Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Lámh mharbh an mhaorlathais agus intinn amhrasach an rialtais atá go mór mar ábhar imní ag pobal na Gaeilge faoi láthair. Maidir le hintinn an rialtais ar dtús, tá fhios ag an saol go bhfuil dóthain ráite againn anseo le míonna anuas faoin gCoimisinéir Teanga, a streachailt leis an rialtas agus an toradh tubaisteach a bhí air sin. Beidh a mhacalla le clos i bhfad anonn.
Ní hé gan baint a bheith ag an eachtra chéanna leis an maorlathas freisin, ach is mó ag cuimhneamh sinn faoi láthair ar an bhfógra ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil críoch curtha i ndeireadh thiar leis an mbabhta fada ionramhaíola a tharla leis an gcóras nua maoinithe do na heagrais dheonacha, agus fógra an Fhorais go bhfuil sé cinn de cheanneagraíochtaí roghnaithe acu, agus gurb iadsan feasta a bheidh i dteideal maoinithe ón rialtas maidir le saothrú i ngort na teanga.
Fiú go bhfuil an beart déanta agus gurb í toil an Fhorais ó thús atá in uachtar, gan spleáchas do mhí-amhras agus do dhoicheall na n-eagras, níor mhiste aird a thabhairt ar impleachtaí an bheartais nua do na heagrais, dá modhanna oibre agus fiú dá n-aidhmeanna agus dá bhfealsúnacht bhunaidh. An bhfuil a saoirse géillte acu ar mhaithe le potaí óir an rialtais, agus iad feasta in iomaíocht le chéile ag déanamh de réir mar a dháiltear dualgais orthu ag an maorlathas úd, pé an bríomhar nó marbh a lámh?
Mar a bheifí ag súil leis, chuir cuid de na ceanneagraíochtaí fáilte roimh an riar nua, agus iad beagnach ag ceiliúradh a n-uirísliú. Cheap cuid díobh a suaimhneas, b’fhéidir, ar an mbonn nach raibh a lán le ceiliúradh. Ach ní raibh aon cheilt ar dhíomá na n-eagras a fágadh ar an mblár folamh. Céard atá i ndán dóibh? Go deimhin is deacair gan a bheith in amhras faoi céard atá i ndán d’aon eagraíocht faoin dispeansáid nua.
Is deacair gan a bheith in amhras chomh maith an ar mhaithe le sábháilt airgid atáthar go huile leis an socrú nua. Ní bheadh sé éasca aon locht a fháil ar a leithéid sin de chur chuige. Ach is scéal eile ar fad drochamhras agus iomaíocht a chothú i measc dreamanna a bhfuil an aidhm leathan chéanna mar inspioráid acu. Beidh iomaíocht an mhargaidh, agus grinnmhaoirsiú an Fhorais, mar spreagadh acu feasta. Ach cé a dhéanfaidh maoirseacht ar na maoirseoirí?
Ar ndóigh cuirfear fáilte forleathan roimh cheapachán Rónáin Uí Dhomhnaill mar Choimisinéir Teanga. Is trua ar fad go mbeadh aon amhras i gceist maidir leis an mbealach a tharla an folúntas. Níl rian den locht ar an té atá ceaptha. Go n-éiri go geal leis.
|