Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Seans gurb é an baol is mó d’aon rialtas, nó d’aon pháirtí i rialtas, ná go dtuigfí dóibh go bhfuil siad dosháraithe nó go bhfuil an uile ní ar a dtoil féin acu. Sin an chéad smaoineamh a rithfeadh leat maidir leis an athrú airí a tharla le déanaí, ach go háirithe nuair a ceapadh aire agus aire stáit gan aon Ghaeilge, nó ar fhíorbheagán Gaeilge, i bhfeighil na Gaeltachta agus leas agus cur chun cinn na teanga mar chúram ar leith orthu.
Déarfar gur tharla a leithéid cheana faoi rialtais eile, ach an uair seo tá beirt i gceist, agus é soiléir nach raibh riachtanas nó cás ar leith ann a mhaolódh ar an tarcaisne fhollasach don teanga leis na ceapacháin is déanaí seo.
Níl ann ach roinnt bheag míonna ó d’éirigh an Coimisinéir Teanga as a phost, agus é á lua aige nár chreid sé go raibh an rialtas i ndáiríre ina chur chuige maidir le leas na Gaeilge a dhéanamh sa tseirbhís phoiblí, nó maidir le haon chéimeanna riachtanacha a ghlacadh chun dul i bhfeidhm ar an staid thubaisteach ina raibh an teanga sa tseirbhís sin. Cur i gcéill a luaigh sé leis an gcur chuige, ach mar bharr air sin, luaigh sé an fhianaise a bhí ann go raibh stair fhada ag an gcur i gcéill chéanna ó thaobh an rialtais de.
Anois is róbhaolach gurb í an easpa dáiríreachta atá i gceist arís leis na ceapacháin is déanaí. Níl ann i gcás an rialtais ach deis chun buntáiste polaitiúil a thapú, gan aird ar aon dochar a leanfadh i gcás na teanga. Is dínáireach agus is soiniciúil an beartas é: ní féidir ach dúshlán an rialtais a thabhairt, agus diúltú aon fhaomhadh a thabhairt a léireodh go raibh a leithéid de chur chuige sásúil nó inghlactha. Cuireann an beartas is déanaí seo leis an gcur i gcéill leanúnach, agus baineann an bonn arís eile d’inchreidteacht an rialtais maidir leis an teanga dhúchais.
Ní mór, ar ndóigh, a dhéanamh glan soiléir nach bhfuil locht dá laghad le fáil ar an mbeirt a ceapadh, ná aon mhilleán orthusan de bharr gurb iad araon a thuill ainmniúchán an Taoisigh. Níl neamhábaltacht d’aon chineál i gceist i gcás Heather Humphreys ná Joe McHugh, agus fáiltítear gan cheist roimh a raibh le rá acu maidir lena ndea-thoil don Ghaeilge, agus gur cás leo araon leas na teanga a dhéanamh chomh fada agus atá sin ar a gcumas.
Níl ann ach gur dóigh linn go gcaithfí a chur san áireamh sa chás seo go mbeadh cumas labhartha sa teanga riachtanach chun dualgaisí an phoist a chomhlíonadh, agus chun tábhacht na teanga féin i saol na Gaeltachta agus na tíre a shoiléiriú agus a athdheimhniú.
|