Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
B’fhada ó réabhlóid é, ach cá bhfuil ár dtriall anois?
le Seán Ó Loingsigh
Ba chailliúint daoine mar Trevor Sargent agus John Gormley don saol poiblí, agus ba bhreithiúnas crua go maith a rinne an pobal ar an bpáirtí in olltoghchán na bliana 2011.
——◊——
Tá sé trí bliana ó shin go díreach ó bhíomar ag scríobh faoin olltoghchán a bhí díreach thart. Réabhlóid a luamar leis go mórchúiseach. Gan amhras bhíomar ag déanamh áibhéile, rud nach mbeadh neamhchoitianta ar fad. I ndáiríre b’fhada ó réabhlóid é. Bhí tubaist gheilleagrach tar éis tarlú mar a tharla go forleathan ar fud an domhain agus chuir an pobal an milleán, gan mhoilliú gan cheist, ar chomhrialtas Fianna Fáileach / Glasach na linne.
Ach, ar ndóigh, fiú agus an scrios a bhí déanta ar pháirtí seanbhunaithe uileláithreach Fhianna Fáil, ní haon réabhlóid a bhí ann. Ní raibh i gceist sa deireadh ach go raibh an ruaig curtha ar pháirtí coimeádach amháin agus a n-áit glactha ag páirtí coimeádach eile. Is cinnte nach raibh aon mhalairt treo nó aon athrú polasaí i gceist.
Leanamar orainn ag dul i dtaithí ar an téarmaíocht nua a bhí tagtha chun cinn, nó focail a bhí imithe as úsáid le linn ré an rachmais, déine agus déineas, ciorrú agus gearradh siar, agus dóthain eile dá leithéid. B’ábhar ionadh claochlú Fhianna Fáil agus athéirí Fhine Gael, ach b’fhada ó dhortadh fola é.
Ag breathnú siar trí bliana d’fhéadfaí a rá nár tharla an díothú a bhain don Pháirtí Glas i gcás Fhianna Fáil. Nár chaill siad gach uile shuíochán Dála dá raibh acu, bíodh go nglacfaí leis gur bheag a bhfreagracht sa chúlú eacnamaíoch i gcomparáid lena gcomhpháirtithe rialtais? Ba chailliúint daoine mar Trevor Sargent agus John Gormley don saol poiblí, agus ba bhreithiúnas crua go maith a rinne an pobal ar an bpáirtí in olltoghchán na bliana 2011.
Anois is iad Páirtí an Lucht Oibre atá mar pháirtí sóisearach i gcomhrialtas. Gan amhras, ní tharlóidh an íde dóibh a tharla i gcás na nGlasach, ach mar sin féin, tá an fhadhb chéanna acu a bhí i gceist riamh anall i gcás mionpháirtí i gcomhrialtas le mórpháirtí. Is deacracht bhreise do pháirtí ar an eite chlé é, ar dhóigh leat go mbeadh seantaithí ag an Lucht Oibre air um an dtaca seo, iad a bheith i gcomhrialtais le páirtithe coimeádacha, le Fine Gael go háirithe. Go hiondúil chaill siad suíocháin san olltoghchán a lean a dtéarma oifige.
Is í an mhórfhadhb d’aon pháirtí a luann an lucht oibre lena n-ainm gur deacair dóibh dul i bpáirtíocht le páirtí den eite dheis mar Fhine Gael gan a gcreidiúint a chur i mbaol, agus is mó go mór an baol in aimsir na práinne, nuair atá ciorruithe agus gearrtha coitianta mar atá sa tír seo faoi láthair. Níorbh ionadh dá mbeadh a lucht leanúna ag éirí mífhoighneach, agus iad in amhras an raibh siad ag caitheamh vóta do pháirtí sóisialach nó do pháirtí a bhí le háireamh ar an eite chlé in aon chor.
Cad faoi Shinn Féin mar sin? Nach bhfuil siadsan le háireamh go daingean ar an taobh clé den speictream polaitiúil? Bhí a nArd-Fheis le déanaí acu i Loch Garman, agus mar atá coitianta anois bhí an dream óg go mór chun tosaigh, iad thar maoil le spleodar na hóige, agus iad deisbhéalach mar bharr air. Is cuma é sin, mar atá soiléir le fada agus ráite le fada, ní suim leis na tráchtairí polaitíochta aon ní ach cloí go daingean le Gerry Adams agus a stair dhorcha siúd le sealadaigh an IRA.
Um an dtaca seo, is cuma iad na tráchtairí féin, ach rithfeadh leosan ar mór acu an fhaisnéis lom, an t-iománaí ar an gclaí, b’fhéidir, go bhféadfadh Adams féin brú ar an bhfáilte agus go bhfuil an t-am fóirsteanach an ceannas a ligean ar aghaidh go glúin eile.
Gan amhras, ní faoin iománaí iomráiteach úd a fágfar réiteach na ceiste sin. Ach maidir leis an gcaint faoin deas agus clé sa saol polaitíochta, ní bheidh an chlaontacht seo in aghaidh na heite clé atá i dtreis faoi láthair ag dul i ngan fhios do Shinn Féin, agus is féidir a bheith cinnte go mbeidh siad ar a n-aire gan béim thar fóir a leagan air. Bíonn a thábhacht féin le treo na gaoithe sa pholaitíocht.
Is é an cheist mhór, gan amhras, agus sinn ag druidim suas le toghcháin áitiúla agus Eorpacha, ná conas mar a bheidh ag Fianna Fáil? Níl sé i bhfad ó shin ó bhí go leor ag tuar go raibh deireadh leo, nach raibh slí ar ais ann dóibh tar éis léirscrios na bliana 2011. Níl a lán a raghadh chomh fada sin faoi láthair, ach san am céanna is beag cinnteacht ann, ní hamháin maidir le cé mhéid vótaí a fhillfidh, má fhilleann, ach cad as a thiocfaidh siad. Ní mór a chur sa mheá freisin nach ionann toghcháin áitiúla agus Eorpacha agus olltoghchán. Ní bheidh freagra na ceiste ar fáil go dtí 2016.
Is é is féidir a rá ná go bhfuil a chion déanta ag Mícheál Ó Máirtín a pháirtí a athchruthú, oiread agus a b’fhéidir sin a dhéanamh: an fear i mbéal bearna in am an ghátair, ach is léir go raibh an obair eagraithe logánta, na cumainn, ligthe i léig le fada an lá. Ní fios cén staid ina bhfuil siad faoi láthair. Mar a deireadh na póstaeirí toghcháin lá den saol: ‘go leor déanta, tuilleadh le déanamh’.
Tá rith an ráis le Fine Gael faoi láthair. Pé tuaiplisí a tharlaíonn ar an tslí, agus is deacair iad a sheachaint go huile, is é an dainséar is mó ná ligean don eofóiria dul ó smacht, nó gan guaim réasúnta a choinneáil orthu féin. Ba dhóigh leat gur mó de bhaol é sin i gcás an lucht ceannais ná i measc cúlbhinseoirí. B’fhéidir gur mó a dteagmháil siúd le gnáthdhaoine agus gur fearr a fheiceann siad a gcruatan.
Tá na tráchtairí féin, atá mánla go maith i gcás an rialtais seo, ag lua an méadú teannais atá ag tarlú idir Fhine Gael agus an Lucht Oibre. Ní hionadh mór é sin. Is é an t-ionadh nár tharla sé roimhe seo, nó má tharla gur coinníodh faoi chlúid é. Tagann an brú sa deireadh ó na pobalbhreitheanna agus de réir mar a dhruideann toghcháin i gcóngar. Ar ndóigh, is iad an Lucht Oibre atá thíos leis na pobalbhreitheanna agus is orthu is mó atá an brú.
B’ábhar suime an ráiteas a tháinig ón Tánaiste le déanaí, ag rá go bhféadfaí a bheith ag súil le laghdú ar an gCáin Mhaoine, pé an cineál ‘eitleoige’ a bhí i gceist aige nó an ráiteas é a bhí aontaithe lena chomhghleacaithe sa chomhrialtas. Beidh go leor cúlbhinseoirí ina pháirtí féin nach bhfaighidh aon locht air. An féidir a bheith ag súil le ráitis eile ar aon dul leis, agus gur comhartha atá ann ar imní atá ag méadú i bpáirtí an Lucht Oibre? Mura bhfuil aon bhagairt scoilte i gceist, ní bheadh sé ciallmhar a leithéid a chur as an áireamh ar fad.
I gcás Fhine Gael, mar phríomhpháirtí an rialtais, is baolach go bhfuil ár n-aigne fós ar éiri as oifig an Choimisinéara Teanga. Tá sé anois díreach fógartha go bhfuil Rónán Ó Domhnaill ceaptha ina áit agus cuirfear míle fáilte roimhe sin. Gan amhras is ceapachán den chéad scoth atá déanta. Ach ní mór a rá nach ionann ceapachán an Choimisinéara nua agus go bhfuil an scéal curtha ina cheart. Ní haon réiteach atá ann ar an gcúis gur éirigh Seán Ó Cuirreáin as oifig, nó ar na gearáin shonracha shoiléire a rinne sé maidir le cur chuige ná le haigne an rialtais i leith na teanga. Tá ár n-imní gan mhaolú.
Gan amhras, b’fhórsa tábhachtach Fine Gael, nó Cumann na nGael mar ba theideal dóibh sna blianta tosaigh, i saol polaitíochta an stáit seo. Le déanaí tharla dom alt suimiúil a léamh ar History Ireland faoi Eoin Mac Néill, pearsa mór i saol poiblí na tíre seo, go háirithe sa saol polaitíochta agus intleachtúil, ó na blianta cinniúnacha ar aghaidh nuair a bhí sé páirteach le Dúbhglas de hÍde ag bunú Chonradh na Gaeilge, ar a ról conspóideach san Éirí Amach i 1916, agus mar aire sa rialtas a tháinig i gceannas tar éis shíniú an Chonartha i 1922. Scar sé leis an bpolaitíocht i lár na bhfichidí chun cloí leis an saol acadúil mar ollamh le nuaGhaeilge i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. D’fhéadfaí a áiteamh gur thábhachtaí é i stair Fhine Gael ná Mícheál Ó Coileáin féin.
Ní raibh aon ní ba mhó tábhacht i saol Eoin Mhic Néill ná a chreideamh sa náisiúnachas idéalach a spreag an Conradh, a thuiscint gur náisiún ar leith an tír seo agus go raibh saíocht agus féiniúlacht ag baint leis a bhí inchomparáide le tír nó sibhialtacht dá sheanda. Ba í an Ghaeilge croílár na tuisceana sin. Ina chás siúd, ba mhana fealsúnach Éire saor agus Éire Gaelach. Ba mhór é a thionchar ar dhaoine mar an Piarsach, agus ba thragóid an bealach ar scar siad roimh an Éirí Amach. Nuair a bheidh an tÉirí Amach sin á chomóradh faoi cheann cúpla bliain, ba chóir go bpléifí go hoscailte ról Mhic Néill, fiú gur chun é a stop a rinne sé a dhícheall.
Ar ndóigh bheadh suim ar leith ag lucht leanúna Fhine Gael i scéal Eoin Mhic Néill, agus a thuiscint maidir le hionad na Gaeilge i saol an náisiúin. Bhí go leor eile sa pháirtí a bhí ar aon aigne leis. Níl amhras ná go bhfuil sé sin fíor i gcónaí.
Feasta, Márta 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|