de lán croí ar an dream eile.

Róise? Bhain Róise, ach oiread liom féin, ó cheart céad saoil le lár na tíre agus í lán de theaspach aos canála, aos páirce agus portaigh. Bhain an acmhainn bhreise fiontraíochta sin léi a ngabhann cineál áirithe cinnireachta léi. Ní hannamh tionchar ag a leithéid ar pharóiste tuaithe amháin a chuirfeadh an buille beag seachantach breise áirithe sin chun tosaigh ar pharóistí taobh leo. Róise dhílis a thugtaí uirthi ina bunáit féin; Róise rascalach ráscánta lasmuigh d’imeall a paróiste féin. Agus, ar eagla na míthuisceana, bhaineas féin le ceann de na paróistí iomaíocha sin lasmuigh de dhúthaigh Róise.

Cé nárbh fhios dom cé acu a bhí nó nach raibh camán ón taobhlíne á bheartú ag Róise, thuigeas go raibh sáiteáin sna heasnacha, sna hascaillí, sna tóinte agus fiú amháin sna magairlí, á bhfáil ag na himreoirí freasúra de réir mar thagaidís i raon braistinte Róise agus i gcóngar a suíocháin. Ba léir leis go raibh dhá ghéag mar a bheadh géaga leaisteacha ag Róise i mbun a mísce dhi — nó géag amháin den cháilíocht sin le cinnteacht a bhí ar síor-luail. Ní rabhas-sa chun Loingseach na teorann a dhéanamh díom fhéin agus cluiche chomh tábhachtach sin do mo pharóiste agus do mo mhuintir féin á fhéachaint.

Fuaireas mo dheis ar an leathghéag aici ba raidhsiúla mísc le linn di a bheith ag dul sa ghleo ar Chríostóir seo ’gainne, an t-imreoir ab fhearr dá bhfaca na seacht gcinn déag de pharóistí ba ghaire dhúinn ag baile. Tharraingíos chugam í agus choinníos greim docht uirthi idir mo dhá ghlúin don chuid eile den chluiche. Ní raibh sa chuid seo ach mioneachtra neamhspleách ar phríomhghluaiseacht na himeartha.

Lean an cluiche in ard a réime agus a fhíochmhaire. Ó mheas an chuid ba dhaille den lucht féachana gur chúrsa suirí a bhí á chur i gcrích leis an lámhbheartaíocht seo — ceann de na cluichí os cionn cláir sin a bhíonn ina gcaitheamh aimsire ar thórramh go coitianta — agus ó bhí an chuid ba ghrinne acu lánsásta go raibh lámh eachtrannach amháin ar a laghad bainte den ghleo, agus iad in ann taitneamh a bhaint as an gcluiche faoi chompord áirithe purgadóireachta, agus ó chuir an chuid eile acu suas leis an ngleic lámh seo idir mise agus Róise fadlámhach, gleic ba lú dochar agus ba lú mí-ionracas dar leo ná an ladar sa chluiche, d’athraigh suíomh an chluiche cuid mhaith ón bplásóg go dtí an bord.

Dála Róise, ní raibh radharc aici, toisc ollmhéad an tslua, óna háit ar imeall an tslua ar an té go raibh greim láimhe aige uirthi, cé gur maith a d’aithin mé féin an té ar léi an lámh a bhí á teannadh agus á tarraingt, á lúbadh agus á bréag-ghéilleadh, agus í ag súil le deis éalaithe agus dínasctha. Nuair ná raibh a leithéid de ghéilleadh ar fáil di, áfach, thosaigh an lámh fhadghéagach ar theannadh agus ar fháisceadh ar nós portáin le do chosa ar chaol-urlár báid, ar aon bhoigeacht nó raimhre a fháisceadh agus a mhísciú agus í ag iarraidh tabhairt ar an té a bhí ag ceilt a cumais luaile uirthi scaoileadh léi chun go dtiocfadh léi leanúint dá cuid mísce ar an bpáirc imeartha.

Anois, bhí a foireann féin ag dul ar gcúl san imirt dá ceal. Ba dheacair éalú uaithi de réir mar a fuair a méaranta eolas na creiche a bhí anois aici. Agus, ar ndóigh, lean sí uirthi dá dornfháscadh, dá greamú agus dá cartadh caoch gur tharla sí trí thimpiste nó ar shlí instinniúil eile, mar a dhéanfadh portán, orm agus gur bhain fáscadh maith asam sular éirigh liom a crág a bhogadh díom; agus ba ar inn ar éigean a d’éirigh liom sin a dhéanamh. A thúisce an caithín sin thart, choinnigh mé an lámh go docht idir an dá ghlúin uair amháin eile agus mé ag súil nach rófhada eile a mhairfeadh an cluiche.

‘Ní bhogfaidh aon ní í seo go dtiocfaidh an fiach ina gaire fhéin!’ arsa glór doimhin fearúil taobh liom. Ansin ligeadh an fhead leathama agus scaoil na greamanna astu féin gan ghleo gan achrann. Bhí foireann Róise á bualadh go trom agus tosaíodh láithreach ar bheartaíocht don dara leath.

Nuair a tosaíodh ar an dara leath ní raibh aon radharc agam ar Róise. Bhí sí tar éis bailiú léi ar thóir an chompoird nó bhí gnó éigin eile á riar aici. Mar sin a bhíonn i bpurgadóireacht fhéin, bíonn daoine gafa le cúraimí beaga an tsaoil mar a bhíodar thíos. Nó samhlaíonn siad go gcaithfidh siad a bheith ar cheann eile na sochraide nach gcaillfidís ar ór an tsaoil íochtaraigh fad a bhíodar thíos. Agus tagann scéala chucu in aghaidh an lae i dtaobh seo nó siúd nó fear nó bean chéile seo is siúd a bheith tinn nó i ngalar na gcás nó a bheith ar an dé deiridh. Sa tslí sin, b’fhacthas dom go raibh Róise imithe ar mheitheal fáiltithe éigin bíodh go mb’ait liom go bhfágfadh sí a leithéid seo de chluiche breá spórtúil faoi na himreoirí ar an bpáirc.

Le linn mo mhachnaimh ar an scéal, áfach, d’éirigh liútar éitear i measc na bhféachadóirí nuair a bhíothas tar éis an liathróid a sheoladh go hard tríd an aer agus nuair a chonacthas an bheainín rua ag breith ar an liathróid ina práiscín agus ag rith léi ar nós an diabhail bheannaithe i dtreo an chúil óna dtáinig.

‘Th’anam an docs’, arsa an guth fearúil le mo thaobh. ‘Sin Róise Ruóg, an créatúr. Í lán de theaspach agus d’fhaobhar an chluiche. Ach’, ar sé, ‘níor mhínigh aon duine dhi go bhfuil a foireann ag imirt ón gcúl eile anois seachas mar a bhíodar sa chéad leath!’

Bhí sí ar tí dul thar an líne — arae bhí camán beag faoina práiscín aici agus ní raibh aon duine in ann coinneáil léi — faoin am gur éirigh le Críostóir seo ’gainne teacht suas léi.

‘Mo ghraidhin thú, a chailín’, ar sé. ‘Deas uait an cúl a scóráil dúinn ná beadh againn ded uireasa!’

Tugann sí aon fhéachaint amháin ina threo agus titeann an liathróid as greim a práiscín. Tá na camáin á luascadh láithreach agus liútar-éitear eile ann i mbéal an chúil. Ach an chéad rud eile, tá an liathróid sciobtha aici lena camán beag agus tá Róise ag filleadh ar lánluas i dtreo an chúil a bhí ceaptha dá foireann. Tá sí ar tí an liathróid a bhá san eangach don tríú huair nuair a séidtear an fhead dheiridh.

‘Maith thú, a Róise’, ó gach aon duine. Nílim fhéin róbhuíoch di, áfach, agus cuirim agóid isteach don chéad chruinniú eile de bhord contae na Purgadóireachta.

‘Níl aon ní as bealach déanta ag Róise Ruóg ná ag Paróiste Róise’, arsa rúnaí oinigh na Purgadóireachta. ‘Eagras comhdheise é an Cumann seo ’gainne a riarann an cluiche anseo agus féadann bean páirt a fir chéile a ghlacadh ar an bpáirc sa chás go mbeidh seisean ag imirt leis an bhfoireann eile. Rud eile ar fad é má chruthaítear go raibh Róise agus a fear céile ag imirt san am céanna ar an bhfoireann chéanna!’

‘Cé acu fear céile?’ arsa an glór fearúil céanna a bhí cloiste agam ag an gcluiche.

‘Is cuma san!’ arsa an rúnaí.

Lean an plé agus an chadráil ar feadh i bhfad go dtí gur fógraíodh go raibh seal fhear céile Róise Ruóg sa Phurgadóireacht thart agus go raibh glaoite air chun dul níos airde.

‘Más cluiche comhdheise é’, arsa Róise, ‘rachaidh mise i do theannta, a Chríostóir! Slán agaibh, a bhuachaillí agus a chailíní. Cuirfimid cluiche oraibh a luaithe a bheimid leaindeáilte thuas — ar an dá fhoireann agaibh in éineacht!’

‘Tá an cruinniú thart agus tá diúltaithe don agóid!’ arsa an rúnaí oinigh.

‘Go n-éirí libh beirt san áras thuas, a Róise Ruóg agus a Chríostóir!’ a deirimse. Imím liom go maolchluasach agus mé ag cuimhneamh cad é an chéad imeacht eile a bheidh ar siúl againn anseo chun an t-am idir eatarthu seo a chur thart — i liombó nó i bPurgadóireacht!

Feasta, Lúnasa 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais