Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An tÚll


Gearrscéal le Liam Ó Bharáin


Taobh amuigh de roinnt dánta agus gearrscéalta, cúpla alt in Treoir agus rudaí beaga fánacha in áiteanna eile, baineann an chuid is mó dá bhfuil foilsithe ag Liam Ó Bharáin go dtí seo le hábhar geolaíochta. Fé láthair tá sé ag scríobh gearrscéalta, ag cumadh filíochta agus ag foilsiú dánta a chum sé thar na blianta. Tá cónaí air i nDeilginis, Contae Átha Cliath, áit ar rugadh é.
———◊———

Ag barra an staighre, a dúirt Bean Uí Cheallaigh. Ach cioca staighre? Agus cén áit ag an mbarra? Ní raibh staighre acu sa bhaile; bhí mistéir fós ag baint le staighre, agus b’eachtra dó, agus dúshlán, dul in airde orthu.

Bhí dúil mhór riamh aige in úlla, agus nuair a roinneadh bosca des na húlla beaga mílse ó úllord an chlochair i measc na naíonán beag, bhain sé súp, ní hamháin as atmaisféar ceiliúrtha agus rírá na hócáide, a thug deis dó a cheann deas dearg féinig a ithe, ach as an ndeis a fháilt a leithéid a dhéanamh sa seomra ranga. Ach nuair a roghnaíodh eisean chun an fuílleach úll agus na boscaí a thabhairt thar nais ó scoil na naíonán don mbean rialta cheannais i scoil na gcailíní móra, thit diomachroí an amhrais air, toisc nár thuig sé i gceart cén áit go díreach a raibh a hoifig aici. Níorbh aon ionadh san, agus gan ach beagáinín sa bhreis ar mhí caite aige sa scoil.

Cheap sé go raibh sé imithe ar strae ar an gcúlstaighre, ach dúirt an cailín mór as rang a dó ná raibh, agus thaispeáin sí go díreach cá raibh an oifig. Dúirt an Mháthair Miriam gur bhuachaill maith é agus ná raibh aon chúis ghoil, agus thug sí dhá úll mhóra dó, i mála páipéir, le tabhairt abhaile.

Bhí ríméad air ag filleadh ar an seomra ranga, agus chuir sé an mála beag, mála láidir donn den tsórt ina bhfaighfeá siúicre i siopa de Brún, in airde ar an ndeisc os a chomhair amach, áit a mbeadh sé ábalta féachaint air an chuid eile den dtráthnóna gairid. Agus mhaith sé don Máthair Miriam as an slais slaite a leag sí ar a thóin nuair a tháinig sí taobh thiar de agus é ag slaipistéireacht le huisce an dabhaigh mhóir sa chlós cúpla lá roimhe sin – go fóillín ar aon nós.

Ar imeacht abhaile dó, ag siúl ar a aonar, níor chuir sé na húlla ina mhála scoile; ní hea, d’iompair sé an mála donn ina ghlac, go cúramach agus go bródúil, an tslí ar fad tríd na cúlbhóithre is na póirsí, thar dhroichead an iarnróid, in airde shlios géar an chnoic agus ag gabháil an aibhinne ghairbh chlochaigh ag an ndeireadh.

Nuair ná raibh a dheartháir ar fáil, bhí cead aige siúl abhaile ar a aonar, ach cloí leis an gcóngar, agus gan dul i ngiorracht don mbaile. Bheadh trácht ar an mbaile, ach ní bheadh ach an corrcharr ar na cúlbhóithre agus ní raibh ach an t-aon Morris Minor nua ar an aibhinne.

Shín sé amach an mála dá mháthair nuair a shrois sé an tigh. ‘Féach cad a thug an Mháthair Miriam dom,’ a gháir sé.

‘Cén fáth go dtabharfadh an Mháthair Miriam úlla duit?’ a cheistigh a mháthair ar fhéachaint sa mhála di.

Thuig sé láithreach an bhrí bhreise a bhí folaithe sa cheist. Thit scamall díomá air mar a thiteann ceo ar an gcnoc. Bhí a mháithrín amhrasach in áit a bheith bródúil, mar a bheadh aon mháthair eile, nó sise, b’fhéidir, dá mba í Áine a fuair na húlla, nó Seán fiú. Cén fáth ná féadfadh sí dearúd a dhéanamh ar an rud sin a tharla fad ó shin? Bhí sé nach mór dearúdta aige féinig.

‘Toisc... toisc go rabhas im bhuachaill maith... agus... agus... gur iompair mé na boscaí thar nais chuici,’ a dúirt sé go ciúin, é ag féachaint ar an dtalamh agus ag bogadh ó chos go cos. Ní raibh aon smacht aige ar an gcreathán a ghabh greim ar a smig, ‘Dúirt sí go... go rabhas i mo bhuachaill maith, agus... agus...’ Thosnaigh na deora ag borradh, ag cruthú braonta móra a thit díreach go talamh. Chas sé go tobann agus rith sé isteach sa tseomra codlata.

Chaith sé é féin ar a leaba is ghreamaigh a aghaidh leis an bpiliúr. Thriomaigh na deora de réir a chéile agus tháinig doichte shearbh ar a ucht agus searús tur ar a scórnach.

Luigh sé siar agus d’airigh sé crot na fuinneoige, dearaithe ag solas buí na gréine, ag dreapadh ar chlúid na leapan. D’fhéach sé amach: crann mór úll díreach taobh amuigh den bhfuinneog ar an dtaobh eile de chasán an ghairdín; dhá cheann eile le feiscint ar an lochtán taobh thall de. Chas sé i dtreo an fhalla.

——◊——

Ní raibh fhios aige go díreach cathain, ach bhí an chuid eile ag dul ar scoil ag an am agus chaith seisean an-chuid ama ar a aonar; ní raibh ach Rós agus é féin fágtha, agus bhí sí ró-óg teacht amach ag súgradh leis.

Bhí sé ina luí i measc na ribí arda féir, gaoth bhog ag cuimilt a aghaidh is ag bogadh na dtráithníní cinnchlúmhacha ar gach taobh, na rudaí as a dheineadh sé fuisí, mar a chuir sé air, le cuimilt ar a aghaidh agus é ag dul a chodladh uaireanta.

B’aoibhinn leis i gcónaí féachaint ar chrot na scamall ag rásaíocht os a chionn, agus anois chaith sé tamall ag aimsiú caorach, madraí, muca agus crotanna nárbh iad ina measc.

Agus é ar fán i measc na scamall, seoladh meigeallach an pheata gabhair, Ganainm, anall ar an ngaoth, é ar teaghrán thíos fé, níos gaire don dtigh. Chas sé ina threo. Ar liobarna eadartha, díreach os a chomhair amach, bhí an t-úll ba dheirge is ba insantaithe dá bhfaca sé riamh, ceann ná chífeá de gnáth ach i leabhar síscéalta, nó i mbrionglóid. Ní easpa féinsmachta a bhí ann, ná saint; tharraing an fhís osréalach é mar mhaighnéad, agus níor bhraith sé go raibh an tarna rogha aige ach é a phiocadh agus a ithe. Bhí fhios aige go maith ná raibh sé inghlactha aon úll a phiocadh gan cead tuismitheora, ach bhí an beart déanta sara rith seo i gceart leis.

Eisceacht dob ea aon cheann a bhí leagtha ag an ngaoth, agus chomh luath agus a thuig sé cad a bhí déanta aige, shocraigh ina aigne go maífeadh sé gurbh ón dtalamh a phioc sé é.

Ar an tslí isteach sa tigh dó, chuimil sé ar a gheansaí é, bhain greim mór as, agus shiúil isteach sa chistin á chogaint. Shlog sé siar a raibh ina bhéal, sheas taobh thiar di, agus thosnaigh sé ag míniú dá mháthair, a bhí cromtha ag an ndoirteal ag ní gréithre na maidne, go bhfuair sé úll a bhí leagtha ag an ngaoth.

Chas sí. D’fhéach sí go géar ar a aghaidh. ‘Taispeáin dom é,’ a d’éiligh sí go borb, agus shín sí amach a lámh. Scrúdaigh sí an t-úll. Bhí gas gairid agus duilleog air, agus bhí an gas fós geal san áit ar briseadh é. ‘Phioc tú seo ón gcrann,’ a dúirt sí gan aon tuin cheisteach ar a guth.

‘Níor dhein,’ a d’fhreagair sé, ‘Níor dhein.’

‘Do dhein. Tá sé soiléir ón ngas,’ a dúirt sí, ‘agus tá fhios agat go maith go bhfuil sin dána, ná fuil cead agat é a dhéanamh. Agus níos measa fós, tánn tú ag insint éithigh anois fé. Sin peaca ort.’

Sheas sí cúpla soicind ag tarraingt anála, ansan lean sí léi: ‘Dúirt mé cheana leat fés na bréaga seo. Caithfidh tú a fhoghlaim: ní bheidh aon mhuinín ag éinne asat má leanann tú leo. Ghoid tú sé phingin as muicín Sheáin an deireadh seachtaine seo caite agus shéan tú é, fiú nuair a thógas an réal as do phóca. Caithfear stop a chur leis seo sara dtosnóidh tú ar scoil an bhliain seo chugainn. Caithfear stop a chur leis anois.’

Chuir sí an t-úll in airde ar an tseilf.

‘Is peaca é an ghadaíocht agus is peaca eile anuas air sin na bréaga,’ ar sí ag casadh thar nais ar an ndoirteal.

Peaca. Peaca. Bhíodar i gcónaí ag caint fé pheacaí, Áine ag dul ar aghaidh fé pheacaí agus faoistin agus an chéad chomaoineach. Píosa aráin éigin a bhí sa chomaoineach de réir dealraimh, agus bheadh sí ag cleachtadh é a ghlacadh ó Sheán.

‘Á, a Mhamaí, tabhair thar nais dom é a Mhamaí. Beidh mé im bhuachaill maith.’

‘No. Ná ní bhfaighidh tú rud ar bith eile go dtí go n-admhaíonn tú gur thóg tú ón gcrann é. Ná ní bhfaighidh tú aon trí phingin ag deireadh na seachtaine. Amach leat anois agus ná tar am bhodhradh go dtí go bhfuileann tú chun an fhirinne an insint.’

Rith sé amach agus thosnaigh ag gol os ard agus go brónach sa ghairdín. Luigh sé ar an bhféar, ach pé áit dár chaith sé súil bhí crann úll ag seasamh os a chionn ag féachaint anuas air: ‘Buachaill dána. Buachaill dána,’ a déarfaidís dá mbeadh caint acu, gach ceann ag bagairt méire craobhaí air.

B’in tamall siar. Ach níl sé dearúdta aici; ní dhearúdann sí aon ní. Riamh.

——◊——

Anois tá lámh ag cuimilt a chláréadain, ag scuabadh siar a fhoilt ghruaige. Cuireann sin suaimhneas air agus fanann sé cúpla soicind sara n-osclaíonn sé a shúile. Tá a mhamaí cromtha os cionn na leapan agus aithníonn sé láithreach an grá a bhí i gcónaí istigh ina súile dó.

‘Tá brón orm a pheata,’ ar sí, ‘Tá brón orm...’

‘Ó, a Mhamaí, níor dheineas aon ní dána,’ ar sé le crith ina ghuth.

‘Tá fhios agam san. Tá fhios agam gur buachaill maith thú agus táim an-bhródúil as an tslí ina bhfuil muinín aiges na múinteoirí agus aiges na nuns asat.’

‘Tabhair gráín dom,’ a chogair sí, á fháisceadh lena hucht, ‘agus anois tar isteach sa chistin liom.’ Thug sí dó barra deas seacláide dhá phingine a bhí fágtha aici ina áit ag an mbord. ‘Seo duit, a ghrá,’ ar sí, agus thug sí póg mhór dó.

——◊——

Bhí laethanta an fhómhair ag sleamhnú thart, agus diaidh ar ndiaidh d’éirigh sé cairdiúil le roinnt buachaillí ina rang: bhí Ancor, a d’fhreagair ‘ancor’ in ionad ‘anso’ nuair a ghlaoití a ainm am rolla; bhí Tomás, peileadóir mór an ranga, a chaith bróga crua le stocaí craptha síos ar a mhurnáin, agus bhí Des, a bhí ábalta sruth fuail a chur níos airde ar fhalla an leithris ná aoinne eile sa rang. Bhí cónaí orthusan níos cóngaraí don scoil ná mar a bhí aige, ach go minic shiúladar ceathrar cuid den tslí abhaile le chéile.

Lá deas sa tarna leath de mhí Dheireadh Fómhair, teas gréine fós ann, thángadar ar scata beag leaids i mbéal geata leathan ní ró-fhada ón scoil. Sheas bungaló íseal, leath-dhuaithnithe ag rosán spéisiúil, tamall istigh ón mbóthar, agus nuair a shroiseadar an geata bhí sé soiléir go raibh eachtra éigin ar siúl – leaids ag sleamhnú isteach sa chúlghairdin trí gheata beag ag binn an tí, roinnt eile ag teacht amach ar sodar, úlla ina lámha acu, buachaillí ó Réileán na mBus i lár an bhaile, buachaillí as na tithe nua ar an dtaobh eile den mbaile agus buachaillí ná raibh ar a n-aithne in aon chor.

D’aithníodar Jeaic a’ Mhála ón rang ina measc siúd a bhí ag teacht amach. ‘Sin gadaíocht,’ arsa Ancor, ag féachaint díreach ar na húlla a bhí ag gobadh amach as na poill ina mhála stractha canbháis aige Jeaic.

‘Ní hea. Ní hea. Tá sé de chead. Téiríg’ isteach. Tá na geataí ar oscailt,’ a d’fhreagair sé, é nach mór séidte, sarar imigh leis de shodar i dtreo an bhaile.

Mheasadar aghaidh a chéile agus d’éalaíodar ceathrar ar an ngeata beag.

Laistigh, bhí úllord beag agus grúpaí beaga de bhuachaillí scaipthe tríd ag piocadh úll. D’éirigh sé níos amhrasaí. Conas a bheadh cead? Cá bhfuil muintir an tí?

Bhí sé ar tí imeacht nuair a tháinig buachaill a raibh glasaithne aige air. ‘Bhfuil cead againn na húlla a thógaint?’ ar sé ag tarraingt ar a uillinn.

‘Tá. Is cuma leis na daoine anso.’

‘Cinnte?’

‘Dearfa.’

Scaoil sé leis agus bhog sé ar aghaidh isteach fés na crainnte.

Níor thuig sé i gceart an fuadar a bhí fés na buachaillí eile, ag brú isteach san úllord, ag tarraingt úll go garbh ós na crainnte agus á sá isteach ina málaí. Tháinig suaitheadh intinne air. Rith sé isteach fé chrann le húlla móra galánta ag lúbadh na ngéag anuas chuige. Shín sé in airde, rug greim ar an gceann ba mhó a d’aimsigh sé agus rith as an áit, lán a dhá lámh in aon úll amháin á iompar aige.

Bhí Des ag an ngeata roimhe, a lámha folamh agus gan tásc aige ar an mbeirt eile.

‘Téanam,’ ar sé le Des, agus bhogadar ar aghaidh, ‘Cad a fuair tú?’

‘Faic’

‘Cén fáth faic? ‘

‘Ní raibh fonn orm. ‘

‘Bhí eagla ort? ‘

‘N’fheadar. ‘

‘Hu! N’fhaca éinne ann – sa tigh. Cé chónaíonn ann, bhfuil fhios agat? ‘

‘Muintir Thomson. Deineann mo dhaid garraíodóireacht ann uaireanta.’

Bhí an t-úll chomh mór san ná raibh sé ábalta greim a bhaint as. Agus bhí sé ag iarraidh roinnt craicne a bhaint de lena fhiacla tosaigh. D’éirigh leis an méid sin a dhéanamh agus bhí sé réidh le tosnú ar an mbia laistigh nuair a shroiseadar póirse Des.

‘Slán,’ a dúirt Des agus é ag casadh isteach ann.

‘Ar mhaith leat greimín,’ a d’fhiafraigh sé go tobann, ag síneadh amach an úill.

‘Háá... Háá!’ A ghlaoigh traein ag teacht ina dtreo.

‘Go tapaidh,’ a dúirt Des, ‘Go dtí an mullach.’

Ritheadar beirt ar an bpóirse, gan stad, gur shroiseadar an mullach.

Shín an traein fhada earraí amach fúthu. Ghlaoigh sí arís ag dul fé dhroichead an bhóthair agus scaoil sí le brúcht mór deataigh ar an dá thaobh, a d’fholaigh an droichead go hiomlán.

‘Nathair nimhe. Nathair nimhe. Féach air ag lúbadh,’ a bhéic Des, é ag preabadh suas síos ar a bharraicíní.

D’fhan sé ciúin. Rithim na rothaí ag fuaimniú i gcomórtas le míchothromaíocht ghlór na bogadaí, cleaingireacht na n-eadarmhataí is clingireacht na slabhraí, b’in traein earraí dó, cé ná déarfadh sé mar sin é – rud beo, ach ní sníomhaí-snámhaí ruda shleamhain mar nathair. D’fhan sé ina thost.

Ach ghlaoigh an tinneall go fadálach brónach, ‘Háááááá...’ agus é á alpadh ag béal dubh an tolláin níos sia ar aghaidh ar an líne.

Thóg sé tamall ar an dtollán an traein iomlán a shlogadh siar. Nuair a bhí sí imithe agus ciúnas i réim arís, d’fhágadar slán ag a chéile. Chas sé ar an ndroichead agus lean Des leis ar phóirse a bhaile.

Is ar éigean a bhí greim sásúil fachta aige ón úll nuair a shrois sé an droichead. Bhí sé ríbhlasta, ach i bhfad rómhór dá bhéal, agus bhí fhios aige go mbeadh ar dhuine éigin é a ghearradh ina phíosaí dó. A mháthair. Ach cad déarfadh sí? An gcreidfeadh sí go raibh cead aige é a thógaint ón gcrann?

Ar chreid seisean?

Bhí sé trína chéile ina aigne. Shíl sé ná raibh úll chomh mór, chomh blasta aige riamh. Bhí roinnt des na húlla ag an mbaile chomh mór leis, ach úlla cócaireachta dob ea iad san. Pé slí a dhéanfadh sé é, chaithfeadh sé é a ithe idir seo agus an tigh. Ach bhí gach seans go dtiocfadh a mháthair chun bualadh leis ar an tslí. B’in nós a bhí aici.

Sheas sé ar an ndroichead ag an uchtfhalla íseal, barra an fhalla ar chomhleibhéal lena shúile. Nuair a d’ardaigh sé ar a bharraicíní chonaic sé go raibh inneall traenach ag feitheamh sa stáisiún tamall ón ndroichead, agus tháinig an ‘tsiú... tsiú’ bog, mall, foighneach chuige ag cogarnaigh ar an ngaoth.

D’fhéach sé síos ar an úll ina lámha. Go tobann chaith sé an t-úll go hard san aer thar an bhfalla ag súil go bpléascfadh sé ar na ráillí agus ansan go dtiocfadh an traein agus go scaipfeadh sí na smidiríní ionas nach mbeadh faic fágtha.

Chlaon sé ag éisteacht, ach níor chuala sé ach an tsiosarnach bhog a dhein an t-úll ag titim isteach sna driseacha ar bhruach na ráillí.

Lig sé osna dhíomuach: bheadh an t-úll ann anois i gcónaí, á chrá gach uair a raghadh sé thar an ndroichead. D’iompaigh sé ar an tslí abhaile, ag siúl leis go malltriallach.

Ní raibh mórán den gcnoc curtha de nuair a tháinig sí i radharc agus Rós aici sa chairrín páiste.

Chuir sé crot ar féin.

‘Cén mhoill a bhí ort, a bhuachaill?’

Bhí áthas air nár chuir sí peata air an turas so. Níor thaitin sin leis le tamall anuas, lasmuigh den dtigh ach go háirithe.

‘Bhíomar ag faire ar an dtraein,’ a d’fhreagair sé gan leisce.

Chruthaigh sé a lámha, ag camadh na méar, mar a shíl sé go ndéanfadh fear mór, agus shiúil sé an tslí abhaile lena taobh.

Feasta, Meán Fómhair 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais