Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
An Státchóras agus An Ghaeilge: doicheall agus neamhaird!
Sliocht as aitheasc Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha,
ag Ardfheis an Chonartha san Óstán Heights i gCill Airne ar an 1 Márta.
I mbeagán focal, is gá a rá gur drochfhreastal atá á fháil ag lucht na Gaeilge ón Stát, thuaidh agus theas, faoi láthair. Sa tuaisceart, b’éigean don Choimisiún um Chearta san Eoraip tuarascáil fíorcháinteach a fhoilsiú le déanaí ar an leatrom atá á imirt ar an teanga agus ar phobal na Gaeilge ó thuaidh. Caithfimid aird níos mó a tharrac ar mholtaí an Choimisiúin, agus is gá feachtas a chur ar siúl chun na cearta san a bhaint amach.
Ó dheas, is ar éigean go bhfuil an scéal pioc níos fearr. Níl an stát ag freastal ar mhianta dúchais an phobail. Leanann na deacrachtaí atá ag lucht na Gaeilge i ngach gné den saol. Bhí, agus tá, an scéal chomh holc san go raibh ar an gCoimisinéir Teanga fógra a thabhairt go raibh air éirí as a phost. Tá a laghad tiomnachta ag an Stát don Ghaeilge, agus fiú dá phleananna féin i leith na teanga, nár bhain fógra an Choimisinéara an creathadh is lú as lucht rialtais. Thar bhur gceann, is mian liom arís buíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as an obair stuama éifeachtach a dhein sé do phobal na tíre ar fad agus é ag saothrú faoin Acht Teanga a chuireamar mar phobal ar fáil dúinn féin. Chífimid cad a chuirfear os ár gcomhair roimh an Samhradh, nuair a fhoilseofar Bille Teanga leasaithe. An dtabharfar pleancadh eile dúinne, don Ghaeilge agus don Ghaeltacht? An mbeimid níos mó faoi chois fós inár dtír féin, ag ár Rialtas féin? Is é sin, an ndéanfar iarracht eile fós gearradh siar ar chearta phobal na Gaeilge?
Mar gheall ar an scéal a bheith imithe in olcas, bheartaigh Coistí Ceannais an Chonartha cruinniú ar leith de lucht na Gaeilge a ghlaoch don 11 Eanáir i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail breis agus dhá chéad duine ar an gcruinniú san, deineadh mórán moltaí agus ag éirí astu eagraíodh suas le 20 cruinniú timpeall na tíre (bhíos féin mar aoi-chainteoir ag trí cinn acu i gCúige Mumhan), agus na cruinnithe san ar fad mar réamhullmhúchán do Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 15 Feabhra. Dheineas tagairt dó sin aréir, mar sin níor mhaith liom dul siar air an iomad, ach is mian liom tréaslú go croíúil leis an 10,000 Gael ó gach áit in Éirinn a bhailigh le chéile don mhórshiúl san. Ba mhaith liom moladh a thabhairt arís do na heagrais éagsúla Ghaeilge agus eile agus a bhfoirne, go háirithe an tArd-Rúnaí agus foireann Chonradh na Gaeilge féin, a thug tacaíocht do phobal na Gaeilge agus a spreag an misneach sa phobal san, go háirithe trí iarracht mhór eagrúcháin a chur laistiar den bhfeachtas. Is mian liom buíochas a ghabháil leis na meáin, ach go háirithe le Raidió na Gaeltachta, a thug clúdach thar na bearta don bhfeachtas. Gan amhras leis, níl an gnó críochnaithe, ná baol air. Sin, in ainneoin an méid seo i ráiteas ón rialtas ag aithint go raibh bunchúis leis an mórshiúl seo ar son cearta: We do not disagree with the basis of the demands made and we recognize that the status and use of the language in public life would be greatly improved if such measures were put in place. Cé atá á stopadh? Ní acmhainní airgid an t-easnamh is mó, ach an toil! Tá mórán plé, idir phleanáil agus ghníomh, le déanamh as seo amach. Cuirimis chuige?
Feasta, Márta 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|