Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Anamlón Bliana ó dhialanna an Ríordánaigh
Tadhg Ó Dúshláine a chuir in eagar
(Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, 2014) €25.

Léirmheas le hArt Ó Maolfabhail


Insíonn an teideal scéal an leabhair seo agus músclaíonn an focal ‘dialanna’ fiosracht ionainn. Is breá an leabhar é gan aon agó agus fós braithim easnamh air. Ní thugtar d’eolas dúinn ach gur Corcaíoch agus léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, an t-eagarthóir, agus go bhfuil na dialanna faoi choimeád i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Agus níl an méid sin ach ar an bhforchlúdach amháin, gan é a bheith sa leabhar féin. Tá díonbhrollach gearr acadúil ann agus mórán fágtha faoin léitheoir.

Má fhéachtar air mar leabhar boirdín caifé, agus is furasta sin a dhéanamh toisc ardcháilíocht na clódóireachta agus an leagan-amach, ní thugann sé a cheart don Ríordánach, dar liomsa, sa mhéid nach bhfuil eolas foirmeálta ar bith ann i dtaobh an duine, ná a shaothar, ná treoir chun teacht ar an saothar sin, ná ar thuairimíocht i dtaobh an tsaothair. Más mar leabar laethúil midheamhna é, mar a deir an t-eagarthóir (lch xiii), leabhar a spreagann machnamh, fós tá an t-easnamh céanna air. Níl cabhair ar bith ann don duine fiosrach nach bhfuil réamh-eolas aige, ach a chuirfeadh suim i Seán Ó Ríordáin, go háirithe más é an leabhar seo a spreagann an fhiosracht. Ní féidir glacadh leis go bhfuil oiread aithne ar an Ríordánach i measc an phobail agus atá ar Shakespeare.

Ceapaim go mbraithfeadh an Ríordánach féin an t-easnamh a bhraithimse. Duine uaibhreach a bhí ann ach fós bhí an umhlaíocht ann. Measaim go léiríonn an prós soiléir éifeachtach a scríobh sé go raibh a aird ar oiread den phobal agus a b’fhéidir. I gcás an leabhair seo tá fágtha faoin léitheoir teacht ar a thuiscint féin ar an duine trí na blúirí seo a roghnaíodh as an dialann a léamh, bíodh réamh-eolas aige nó ná bíodh. Tharlódh gurb é an leabhar seo an t-aon léargas a gheobhaidh cuid mhaith daoine ar aigne phríobháideach Sheáin Uí Ríordáin. Dá bhrí sin sílim gur chóir buneolas i dtaobh na ndialanna agus a chúlra a bheith sa leabhar. Gan amhras, is féidir a rá mar fhreagra air sin go bhfuiltear ag ligean don léitheoir an t-eolas a bhailiú chuige tríd na sleachta dialainne a léamh go leanúnach. Tá go breá, ach is cóir a mheabhrú gur mar a chéile léitheoir dialainne agus scríbhneoir dialainne sa mhéid gur minic a thosnaíonn agus nach leanann. Feictear domsa go n-oirfeadh an buneolas seo a leanas, ar a laghad, a bheith in Anamlón:-

Rugadh Seán Ó Ríordáin sa bhliain 1916 i nGaeltacht Bhaile Bhuirne, is é sin, i ndúiche a athar i gcontae Chorcaí. Tar éis bhás a athar i 1926 d’aistrigh an teaghlach aniar i dtreo chathair Chorcaí go dtí ceantar dúchais a mháthar. Chuir siad fúthu in Inis Cara agus cuireadh Seán agus a dheartháir Tadhg ar mheánscoil sa chathair. Thosaigh Seán ag obair do Bhardas Chorcaí i dtosach 1937. An bhliain dar gcionn aithníodh go raibh an eitinn air agus as sin go dtí gur cailleadh i 1977 é bhí an tsláinte go dona aige. Foilsíodh ceithre leabhar filíochta leis : Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), Línte Liombó (1971), Tar éis mo Bháis (1978) agus Rí na nUile : liricí diaga a cumadh idir an 9ú agus an 12ú céad in eagar ag Seán S. Ó Conghaile, C.SS.R. le leagan Nua-Ghaeilge a chum Seán Ó Ríordáin agus réamhfhocal ón Ollamh Caitlín Ní Maol-Chróin (1964). Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath, a d’fhoilsigh na cúig leabhar sin. Scríobh sé colún seachtainiúil i nGaeilge in The Irish Times idir 1967 agus 1975 chomh maith.

Tá mioneolas le fáil in Seán Ó Ríordáin : Beatha agus Saothar, Seán Ó Coileáin, (An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath, 1982) agus mórán d’fhealsúnacht an Ríordánaigh féin in agallamh a rinne sé le Seán Ó Mórdha atá i gcló in Scríobh 3 (An Clóchomhar Teoranta, 1978). Tá a lán scríofa ina thaobh seachas na saothair sin.

San agallamh in Scríobh 3 (lch 175) deir Ó Ríordáin ‘Bhíos ag scríobh próis go rialta chomh maith le véarsaí, siar amach, chomh fada siar le 1935. Bhíos ag scríobh dialainne.’ Más ea, ní mhaireann ach ó chéad lá Eanáir 1940 go dtí 16 Feabhra 1977, is é sin, cúig lá roimh bhás an Ríordánaigh. Tá bearnaí ann sa tréimhse fhada sin, gan amhras, mar shampla, an bhliain 1941 go hiomlán. Is cosúil gurb é Seán féin a scrios a bhfuil ar iarraidh. Ó thús tá a aird ar an léitheoir agus an chéad tagairt aige do léitheoir ar 15 Eanáir 1940 : ‘Táim ag iarraidh an chéad locht atá ar mo chuid oibre a mhíniú duit, a léitheoir.’ (Anamlón, lch 7). Ar 27 Deireadh Fómhair 1965 (Anamlón lch 333) fiafraíonn sé ‘An mairfidh na dialanna a scríobhaim?’

Sé bliana agus tríocha

Agus an leabhar seo léite agam ó thús go deireadh in imeacht cúpla seachtain, tá sciorrtha agam thar sé bliana agus tríocha de shaol Sheáin Uí Ríordáin. Tá an t-ábhar, idir iontrálacha próis agus phíosaí líníochta, leagtha amach i bhfoirm aon bhliana amháin. Le gach lá den bhliain tá ar a laghad mír amháin próis agus dáta leis, agus ar a laghad píosa amháin líníochta. Ní thugtar eolas ar bith faoi dháta an phíosa líníochta. Ar an iomlán ní léir go bhfuil gaol idir an píosa líníochta agus an píosa próis atá ar aonleathanach leis. Aighthe daoine is minicí a bhíonn sa líníocht, aighthe as samhlaíocht an Ríordánaigh ach uaireanta daoine aitheanta, go háirithe Éamonn de Valera agus eaglaisigh áirithe. Tá anailís chuiditheach ag Ó Dúshláine ar na líníochtaí (lgh viii-xi) agus í léirithe le sleachta ó pheann an Ríordánaigh féin a deireann ina dtaobh go bhfuil siad ‘gan puinn ithreach daonna fúthu’ (lch xi).

Uaireanta bíonn píosaí peannaireachta ag gabháil leis an líníocht. Ar lch 221 tá pictiúr a rinne sé de féin, mar aon le cur síos sa script Ghaelach ar an iarracht sin agus an dáta 17 Nollaig 1957 leis. Seo an pictiúr atá ar an bhforchlúdach. Sa chás seo tá an scríbhinn agus an líníocht i gcomhpháirt. D’athraigh an Ríordánach ón script Ghaelach go dtí an script Rómhánach go buan uair éigin, ach ní deirtear linn cén uair a tharla sin, nó an de réir a chéile a d’athraigh sé.

Is léir go bhfuil cur chuige cinnte i bhfeidhm ag Ó Dúshláine maidir le roghnú na míreanna agus le leagan amach an riar bliana. Tá ord ama á leanúint ó 1940 go dtí 1977, ach tá sleachta atá as ord an ama curtha anseo agus ansúd ag an eagarthóir. Ós rud é nach bhfuil míniú tugtha sna cásanna sin is gnó don léitheoir ciall a bhaint as ealaí an eagarthóra.

Tosaíonn an t-anamlón bliana ar chéad lá Eanáir le sliocht dar dáta 11.04.1955 ina ndeireann Ó Ríordáin ‘Tá rún daingean agam le fada agus go speisialta ón oíche aréir luí isteach ar an scríbhneoireacht as seo amach.’ Luann sé [August] Strindberg (údar Sualannach) agus [John] Keats (file Sasanach) agus deireann le cois ‘Chuireadh an teideal “file caitliceach” nó “file” deargdéistean” orm i gcónaí.’ Gabhann léaráidí de pheann tobair ó láimh Sheáin leis an iontráil. Ar 02 Eanáir tá sliocht dar dáta 02 Eanáir 1971, agus ansin ar 03 Eanáir tá céad leathanach na dialainne féin, agus an dáta 01.01.1940 leis, a thosaíonn le ‘Caithfidh mé feabhas a chur ar mo chuid Ghaeilge.’

Ar 29 Nollaig san Anamlón tá mír dar dáta 07.01.1977, is é sin, tamall gearr sular cailleadh an Ríordánach. Ansin ar 30 Nollaig tá mír dar dáta 31.12.64. ‘Sciob sí [an bhliain 1964] [Brendan] Behan agus Seán Ó Súilleabháin agus Desmond Ryan léi…. Maireann Éire fiú nuair a chailltear na daoine is mó is Éire…. Nuair a chailltear duine ní chailltear ach a chorp. Maireann a spioraid agus saibhríonn sí cuimhne daoine.’ Ar 31 Nollaig tá críoch ar an Anamlón Bliana le sliocht dar dáta 31.12.1958 ina dtráchtann Seán ar bhéile a chaith sé an lá sin lena chairde an tAthair Tadhg [Ó Murchú] agus [an tOllamh] Seán Ó Tuama, agus ar scéalta an tsagairt ó shochraid Pheig Sayers.

Cothromaíocht ealaíonta

Tá cothromaíocht ealaíonta san eagar sin ag Ó Dúshláine, an oscailt agus an dúnadh traidisiúnta. Mar sin nuair a tharlaíonn sliocht as 1967 istigh i seiceamh 1950 (lch 128 – 17.12.1967 ar aghaidh 01.12.1950) is dócha go bhfuil cúis ann. Tá cúis ann – an focal ‘coillteán’ sa dá shliocht agus trácht ar chollaíocht agus ar gheanmnaíocht.

Ach maidir leis na píosaí líníochta, an amhlaidh atá an dearfacht chéanna i bhfeidhm sa socrú? Mar shampla, faoi 12 Aibreán (lch 130) tá sliocht dar dáta 05.04.1951, ina ndeireann an Ríordánach ‘Guím chun Dé go laethúil go bhfeicfinn sláinte, ach, go dtí seo, déanann Sé neamhaird díom. Táim cheana féin meánaosta agus táim ag scríobh i Laidin mar ní dóigh liom go dtuigeann Dia, an tAthair Uilechumhachtach, an Ghaeilge.’ Ar leathanach 317, i seiceamh na seascaidí, tá an bhunLaidin curtha i dteannta shliocht dar dáta 30.01.1940. Níl ráite cé a chuir an Ghaeilge ar an Laidin.

Maidir leis an gcaighdeánú atá déanta ag an eagarthóir ar chanúint an Ríordánaigh deir sé (lch xiii) gur lean sé nós eagarthóireachta an Ríordánaigh agus é ag réiteach ábhar na dialainne do The Irish Times, is é sin, nuair a bhí sé ag tarraingt as an dialann le haghaidh a cholúin sa nuachtán.

File agus Fáidh

Is é Seán Ó Ríordáin, file agus fáidh, sprioc na léitheoireacha. Tumadh sa leabhar ar ócáid nó go laethúil, go randamach nó go dírithe, sin rogha an léitheora. Sa mhéid nach bhfuil innéacs leis an leabhar ní mór don léitheoir treabhadh leis ar a ráta féin trí dhúiche aigne an Ríordánaigh. Is iad na príomhthréithe sna dialanna an duairceas, an easláinte, an t-uaigneas. Tá a lán tráchta ar an aimsir idir shéimh agus gharbh. Tá mórán ann i dtaobh daoine, idir lucht aitheantais agus phearsana eile, iad ainmnithe agus go minic tréithe luaite leo. Tá mórán tagairtí ann don litríocht agus do chúrsaí liteartha, do theangacha, don fhealsúnacht, do chúrsaí creidimh agus do chúrsaí an náisiúin. Is í an ghéarchúis a léiríonn sé a thugann orm Fáidh a ghairm de Sheán File Ó Ríordáin. Mianach saibhir an leabhar seo le tochailt ann.

Seo a leanas, in ord ama deich gcinn de phíosaí a fhanann i mo cheann; d’fhéadfainn a lán a chur leo:

• 01 - ‘Canathaobh nach bhfuilim i mo Chaitliceach cuíosach maith mar gach éinne eile? Mar tá coinsias uafásach agam. … Níor mhór dom bheith i mo Chaitliceach maith nó gan baint ar bith a bheith agam le creideamh.’ (Lch 42; 20.04.1940)
• 02 - ‘Is iontach é an teanga an Béarla agus b’iontach an file é Milton, ach ní ligfinnse don Bhéarla ná do Milton an Ghaeilge mhilis bhog a mhúchadh.’ (Lch 50; 12.05.1940)
• 03 - ‘Ní dócha go raibh cynic amháin i measc Gael idir 1916 agus 1921. Fuaireadar roinnt saoirse i 1921 agus dhein cynics dá bhformhór. Fuaireadar tuilleadh saoirse ó De Valera agus gineadh tuilleadh cynics. Nuair a bheidh Éire go hiomlán ina poblacht againn tabharfar cynic ar an té nach mbeidh ina cynic.’ (Lch 74; 09.04.1942)
• 04 - ‘Is beag duine a déarfadh go bhfuil an status quo cóir in aon tír go bhfios domsa. Mar sin féin, cosnaíonn an ecclesia sancta catholica an status quo i gcónaí.’ (Lch 161; 29.01.1950)
• 05 - ‘Tá an teanga ar a thoil ag Máirtín Ó Direáin ar chuma nach mbeidh sí go bráth agamsa …. Creidim ar uairibh gur mó atá sí ar mo thoil agam ná Máirtín Ó Direáin féin.’ (Lch 163; 09.05.1956)
• 06 - ‘An té a dheineann aithris ar aon chanúint bheag amháin den teanga, nó ar aon tréimhse, tá sé iata istigh san chanúint sin, nó san tréimhse sin ach tá sé marbh. An té a úsáideann teanga faoi mar is ceart .i. an té a smaoiníonn tríthi, tá siúd ina bheatha agus tá ollmhaitheas uile na teanga ar a chumas – ag oibriú tríd.’ (Lch 206; 02.05.1957)
• 07 - ‘Is fearr de Ghaeilge droch-Ghaeilge orgánach na dea-Ghaeilge neamh-orgánach.’ (Lch 252; 12.05.60)
• 08 - ‘Ag cur síos ar Éirinn a bhíonn Béarla na hÉireann. Éire ag labhairt is ea an Ghaeilge.’ (Lch 311; 13.07.1964)
• 09 - ‘Caithfear an focal a thabhairt don nglúin óg le rá. Is mar sin a deintear an focal agus an náisiún agus an creideamh a athnuachaint.’ (Lch 314; 16.10.1964)
• 10 - An nuaghlúin a athróidh Éire. (Lch 351; 22.04.1967)


Feasta, Lúnasa 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais