Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
ón gcur i gcéill go fóntachas gan bháidh le Seán Ó Loingsigh
Níl ann arís ach gur mó is cás leis an Taoiseach agus a chomhairleoirí an buntáiste cúng polaitiúil seachas leas na Gaeilge.
——◊——
Is féidir nach bhfuil i gceist ach go bhfuil séasúr na seafóide tagtha beagán níos luaithe i mbliana, ach ba dheacair gan a bheith idir dhá chomhairle an éigeandáil náisiúnta a bhí sa chealú ar choirmeacha ceoil Garth Brooks, ceist nár mhiste don rialtas agus don Taoiseach féin ladar a chur ann, nó ar an dara taobh gur cheap tuisle a bhí ann nár chiallmhar dul i ngiorracht scread asail dó.
Sa deireadh, is dócha gur bheartaigh comhairleoirí iomadúla an Taoisigh go mb’fhearrde iad a bheith fainiciúil. Fan glan de, is dócha, a dúradh. Cá bhfios cén chríoch a bheadh leis nó cén slad nó mí-iompar nó tubaist, fiú, a bhainfeadh leis an mbiaiste coirmeacha ceoil.
Pé ní, fiú go bhfuil sé ina phort le tamall anuas gurb í seo ‘an tír bheag is fearr ar domhan chun gnó a dhéanamh inti’, fágadh an cúram agus an aithis ar phlátaí an phríomhfheidhmeannaigh sa chomhairle cathrach agus pé duine i gCumann Lúthchleas Gael a bhí ag plé leis. Nach raibh siadsan beag beann ar thuairimí an phobail!
Maidir lena fheabhas a bhí an tír ó thaobh do ghnó a dhéanamh inti, conas go raibh an scéal imithe chomh fada go raibh 400,000 ticéad díolta le haghaidh cúig cinn de choirmeacha ceoil sula bhfuarthas amach nach gceadódh an chomhairle cathrach ach trí cinn díobh thar trí oíche. Nach raibh siad uile i dteagmháil lena chéile ó thús?
Gan amhras chuir a chomhairleoirí in iúl don Taoiseach go mb’fhearr cloí leis an gcúram ba thábhachtaí ar fad: ba phráinní ina chás siúd díriú ar an athrú a bhí le déanamh ar airí agus airí stáit, anois go raibh an Lucht Oibre, ar deireadh thiar thall, tar éis ceannaire agus leascheannaire a roghnú don pháirtí sin. Ní dócha go raibh aon dul amú air maidir leis an gcaismirt a bheadh aige le Joan Burton, nó nach comhráití priaclacha a bheadh roimis. Céad slán le hÉamon Gilmore.
Maidir leis na hathruithe, ba dhual dúinn anseo tús áite a thabhairt dóibh sin a bhaineann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge i gcoitinne: i ndáiríre, cén fáth go ndéarfaí gur oscailt súl atá i gceapachán beirte gan Ghaeilge mar Aire agus Aire Stáit i gcás na Gaeltachta? Nach dtagann sé go huile leis an bpatrún de chur i gcéill i gcás an Stáit a thug ar an gCoimisinéir Teanga éirí as a phost roinnt míonna ó shin. Cuimhnigh siar ar an léargas a thug an Coimisinéir an tráth sin ar ionramháil agus ar chur i gcéill na bpolaiteoirí nuair a tréigeadh an riachtanas a bhí leis an nGaeilge sa státseirbhís i 1974.
Ceart nó mícheart, deirtear anseo i gcónaí gur ansin a thosaigh cur i gcéill an aosa pholaitiúil. Is féidir go dtéann sé siar níos faide. Is cuma: is í an bhréagadóireacht chéanna atá i gceist arís, cuid den phatrún ar deineadh tagairt dó. Níl ann arís ach gur mó is cás leis an Taoiseach agus a chomhairleoirí an buntáiste cúng polaitiúil seachas leas na Gaeilge. Nach eol do chách go raibh daoine cumasacha le Gaeilge ann a bheadh lán-inniúil don dá phost seo, ach ní chuige sin a bhíothas.
Ach nach mall a tharlaíonn an oscailt súl úd. Féach go mbímid fós ag portaireacht faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge faoi mar a bheadh brí nó inmhe éigin fágtha sa ráiteas mórthaibhseach rialtais sin, áit nach bhfuil i gceist ach píosa eile den bhóthar ag an amadán, mar a dúradh go minic anseo. Gan amhras, tabharfaidh polaiteoir éigin, a mbeidh uaidh dúthracht an rialtais i leith na teanga á chur ar ár súile aige arís dúinn, chun barr talún é lá is sia anonn.
Sula mbuaileam ar aghaidh, ba mhaith linn arís ár leithscéal a ghabháil le Heather Humphreys agus le Joe McHugh de bharr a bhfuil de scamhailéireacht ar bun againn maidir le líonadh na bpost seo. Go deimhin agus go dearfa, ní orthu atá ár ngoimh dírithe, ná níl aon leithcheal á dhéanamh againn orthu féin go pearsanta maidir lena gcumas nó lena ndúthracht.
Is breá linn go háirithe a raibh le rá acu maidir leis an dea-thoil a luaigh siad araon a bheith acu don Ghaeilge, agus an fonn a léirigh siad cur lena gcumas féin in úsáid na teanga. Nuair atá teanga faoi bhrú mar atá sa chás seo, ní mór dúinn ár gcairde a aithint, pé áit is ann dóibh.
Ach um an dtaca seo scéal eile ar fad is ea dea-thoil an rialtais féin. Ní hé, fiú, an eachtra is déanaí seo is mó is ábhar imní, ach mar a luadh gur cuid de phatrún é, agus nach féidír dóibh sin anois ar suim leo todhchaí na teanga gan a bheith go mór in amhras maidir le hintinn an rialtais ina leith. Tá an bhearna idir an briathar agus an gníomh ag leathnú in aghaidh an lae.
Bhí an tuairisciú a fuair an eachtra seo ar na meáin chumarsáide suimiúil go maith. Ba dhóigh leat go raibh a lán de, níos mó ná a mbeifí ag súil leis, b’fhéidir, ag lochtú an rialtais, mar atáimid féin, de bharr an easpa Gaeilge. Bhí go leor, ní nach ionadh, nárbh fhiú leo tagairt dó.
Chuireamar suim ar leith in alt ar an Irish Times ag léachtóir le Gaeilge agus teangeolaíocht in Ollscoil Chorcaí faoin ceannteideal, The Irish language is not part of us – it has to be learned agus an fotheideal: No amount of campaigning can transform the situation of a weak language. Is leis an alt sin a bheifear ag plé ina bhfuil de spás fágtha anseo againn.
Is dócha go dtugann na ceannteidil le tuiscint dúinn nach rófhabhrach ar aon chor a bhí scríbhneoir an ailt do lucht labhartha na Gaeilge agus iad ag síor-éileamh a gcearta teanga, ach go háirithe iadsan nach cainteoirí ó dhúchas iad.
Táimid saonta, ar ndóigh, nó leathshimplí, b’fhéidir, go mbímid ag súil go mbeadh duine a bhíonn i mbun léachtóireachta sa Ghaelainn i gcoitinne i bhfábhar polasaí athbheochana na teanga, ach féach nach mbíonn, agus go deimhin cén fáth go mbeadh!
Go luath ina alt agus é ag tagairt do cheapachán Heather Humphreys agus Joe McHugh, luann a t-údar ‘the usual flurry of protests from Irish-language organisations and Sinn Féin deputies’. Níos déanaí, deineann sé tagairt do thuismitheoirí i mBaile Átha Cliath a bhíonn ag éileamh oideachais trí Ghaeilge dá gclainn, agus gur deacair a bheith i dtrua leo. Tugtar fogha freisin fúthu sin a bhíonn ag éileamh go n-éisteofaí a gcás cúirte trí Ghaeilge.
Ansin, mar bhuile scoir síleann sé go mba thairbhí de ghnó ag an Aire Stáit McHugh le linn a laethanta saoire grinnfhéachaint a thabhairt ar Alt 8 den Bhunreacht, in áit a bheith ag cur snas ar a chuid Gaeilge i nGleann Cholm Cille.
Ó sea, ní sásta a bhí sé le caighdeán na Gaeilge ar an bplaiceard a bhí ar iompar ag an gcailín óg ag an léirsiú a bhí i mBaile Átha Cliath le déanaí, agus a raibh ‘níos deirge, níos feirge’ breactha air. Taispeáineadh griangraf den chailín i dteannta leis an alt. Ní raibh an Ghaeilge sothuigthe ó thaobh na teangeolaíochta a dúirt sé. Cé dó is eol an caighdeán na laethanta seo, ach na saoithíní, b’fhéidir, agus iadsan féin in adharca a chéile faoi, ach sin scéal eile. Seans gur mhó suim leis an gcailín óg an rithim agus an comhshondas seachas an caighdeán. Cé thógfadh é sin uirthi!
Is é is mó a rithfeadh leat faoin alt seo, agus ailt dá leithéid, nach raibh focal ann faoi aon ghean don teanga, gan trácht ar aon ghrá. Is beag a thuigfí uaidh gur teanga bheo, bheathach a bhí i gceist, a tháinig chugainn ó ghlúnta cairbreacha dár sinsear, nó gur taisce luachmhar dár saíocht í, nó gur seoid í dár n-oidhreacht, nó gur teanga álainn í a bhfuil saibhreas filíochta agus litríochta ag gabháil léi. Ná ní bheadh tagairt gur ceann de theangacha ársa na hEorpa í, nó go mbeimis náirithe dá ligimis uainn í le neafais nó le heaspa dúthrachta nó meanma.
Nár dhóigh leat go mbeadh sé réasúnta go rachadh pobal chomh fada lena dhícheall chun a leithéid de theanga a bhuanú mar ghnáthurlabhra, pé acu an mar chéad nó mar dhara teanga a bheadh i gceist.
Is mór an dul chun cinn atá déanta le caomhnú na teanga le breis agus céad agus fiche bliain, ón tráth ar bunaíodh Conradh na Gaeilge. Bhí dlúthbhaint ag an ngluaiseacht sin le bunú an rialtais dúchais agus bhí cur chun cinn na teanga mar pholasaí ag gach rialtas de chuid an Stáit ó shin, agus d’ainneoin a raibh le rá níos luaithe faoi shiléig agus chur i gcéill, níor chlis ar aon rialtas maidir leis an mbunphrionsabal. Is léir gur obair amú a bhí i gceist leis sin ar fad i dtuairim scríbhneora an ailt seo.
Is dócha leis go mbítear ag súil i gcás mar seo, nuair is bás nó beatha teanga ársa mar an Ghaeilge a bhíonn i gceist, go mbeadh an t-aos léinn nó acadúil, nó intleachtóirí i gcoitinne, ar thús cadhnaíochta á cosaint, nach mbeadh rian den fhóntachas lom ag roinnt leo. Féach nach mar sin a bhíonn i gcónaí.
Nó an amhlaidh go mbeadh cuid den dream acadúil níos mó ar a suaimhneas ag teagasc na Gaeilge mar theanga mharbh cosúil leis an Laidin? Gura fada go bhfaigheann siad a mian!
Feasta, Lúnasa 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|