Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
An Ghaeltacht & an Dlí Arís Eile
Comhairle Dlíodóra le Leachlain Ó Catháin
An bhfuil sé cóir nó ceart go mbeadh lucht na Gaeilge, muintir na Gaeltachta go háirithe, ag braith ar reachtaíocht chun go mbeadh a gcearta teanga bronnta orthu ag aon rialtas?
——◊——
Tá cearta bunreachtúla bunaithe ar na prionsabail atá leagtha amach faoi Bhunreacht na tíre mar atá luaite go sonrach, agus ar na prionsabail atá intuigthe sa Bhunreacht sin. An bhfuil sé cóir nó ceart go mbeadh lucht na Gaeilge, muintir na Gaeltachta go háirithe, ag brath ar reachtaíocht chun go mbeadh a gcearta teanga bronnta orthu ag aon rialtas? Tá cearta ann mar atá soiléirithe faoin mBunreacht ag na cúirteanna, agus gan amhras, anuas air sin tá cearta intuigthe le fáil sna haltanna éagsúla sa Bhunreacht, cé nach bhfuilid luaite go sonrach.
Is treise, is dóigh liomsa, cás na Gaeilge ná cuid de na cásanna a buadh sna cúirteanna agus a bhfuil cearta aimsithe amach dá mbarr. Níl uisce glan, ceart pósta nó ceart cumarsáide luaite go sainiúil sa Bhunreacht. Tá an Ghaeilge, ar an lámh eile, luaite sa Bhunreacht atá againn agus bhí sí luaite sa chéad Bhunreacht chomh maith. Ní hamháin san, ach tá sí luaite mar theanga náisiúnta (1922) agus mar phríomh-theanga oifigiúil (1937). Caithfidh, dá bhrí sin, aitheantas agus meas cóir, ceart agus oiriúnach a bheith ann don Ghaeilge i ndlí agus i riarachán na tíre.
Chomh fada siar le 1929, aithníodh sa chúirt go raibh áit faoi leith ag an nGaeilge toisc gur dearbhaíodh í ina teanga náisiúnta sa chéad Bhunreacht. Luadh cheana an cás Ó Foghludha v McClean inar rialaigh an Príomh-Bhreitheamh Ó Cinnéide:
None of the organs of state legislative executive or judicial may derogate from the preeminent status of the Irish language as the national language of the state without offending against the constitutional provision in Article 4.
Dhein an Breitheamh Ó hAnnluain achoimre sa chás – An Stát v MacGamhnia, Achomharc ón mBínse Achomharc Fostaíochta. Theastaigh ón nGearánaí go mbeadh an éisteacht ar fad i nGaeilge amháin, chomh fada agus a b’fhéidir, agus níor cheadaigh an Bínse é sin. Tar éis na n-éisteachtaí san Ard-Chúirt, is seo a leanas a dúirt an Breitheamh Ó hAnnluain:-
Aon uair gur mian le páirtí ar bith a thaobh féin den scéal do bhrú ar an gcúirt nó ar an bhínse, pé acu trí aighneacht, trí fhianaise do thabhairt, trí fhinnéithe do cheistiú nó do chroscheistiú, táim den bharúil go bhfuil sé de cheart aige, faoin Bhunreacht, an t-iomlán do dhéanamh trí mhéan na Gaeilge, más toil leis (1983)
Sa chás céanna dúirt sé:-
Is treise agus is tábhachtaí fós seasamh na Gaeilge i mBunreacht 1937 ná mar a bhí roimhe sin ós rud é go bhfuil an Ghaeilge luaite mar phríomh-theanga oifigiúil ann.
Cé nár luadh Airteagal 40 et seq. den Bhunreacht sa Bhreithiúnas sin, tá sé soiléir gur comhionnas agus comhcheart ag gach saoránach sa dá theanga a bhí i gceist. Is é an bhuntuiscint atá le baint as an mbreithiúnas sin don saoránach ná nach féidir le haon fhostaí den stát diúltú glacadh le Gaeilge. Ag an am gcéanna, níl aon dualgas ar an seirbhíseach poiblí sin, Gaeilge a labhairt ar ais leat. É sin ráite, ní gá don saoránach aon fhocal seachas Gaeilge a labhairt, agus caithfear pé seirbhís oifigiúil atá ar fáil a sholáthar dó/di. Faoin sainmhíniú a dhein an Breitheamh Ó hAnnluain arís ar an gceart intuigthe seo sa chás Ó Murchú v Oifig na gCuideachtaí (1988,) soiléiríodh an dualgas atá ar an earnáil phoiblí cáipéisí agus doiciméid ar chomhchéim ó thaobh chaighdéain de leis na leaganacha Béarla a chur ar fáil don saoránach nuair a lorgaítear iad. Is é a dúirt an Breitheamh Ó hAnnluain:-
Tá sé soiléir gur caitheadh airgead stáit ar na foirmeacha sa leagan Béarla do chur ar fáil ar an gcuma san agus ní fheictear dhom go bhfuil cothrom na féinne le fáil ag an gcuid sin den phobal gur mian leo gnó a dhéanamh tré mhéan an phrímh-theanga oifigiúil muna gcuirtear na háiseanna céanna ar fáil dóibh-sin freisin.
Is féidir an prionsabal seo a leathnú amach chuig gach rannóg stáit – na húdaráis áitiúla etc san áireamh chomh maith.
Sa bhreithiúnas a thug an Breitheamh Hardiman sa Chúirt Uachtarach, sa chás Ó Beoláin v Fahy (2001) dúirt sé:-
Is é mo dhearcadhsa go bhfuiltear tagtha chuig staid anois nach ndéanfadh ach duine a mbeadh neamhspleáchas agus dianseasmhacht thar an ngnáth ag baint leis nó léi iarracht ar gnó dhlíthiúil a dhéanamh trí Ghaeilge … Ní féidir leo athrú ar bith a chur ar an bhfírinne lom go n-aireoidh an té a lorgaíonn bunábhar dlíthiúil i nGaeilge go bhfuil sé ag goilleadh ar na hoifigigh óna lorgaíonn sé iad agus is cinnte go n-aireoidh sé go ndéileáilfí níos gasta agus níos éifeachtúla lena ghnó má thaobhaíonn sé an Béarla. Ní fhéadfainn a rá ach gur cion i gcoinne meoin agus bhunbhrí na bhfocal sa Bhunreacht an staid seo.
Sa bhreithiúnas céanna dúirt an Breitheamh Hardiman:-
Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmuis dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit ná de chuid aon cheann dá bhaill. Ná ní féidir caitheamh leí sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil comh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúil nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil.
Gan amhras, tá an chuid seo den bhreithiúnas tábhachtach sa mhéid go ndéanann sé idirdhealú idir gnó oifigiúil an Stáit agus ‘dioscúrsa poiblí’ agus luann sé ‘in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil.’ Arís sa bhreithiúnas céanna deireann sé:-
Leagann an Stát nua-aimseartha iliomad dualgas trom ar shaoránaigh i dtaca le gnéithe éagsúla den tsaol ó ghéilliúlacht i gcursaí cánach go dlí pleanála. Dualgais thuirsiúla a ghlacann am agus atá costasach a chomhlíonadh cuid mhór de na dualgais seo ach is cuí é a bheith riachtanach iad a chomhlíonadh.
Mar an gcéanna caithfidh an Stát féin a dhualgais a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd atá cumhdaithe sa Bhunreacht …
Is fiú tagairt arís don Bhreithiúnas sa Chúirt Uachtarach i 1934 ag an bPríomh-Bhreitheamh Ó Cinnéide. Dúirt sé:-
One of the distinguishing marks of a nation, in the sense of a distinct people(though not a necessary or universal mark) is the possession of a common national language. This nation of ours possessed that distinguishing characteristic in the Irish language. It was the common speech of every Irish man down to comparatively recent times, when it yielded before immense pressure, compulsion in the schools, social political and commercial forces. … The declaration by the Constitution that the National Language of the Saorstát is the Irish language does not mean that the Irish language is, or was at that historical moment, universally spoken by the people of the Saorstát, which would be untrue in fact, but it did mean that it is the historic distinctive speech of the Irish people, that it is to rank as such in the nation, ….
Sa chás sin arís, féach go háirithe mar atá sé intuigthe ann go n-aithnítear an ceart daonna ag an saoránach, gan an saoránach Gaeltachta a bheith luaite go sonrach fiú amháin.
Cad is fiú é seo ar fad, gan amhras, munar féidir úsáid a bhaint as an gceart nó an ceart a chur i bhfeidhm. Tagaim ar ais anois chuig úinéireacht na teanga agus an dearcadh oifigiúil atá i réim. De bharr nár tugadh an t-aitheantas cuí, ní hamháin san, ach toisc gur imríodh claonadh ceartais ar mhuintir na Gaeltachta agus muintir na tíre leis an bpolasaí seo ‘chomh fada agus is féidir’, nár cuireadh i bhfeidhm fiú amháin, leanann an cúngú tubaisteach ar aghaidh in úsáid na teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.
I gcúrsaí pleanála teanga, bhí an-bhéim ar fad ar chúrsaí oideachais, ar litriú na teanga, ar théarmaí agus mar sin de. Faraor, deineadh neamart agus faillí ar úsáid na teanga, sa Dáil féin, sa chóras riaracháin agus i réimsí seirbhíse don phobal, agus go háirithe deineadh sárú ar chearta daonna agus bunreachtúla tríd na blianta.
Bhí drogall agus leisce mhór, agus tá í gcónaí, ar an stát aon rud níos treise ná ‘chomh fada agus is féidir’ a chur i bhfeidhm ar an gcóras riaracháin. Níor briseadh an múnla coilíneach Gallda sin riamh. Cad a tharla maidir leis an gcinneadh rialtais a deineadh i 1928, ‘That systematic steps be taken to replace all non-Irish speaking officials in the Gaeltacht by competent Irish speaking officials?’
I 1965 dúirt Garret FitzGerald, ‘The imposition of either language as an essential requirement for public purposes may inhibit the development of positive attitudes of either tradition towards the other tradition …’ Roinnt blianta roimhe sin, bhí cás sa Chúirt Uachtarach, Ard-Aighne v Coyne and Wallace agus sa bhreithiúnas a thug Justice Kingsmill-Moore deineadh ionannú idir Airteagal 8 (1) agus Airteagal 8 (3) sa Bhunreacht, rud nach raibh i gceist in aon chor. De bharr san, tugadh an rogha don rialtas ceachtar den dá theanga a roghnú i gnóthaí oifigiúla. Is dóigh liomsa gur ghlac an státchóras leis seo go fonnmhar: úsáidtear fós é, go háirithe sna ceantracha Gaeltachta chun foirmeacha oifigiúla a sheirbheáil i mBéarla amháin. Is dóigh liomsa gur míléamh ar an mBunreacht agus míthuiscint a bhí ansan.
Clabhsúr
Mar chlabhsúr ba mhaith liom na pointí seo a leanas a leagan amach:
1. Tá láncheart agus gach ceart ag an saoránach Gaeilge a úsáid i ngach gné dá shaol féin.
2. Sa réimse príobháideach, is faoin saoránach féin é, faoin sochaí ina bhfuil cónaí air / uirthi, an fhadhb faoi easpa cumais teanga a bheith ag daoine eile a réiteach.
3. Tá ceart ceannasach dochloíte ag an saoránach gach gné dá ghnó a dhéanamh leis an stát, óna thaobh féin de, trí Ghaeilge amháin. Níl sé de chead ag aon státseirbhíseach, nó ag aon bhreitheamh, nó aon chúirt sa tír diúltú don cheart daonna seo. Tá cearta níos treise ag an saoránach Gaeltachta gan amhras.
4. Caithfear diúltú go huile agus go hiomlán don dearcadh seo ‘chomh fada agus is féidir’, pé acu sa reachtaíocht nó a mhalairt. Níl sé inghlactha sa Ghaeltacht ach go háirithe. Ní cóir ach oiread géilleadh don pholasaí seo de bharr easpa cur i bhfeidhm nó easpa inniúlachta ar an gcur i bhfeidhm in aon chás.
5. Is idirdhealú dochrach é aon bheart nó gníomh oifigiúil ón earnáil stáit diúltú glacadh leis an nGaeilge. Cén difríocht atá ann ó thaobh chearta daonna de, tábhairneoir deoch a dhiúltú do dhuine den lucht taistil agus oifigeach stáit Gaeilge a dhiúltú don chainteoir Gaeilge, go háirithe cainteoir ó dhúchas, sa Ghaeltacht? Níl aon difríocht, is dóigh liomsa, ach go bhfuil sé níos measa sa tarna cás sa mhéid is go bhfuil an t-oifigeach stáit fostaithe ag an stát chun freastal ar an saoránach, agus toisc go bhfuil dochar á dhéanamh d’oidhreacht na tíre chomh maith.
6. Ní cóir glacadh le haon chaint faoi mhionteanga nó teanga mhionlaigh, nó fiú teanga neamhfhorleathan. Níl aon bhaint ag na téarmaí seo le hÉirinn. Is í an Ghaeilge an teanga dhúchasach agus náisiúnta.
7. Ná bíodh muintir na tíre, ná muintir na Gaeltachta, ag glacadh le ceart mar thabhartas ná i dtaobh le hAcht Teanga: tá gach saoránach, cheana féin, i dteideal seirbhíse, freastail agus friothála ón earnáil phoiblí ar chomhchéim, agus comhionann ar fad ina t(h)eanga féin leis an tseirbhís atá ar fáil dá mhacasamhail i mBéarla. Luaim arís na cearta atá leagtha amach nó intuigthe sa Bhunreacht faoi Airteagal 8 agus Airteagal 40 et seq. Comhionannas measa idir an dá theanga atá i gceist, comhionannas dlí atá i gceist agus cothrom na féinne ar fad a thabhairt don chainteoir Gaeilge.
Gach rud ráite, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an teanga slán go fóill. Tá comharthaí dóchais i bhfad níos mó ann ná mar a bhí leathchéad bliain ó shin. Tá meas an phobail ar a dteanga méadaithe go mór. Tá na gaelscoileanna ann mar is eol do gach éinne agus iad ag méadú. Tá daonra óg sna Gaeltachtaí bríomhara a bhfuil meon an coilíneachais caite uatha fadó. Tá an teanga le feiscint ar TG4 agus le cloisint ar Raidió na Gaeltachta. Ach tá an cheist bhunúsach ann i gcónaí, is é sin an mairfidh an Ghaeilge má leanann na seirbhísí rialtais orthu mar atá? Is dóigh liom go mairfidh. Tráth bhí níos lú ná 6% de dhaonra Bhaile Átha Cliath a raibh aon fhocal Gaeilge acu. Anois deir an triú chuid acu go bhfuil.
Cad faoin seanrá: ‘Ní hamháin saor, ach Gaelach comh maith’? Pleanáil don ‘dátheangachas’ a deirtear anois! Tá breis is 80% de phobal na hÉireann báúil don Ghaeilge. Tá Gaeilge éigin ag dhá thrian den daonra in ainneoin gach ainneona, agus tá breis is trian den daonra a bhfuil cumas comhrá de shaghas éigin acu. Tugaimis sochar an amhrais don teanga. Ná fágaimis í ‘faoin tíorán ná faoin tráill’.
Ar deireadh, táimid ag caint faoi shlánú an chomhartha aitheantais is mó atá againn. Is fúinn féin é gan an ciste fionnta náisiúnta seo a scaoileadh uainn.
(Mo bhuíochas ó chroí le Rosarie NÍ Laoire
a dhein an clóscríobh mar ghar dom)
Feasta, Lunasa 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|