Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta

le Seán Ó Leocháin


PYTHAGORAS

Faoi gheasa ó thosach
ag nithe ab fhéidir a thomhas,
b’uimhreacha an saol ar fad dom,
b'uimhreacha mo thaithí go léir.
Ach ní féidir liom brath a thuilleadh orthu,
ní féidir liom brath orm féin:
céard a thaispeáin siad dom go nuige seo,
céard atá ann le taispeáint dom? –
leisce orm dul chomh fada leis,
gan aon chruthúnas agam
agus gan ann i ndeireadh na dála
ach rud a chonacthas dom
i mo chéimseata is i m’ailgéabar,

ag dul amú ó thosach
agus an obair a thóg mé orm –
an obair a thug mé le déanamh
do ré-uimhreacha is do chorruimhreacha,
do m’fhoirmlí is do m’fhigiúirí –
chomh doiléir is a bhí sí riamh dom
agus an toradh a theastaigh uaim
sa scéim a leag mé amach
is an míniú a gheall mé dom féin
chomh fada is a bhí siad riamh uaim
sna géaruillinneacha is sna maoluillinneacha
is sna línte ag dul thar a chéile
nó ag teacht salach ar a chéile sa spéir.

PLANDAÍ
— do Eugenio Montale

Nach dtabharfá chugam an bláth beag buí? –
tá a fhios agat an ceann,
é agat leis na blianta ar chúl an tí.
Má théann sé i bhfréamh
i mo chréafóg thanaí
tiocfaidh fad ar mo shaol:
a cheann chun na spéire aige,
gan ach scamaill os a chionn
is gan a mhalairt i ndán dó
chomh fada ó bhaile, é lán d’imní,
an séasúr le cur de aige
ag teacht chuige féin
nó ag dul ar neamhní.

Na nithe a bhí doiléir,
tá siad doiléir i gcónaí:
cé gurb olc an comhartha
mar a sheasann sé an fód,
beo ar éigean chomh fada óna thaithí
is gan tógáil a chinn aige
i gceartlár an ghairdín,
mairfidh sé go brách
má éiríonn leis teacht tríd
cé nach féidir linn a rá
go mbeidh sé chomh maith is a bhí,
a aghaidh chun na spéire aige,
é ag dul le báiní.

SIBELIUS

Tá an ceol ag imeacht as mo cheann.
Airím nótaí is rithimí – blúirí
ag teacht aniar aduaidh orm
chomh binn is a bhí riamh –
ach ní bhaineann siad liom a thuilleadh,
pé acu ag teacht i gcabhair orm
nó ag déanamh magaidh fúm.

Agus cuirim uaim arís iad:
cuirim uaim a bhfuil ann díobh,
iad chugam ina mbeirteanna is ina dtriúir
lena fheiceáil an bhfuil mé ann,
an t-iomlán ag imeacht le gaoth
cé go n-airím an chuid is fearr acu
á seinm arís is arís,

iad ag rith trí mo cheann sa dorchadas,
iad romham arís leis an lá –
beannaím dóibh ach ní thugann siad aird orm,
ardaím mo lámh ach ní bhacann siad liom.
Fágaim an fhuinneog ar oscailt
go nglanfaidh siad leo as mo radharc
ina gcuileoga móra dubha

de na leathanaigh a bhreac mé leo.
Ach fágaim an solas ar lasadh,
ní dhúnaim an fhuinneog san oíche
ach ní dóigh liom go mbeidh siad ar ais
mar tá an ceol ag imeacht as mo cheann
má bhí sé ann riamh
nó má bhí mé féin riamh ann.

ÉIRE NUA

An lá a gealladh mé féin is mo bhean,
nuair a ligeamar an rún
le bean an tí aíochta
thréaslaigh sí an dea-scéal linn.
Ach d’athraigh sí a port
nuair a d’iarramar lóistín:
ní raibh fágtha aici ach aon seomra amháin
agus dhún sí an doras orainn.
Ach buailim ar an doras arís
dhá scór bliain ina dhiaidh:
cuireann sí fáilte is fiche romhainn,
bean chéile a mic.
Tá seomra le fáil gan cheist
agus, fad mo láimh ón leaba,
tá coiscíní sa chófra
leis an siúcra, an tae is na brioscaí.
— Seán Ó Leocháin



Feasta, Márta 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo