Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Téanam go Min Aird

Roibeard Ó Cathasaigh a chóirigh agus a chuir in eagar. Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, 2013, le dlúthdhiosca. 235 lgh. €20 a luach. ISBN 978-0-906096-16-1

Léirmheas le Liam Mac Peaircín




Saothar ceannródaíoch is ea an foilseachán gaisciúil seo, Téanam go Min Aird, le Lís Ní Shúilleabháin, arna chur in eagar ag Roibeard Ó Cathasaigh. Liosta le háireamh gach éacht dá ndearna an Cathasach, scoláire léannta ó Lios Póil ó dhúchas, ar son na Gaelainne i nGaeltacht Chorca Dhuibhne taobh istigh de dhornán blianta. Tugaimis chun cuimhne na foilseacháin ilmheán Rabhlaí Rabhlaí (1998), Ó Bhéal an Bhab (2002), Scéilín ó Bhéilín (2003), Malairt Poirt ó Cheann Trá (2006), Tídil Eidil, Éro (2009), agus Coiglímis an Tine (2010) a dhéanann ceiliúradh flaithiúil ar thoibreacha an tseanchais agus ar oidhreacht bhéil is cheoil an phobail.

Saothrú ilghnéitheach é an togra seo gan aon agó, as ar fuineadh leabhar, dlúthdhiosca, agus ábhar seanchais ó bhéal agus ó pheann Líse Uí Shúilleabháin féin ón Min Aird, i gCorca Dhuibhne ó dhúchas, maraon le nótaí iomadúla ag plé le mionlogainmneacha a dúthaí féin; na bailte fearainn An Mhin Aird Bhuí agus Cill Mhuire, go háirithe.

Bíonn sainchanúint ar fáil i ngach paróiste, gan dabht, agus tugann an foilseachán seo éachtaint dúinn ar chanúint shainiúil a muintire ar an Min Aird, an chéad fhoilseachán dá leithéid óna paróiste dúchais ó chuir Pádraig Ó Siochfhradha Reacaireacht Ghrinn na Tuaithe, ábhar ó bhéalaithris Thaidhg Uí Chonchubhair (1840-1925), in eagar sa bhliain 1925.

Ceist chasta na Gaelainne a bheith idir dhá cheann na meá ar an Min Aird is mó a bhíonn á plé ag Lís ar an dlúthdhiosca – toradh ar thaifead fuaime a dhein Roibeard Ó Cathasaigh léi Márta na bliana 1999. Ba ríléir don Chathasach gur duine le buanna ar leith ab ea í, agus go mba mhaith an mhaise í a mhisniú lena cuimhní cinn a bhreacadh:

Tamaillín tar éis dúinn na taifeadtaí úd a dhéanamh, thosnaíos ar Lís a spreagadh chun tabhairt faoi thuairisc bheathaisnéiseach a bhreacadh ar pár toisc gur tuigeadh dom go raibh scéal suimiúil le hinsint aici (lch 16).

‘Scéal suimiúil’ go deimhin, agus chrom sí i mbun pinn le fonn agus le fuinneamh, ach ar an drochuair, cailleadh an bhean uasal siúlach scéalach Nollaig na bliana 2009, gan toradh a cuid oibre a fheiscint i gcló aici.

Insint dhírbheathaisnéiseach ar óige, agus ar shaol suntasach mná atá ann, agus é lán de mhacallaí an tseanshaoil – ceirdeanna, modhanna traidisiúnta oibre, an lucht taistil agus mar sin de, ó aimsir an ghorta i leith.

Ó Scoil na Min Airde go Coláiste Íde, agus ó mhórcheantar an Daingin ar aghaidh go Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, chaith Lís Ní Shúilleabháin (1923-2009) a saol leis an oideachas agus le ceird na múinteoireachta, idir oideachas bunscoile agus meánscoile i gContaetha Shligigh, agus Bhaile Átha Cliath, agus tréimhse i gcéin i gCeanada sna 1960í.

Cabhraíonn an fear eagair linn an cúlra as ar fáisceadh an bhean neamhspleách seo a thuiscint níos fearr le réamhrá dea-scríofa atá lán d’eolas agus de léargas sochtheangeolaíoch ar cheist áitiúil na Gaelainne. Chuaigh an t-aistriú teanga i bhfeidhm ar nósanna agus ar urlabhraíocht na muintire ar theorainn thoir de Ghaeltacht Chorca Dhuibhne diaidh ar ndiaidh, agus bhí baint nach beag ag cúrsaí Eaglaise, forbairtí nua-theicneolaíochta, agus taomanna eacnamaíochta leis an gcúram.

Ní dubh ar fad an scéal, áfach, agus béim á cur ag Lís sna tuairiscí luachmhara ar iarrachtaí scoileanna chun athbheochan na Gaelainne a chur chun cinn le linn di féin a bheith ar na scoileanna úd. Tá nóta an dóchais le braistint go láidir ann, agus í dóchasach go seasfadh a muintir le chéile ar son na teanga, fad a mhaireann sí ar lic an tinteáin.

Níorbh trí thimpiste a bhláthaigh spéis mhór an tseanchais i gcroí Líse – cuirtear inár láthair tuairisc an-bhreá ar bhailiú an bhéaloidis sna 1930í mar chuid de Scéim na Scol, agus insint ar ábhar breis is ceithre scór leathanach a bailíodh ó Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin, seanmháthair Líse. Carachtar spleodrach groíúil í ‘Mod’, mar a thugadh Lís ar a seanmháthair, sa leabhar seo, agus dea-thionchar aici fágtha ar a gariníon aici. Díol spéise, sa chomhthéacs seo, an chomparáid a fhaighimid sna haguisíní idir insintí éagsúla na seanmháthar agus na gariníne blianta fada ina dhiaidh sin; an fhilíocht tugtha focal ar fhocal tríd na glúinte; agus maisiú áirithe is miondifríochtaí idir leaganacha béil eile.

Roinntear an leabhar ina dhá mhórchuid – seanchas ó bhéal Líse, agus seanchas ó pheann Líse, ábhar a scríobh sí féin. Stádas, saibhreas, saíocht, saothrú na teanga taobh leis an seanchas áitiúil is ábhar don mhír ‘Ó bhéal Líse,’ agus é le cloisint go binn bríomhar ar an dlúthdhiosca. Bhí an-mheas aici ar Choláiste Íde, mar shampla, agus ar a thionchar ar ghradam na teanga: ‘Agus bhí baint, déarfainn, ana-mhór ag Coláiste Íde le neartú na Gaelainne sa leithinis, mar do thug sé caighdeán áirithe don nGaelainn agus stádas don nGaelainn’ (lch 69; uimhir 12 ar an dlúthdhiosca). Scéal a hóige, cúrsaí tís, laethanta scoile, dianobair ar fheirm a muintire, agus tuilleadh nach iad atá idir leathanaigh ‘Ó pheann Líse:’

Le capall aonair agus dhá úim ar a dhrom a bailítí an ghainimh nuair a bhíodh sé ina lag trá, beirt le sluaiste ag líonadh na n-úmacha, a chlais féin aiges na haon fheirmeoir ar dhá thaobh an bhóthair thuas, an ‘maide trasna’ a bhíodh fé thóin na n-úmacha a tharrac agus thitfeadh an ghainimh síos isteach sa chlais gan strus ná saothar ar an mbeirt a bheadh i bhfeighil (lch 169).

Bíonn Lís ar a marana le linn di a bheith i muinín an phinn agus an léitheoir á tionlacan siar bóithrín na smaointe ar bhealach éasca nádúrtha, agus cuireann sí a teaghlach is a comharsanacht i láthair go saoráideach. Féach ar seo mar sheoladh:

Agus nuair a chuirimse droichead Chathair Uí Mhóráin siar díom éiríonn mo chroí le gach casadh do rothaí na cairte ar an mbealach go dtí Min Aird Bhuí. Mar sin, suigh isteach agus tair im theannta. Fáilte is fiche romhat (lch 126).

Tarraingíonn Roibeard Ó Cathasaigh, an fear eagair, aird an léitheora ar chumas na mná seo pictiúir bheoga a tharraingt gan dua, agus beocht agus fuinneamh a chur i gcomhrá bríomhar, agus anam nár bheag a chur i ngach insint óna béal is óna peann. Tá sé soiléir nárbh aon togra aonair é ach go raibh lámh ag cúpla meitheal ann á fhorbairt ar bhealach orgánach. Cuireadh i gcló é le cúnamh Choiste Taighde Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Choiste Phobail Lios Póil, Fhoras na Gaeilge, agus ba í Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chuir an t-iomlán i gcló go slachtmhar.

Is foilseachán aoibhinn é Téanam go Min Aird, agus é dea-mhaisithe le grianghrafanna agus mapaí ildaite a fheidhmíonn mar mhéar ar eolas don léitheoir cúramach díograiseach. Tá saibhriú déanta ar an leabhar seo le taighde ar chrann clainne Líse féin, ar na logainmneacha, ar na scéalta agus ar na daoine a luaitear sna sleachta éagsúla.

‘Tuairisc nó tuairiscí beathaisnéiseacha i dteanga shoilbhir fhíor-Ghaeil, atá préamhaithe go doimhin in ithir dhúchasach a muintire ar an Min Aird’ (lch 38), a mhaíonn an leabhar seo, agus spreagadh is ea é leis do mhuintir an pharóiste inniu, dar leis an bhfear eagair, a bheith ‘gníomhach mar chainteoirí Gaelainne go laethúil aige baile agus ina bpobail’ (lch 39).

Cloch ar a carn é an foilseachán seo do Lís Ní Shúilleabháin, gur gníomh dóchais gan dabht é, a mhisneoidh an pobal Gaelach as ar eascair sé agus tá ár míle buíochas tuillte ag an bhfear ildánach, Roibeard Ó Cathasaigh, óir is é a spreag, a ghríosaigh agus a bhain go críochnúil, mar is dual dó.

Feasta, Meán Fómhair 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais