Dánta Aneas
ó Colin Ryan
Gruagaire
Níor iarr sí air an phearsa úd
a nochtadh sa ghloine,
na sinsir anaithnid a chur
ar taispeáint
is an ghruaig ag titim faoin siosúr
bhí na héadaí á mbaint di
na cnámha ag lonrú faoin gcneas
thóg sí a lámh á cuardach féin
ach ní bhfuair a méara an tathag
is d’fhiafraigh an gruagaire di
an mbainfeadh sé di an cloigeann
Brídeoga
Na gúnaí brídeoige i gcónaí
ag pósadh a chéile
i bhfuinneog an tsiopa:
ná déanaigí, a dúirt sí de chogar,
ná déanaigí é, mar tiocfaidh an scaradh;
ach lean siad orthu ag nascadh,
ag borradh go brónach
le dóchas
Traenacha
B’fhéidir go scríobhfadh sé
an leabhar úd (an leabhar
a bhí scríofa cheana istigh ann)
faoin saol úd i dtír eile
lán de gháire dóite, de ghéaga céasta
ach d’fhan sé anois ag crosaire comhréidh
is na traenacha ag teacht ó am a bhí caite
ag tarraingt ar bheatha
nach raibh fós inbhreactha
Feasta, Lúnasa 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo