Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ar an 8 Lúnasa 2014 a d’éag
Leachlain Ó Catháin


cara agus scríbhneoir de chuid FEASTA

Seo an t-aitheasc a thug Breandán Feiritéar ag aifreann na sochraide, Séipéal an Chroí Ró-Naofa, An Gleanntán

Bhí mórán nathanna nó mótífeanna ins an mbéaloideas gur as a fáisgeadh cuid againn. B’fhéidir gur móitífeanna ar fad ab ea an bealoideas seo agus go bhfuilimid ar fad sáinnithe istigh ann.

Ins na scéalta úd faoi Mhac na Baintrí, nó Seán agus a Mháthair, mar a tugtaí go minic orthu, is minic a chuireadh Seán an cheist ar a mháthair nuair a bhíodh sé ina sheasamh idir dhá lí an dorais agus é ag faire na gcoisithe a bhí ag gabháil thairis ag dul ar aonach nó ar chomhthalán:

‘A mháthair, conas go bhfuil gach éinne ag gabháil soir agus gan éinne ag gabháil siar?’

‘Mar gur thoir atá an t-aonach, a Sheáin!’ a thugadh sí mar fhreagra.

Ba nath é seo a chuaigh i bhfeidhm agus ag luí gaibhte go nádúrtha orainne a tógadh thiar agus ná raibh aon siar eile le dul againn. Chaití dul soir fiú le dul siar.

D’athraigh cúrsa an tsrutha san dúinn ó dheireadh na seascaidí go dtí na hochtóidí, go háirithe. Bhí Gleann na nGealt á fhágaint thoir. Ba léir dúinne thiar faoi shoals an tráthnóna go raibh cló cheart ag teacht ar an saol agus an sruth Gaelach ag filleadh thar nais siar, fiú mura raibh sa bhfilleadh siar ach biaiste de laethanta buí samhraidh.

I measc an tsrutha chugainn anoir bhí dlíodóir óg, Maolsheachlain Ó Catháin. É pósta cheana féin agus clann air agus an teanga thiar acu ar fad. Thug sé dá chlann í mar a fuair sé féin í i Ros Mhic Thriúin óna mháthair, gurbh ó Chúil Aodh di, agus óna athair, scoláire clasaiceach ó Chontae Longfoirt gur de Chéinibh Uladh é.

Ní chun foghlama na teangan dá réir sin a bheir Maolsheachlain a theaghlach go Dún Chaoin fá shoals an tráthnóna; thángadar chun barr slaichte a thuilleamh agus le cur leis an saol thiar.

Chuir sé leis an saol san thiar i ngach slí dá bhféadfadh sé go lá a bháis. Sháigh sé é féin agus a theaghlach isteach sa tsaol thiar go hiomlán. Thum sé é féin ann.

Thug sé a chuid muintiris don bpobal agus a thacaíocht do gach coiste gníomhaíochta dá raibh acu. Ní shamhlófaí aon ghníomhaíocht thiar gan comhairle Mhaolsheachlain a bheith crúite aige.

Chuir sé aithne ar shean agus óg agus ba ghearr gur thuig seanfhondúirí an cheantair go bhféadfadh dlíodóir a dteangain fhéin a bheith aige. Thug sé go fial a chomhairle dóibh ina gcúraimí reachta. Ní hiontas go bé an ainm cheana a bhí ag deireadh an áil de Bhlascaodaigh air ná An Counsailéir. Tá buíochas nach beag ag dul dó as institiúidí ar nós Fundúireacht an Bhlascaoid a chur ar a chosa – bhláthaigh ina dhiaidh.

Ba shuim leis na meáin, agus thug a chluas agus a shúil dóibh, agus ba mhaith iad a léirmheasanna agus a bhreith ar chláracha raidió agus teilifíse agus ba mhór é mar ugach dúinne a bhí á n-ionramháil.

Is eol daoibh, a phobal Chorcaí, a chuid gníomhaíochta agus ionramhála anso i gCorcaigh, sa tsaol Gaelach ar dtúis, Óige Chorcaí, i gcúrsaí oideachais agus scolaíochta, i gcúrsaí stáitse agus drámaíochta, ó Chompántas Chorcaí go dtí an Everyman; i gcúrsaí dlí, Fasach, [an eagraíocht] a chuir sé ar bun agus cumann na ndlíodóirí féin.

Fear creidimh ab ea Maolsheachlain Ó Catháin ar gach aon slí, sa chreideamh creidimh, agus ina phrionsabail agus cuspóirí saolta. An ní gur chreid sé ann, chreid sé ann go diongbhálta, agus níor tháinig aon bhogadh ná aon ghéilleadh, aon uair, ar na bunchlocha creidimh sin aige.

Go macánta, thug agus tabharfaidh sé don uaigh leis iad.

Mothóidh Áine agus a clann, Fionnuala, Méabh, Ruairí agus Colm agus a dteaghlaigh siúd uatha é, ní nach ionadh.

Mothóigh an saol Gaelach uatha é.

Mothód féin uaim a charadas, agus go háirithe a chiall agus a chomhairle.

Mhaíodh sé go raibh slacharáil éigin gaoil aige le Counsailéir mór eile, sé sin Dónall Ó Conaill. B’í Eibhlín Dubh Ní Chonaill aintín Dhónaill Uí Chonaill agus is eol dúinn anois gur Fheiritéarach mná ó Dhún Úrlann aniar seanmháthair Eibhlín Dhuibh. Dá réir sin, d’fhéadfadh slacharáil ghaoil a bheith againn ar fad lena chéile.

Ba ghnáthach linn turas a thabhairt i bhfochair a chéile ar láthair stairiúil éigin aon uair a thugaimis sciuird ar Chorcaigh. Nárbh ait gur ar Chill Cré, mar a bhfuil Art Ó Laoghaire adhlactha, a thugamar an sciuird deireanach mar dhá lánúin le chéile.

Nuair a athadhlacadh Art ansúd a tháing na línte caointe seo ó Eibhlín Dubh. Oireann siad dár gcara Maolsheachlain inniu:
Mo ghrá thu agus mo rún!
Tá do stácaí ar a mbonn,
Tá do bha buí á gcrú;
Is ar mo chroí atá do chumha
Ná leigheasfadh Cúige Mumhan
Ná Gaibhne Oileán na bhFionn.
Go dtiocfaidh Art Ó Laoghaire chugham
Ní scaipfidh ar mo chumha
Atá i lár mo chroí á bhrú,
Dúnta suas go dlúth
Mar a bheadh glas a bheadh ar thrúnc
’s go raghadh an eochair amú.
A mhná so amach ag gol,
Stadaidh ar bhur gcois
Go nglaofaidh Art Mac Conchúir deoch,
Agus tuilleadh thar ceann na mbocht,
Sula dtéann isteach don scoil, –
Ní ag foghlaim léinn ná port,
Ach ag iompar cré agus cloch.

Breandán Feiritéar, 12 Lúnasa 2014


Feasta, Meán Fómhair 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais