Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
DÍLIS
Duais-scéal le Réaltán Ní Leannáin
Tá léargas ar thuairimí agus ar shaol Réaltán Ní Leannáin le fáil ina blag, http://turasailse.blogspot.ie/ . D’eascair an blag ón chnuasach véarsaíochta léi, Turas Ailse, a d’fhoilsigh Coiscéim sa bhliain 2011. Gearrliostáilte do ’Best Blog in Irish Language’, Blog Awards Ireland 2012 agus 2013. Rinne sí printíseacht faoi choimirce Scéim na nOidí de chuid Foras na Gaeilge (2012), ag obair in éineacht le Dermot Somers.
‘Tá mé ag iarraidh bheith i mo Chaitliceach, a Mhaim.’
Thóg Wendy na pónairí óna hiníon, Lúlú. Seacht mbliana d’aois. Rístuama.
‘Agus cad chuige an bhfuil tú ag iarraidh bheith i do Chaitliceach?’
Bhrúigh sí an canna siar go cúl an chófra agus thug sí spléachadh ar an am ar a fón póca. B’fhearr don bheirt acu deifriú le bheith in am do Girls’ Brigade.
‘Is Caitliceach í Maggie, agus tá an gúna is gleoite amach is amach is amach aici, chonaic mé inné é.’
‘Ach níl aici ach an t-aon lá amháin lena chaitheamh, ar ndóigh?’
Shleamhnaigh Wendy an t-anlann Korma isteach sa chófra taobh leis an channa pónairí.
‘Domh aníos an biatas picilte. ’
Chroith Lúlú a cloigeann fionn agus shéid sí ribe fánach óna súil.
‘Tá sé gleoite ar fad ar fad, agus ní lá amháin atá i gceist. Caitheann sí ar Shatharn an Chéad Chomaoinigh é, agus arís ar an Domhnach an lá dar gcionn, agus ar scoil an Luan sin chomh maith, faoi choinne grianghrafanna, agus, agus...’
‘Agus sin é.’
‘Is cuma! Tá mé ag iarraidh bheith i mo Chaitliceach! Tá mé ag iarraidh gúna bán! Deir Liam – ‘
‘ Ná creid gach focal amach as béal Liam!’
Dingeadh mála rís Basmati idir an t-anlann Korma agus bosca paiprice.
‘An bhfeicfimid arís é, a Mhaim?’
‘Aon phrócaí eile fágtha ansin, a chroí?’
‘Níl, a Mhaim. An ndearna muid rud ínteacht cearr ar Liam?’
D’amharc Wendy idir an dá shúil liatha uirthi.
‘Ní dhearna, a thaisce, ní dhearna muidinne rud ar bith cearr ar chor ar bith. Rud ar bith. An cuimhin leat gur imigh Daidí a chónaí le June agus babaí Lindsey?’
‘Is cuimhin...’
‘Ní dhearna muidinne aon rud ar Dhaidí le go n-imeodh sé, nach ní dhearna?’
Chroith Lúlú a cloigeann fionn.
‘Bhuel, is amhlaidh nach ndearna muid aon rud ar Liam. ’Nois, domh aníos an spaigití ón mhála sin thall, a stór.’
‘Níl cead ag Maggie spaigití a ithe nuair atá an gúna á chaitheamh aici. An bhfuil spaigití Protastúnach?’
‘Níl, a rún, ní bhíonn bia Caitliceach ná Protastúnach. Níl ann ach go bhfuil Mamaí Mhaggie ag iarraidh an gúna a choinneáil glan nuair nach bhfuil sé ar Mhaggie ach cúpla lá!’
Lig Lúlú osna dhomhain.
‘Dá mba agamsa a leithéid de ghúna chaithfinn é gach uile lá dá raibh mé beo.’
Tharraing sí anall mála mór prátaí chuig Wendy, agus chuir sí siúd sa chófra faoin doirteal é. Chrom Lúlú isteach chuig cluas a máthar agus rinne sí cogar ann, ‘Tá péarlaí ar na muinchillí aici!’
‘Caithfidh go bhfuil sí iomlán álainn.’
Chrúc Wendy méar tríd an eangach oinniún lena chur sa chuisneoir. Ón taobh eile de dhoras an chuisneora chuala sí an guth beag ag leanstan leis:
‘...agus parasól. Sin scáth fearthainne, ach don ghrian. Tá sé bán, fosta, agus rufa agus sequins airgid air. Agus lámhainní. Agus bróga bána. Agus stocaí bána. Agus caille.’
Ag brú na bpiobairí isteach i lámh a máthar, thairg sí di cromadh síos. Rinne Wendy amhlaidh agus stán a súile liatha féin isteach i súile liatha caointeacha. ‘An dtig liom caille a bheith agam, á Mhaim, le do thoil? Le do thoil, thoil, thoil?’
Dhruid Wendy na súile ar feadh soicind. Rinne sí macnamh.
‘Seo... seo an rud a dhéanfas muid, tá seanchuirtíní net againn sa gharáiste. Déanaimis caille as ceann acu sin, do bharúil?’
Lig Lúlú goldar lúcháire aisti.
‘Anois?’
‘Chan anois, inniu Déardaoin, lá Girls’ Brigade. Nuair a gheobhas muid ar ais abhaile. Anois féin ba mhaith liom dá dtabharfá trasna an cháis agus an íogart, más é do thoil é, a Lúlú. Sin an ghirseach mhaith. Thig linn na cuirtíní net a chuartú nuair a bheas GB réidh.’
Thiomáin siad ar ais ón chor is ón chasadh ag GB, an carr ag déanamh a bhealach abhaile síos, suas droimníní rollacha Ráth Fraoileann. Léim Lúlú amach as an charr le doras an gharáiste a oscailt dá máthair, agus rith sí isteach. Thosaigh sí a thochailt na gcuirtíní net amach as málaí plaistice dubha ar sheilf ar an bhalla cúil.
‘Ó, a Lúlú!’
Rinne Wendy draothadh gáire, ag breith ar sheanbhalcaisí liatha a d’eitil tríd an aer ionsuirthi. Tháinig Lúlú de sciúird ina ndiaidh.
‘Agus amharc air seo!’ a scréach sí, coróin phlaisteach ina glaic aici a d’oirfeadh do bhanphrionsa.
‘Tae ar dtús, tiara ina dhiaidh.’
Bhí muc ar gach mala ag Lúlú, ach ar feadh soicind, díreach. Bhí an choróin i bhfad Uladh ró-loinnireach le smut a choinneáil ar a haghaidh ar feadh i bhfad. Coróin suite ar a cuid coirníní, thug sí faoi mháirseáil mhaorga mhall amach as an gharáiste agus isteach sa chistin.
Nuair a bhí a gcuid tae déanta acu, thóg Wendy agus Lúlú an bosca fuála amach. Gearradh an cuirtín net de réir mar a d’ordaigh Lúlú agus ghreamaigh Wendy leis an tiara é. Spréigh Lúlú a raibh sa seanbhosca stáin (brioscaí Nollag fadó, fadó) amach ar an tábla. Bhí sé lán d‘fhuíoll is d’fharasbarr ó thionscadail eile ceardaíochta. Rannaigh Lúlú an cnuasach ina dhá charn – b’fhéidir agus bealach-ar-bith. Ruaigeadh cnaipí breise do léinte scoile, do chótaí móra agus do gheansaithe chuig an charn bealach-ar-bith – bealach ar bith go raibh siad dlite don chaille. Chíor sí tríd an mholl bheag b’fhéidir a bhí fágtha – cnaipí ó ghúnaí agus ó bhlúsanna, bréad breise órshnáithe agus ribíní éagsúla — ar nós seodóra ag scrúdú tearcsheoda luachmhara.
Thaispeáin sí cnaipe mór órga dá máthair .
‘A Mhaim, amharc, an dtig leat é seo a fhuáil díreach anseo?’ ag cur a méire ar an láthair féin.
‘A Mhaim, tá na cinn sin le gabháil... anseo....’
‘A Mhaim, an dá chnaipe péarlacha…’
‘Maith go leor. Sin deireadh leis an fhuáil. ‘Nois seo dhuit an glé. Úsáid é do na sequins agus an bréad.’
Chóirigh agus d’fheistigh Lúlú a caille go sona sásta. Rinne Wendy fútaráil fánach leis an charn bealach-ar-bith, na cnaipí ag titim trína cuid méar ar nós gainimh. Ghabh cnaipe mór donn sna méara aici, cnaipe sean-aimseartha leathair, do gheansaí Árann. B’fhada uathu an Nollaig anois, agus b’fhada uaithi an teach lóistín ró-fhoirfe udaí taobh amuigh de Bhaile Raghnaill, leis na cuirtíní agus cuilt Paisley, agus an bhábóg a stán amach ort nuair a shiúil tú isteach san en-suite – clúdach don pháipéar leithris. Bhí an teach iomlán acu féin an oíche sin, Liam agus ise. Cé eile a bhí chun stopadh i mbaile beag faoin tuath oíche Chéadaoin roimh Nollaig? Nár bhreá le Liam an geansaí lámhdhéanta a fuair Wendy dó.
’Díreach ceart le dul amach d’oíche iascaireachta!’ a dúirt sé.
Agus d’fhág sé ar leataobh é chun buíochas ceart a ghabháil léi, ina bhealach féin.
Ghlan Wendy a sceadamán.
‘Am suipéara, a thaisce. Seacláid the agus cúpla ginger nut?’
Ar ball, luigh Lúlú ina cnap codlata thuas staighre. Thíos, bhreathnaigh Wendy ar an déantúsán drithleach, glioscarnach a bhí ar crochadh thar an chathaoir sa chistin. Uilig le bheith ina Caitliceach.
Chuaigh sí amach go dtí an carr agus thóg lear mór cóipleabhar ar ais isteach léi. Shuigh sí ag an tábla sa chistin agus thosaigh sí ag treabhadh trí aistí Spáinnise 2A. Cuachta idir ciúnas na gcnoc agus tost na spéire, scríob sí agus thiceáil sí agus nótáil sí sna cóipleabhair. Thug sí sracfhéachaint amach ar an fhuinneog ar an ghrian ag dul faoi ag bun na ngort. Spéir dhearg thiar. Dá leanfadh an dea-aimsir seo, bheadh an-lá ag Maggie agus ag a muintir do na grianghrafanna.
Bhris cling a fóin phóca ar an chiúnas. Léigh sí an t-ainm ar an scáileán agus mhoilligh a lámh ar feadh soicind sular fhreagair sí é.
‘Bhuel?’
‘A Wendy, a stór...’
‘Chan mé, a Liam, chan mise do stór. Níor mé riamh, — nach níor?’
‘Tá mé fíorbhuartha. Cladhaire mé, níl mé in ann aon rud a rá nach gcuirfidh isteach ort –’
‘Rud beag ró-mhall dó sin, nach bhfuil? Shiúil tú amach as seo maidin Déardaoin an tseachtain seo caite le gabháil a dh’obair. An ndearna tú dearmad a inse domh nach mbeifeá ar ais an tráthnóna sin? Seachtain ghlan ó leaindeáil tú ar mo thairseach, do chuid leat? Bulaí fir, a Liam.’
‘Ní thig liom bheith leat. Tá mo chroí is m’anam á screadaíl sin liom ó bhí –‘
‘No, a Liam, níl cead screadaíle ag do chroí ná ag d’anam. Scread Monica. Thug tú sciotar faoina sciorta arís. Bhuel, éist go cúramach, ormsa a thiteann sé screadaíl anois. Ach ní d’iarraidh ar ais atá mé.’
‘Thréig mé mo bhean chéile is mo chlann Aoine an Chéasta le bheith leat,’ a chaoin Liam síos an fón léi.
‘Muise, thréig tú do chlann? Sinéad Óg? Ach shíl mé nár tháinig sí abhaile ón ollscoil don Cháisc, fiú. Agus Séamus? Caidé mar atá an mháistreacht aige, dála an scéil?’
‘B’fhéidir go ndearna mé iarracht imeacht ró-luath. Tá cion agam go fóill ar Mhonica, ach cion iomlán éagsúil ón ghrá atá agam duitse atá – ‘
‘Sea, bhuel, dar ndóigh, a Liam! Gach maidin Déardaoin, b’shin an sliotán sa sceideal a bhí againne, nárbh ea? Maidin amháin sa tseachtain domhsa, ach ar ais abhaile aicise gach uile oíche! Cinnte dearfa, déarfainn féin go bhfuil cúrsaí iomlán éagsúil!’
‘Is í mo bhean chéile í, a stór, phós mé í go scara an bás sinn, más fearr, más measa.’
‘Is amhlaidh gur measa atá aici, cinnte. Agus ná bac leis na móideanna pósta a aithris, a Mhister Bainiseacha agus Tórraimh, ba chuma sa tsioc leat fán chreideamh riamh roimhe seo. Fágaimis an ‘is Caitliceach mé’ amach as seo, an bhfágfaidh?’
‘Tá grá agam di go fóill, a thaisce, ach tá mé dúnta i ngrá leatsa chomh maith.’
‘A Liam, ní dóigh liom gur mó díomá a bhí orm ariamh le duine ar bith. Ná go raibh mé riamh gortaithe níos doimhne.’
‘Tá mé i ngrá leat, a stór, is tú mo ghath gréine.’
Stán Wendy amach an fhuinneog, gan an dúdhearg ag bun na spéire taobh amuigh a fheiceáil in aon chor. Gan na gabhláin bhinne a bhí ag tabhairt ruathair fán teach a thabhairt faoi deara.
‘Tá mé chomh tuirseach, a Liam, chomh tuirseach. Stopann sé seo anois. Cuir chugam mo chuid eochracha tí sa phost. Tabhair suaimhneas domh. Deir tú nach bhfuil tú in ann í a fhágáil? Bhuel, halleluia. Ionracas sa deireadh.’
‘Níor aithin mé cé chomh tábhachtach is a bhí mo phósadh go dtí gur fhág mé í, a Wendy.’
Bhí tost beag ann, tost a líon Wendy.
‘Ach níor stop sé sin thú ó luí liom, ar ndóigh? Agus bréaga a inse domh faoi thodhchaí bheith againn? ‘
‘Chreid mé go mbeinn in ann í a fhágáil, i ndáiríre, chreid.’
‘Tá tú a rá liom go raibh tú ag gabháil a fhágáil Monica ó casadh ar a chéile sinn ag na ranganna oíche!’
Bhí an fhearg i nguth Wendy maolaithe, tuin mharbhánta ag teacht ina háit.
‘Tá mé buartha, tá fíorbhrón orm, a Wendy. Rinne mé iarracht, rinne mé tréaniarracht.’
‘Lig mé isteach i mo theachsa thú, i mo theaghlach. Na gealltanais sin uilig a rinne tú liom ó chas muid ar a chéile ag na ranganna oíche sin, shíl mé go raibh siad tagtha i dtír. Ach níor fhan tú linn ach ar feadh sé lá. Ansin imíonn tú gan focal a rá liom. Sé lá. Déan gar don bheirt againn, a Liam, fan le do chéile. Ná déan teagmháil liom arís….’
Mhúch sí an fón, a méara ar creathadh. Mura gcasfaidís ar a chéile an lá udaí ar na ranganna oíche, an amhlaidh gurbh fhearr di? An tráthnóna sin gur sheas sé siar ón bhuacaire uisce sa phasáiste, ligint di braon a ól.
‘Áilleacht roimh aois!’ a gháir sé léi, aoibh ar a aghaidh.
Rinne sí gáire. Rinne seisean gáire.
‘Cén rang a bhfuil tú ag freastal air?’
‘Polainnis do thosaitheoirí. ASC401. Agus tusa?’ go faiteach.
‘Tugaim an cúrsa polaitíochta anseo… ASC102… Seomra 32.’
‘Ó.’
‘Polainnis… an bhfuil sé deacair?’
‘Roinnt de, ach tá sé luath go leor sa chúrsa go fóill! An oibríonn tú anseo ar feadh an lae chomh maith?’
‘Oibrím, trí mo choir féin!’ agus rinne sé gáire eile. Ansin, ‘Ní bheadh suim agat cupán caife bheith agat liom ina dhiaidh seo?’
Agus de phreab mhothaigh sí an fhuil ina leicne, a shúile donna dúdhorcha ag amharc anuas uirthi.
‘Beidh mé réidh ar a deich. ‘
‘Mise fosta. Buailfidh mé leat sa halla tosaigh?’
Caife agus bladar neamhurchóideach pléisiúrtha an oíche sin. Loinnir úr i súile Wendy. Uair a’ chloig d’airgead breise ag feighlí Lúlú.
Agus bhí Lúlú ar scoil, ar ndóigh, maidin Déardaoin an tseachtain sin. Agus gach maidin Déardaoin as sin amach, mar go raibh an bheirt acu féin saor. Saor. Gheall sé go mbeadh sé saor roimh i bhfad. Cúpla mí, a dúirt sé. Cúpla mí eile. A chuid páistí, a dúirt sé. Nárbh í an t-amadán gur shlog sí an ceann sin. Trí bliana, dhá mhí, seachtain agus cúpla lá ó shin..
Agus bhí sí chomh cúramach faoi Lúlú a choinneáil amach as cúrsaí. Ní raibh a fhios aici gurbh ann dó go dtí gur leaindeáil sé ag an teach an Aoine sin. Bhí Lúlú chomh tógtha leis, agus eisean léi, dar le Wendy.
Shiúil sí suas síos fad na cistine. Chuir sí an meaisín nite soithí sa tsiúl. Chruinnigh sí an fuíoll gléineach ar ais isteach sa bhosca stáin. Ghlan sí an tábla. Chuala sí blíp ón bhfón póca – bhí téacs tagtha.
Ni hig lom veh lat, a cri, ta nis mo na sin dualta dit.
Chaith Wendy an fón síos ar an tábla. Shuigh sí ag an charn cóipleabhar. Marc dearg ní dhearna, áfach, peann ar luascadh óna méar. Stán sí ar an bhfón ó am go ham. Trí bliana de ghealltanaisí imithe chomh furasta sin. Ar rith sé leis i ndiaidh an sé lá sa teach gurbh fhusa labhairt fá dhul a chónaí le fústairín fionn ar nós Lúlú ná é a dhéanamh go fírinneach? Í ag rúideadh isteach sa seomra leapa gach maidin ar a sé a’ chlog? Anlann tráta ar mhurlán dhoras na cistine? Subh milis ar nótaí léachta agus ar mhéarchlár ríomhaire? Léigh sí an téacs athuair. Agus scrios é. Gan crith ina láimh. Thosaigh sí ar ais a cheartú obair bhaile 2A.
Bhí Wendy díreach i ndiaidh iarracht Rebecca Jarman ar an aimsir fháistineach a cheartú nuair a tháinig téacs eile ag blípeáil tríd.
Ta iarracht i ne iarracht deanta am. Dag me mo chlann duit mar sin a vi de yi ort
An bligeard, dar léi, is ormsa an locht anois gur fhág sé a bhean chéile? sin a vi de yi ort ? Ní fhaca Wendy riamh é ag rith amach as aon óstán suarach inar stop siad ó am go chéile chun éisteacht le haifreann. Ní dhearna sé….
Fiú sula bhfuair sí seans an dara téacs a scriosadh, tháinig blíp eile ón bhfón. Léigh sí an tríú téacs:
Má ligeann 2 dom, verfi me liom amarach aon rud a dag me sa teach. Co buartha, a chri, co feargach agus nairi gur ghortai me 2
No way, José. Ag sá rolla málaí dubha bruscair faoina hascaill, suas staighre léi chuig a seomra leapa. Tharraing sí culaith dhorcha agus cúpla léine úrnite ón vardrús sa seomra leapa agus chaith sí ar an leaba iad. Lean stocaí, péire fobhríste agus veist iad. Sciobadh an geansaí leis na cnaipí donna leathair ó chúl cathaoireach agus caitheadh trasna chomh maith é. D’fháisc Wendy isteach i málaí dubha iad. D’oscail sí an cófra le taobh a leapa agus thóg sí amach bosca caol a bhí clúdaithe le leathar mín, dearg. Nollaig Shona. Sa seomra folctha, rug sí ar an scuab fiacla, an rásúr, an sobal bearrtha, an balsam iarrbhearrtha, an frithallasán agus a scuab gruaige. Ag oscailt fuinneoige, rop Wendy na málaí amach chuig an ghairdín cúil thíos fúithi.
Leaindeáil Liam ar a tairseach an oíche Aoine sin le cás, mála cultacha, cás slait iascaireachta agus stól-bhosca iascaireachta lena threalamh iascaireachta ar fad istigh ann. An méid a bhí sé in ann a iompar. Luigh an mála taistil agus an mála cultacha go fóill ar an leaba shingil sa seomra leapa beag i gcúl an tí. Go dtí go mbeadh faill aige iad a fholmhú i gceart, a dúirt sé. Sacadh amach as an fhuinneog iad go dtí an talamh thíos fúithi. Agus an mála cultacha is na slait iascaireachta ina dhiaidh. Bhí an stólbhosca iascaireachta ar an chairpéad ansin. Trom. Tríocha bliain ag bailiú ríleanna, duáin, tromáin, sclóinte agus bleaindithe. Á iompar go hamscaí, thug sí mear-ghliúcaíocht isteach i seomra leapa Lúlú agus í ag gabháil thar bráid. Srannadh íseal séimh. Rinne sí a bealach ciúin síos staighre lena lasta agus amach léi go dtí an gairdín cúil.
Ag sciobadh na málaí plaisteacha ón talamh, chuir Wendy ina moll sa choirnéal thall den ghairdín iad, in éineacht leis an tácla iascaireachta. Bhailigh sí lastóirí tine agus beart sean-nuachtán ón chistin. Agus buidéal fíona. Súimín ar shlogóg, d’fhadaigh sí an tine. Slogóg ar scáilléad, d’fholmhaigh sí na málaí dubha amach ar na lasracha. Lig an geansaí olla giosáil, ag imeacht ina bhladhaire ghorm. Thiontaigh an bosca caol leis na péarlaí ó dhearg go dubh, an leathar ag tiontú isteach air féin leis an teas. Chuir sé iontas uirthi a fhíochmhaire a bhí na splancanna ó na bróga reatha. Tharraing sí bloic adhmaid don teallach sa seomra suí amach as an gharáiste. Chuir sí leis an chraos bladhmach iad, an t-adhmad tirim ag loscadh go gangaideach. D’fholmhaigh sí a raibh istigh sa chás sa mhullach ar an chumasc. Bhí tine chnámh bhríomhar aici faoin am seo. Shuigh sí síos ar an bhosca iascaireachta folmhaithe, an méid a bhíodh ann dóite anois, tarracán ar tharracán, caite go fonnmhar leis na lasracha. Duáin daite ag imeacht ina splanc roimh an teas, bleaindithe plaisteacha ag sileadh agus ag séideadh a dtoit ghéar tríd an oíche dhorcha, chiúin.
Nuair a ghearr fuacht na hoíche Aibreáin sin tríd an teas a d’eascair ón ghríosach d’fhill sí ar an chistin. Thóg sí an chaille a chuir a hiníon le chéile le dua cúpla uair a’ chloig ó shin. Leag sí ar a cloigeann í. Scrúdaigh sí an fháithim de chnaipí loinnireacha, de ghealra gléite agus bréad órshnáithe de chuid Girls’ Brigade. D’fhág sí an chaille ar ais ar an chathaoir agus rinne sí fútaráil ina póca, gur aimsigh sí a fón. Deora sna súile, bhrúigh sí na cnaipí agus d’fhreagair sí an téacs deireanach:
Amárach ro-mhall. Twelfth tagtha luath i mbliana.
——◊——
Ghnóthaigh ‘Dílis’ an tríú duais do Réaltán Ní Leannáin sa chomórtas gearrscéalaíochta a d’eagraigh Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Pharnell, in ómós do Liam Mac Uistin in 2013. Beidh léirmheas ar leabhar filíochta léi, 'Turas Ailse', ar mhóreagrán na Bealtaine de FEASTA.
Feasta, Márta 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|