Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Fógra Féiniúlachta
Doing Something Irish
http://www.youtube.com/watch?v=DTNBmFveq2U


le Muiris Ó Meara


AN AIMSIR ÓG: Paimfléad 6. Coiscéim. BÁC. €6.

á mheas ag Breandán Mac Gearailt


Cailleadh an scoláire ceannródaíoch, Stuart Hall, socheolaí agus teoiricí cultúir, i Sasana ar an 10 Feabhra, 2014. Nuair a saolaíodh Hall i Kingston na hIamáice i 1929, áfach, bhí córas leatromach na coilíneachta i dtreis sa tír úd. As sin suas bhrath Hall ciaptha cráite faoi chrann smola na coilíneachta sa bhaile nó gur bronnadh scoláireacht Rhodes air sa bhliain 1951. Ar deireadh, sholáthraigh an scoláireacht sin deis dó éalú ó Iamáice agus chuaigh sé anonn go Sasana an bhliain sin, mar ar thug sé faoi thráchtas dochtúireachta ar an scríbhneoir, Henry James, i gcoláiste Merton, Oxford. Thuismigh an turas cinniúnach úd an gaol defhiúsach a bheadh ag Hall le Sasana feasta, áfach.

Nuair a ráinig Hall Ollscoil Oxford thuig sé go ndeineann fearann fianaise, mar níor chathair mar a tuairisc í Oxford nó go deimhin, Sasana. Diaidh ar ndiaidh, baineadh na faithní idé-eolaíocha dá shúile agus d’aithin Hall go raibh bearna ollmhór idir reitric mhórfhoclach na hImpireachta agus an tslí, de facto, ar réalaíodh an reitric úd i Sasana. Chonaic Hall go raibh iarmhairtí tromchúiseacha ag reitric spéartha na hImpireachta ar an bhfear gorm ó Iamáice, agus go deimhin, ar an bhfear sluaiste ó Charna thall i Sasana.

Ar thuras traenach ó Bhriostó go stáisiún Paddington dó tamall ina dhiaidh sin bhrath Hall, ar chuma éigin, go raibh sé sa bhaile i Sasana agus shamhlaigh sé an tírdhreach a chonaic sé trí fhuinneog na traenach leis an tírdhreach in úrscéalta Thomas Hardy. Thuig sé ina dhiaidh sin, áfach, gur aisling mheabhail ab ea an samhlú tíriúil sin, a fabhraíodh agus cothaíodh i gcóras oideachais na hImpireachta. Chuir córas oideachais na hImpireachta dallaphúicín idé-eolaíoch air ar dtús, ach de réir a chéile tuigeadh dó gurbh iad creach agus dúshaothrú na gcoilíneach a bheathaigh samhlaíocht leataobhach na hImpireachta. As sin suas, ní chuirfeadh sé fiacail ann riamh: ‘the very notion of Great Britain’s “greatness” is bound up with empire. Euro-scepticism and Little Englander nationalism could hardly survive if people understood whose sugar flowed through English blood and rotted English teeth.’1 B’fhéidir a mhacasamhail de locht a chasadh le reitric Stát Aontaithe Mheiriceá ar na saolta seo, leis, ar ndóigh, mar níl ré na nImpireachtaí thart go fóill, ná baol air, faraor.

Níor íoc oideachas Hall an comhar leis, mar thuig sé, ar deireadh, nár leor an t-oideachas d’fhonn bheith istigh iomlán a fháil i gcóras ciníoch na hImpireachta Briotanaí. B’fhéidir go bhfuil an tuiscint réamhluaite mós simplí, áfach, mar siúd is nár tugadh bheith istigh iomlán don fhear gorm ó Iamáice, dhíol oideachas Hall an comhar leis ar shlí i bhfad Éireann ní ba radacaí. Deineadh fear cúise de Hall i Sasana, agus throidfeadh sé i gcoinne fhimínteacht na hImpireachta agus i gcoinne údarásaíochas an Bhanimpire Thatcher, go háirithe, gan stríocadh gan chomha, feasta.

Thug sé ‘familiar stranger’ air féin ní ba dhéanaí, d’fhonn an gaol défhiúsach a bhrath sé le Sasana a chiallú.2 Ar ndóigh, cuimsíonn an ‘familiar stranger’ úd an tuiscint dhéfhiúsach a nochtann Stephen Dedalus i leith an Bhéarla i ‘bPortráid’3 James Joyce: ‘... His language, so familiar and so foreign, will always be for me an acquired speech’ (liomsa an bhéim). Nó lena chur ar shlí eile ar fad, b’fhéidir, nuair a fhaigheann an dúchasach bheith istigh i leaba na hImpireachta, ní mór dó codladh lasmuigh i gcónaí. Ar ndóigh, b’in oighear défhiúsach na nImpireachtaí uile ó Pháras go Béal Feirste go Washington siar.

Shaothraigh Hall a shíol oideachasúil i gcultúr na mBriotanach, ach níor thug sé an barr a raibh coinne aige leis chun cineáil sa bhfómhar, mar ar deireadh d’fhág sé Ollscoil Oxford. Ní raibh Hall istigh leis féin go heiseach in Oxford nó i Sasana riamh agus go deimhin, ní raibh sé istigh leis féin in Iamáice, leis. Sa chiall seo, níor locht orm a áiteamh gurbh í an éiginnteacht agus an díláithriú eiseach seo — staid dhéfhiúsach an ‘bheith idir dhá bhaile’ — a bhí mar shaintréith onteolaíoch i bhféiniúlacht Hall lena bheo. Nó lena chur i bhfocail an Ríordánaigh, b’fhéidir, bhí ‘an mise ceart as baile’ air go dtí lá a bháis.

Soláthraíonn an scannán Kings (Collins 1997) léargas eile dúinn ar an tslí a chlaochlaítear féiniúlacht an imircigh i Londain nuair a théann fir óga as Conamara anonn go Sasana – i seachtóidí na haoise seo caite. Is maith a oireann an cuntas a thugann Joe Steve Ó Neachtain (2013:136) ar chúrsaí imirce i gConamara d’fhonn imní, scleondar agus tnúthán na bhfear óg ag tús an scannáin a léiriú: ‘...[bhíomar ag triall ar Holyhead] ar an mbád bán, ag fágáil slán le cruatan is ag bochtanas agus sceitimíní dóchais inár gcroí ag déanamh ar chathair mhór Londain gan pingin inár bpóca ná focal Béarla inár bpluic.’ Níos déanaí sa scannán agus iad ag cur fúthu i Londain anois, deir Jackie Flaherty (Seán Ó Tarpaigh) ‘ní leaids as Conamara nó Ciarraí nó Tír Chonaill muid níos mó. Is dream eile ar fad muid anois.’ Aithníonn Jackie go bhfuil féiniúlacht na leaids claochlaithe ag eispéireas na himirce. Dream ‘eile’ is ea iad go deimhnitheach. ‘Eile’ an tSasanaigh, ar ndóigh.

Ba dhóigh leat, ar shlí, go raibh Jackie ag iarraidh an tuiscint a nochtann James Joyce sa ‘Phortráid’ a mhíniú do na leaids nuair a scríobh Stephen Dedalus ‘the shortest way to Tara … [is] via Holyhead.’ Míníonn Higgins & Kiberd (1979:9) athfhriotal Joyce mar a leanas: ‘[this] ... was a recognition that Irish people only discover themselves to be such on the streets of some foreign country. Before emigrating, a person might be known as a Kerry woman or a Wicklow man. In ... London ... however, such persons learn what it means to be Irish’ (liomsa an bhéim). Ar an léamh seo, más ea, léiríonn an scannán seo an claochlú a thagann ar fhéiniúlacht na leaids óga agus a raibh i gceist le bheith Éireannach (ibid.) i Londain san am sin. Bíonn iarmhairtí eiseacha difriúla ag an gclaochlú seo ar na fir óga agus rianaítear na hiarmhairtí truamhéileacha sin go greanta sa scannán seo.

Thug Joe Steve Ó Neachtain faoi deara go dtagann claochlú ar Éireannaigh áirithe nuair a bhíonn siad thar lear ar saoire. Nuair a bhí sé sa Fhrainc deir sé gur casadh Éireannaigh air, ‘...dream a bhuailfeadh smugairle idir an dhá shúil ort ar do chuid Gaeilge sa mbaile, ach a bhain úsáid as na cúpla focal thall chun a chruthú gur fíor-Ghaeil iad nuair a d’fheil don ócáid’ (Ó Neachtain 2013:17). Is féidir linn casadh nua iorónta a bhaint as tuiscint réamhluaite Joyce anseo, óir is léir gurbh é Cherbourg nó Le Harve cóngar na féiniúlachta ‘fíorGhaelaí’ anois! Thug Pádraig Ó Conaire ‘ornáidíocht’ ar a mhacashamhail de gheáitsíocht bheagmhaitheasach i 1920, nuair a d’aithin an scríbhneoir géarshúileach go raibh polaiteoirí áirithe ag fabhrú dearcadh fimíneach i leith na Gaeilge i ngorlann na polaitíochta (Féach Nic Eoin 2006:171-176). Plus ça change… Murab ionann is an scannán Kings, áfach, is í an ghné thaibhitheach (performative) an rud is spéisiúla faoi shampla réamhluaite Uí Neachtain. Cad atá i gceist agam le gné thaibhitheach na féiniúlachta, más ea?

Tá freagra na ceiste sin le fáil sa bhfógra teilifíse a bhí ag Carlsberg4 tamall ó shin, dar liom. Ag tús an fhógra seo feicimid triúr fear óg ag dul isteach i mbeár sa Bhrasaíl. Buaileann an tindeálaí bleid orthu agus deir sé ‘Where are you from?’ ‘Ireland’ a thugtar mar fhreagra ar an gceist, ach ba dhóigh leat nach sásaíonn an freagra an tindeálaí mar deireann sé ‘Do something Irish.’ Níl an tindeálaí sásta gur Éireannaigh is ea iad nó go gcruthaítear é sin go taibhitheach dó. Molann fear amháin ag an mbeár dóibh amhrán Éireannach a chasadh agus molann an tindeálaí féin damhsa Éireannach dóibh.

Bheadh coinne agat, b’fhéidir, go ndéanfaidís aithris ar na hearraí cultúrtha a reiceann Ireland Inc. thar lear d’fhonn Éireannachas spéartha an mhargaidh a chuimsiú .i. Riverdance nó Enya (!), abair. De gheit, áfach, reiceann fear amháin an ‘dán’ seo a leanas, ‘in our native tongue’ mar fhreagra ar dhúshlán an tindeálaí: ‘An bhfuil cead agam dul amach go dtí an leithreas?/ agus madra rua/ Is maith liom cáca milis/ agus Sharon Ní Bheoláin/ Tá geansaí orm/ Tá scamall sa spéir/ Tabhair dom an cáca milis.’

Níl fúm fiúntas liteartha a phlé anseo! Ná níl lá loicht agam ar Ghaeilge an dáin, ach an féidir linn a rá gur dán gurb ea é, dáiríre? Nó an mbeadh an t-athfhriotal seo le Macbeth níos oiriúnaí d’fhonn cur síos ar mar dhán? ‘It is a tale told by an idiot, full of sound and fury, signifying nothing’ (liomsa an bhéim). Braithim go mbeadh ‘signifying nothing’ míshásúil, áfach. Siúd is nach mbaineann ciall nó feidhmiú an dáin puinn leis an tslat tomhais dhénártha a thug Ferdinand Sausurre dúinn (.i. signe = singnifiant:signifié) tá cáilíocht aificseanach (affective) ag an dán, beag beann ar bhrí shéimeantach na teanga, mar is léir ón tslí a dtéann sé i bhfeidhm ar an lucht éisteachta sa bheár. Ní dán éigiallda gan bhrí é agus soiléiríonn Richard Kearney (2006:20) a bhfuil i gceist agam anseo: ‘we have here not meaninglessness but another kind of meaning, not confusion but another kind of coherence.’ Baineann ciall an dáin leis an rud a dheineann an teanga féin go taibhitheach, más ea, mar freagra is ea é ar dhúshlán an tindeálaí ‘Do something Irish’. Is í an fheidhm atá aige, dá réir, ná féiniúlacht an Éireannaigh a chruthú os comhair an ‘Eile’ Brasaíleach. Sa phróiseas seo ní hí brí an dáin is cás linn seachas an rud a dheineann an dán. Conas a dheineann an dán féiniúlacht an Éireannaigh a chruthú?

Feidhmíonn an teanga sa dán seo ‘go taibhitheach’ (performatively) i mbéarlagar J.L. Austin (1962). Nuair a bhíonn ‘urlabhra thaibhitheach’ i gceist, deir Austin (1962:5) ‘ [to]...utter the sentence ...is not to describe ...it is to do it.’ Arsa Austin (1962:6) ‘...the issuing of the [performative] utterance is the performing of an action.’ Ní úsáidtear an tslat tomhais ‘fíor nó bréagach’ d’fhonn éifeacht na hurlabhra taibhithí a mheas. Baineann an tslat tomhais sin leis an ‘urlabhra infhíoraithe’ (constative utterance) (Austin 1962). Nuair a bhíonn urlabhra thaibhitheach i gceist deintear rud éigin go héiritheach nó ní dheintear. Más ea, is féidir linn feidhm(iú) an dáin seo a thuiscint de réir analaí le tuiscint réamhluaite Austin, mar deintear féiniúlacht an Éireannaigh, a léiriú go héiritheach anseo beag beann ar bhrí shéimeantach na teanga. Tá an ghné thaibhitheach seo rí-thábhachtach i staidéar inscní, leis. Baineann Judith Butler (1990) earraíocht as an nóisean ‘performativity’ i staidéar inscní agus áitíonn sí gur constráid shóisialta is ea ‘inscne’ a mhúnlaítear go taibhitheach. Tríd is tríd, más ea, léiríonn an fógra seo tuiscintí thar a bheith caolchúiseach i dtaca le múnlú féiniúlachta. Fógra Déanta is ea an fógra seo dáiríre!

Tagairtí:


1. www.theguardian.com/education/2014/feb/10/stuart-hall-cultural-legacy-britain-godfather-multiculturalism
2. Ar fáil: http://www.theguardian.com/politics/2014/feb/10/stuart-hall
3. A Portait of the Artist as a Young Man atá i gceist anseo.
4. http://www.youtube.com/watch?v=DTNBmFveq2U
[Carlsberg in Irish - Commercial]

Feasta, Márta 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais